Fianaise Phribhléide
Réamhrá
Is féidir leat ceart speisialta a úsáid faoi chúinsí áirithe a chiallaíonn gur féidir leat a dhiúltú cáipéisí a thabhairt suas don chúirt nó ceisteanna áirithe a fhreagairt fiú má bhaineann na cáipéisí nó na ceisteanna siúd leis an gcás. Tugtar foirceadal na pribhléide air seo.
Tá dhá phríomhchineál pribhléide ann:
- Pribhléid phríobháideach
- Pribhléid ar mhaithe le leas an phobail
Pribhléid phríobháideach
Tá “pribhléid in aghaidh féin-ionchoiriú” agat. Ciallaíonn seo gur féidir leat a dhiúltú ceisteanna a fhreagairt nó cáipéisí a thabhairt suas a d’fhéadfadh thú a lua le himeachtaí coiriúla.
Is féidir leat “pribhléid lucht dlí” a bheith agat. Ciallaíonn seo nach féidir iallach a chur ar chomhairleoir dlí agus ar a gcliant cumarsáid a nochtadh eatarthu.
Anuas air sin, má dhéantar aon chumarsáid nuair atá breithniú á dhéanamh ar chaingean dlí, bíonn an chumarsáid sin faoi phribhléid fiú mura cumarsáid í idir dlíodóir agus cliant.
Ceadaítear do shagairt a dhiúltú ceisteanna a fhreagairt a bhaineann leis an méid a dúradh sa bhosca faoistine. Tugtar pribhléid shagartúil air seo. Ar an gcuma chéanna, d’fhéadfadh cumarsáid le comhairleoir a bheith faoi phribhléid freisin.
Pribhléid ar mhaithe le leas an phobail
Ní féidir ach leis an Stát pribhléid ar mhaithe le leas an phobail a úsáid. Faoi roinnt cúinsí an-teoranta, is féidir leis an Stát a dhiúltú eolas nó cáipéisí a nochtadh chun leas an phobail a chosaint. Mar shampla, d’fhéadfadh cáipéisí faoi struchtúr agus innealtóireacht threalamh an airm a bheith faoi phribhléid chun slándáil náisiúnta a chosaint.
Eolas breise
Ba chóir duit comhairle dlí a lorg chun faisnéis mionsonraithe a fháil.