Toghairmeacha in ionchúisimh choiriúla
- Réamhrá
- Saghsanna toghairmeacha
- Eolas nach mór a bheith ag toghairmeacha
- An toghairm a sheirbheáil
- Botúin nó earráidí ar an toghairm
- Cur ar athló
Réamhrá
Cáipéis dlí atá i dtoghairm a chiallaíonn gur gá duit freastal ar chúirt ar dháta agus ag am ar leith chun cúiseamh coiriúil a fhreagairt. Úsáidtear toghairmeacha chomh maith i roinnt ionchúisimh phríobháideacha.
Is gnách go n-eisítear toghairmeacha do chásanna nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna, nuair nach meastar gur gá thú a ghabháil lena chinntiú go dtiocfaidh tú i láthair i gcúirt. Mar shampla, gheobhaidh tú toghairm d’fhormhór na gcionta tiomána.
Saghsanna toghairmeacha
Eisítear toghairmeacha do mhionchionta ar bhealaí éagsúla, ag brath ar chineál an ghearáin nó an chúisimh. Is féidir iad a eisiúint:
- Tar éis do dhaoine aonair príobháideacha gearáin a dhéanamh faoi Alt 10 den Acht Gearr-Sheisiún (Éire), 1851 (Petty Sessions (Ireland) Act, 1851)
- Tar éis do na Gardaí agus comhlachtaí eile iarratais a dhéanamh faoin bpróiseas riaracháin a tugadh isteach trí Alt 1 d’Acht na gCúirteanna (Uimh. 3), 1986
- Faoin bpróiseas nuair nach n-íoctar fíneálacha muirir sheasta
Toghairm a eisíodh tar éis do dhaoine aonair príobháideacha gearáin a dhéanamh
Úsáidtear toghairm a eisíodh faoin Acht Gearr-Sheisiún (Éire), 1851 in ionchúisimh phríobháideacha, mar shampla, nuair a bhíonn deacracht ag daoine lena gcomharsana.
Téann an gearánaí os comhair bhreitheamh na Cúirte Dúiche agus déanann siad an gearán ó bhéal nó i scríbhinn. Déanann an breitheamh cinneadh an dteastaíonn ón ngearánaí an gearán a dhéanamh faoi mhionn.
Ba cheart don ghearánaí an t-eolas seo a leanas a sholáthar:
- Ainm agus seoladh an chiontóra líomhnaithe
- Ainm agus seoladh an ghearánaí
- Fíricí bunúsacha an chiona líomhnaithe, cathain a líomhnaítear gur thit sé amach san áireamh
- An píosa reachtaíochta a bhaineann leis an gcion, más féidir
Déanann an breitheamh athbhreithniú ar an eolas seo agus déanann siad an cinneadh cé acu an dteastaíonn nó nach dteastaíonn toghairm uaidh. Má eisíonn an breitheamh toghairm, beidh ar an gciontóir líomhnaithe teacht i láthair ag suí na cúirte. Is annamh go n-úsáideann na Gardaí an próiseas seo.
Toghairm a eisíodh tar éis do na Gardaí agus comhlachtaí eile iarratais a dhéanamh
Faoi Acht na gCúirteanna (Uimh. 3), 1986, eisíonn an Chúirt Dúiche iarratais a rinne an tArd-Aighne, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, comhalta den Gharda Síochána nó aon duine eile a bhfuil údarás reachtúil acu cionta a ionchúiseamh. Seo an nós imeachta riaracháin is gnách a úsáideann na Gardaí le toghairm a eisiúint.
Toghairmeacha a eisíodh mar gheall nár íocadh fíneálacha muirir sheasta
Nuair a eisítear fógra muirir sheasta duit i ngeall ar chion um thrácht ar bhóithre agus teipeann ort an fhíneáil a íoc laistigh den am a cheadaítear, eisítear toghairm go huathoibríoch agus seoltar chugat í sa ghnáthphost. Níl ar an nGarda iarratas a dhéanamh ar thoghairm a eisiúint sa phróiseas seo, mar gheall go gcuirtear tús leis an toghairm nuair nár íocadh an fhíneáil muirir sheasta.
Eolas nach mór a bheith ag toghairmeacha
An toghairm
Caithfear an t-eolas seo a leanas a bheith i dtoghairm a eisíodh faoi Acht 1851 nó Acht 1986:
- Ainm an ghearánaí nó an ionchúisitheora (mar shampla, ainm Garda)
- Ainm agus seoladh an té a bhfuil an gearán curtha ina leith
- Na sonraí faoin gcion líomhnaithe, lena n-áirítear am, dáta agus áit an chiona líomhnaithe
- Dáta, am agus ionad na cúirte
- Síniú an bhreithimh, má d’eisigh breitheamh é, nó ainm chléireach na Cúirte Dúiche
Má eisíodh an toghairm faoi Acht 1986, ba cheart an méid seo a leanas a bheith ann freisin:
- Breac-chuntas ar an dlí a líomhnaítear a sáraíodh
- An dáta a cuireadh isteach ar an toghairm. (Tá an dáta seo an-tábhachtach mar gheall go dtaispeánfaidh sé cé acu ar cuireadh nó nár cuireadh isteach ar an toghairm laistigh den teorainn ama dhlíthiúil chun imeachtaí coiriúla a thosú.)
Caithfidh eolas scríofa ar an méid seo a leanas a bheith curtha ar fáil le toghairm:
- Do cheart rochtana ar aturnae
- Do theidlíocht do chomhairle dlí saor in aisce agus na coinníollacha a bhaineann leis an gcomhairle sin a fháil
- An ceart atá agat chun ateangaire nó aistritheoir a fháil
An toghairm a sheirbheáil
Tá rialacha áirithe ann faoi conas is féidir toghairm a sheirbheáil. Is féidir iad a sheirbheáil ar na bealaí seo a leanas:
- Soláthar pearsanta: trí chóip den toghairm a thabhairt duit, nó trí í a fhágáil ag do sheoladh nó d’áit oibre dheireanach ar a bhfuiltear eolach, nó le do chéile, leanbh nó gaol eile
- Seachadadh poist: sa phost cláraithe chuig an áit chónaithe dheireanach ar a rabhthas eolach nó is iondúla duit cónaí ann nó chuig d’áit ghnó nó fostaíochta
Caithfear toghairm a sheirbheáil ar a laghad 7 lá roimh an dáta cúirte má sheachadfar í trí sheachadadh pearsanta, nó 21 lá roimh an dáta cúirte má tá sí á seirbheáil sa phost.
Murar seirbheáladh toghairm i gceart, níl aon iallach ort a theacht i láthair sa chúirt mar fhreagra air. Ach, má thagann tú chuig an gcúirt, is féidir leanúint leis an gcás i d’aghaidh, áfach. I bhfriotal eile, cuirtear aon locht a bhí ar conas a seirbheáladh an toghairm ina cheart nuair a thagann tú i láthair sa chúirt.
Botúin nó earráidí ar an toghairm
Is fíor-annamh a dhéanann an chúirt cás a dhíbhe mar gheall ar earráid nó easnamh i dtoghairm. Ní hiondúil go gcoisctear ionchúiseamh an cháis mar thoradh ar dhifríochtaí idir na fíorais ar an toghairm agus na fíorais a chuireann an Garda atá i mbun an ionchúisimh i láthair na cúirte maidir le ham agus áit an teagmhais. I bhfírinne, is féidir leis an gCúirt Dúiche toghairm lochtach a leasú faoi Riail 38 de Rialacha na Cúirte Dúiche.
Ach ní leanfar ar aghaidh le himeachtaí, áfach, má rinneadh botún
bunúsach ar an toghairm, sa chás nach gcuirtear láthair na Cúirte Dúiche,
nó aitheantas Chléireach na Cúirte Dúiche a ndearnadh an gearán leo, san
áireamh ar an toghairm.
Cur ar athló
Mura dtagann tú i láthair i gcúirt ar an dáta a luaitear sa toghairm, is féidir leis an gCúirt Dúiche:
- Leanúint ar aghaidh leis an éisteacht agus tú as láthair, nó
- An cinneadh a dhéanamh an cheist a chur ar athló
Má chuirtear an cheist ar athló, cuirfear thú ar an eolas ar dháta nua don éisteacht. Mura dtagann tú i láthair i gcúirt ar dháta an athló, agus má tá an breitheamh sásta gur tugadh fógra réasúnta duit ar an éisteacht a cuireadh ar athló, is féidir leis an gcúirt:
- Barántas a eisiúint do do ghabháil chun thú a thabhairt chuig an gcúirt, nó
- Leanúint ar aghaidh leis an éisteacht agus tú as láthair