Gearradh pionóis ag trialacha coiriúla in Éirinn
Réamhrá
Má chinneann cúirt in Éirinn go bhfuil tú ciontach i gcion, nó má phléadáil tú ciontach, déanfaidh an breitheamh cinneadh faoin bpianbhreith atá le gearradh ort. Is é feidhm an bhreithimh pianbhreith a thabhairt atá dleathach.
Pianbhreitheanna a ghearradh
Cé a dhéanann cinneadh faoin bpianbhreith?
Is breitheamh (nó painéal breithiúna i gcás na Cúirte Coiriúla Speisialta nó na Cúirte Achomhairc) a dhéanann an cinneadh faoin bpianbhreith in Éirinn. Is é an ról atá ag an ngiúiré i dtriail ghiúiré cinneadh a dhéanamh ar cibé acu an bhfuil tú ciontach nó neamhchiontach. Ní bhíonn aon fheidhm acu maidir le pianbhreith a ghearradh ort.
Conas a dhéanann breitheamh cinneadh faoi phianbhreith?
Tugann an breitheamh aghaidh ar 2 chéim nuair a bhíonn machnamh á dhéanamh acu ar cén phianbhreith atá le gearradh ort.
- Cinneadh a dhéanamh cén phianbhreith ar chóir a bheith ann, bunaithe ar cé chomh tromchúiseach atá an cion.
- Laghdú a dhéanamh ar an bpianbhreith sin mar gheall ar aon tosca maolaitheacha a thugtar ar do shon.
Braitheann an méid a bheidh i gceist le do phianbhreith ar an gcion a rinne tú. Ní féidir pionós a ghearradh ar chionta áirithe ach le fíneáil, a chiallaíonn nach féidir príosúnacht ná seirbhís pobail a ghearradh.
Tá pianbhreitheanna íosta agus uasta ann do roinnt cionta, agus caithfidh an breitheamh iad seo a ghearradh. Mar shampla, caithfidh an breitheamh ciontóirí a dhícháiliú ó thiomáint ar feadh tréimhse íosta dhá bhliain i gcás roinnt cionta um thrácht ar bhóithre.
Tá pianbhreitheanna éigeantacha ann do roinnt cionta. Mar shampla, má dheimhníonn cúirt go bhfuil tú ciontach i ndúnmharú, caithfidh an breitheamh pianbhreith príosúnacht saoil a ghearradh.
Faoin Probation of Offenders Act, 1907, is féidir le breitheamh sa Chúirt Dúiche cinneadh a dhéanamh gan thú a chiontú, fiú má cruthaíodh go bhfuil tú ciontach. Is féidir an cúiseamh i do choinne a dhíbhe nó d’fhéadfaí thú a urscaoileadh ar choinníoll. Tá an rogha ag an mbreitheamh é seo a dhéanamh má chreideann siad nach dóchúil go ndéanfaidh tú athchiontú.
Is féidir leat treoirlínte maidir le pianbhreitheanna a ghearradh a léamh a leag na hUaschúirteanna amach do roinnt cionta.
Pianbhreitheanna a ghearradh ar leanaí
Baineann an t-eolas a thugtar sa cháipéis seo le cionta a rinne daoine fásta. Is féidir leanaí (daoine níos óige ná 18 mbliana d’aois) a chúiseamh agus is féidir pionós a ghearradh orthu ar an mbealach céanna ach tá rudaí eile ann is gá a chur san áireamh. Cuirtear leanaí idir aois 10 agus 17 mbliana d’aois a ngearrtar tréimhse choinneála orthu chuig Campas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh. Rialaítear leanaí a ionchúiseamh in Acht na Leanaí, 2001. Is féidir leat níos mó a léamh sa cáipéis Leanaí agus an córas dlí choiriúil.
Tosca géaraitheacha agus maolaitheacha
Caithfidh an breitheamh breithniú a dhéanamh ar thosca géaraitheacha agus maolaitheacha nuair a ghearrtar pianbhreith ort, murach go bhfuil pianbhreith éigeantach ag gabháil le do chion. Spreagfaidh d’aturnae nó d’abhcóide an breitheamh breithniú a dhéanamh ar na tosca seo thar do cheann.
- D’fhéadfadh tosca géaraitheacha stop a chur leis an bpianbhreith a laghdú
- D’fhéadfaí an phianbhreith a laghdú de bharr tosca maolaitheacha.
Fíricí faoi conas a rinneadh an cion
I measc na gcúinsí a d’fhéadfadh bheith ina dtosca maolaitheacha, tá:
- Spreagadh thú an cion a dhéanamh
- Bhí tú faoi strus nó brú mothúchánach
- Ba thimpiste nó botún é
- Bhí luach íseal ar na hearraí a goideadh nó a ndearnadh damáiste dóibh
- Aisghabhadh an mhaoin a goideadh
I measc na gcúinsí a d’fhéadfadh bheith ina dtosca géaraitheacha, tá:
- D’úsáid tú arm nó foréigean
- Rinne tú ionradh ar áit chónaithe duine éigin
- Sárú ar iontaoibh
- Bhí tú ar bhannaí mar gheall ar chion eile ag an am
- Bhí luach ard ar na hearraí a goideadh nó a ndearnadh damáiste dóibh
- Níor aisghabhadh an mhaoin a goideadh
Tionchar an chiona ar an íospartach
Iarrfaidh an breitheamh go n-ullmhaítear tuairisc tionchair íospartaigh i bhformhór na gcásanna de chineál tromchúiseach. I gcásanna áirithe, éisteann breitheamh go díreach le fianaise ón íospartach trí ráiteas tionchair íospartaigh (pdf). Imríonn seo tionchar ar an bpianbhreith.
Freagairt an chiontóra ar an gcion a bheith déanta acu
Is féidir leat bheith ag súil le pianbhreith laghdaithe má phléadálann tú ciontach. Sábhálfaidh pléadáil chiontach am ar an gcúirt agus is féidir a mheas go gcuireann sé in iúl go bhfuil aiféala ar an gciontóir. I gcásanna gnéis nó cásanna ina bhfuil foréigean i gceist, ciallóidh pléadáil chiontach nach mbeidh ar an íospartach an eachtra a thabhairt chun cuimhne arís sa chúirt.
Cé go bhféadfadh pianbhreith níos éadroime a bheith mar thoradh ar phléadáil chiontach, ní ghearrfar pianbhreith níos déine ort mar gheall gur phléadáil tú neamhchiontach. Tá ceart bunreachtúil ann triail a bheith agat agus ní féidir pionós a ghearradh ort as an gceart seo a fheidhmiú.
Ciontacht a admháil go luath
Caitheann an chúirt le ciontacht a admháil go luath leis na Gardaí mar thoisc mhaolaitheach os rud é go sábhálann sé am agus acmhainní ar na Gardaí.
Comhoibriú leis na Gardaí
Tugann comhoibriú leis na Gardaí cúnamh duit sa phróiseas gearrtha pionóis, go háirithe má thug sé cabhair do na Gardaí breith ar chiontóirí eile. Mar shampla, foráiltear le hAlt 27 den Acht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977 (arna leasú) go gcuirtear seo san áireamh nuair atá cinneadh á dhéanamh faoi cibé acu an bhfuil an íosphianbhreith 10 mbliana a ghearradh ar dhrugaí thar luach áirithe a bheith i do sheilbh agat ceart agus oiriúnach.
Cúinsí pearsanta an chiontóra
Tá do chúinsí pearsanta ar cheann de na tosca is tábhachtaí a chuireann an breitheamh san áireamh sula ngearrann sé/sí pionós agus is féidir leo iarraidh ar thuairisc phromhaidh. Nuair atá do chúinsí pearsanta á meas aige/aici, cuireann an breitheamh iad seo a leanas san áireamh:
- Andúil drugaí
- Aois
- Míchumas nó breoiteacht
- Cúinsí teaghlaigh
- Pionóis eile mar thoradh ar chiontú (mar shampla, do phost a chailleadh)
- Carachtar (is féidir fianaise a thabhairt maidir le do dhea-charachtar roimhe seo)
- Ciontuithe roimhe seo
Saghsanna pianbhreitheanna
Tá réimse fairsing pianbhreitheanna ar fáil is féidir le breithiúna a ghearradh ar dhuine a fuarthas ciontach i gcion. Is féidir leat léamh faoi phianbhreitheanna éagsúla sa cháipéis ar shaghsanna pianbhreitheanna.