An tÚdarás Rialála Seirbhísí Dlí
- Réamhrá
- Cé ar féidir leis cur isteach air?
- Rialacha cónaithe
- Cáipéisí a theastaíonn uait
- Taifead coiriúil agus slándáil náisiúnta
- Táille iarratais
- Conas iarratas a dhéanamh
- Cinntí agus achomhairc
Réamhrá
Osclófar scéim nua a cheadóidh do dhaoine nach bhfuil aon stádas inimirce acu in Éirinn iarratas a dhéanamh ar chónaí dlíthiúil d’iarratais an 31 Eanáir 2022. Beidh an scéim ar oscailt d’iarratais go dtí an 31 Iúil 2022.
Tá an scéim dírithe ar dhaoine a chónaigh in Éirinn gan cháipéisí ar feadh ar a laghad 4 bliana ag tús na scéime, nó ar feadh ar a laghad 3 bliana i gcás teaghlach le leanaí faoi 18 mbliana d’aois.
Déanann tú iarratas ar líne (nuair a osclófar an scéim), uaslódálann tú cáipéisí chun d’aitheantas agus stair chónaithe a chruthú, agus íocann tú táille iarratais. Má cheadaítear d’iarratas, gheobhaidh tú cead cónaithe Stampa 4.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh díreach duit féin, nó is féidir leat iarratas a dhéanamh mar theaghlach.
Anuas air sin, is féidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, a bhí ag feitheamh le cinneadh ar feadh 2 bhliain nó níos faide, iarratas a dhéanamh trí phróiseas iarratais ar leith. Déanfaidh an Roinn Dlí agus Cirt teagmháil leat le sonraí breise.
Cé ar féidir leis cur isteach air?
B’fhéidir go mbeidh tú incháilithe don scéim sna cásanna seo a leanas:
- Tá Cónaí in Éirinn ort gan cháipéisí
- Sásaíonn tú na rialacha cónaithe
- Tá an cháipéisíocht agus an t-aitheantas agat a theastaíonn
- Níor ciontaíodh i gcionta tromchúiseacha coiriúla thú
- Ní chruthaíonn tú bagairt do shlándáil náisiúnta
- Íocann tú an táille iarratais (más gá)
Gan cháipéisí
Tá tú gan cháipéisí más ó thír thú atá lasmuigh den AE nó den LEE agus níl cead agat a bheith in Éirinn. B’fhéidir go mbíodh cead agat roimhe seo agus b’fhéidir gur éag sé, nó b’fhéidir nach raibh cónaí dlíthiúil ort in Éirinn riamh roimhe seo.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an scéim seo má tá tú gan cháipéisí (agus má shásaíonn tú na critéir eile) gan aird ar an bhfáth nó ar conas atá tú gan cháipéisí.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh má eisíodh thú le hOrdú Díbeartha, nó má tá tú i bpróiseas ‘Alt 3’. Titeann próiseas Alt 3 amach nuair a seoladh fógra chugat go mbeartaíonn an tAire Dlí agus Cirt Ordú Díbeartha a dhéanamh, agus nuair a thugtar deis duit na cúiseanna a lua gur cheart cónaí a cheadú duit.
Baineann an scéim freisin le hiarshealbhóirí víosa mic léinn.
Iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta
Níl iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta gan cháipéisí, ach is féidir leo iarratas a dhéanamh ar chónaí tríd an scéim. Tá tú incháilithe má rinne tú d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta 2 bhliain ó shin, ar a laghad. Tá an próiseas iarratais éagsúil i measc iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. Déanfaidh an Roinn Dlí agus Cirt teagmháil leat le sonraí breise.
Rialacha cónaithe
Is féidir leat iarratas a dhéanamh duit féin, nó is féidir leat iarratas teaghlaigh a dhéanamh. Caithfidh go raibh tú féin, an buniarratasóir, gan cháipéisí ar feadh ar a laghad 4 bliana an 31 Eanáir 2022, murach go bhfuil leanaí cleithiúnacha agat.
Is féidir leat do theaghlach a chur san áireamh ar d’iarratas. Má tá leanaí agat atá níos óige ná 18 mbliana d’aois, laghdaítear an fad ama ar gá duit a bheith gan cháipéisí dó anuas go dtí 3 bliana.
Is féidir leat do chéile/pháirtnéir agus do leanaí cleithiúnacha atá idir 18 agus 23 bliain d’aois má chónaigh siad leat le 2 bhliain anuas, ar a laghad. Caithfidh cruthúnas a bheith agat go raibh siad gan cháipéisí le 2 bhliain anuas.
Caithfidh leanaí 24 bliain d’aois agus níos sine a n-iarratas féin a dhéanamh agus ní féidir iad a chur san áireamh in iarratas teaghlaigh.
I gcás leanaí 24 bliain d’aois agus níos sine nach féidir leo cónaí go neamhspleách mar gheall ar mhíchumas meabhrach nó fisiciúil, b’fhéidir go mbeidh tú in ann iad a chur san áireamh i d’iarratas. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le undocumented@justice.ie sula ndéanann tú d’iarratas.
Cáipéisí a theastaíonn uait
Caithfidh gur féidir leat d’aitheantas a chruthú agus a chruthú gur chónaigh tú in Éirinn ar feadh na tréimhse riachtanaí ama.
Ní gá duit a chruthú go bhfuil leibhéal ar leith ioncaim nó coigiltis agat.
Tá an liosta cáipéisí ar fáil anois.
Taifead coiriúil agus slándáil náisiúnta
Is féidir thú a dhiúltú má ciontaíodh i gcionta tromchúiseacha coiriúla thú. Ní dóchúil go ndiúltófar thú bunaithe ar mhionchionta coiriúla. Caithfidh tú na ciontuithe coiriúla go léir a dhearbhú mar chuid de d’iarratas.
D’fhéadfaí d’iarratas a dhiúltú má cheaptar go gcruthaíonn tú bagairt do shlándáil náisiúnta.
Táille iarratais
Caithfidh tú táille iarratais a íoc.
•€700 do theaghlach
•€550 do dhuine aonair
Caithfidh tú an táille iomlán a íoc ag an tráth a dhéanann tú d’iarratas.
Más iarratasóir thú atá ag tabhairt faoin bpróiseas cosanta idirnáisiúnta, ní gá duit táille a íoc.
Conas iarratas a dhéanamh
Déanann tú iarratas ar líne. Beidh treoir maidir le conas an fhoirm ar líne a líonadh ar fáil nuair a sheolfar an scéim in Eanáir 2022.
Beidh tú in ann do cháipéisí a uaslódáil mar chuid den iarratas ar líne.
Cinntí agus achomhairc
Má cheadaítear d’iarratas, gheobhaidh tú litir a thugann cead duit fanacht in Éirinn ar feadh 2 bhliain. Is féidir é seo a athnuachan. Gheobhaidh gach duine de do theaghlach a bhí mar chuid de d’iarratais litir ar leith.
Caithfidh tú do chead a chlárú agus Cead Cónaithe Éireannach a fháil. Gheobhaidh tú Stampa 4, a chiallaíonn gur féidir leat oibriú gan cead fostaíochta. Níl ar leanaí níos óige ná 16 bliana d’aois clárú.
Diúltú
Má dhiúltaítear d’iarratas, gheobhaidh tú litir a inseoidh duit na cúiseanna gur diúltaíodh é. Is féidir leat an cinneadh seo a achomharc. Má éiríonn le d’achomharc, tabharfar cead duit fanacht in Éirinn.
Mura n-éiríonn le d’achomharc, déanfar do chás a atreorú go dtí Aonad Clárúcháin SSI. Má tá iarratas agat ar chosaint idirnáisiúnta nár críochnaíodh, nó má tá cónaí éigin eile agat, déanfar sin a phróiseáil go fóill má dhiúltaítear cónaí duit faoin scéim seo.
Is féidir leat eolas breise a léamh faoin Scéim ar láithreán gréasáin SSI.