Nótairí poiblí
Eolas
Oifigeach poiblí is ea nótaire poiblí a dhéanann freastal ar an bpobal in ábhair neamhchonspóideacha a bhaineann de ghnáth le gnó iasachta nó idirnáisiúnta. Bíonn nótairí ceaptha ag an bPríomh-Bhreitheamh. Go ginearálta, ní cheaptar ach aturnaetha.
Céard a dhéanann nótairí poiblí?
Deimhníonn nótairí forghníomhú gnímh, conartha nó scríofa eile ina láithreacht. Ina theannta sin, deimhníonn siad gníomh nó rud éigin a dhéantar agus iad i láthair. I measc na rudaí a dhéanann siad tá an méid a leanas:
- Cáipéisí a fhíordheimhniú
- Bheith ina bhfinnéithe le sínithe le cáipéisí agus iad a chruthú
- Mionnaí a riar
- Mionnscríbhinní a ghlacadh (seachas do na cúirteanna in Éirinn)
- Cumhachtaí Aturnae agus cáipéisí eile dlí a chur i dtoll a chéile a bhíonn sé de nós ag nótairí poiblí a ullmhú
Cathain is dóigh go mbeidh seirbhísí nótaire phoiblí ag teastáil uaim?
Is é is dóichí go dteastóidh nótaire uait nuair is gá duit páipéir nó cáipéisí a sheoladh chuig dlínse iasachta. D’fhéadfadh seirbhísí nótaire bheith ag teastáil uait maidir leis an méid a leanas:
- Páipéir um uchtú iasachta
- Mionnscríbhinní lena n-úsáid i gcúirteanna iasachta
- Cóipeanna de cháipéisí Stáit lena n-úsáid thar lear
- Conarthaí idirnáisiúnta
- Cumhachtaí Aturnae
Conas a aimsím nótaire poiblí?
Féadfaidh nótaire nótaireacht a dhéanamh ar cháipéisí sa tír ina bhfuil a bpríomhoifig lonnaithe agus freisin i roinnt tíortha timpeall ar an tír sin. Má bheidh ar an nótaire a roghnaíonn tú nótaireacht a dhéanamh ar cháipéisí lasmuigh dá dtír, ba cheart duit a sheiceáil an bhfuil siad údaraithe chun na cáipéisí a shíniú agus nótaireacht a dhéanamh orthu san áit sin. Féadfaidh tú teacht ar liosta nótairí poiblí ar láithreán gréasáin Dhámh na Nótairí Poiblí in Éirinn (féach thíos).
Nuair a chasann tú le nótaire, beidh ort d'aitheantas agus do chónaitheacht a chruthú. Beidh ort roinnt foirmeacha aitheantais ar nós do phas agus bille fóntais a fuair tú le déanaí a thabhairt leat.
Cé a dhéanann nótairí poiblí a rialú?
Déanann Dámh na Nótairí Poiblí in Éirinn gairm na nótairí poiblí a chur chun cinn agus a rialú in Éirinn. Is ann do chód iompair (pdf) ar gá do nótairí cloí leis.
Tuilleadh eolais
Tá fáil ar thuilleadh faisnéise ar nótairí poiblí ar láithreán gréasáin na Dáimhe.