An dlí ar chlúmhilleadh in Éirinn
- Réamhrá
- Cad é clúmhilleadh?
- Cosaintí ar chlúmhilleadh
- Na meáin shóisialta agus clúmhilleadh
- Conas gearán a dhéanamh faoi chlúmhilleadh
- Réitigh fhéideartha ar ghearáin
- Eolas breise
Réamhrá
Is féidir leat dul i mbun caingean dlí in aghaidh duine nó corparáide a dhéanann ‘ráiteas clúmhillteach’ le duine eile.
Ráiteas clúmhillteach é ráiteas a cheapann baill réasúnta den tsochaí a dhéanann díobháil do do chlú. Níl ráiteas clúmhillteach más ráiteas fíor nó fíor go substainteach é.
Tháinig ‘clúmhilleadh’ in ionad ‘athiomrá’ agus ‘leabhal’ ón Acht um Chlúmhilleadh, 2009.
Cad é clúmhilleadh?
Le tús a chur le cás clúmhillte, caithfidh tú a thaispeáint gur ‘foilsíodh’ an ráiteas a bhfuil gearán á dhéanamh agat faoi i measc ar a laghad duine amháin eile. Ní féidir leis an duine a bhfuil an gearán á dhéanamh acu a bheith i gceist leis ‘an duine amháin eile’.
Áirítear le ‘foilsithe’ aon saghas cumarsáide, mar shampla:
- Comhrá le duine eile
- Tráchtanna a rinneadh sna meáin shóisialta
- Ailt nuachtáin
- Blagthuairiscí
- Óráidí
Caithfidh rud éigin a bheith i gceist leis ‘an ráiteas clúmhillteach’ freisin a cheapfadh duine réasúnta a bhaineann den chlú atá ort.
Is féidir leis an duine nó an eagraíocht a rinne an ráiteas a ngníomhartha a chosaint faoi mar a ndéantar cur síos thíos air.
Cosaintí ar chlúmhilleadh
Leagtar amach san Acht um Chlúmhilleadh, 2009 cosaintí agus pribhléidí in aghaidh caingean dlí i ngeall ar chlúmhilleadh.
Tá an ráiteas fíor
Níl ráiteas clúmhillteach más ráiteas fíor nó fíor go substainteach é. Tá an dualgas ar an duine a bhfuil an gníomh á chosaint acu (an duine a rinne an ráiteas) lena chruthú go bhfuil an ráiteas fíor.
Fiú mura bhfuil an ráiteas fíor, níl sé clúmhillteach ach má dhéanann sé díobháil do chlú an duine a bhfuil an gearán á dhéanamh acu.
Pribhléid iomlán
Cuirtear cosaint na pribhléide iomláine ar fáil do roinnt ráiteas, nuair a dhéantar iad i gcáil oifigiúil nó mar chuid d’fhianaise. Ciallaíonn seo go gcosnaítear an duine a dhéanann an ráiteas ó mhaíomh i leith clúmhillte. Áirítear le samplaí de phribhléid iomlán ráitis a rinne:
- TD sa Dáil nó Seanadóir sa Seanad
- A rinne Feisire de Pharlaimint na hEorpa i bParlaimint na hEorpa
- Breitheamh i dtabhairt faoina ndualgais
- Duine eile i gcúirt mar chuid d’imeacht cúirte (mar shampla, aturnaetha nó páirtithe le héileamh dlíthiúil)
- Mar chuid de Choiste an Oireachtais
- I mbinse fiosrúcháin nó coimisiún imscrúdúcháin
Pribhléid shrianta
D’fhéadfadh ráitis áirithe a bheith faoi phribhléid, ach is féidir an phribhléid a bhaint díobh má rinneadh an ráiteas go mailíseach, nó má dhiúltaíonn an duine níos déanaí do mhíchruinneas a cheartú.
Áirítear leis seo ráitis a rinne tú le:
- Duine a raibh dualgas orthu nó nó leas acu sa ráiteas a fháil, nó
- Duine ar chreid tú go réasúnta go raibh dualgas orthu nó leas acu sa ráiteas a fháil
agus
- Nuair a bhí dualgas ort nó leas agat sa ráiteas a dhéanamh leis an duine nó na daoine.
Mar shampla, má chreid tú nár chloígh do chomhghleacaí le riachtanais sláinte agus sábháilteachta agus go raibh roinnt riosca nó baoil á chruthú acu, agus gur thug tú é seo le fios d’oifigeach sláinte agus sábháilteachta d’fhostóra, is féidir leis an tuairisc a bheith faoi phribhléid. Ní tharlaíonn seo ach má chreid tú go hionraic go raibh an méid a dúirt tú leis an oifigeach sláinte agus sábháilteachta fíor.
Foirm choiteann de phribhléid shrianta é imeachtaí cúirte agus cinntí cúirte a thuairisciú go cothrom agus go cruinn.
Tuairim ionraic
D’fhéadfadh ‘tuairim ionraic’ a bheith i gceist nuair a thugann tú do thuairim agus nuair a shásaítear na coinníollacha seo go léir:
- Tá an duine faoin tuairim go hionraic
- Bunaítear an tuairim ar líomhaintí fíricí a leagtar amach leis an ráiteas nó nuair is eol don duine iad a bhfuil gearán á dhéanamh acu faoi chlúmhilleadh (nó nuair a bhféadfadh súil réasúnta a bheith leis gurbh eol dóibh), nó bunaítear é ar líomhaintí fírice atá faoi phribhléid (mar shampla, bunaithe ar bhreithiúnas cúirte)
- Téann an cheist chun leasa an phobail
Tá an duine faoin tuairim ‘go hionraic’ má chreid an duine a raibh an ráiteas á dhéanamh acu fírinne na líomhna ag an tráth a rinneadh an ráiteas. Caithfidh an duine a chuireann an chosaint ar fáil a chruthú go raibh an duine faoin tuairim go hionraic.
Má dhéantar agairt ar an bhfoilsitheoir (mar shampla, an nuachtán a d’fhoilsigh tuairim cholúnaí), caithfidh an foilsitheoir a chruthú gur chreid siad go raibh an duine faoin tuairim sin go hionraic.
Ní bhainfidh ráitis chlúmhillteacha a bhaineann le saol príobháideach duine, de ghnáth, mar gheall nach dóchúil go rachaidh siad “chun leasa an phobail”.
Foilsiú cothrom agus réasúnta
B’fhéidir nach bhfuil ráiteas a rinneadh le dea-intinn agus faoi rud éigin atá ar mhaithe le leas an phobail, clúmhillteach. Déanfaidh an chúirt breithniú ar an méid seo a leanas:
- Tromchúise na líomhaintí
- An méid a bhain an ráiteas le tabhairt faoi dhualgais phoiblí duine
- Má luadh go soiléir sa ráiteas go raibh líomhaintí nó amhras á bplé ann, seachas fíricí
- Má bhí cúinsí eisceachtúla ann ar gá an ráiteas a fhoilsiú dá mbarr
- Má tugadh an deis don duine a bhí mar ábhar an ráitis a n-insint féin a thabhairt ar imeachtaí
Foilsiú neamhchiontach
D’fhéadfadh foilsiú neamhchiontach a bheith i gceist nuair nach bhfuil duine freagrach as an ráiteas ná as foilsiú an ráitis ach gur chuir siad leis an ráiteas a scaipeadh ar bhealach éigin.
Mar shampla, níl cuideachta a dhéanann nuachtáin a chló nó a sheachadadh chuig siopaí freagrach as ábhar na nuachtán agus níor ghnách go mbeidís faoi dhliteanas as clúmhilleadh mar gheall ar ráiteas a rinne nuachtán atá á chló nó á sheachadadh acu.
D’úsáid cuideachtaí meán sóisialta an chosaint seo i dtaobh postálacha clúmhillteacha a rinneadh ar a n-ardáin.
Na meáin shóisialta agus clúmhilleadh
Níl aon dlíthe san Acht um Chlúmhilleadh, 2009 atá dírithe go háirithe ar phostálacha sna meáin shóisialta agus ar chuideachtaí meán sóisialta, ardáin teachtaireachtaí san áireamh.
Má chuireann tú líomhain nó tuairim faoi dhuine (nó corparáid) in airde ar ardán meán sóisialta, d’fhéadfadh an duine nó an chorparáid sin clúmhilleadh a chur i do leith.
Má phostálann tú go hanaithnid, d’fhéadfadh caingean chúirte a bheith i ndán duit go fóill. Is féidir le hábhar na postála iarratas a dhéanamh leis an Ard-Chúirt ar ordú le hiallach a chur ar an ardán eolas a scaoileadh faoi úinéir na próifíle a rinne an phostáil. Tugtar Norwich Pharmacal Order air seo. Ainmníodh é in ómós do cheann de na cásanna ina ndearnadh é den chéad uair.
D’fhógair an Rialtas go ndréachtóidh sé reachtaíocht nua in 2022 leis an Acht um Chlúmhilleadh, 2009 a nuashonrú, forálacha san áireamh do chuideachtaí agus postálacha meán sóisialta.
Conas gearán a dhéanamh faoi chlúmhilleadh
Má chreideann tú go ndearnadh ráiteas clúmhillteach fút a dhéanann díobháil do do chlú, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gcúirt. Cuirtear éisteachtaí clúmhillte san Ard-Chúirt ar siúl, amanna, le giúiré. Is gnách go gcaithfidh tú éileamh a dhéanamh laistigh de bhliain amháin tar éis gur eisíodh an ráiteas clúmhillteach.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar urghaire le cosc a chur ar ráiteas clúmhillteach ó bheith foilsithe, nó go mbainfear ráiteas clúmhillteach (ó láithreán gréasáin, mar shampla). Ordú na cúirte é urghaire a chuireann iallach ar dhuine nó ar chomhlacht rud éigin a dhéanamh nó gan rud éigin a dhéanamh.
Sula ndéantar gearán le cúirt, ba cheart duit comhairle dlí a fháil. Tá roghanna eile ar fáil, an méid seo a leanas ina measc:
- Gearán a dhéanamh leis an eagraíocht a d’fhoilsigh an ráiteas
- Gearán a dhéanamh le Comhairle an Phreasa nó le hÚdarás Craolacháin na hÉireann i gcás corparáidí atá rialaithe ag na heagraíochtaí siúd
Ní féidir leis an gComhairle Preasa agus Údarás Craolacháin na hÉireann imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin inar cuireadh tús cheana féin le caingean dlí.
Réitigh fhéideartha ar ghearáin
Is féidir gearán clúmhillte a réiteach ar roinnt bealaí.
Leithscéal
D’fhéadfadh déantóir an ráitis chlúmhilltigh díreach leithscéal a ghabháil. D’fhéadfadh seo aon damáistí atá iníoctha leis an ngearánaí a laghdú má théitear i mbun imeachtaí dlíthiúla agus má éiríonn leo.
Tairiscint ar Chúiteamh a Dhéanamh
Is féidir le déantóir ráitis chlúmhilltigh “tairiscint ar chúiteamh” a dhéanamh i scríbhinn leis an duine a líomhnaítear a rinneadh a chlúmhilleadh. Áireofar leis an tairiscint sin ar chúiteamh a dhéanamh tairiscint le ceartú oiriúnach agus leithscéal leordhóthanach a dhéanamh. Foilseofar an ceartú agus an leithscéal in áit chuí. D’fhéadfaí a áireamh leis an tairiscint ar chúiteamh a dhéanamh tairiscint le cúiteamh nó damáistí a íoc.
Mura nglactar le tairiscint chuí ar chúiteamh a dhéanamh, is féidir é a úsáid i gcásanna áirithe mar chosaint ar aon imeachtaí dlíthiúla a chuirfear ar bun níos déanaí.
Ordú Ceartaithe
Is féidir le cúirt Ordú Ceartaithe a eisiúint, a ordaíonn an duine a rinne an ráiteas ceartú ar an ráiteas clúmhillteach a fhoilsiú.
Urghaire
Is féidir leis an gCúirt ordú a eisiúint a chuireann toirmeasc ar ráiteas clúmhillteach a fhoilsiú.
Damáistí
Braitheann an méid damáistí is féidir a bhronnadh ar roinnt tosca, cosúil le tromchúise na díobhála a rinneadh do chlú an duine. Má éistear leis an ngearán san Ard-Chúirt agus má tá giúiré ann, déanann an giúiré cinneadh faoin méid damáistí is ceart a bhronnadh. Má éistear leis sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt, (agus mura bhfuil giúiré ann), déanann an breitheamh an cinneadh.
Ba cheart don bhreitheamh (nó an giúiré) breithniú a dhéanamh ar ghníomhartha an duine a rinne an ráiteas ó foilsíodh an ráiteas clúmhillteach. D’fhéadfaí a áireamh leis seo, má rinne ceartú nó leithscéal a eisiúint.
Eolas breise
Chun teacht ar eolas breise, ba cheart duit comhairle dlí a fháil.