Eiseachadadh go hÉirinn agus uaithi
- Réamhrá
- Eiseachadadh ó Éirinn chuig Tíortha neamh-AE
- Eiseachadadh go dtí an Ríocht Aontaithe agus uaithi
- Eiseachadadh idir ballstáit den AE - Barántas Gabhála Eorpach
- Reachtaíocht na hÉireann maidir le heiseachadadh
Réamhrá
Is éard is eiseachadadh ann ná duine a aistriú ó thír amháin go tír eile ionas gur féidir é nó í a ionchúiseamh nó a phionósú as cion ar ciontaíodh é nó í ina leith.
De ghnáth ní féidir eiseachadadh a dhéanamh ach amháin má bhíonn comhaontú eiseachadta idir an dá thír atá i gceist.
Mar sin, caithfidh Éire comhaontú a bheith aici leis an tír eile sular féidir duine a eiseachadadh go hÉirinn, nó uaithi.
Tá rialacha sonracha ag gach tír maidir le heiseachadadh. Mar shampla, ní cheadaíonn Éire eiseachadadh chun imscrúdú a dhéanamh i ndáil le haon chion coiriúil amháin.
Ó 2004 i leith, tá eiseachadadh idir ballstáit an AE á rialú ag an gCinneadh Réime maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach. Tá sé seo curtha i bhfeidhm in Éirinn leis an Acht um Barántas Gabhála Eorpach, 2003, 2012 agus 2024.
Tá eiseachadadh go tíortha eile ó Éirinn á rialú ag an Acht um Eiseachadadh, 1965, arna leasú.
Eiseachadadh ó Éirinn chuig Tíortha neamh-AE
Féadfar tú a eiseachadadh ó Éirinn chuig tíortha má tá comhaontuithe eiseachadta ag Éirinn ina gcomhlíontar coinníollacha áirithe lena n-áirítear:
- Coiriúlacht dhúbailte: Cúisítear tú i gcion ar féidir tú a phionósú ina leith trí phríosúnacht in Éirinn agus sa tír eile ar feadh bliana ar a laghad. Nó, ciontaítear tú as cion den sórt sin, agus gearradh pianbhreith ceithre mhí ar a laghad. Mar sin, caithfidh an cion a bheith mar an gcéanna sa dá thír. Ní féidir thú a eiseachadadh má tá tú le bheith faoi choimeád chun críche imscrúdaithe.
- Ní cion polaitiúil é, nó cion a bhaineann le cion polaitiúil. Bhí an míniú ar chion polaitiúil sách leathan ar dtús ach tá sé cúngaithe go mór anois. Go ginearálta, ní fholaíonn sé cionta de chineál sceimhlitheoireachta.
- Ní bhaineann pionós an bháis leis an gcion.
Próiseas eiseachadta
Caithfidh an tír eile atá ag lorg d’eiseachadta ó Éirinn cur isteach ar thú a eiseachadadh chuig an Aire Dlí agus Cirt. Déileálann an Ard-Chúirt le gach imeacht eiseachadta ansin. Baineann na gnáthrialacha maidir le trialacha coiriúla le himeachtaí eiseachadta.
Más náisiúnach Éireannach thú, ní féidir thú a eiseachadadh mura luadh sa chonradh nó sa socrú eiseachadta sonrach a mhalairt. Mar shampla, tá feidhm ag conarthaí leis na Stáit Aontaithe agus leis an Astráil maidir le saoránaigh nó náisiúnaigh Éireannacha.
Tá tuilleadh faisnéise maidir le heiseachadadh ó Éirinn chuig Tíortha neamh-AE ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Dlí agus Cirt.
Eiseachadadh go dtí an Ríocht Aontaithe agus uaithi
Nuair a d’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach, fágadh dá bharr go raibh deireadh le cur i bhfeidhm cuid de na dlíthe a úsáideadh le haghaidh eiseachadta idir an RA agus Éire.
Má gabhadh go bailí thú faoi Bharántas Gabhála Eorpach roimh 11pm an 31 Nollaig 2020, tá feidhm ag réimeas an Bharántas Gabhála Eorpach i leith d’eiseachadadh chuig an RA.
Má gabhadh tú le haghaidh eiseachadta tar éis 11pm an 31 Nollaig 2020, leanann Comhaontú Trádála agus Comhar idir an AE agus an RA ag ligean do eiseachadadh go hÉirinn ón RA agus a mhalairt. Tá rialacha agus nósanna imeachta eiseachadta comhchosúla leis an gcóras Barántas Gabhála Eorpach sa chomhaontú sin. Baineann sé seo le hiarrataí ar eiseachadadh roimh an 31 Nollaig 2020 freisin, i gcás nach raibh an duine gafa ag an am sin.
Eiseachadadh idir ballstáit den AE - Barántas Gabhála Eorpach
Ó 1 Eanáir 2004, tá Barántas Gabhála Eorpach (EAW) atá bailí ar fud an AE tar éis teacht in ionad nósanna imeachta eiseachadta idir ballstáit an AE.
Má eiseachadtar thú chuig tír eile, nó ó thír eile, de chuid an AE, féadfaidh údarás breithiúnach náisiúnta Barántas Gabhála Eorpach a eisiúint má tá tú cúisithe i gcion a bhfuil an t-uasphionós ina leith bliain i bpríosún ar a laghad nó má cuireadh pianbhreith ort ar pianbhreith í le téarma príosúin ceithre mhí ar a laghad. Baineann an Nós Imeachta um Barántas Gabhála Eorpach leis an Iorua agus an Íoslainn freisin, cé nach ballstáit den AE iad.
Ní féidir tú a eiseachadadh ó Éirinn go dtí tír AE eile ach amháin chun na críocha seo a leanas:
- Chun triail a chur ort mar gheall ar chion
- Chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a sheirbheáil
Ní féidir thú a eiseachadadh ó Éirinn go tír eile den AE le bheith faoi choimeád chun críocha imscrúdaithe amháin.
Coiriúlacht dhúbailte i ndáil le Barántas Gabhála Eorpach
Is éard is coiriúlacht dhúbailte ná nuair a bhíonn cionta comhchosúla ann faoi dhlíthe an dá stát. Go dtí Eanáir 2004, bhí coiriúlacht dhúbailte ag teastáil le haghaidh gach ciona dá ndéanfaí tú a eiseachadadh.
Ó Eanáir 2024, níl gá le coiriúlacht dhúbailte le haghaidh eiseachadadh idir Ballstáit an AE má tá mórchionta áirithe déanta agat atá liostaithe san Acht um Barántais Ghabhála Eorpacha 2003, lena n-áirítear:
- Rannpháirtiocht in eagraíocht choiriúil
- Sceimhlitheoireacht
- Gáinneáil ar Dhaoine
- Teacht i dtír gnéasach leanaí agus pornagrafaíocht leanaí
- Gáinneáil ar airm
- Armlón agus pléascáin
- Éilliú, calaois, sciúradh airgid agus góchumadh airgid.
Má tá an cion tromchúiseach go leor agus go bhfuil pionós 3 bliana príosúnachta ar a laghad inghearrtha ina leith sa bhallstát a d’eisigh an barántas, sa chás sin caithfidh an stát gabhála an Barántas Gabhála Eorpach a fhorghníomhú do na coireanna thuasluaite fiú murab ionann míniú an chiona sin.
Leantar leis an gceanglas maidir le coiriúlacht dhúbailte feidhm i bheith aige i ndáil le gach cion eile.
Creat ama i gcomhair Barántas Gabhála Eorpach
De ghnáth, cinnfidh an stát cibé an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh sé tú a eiseachadadh laistigh de 60 lá tar éis do ghabhála nó, mura féidir é seo a dhéanamh, laistigh de 90 lá. Níl na teorainneacha seo ina gceangal dlí ach is samplaí iad de na scálaí ama atá i gceist.
Cé a bhainistíonn an Barántas Gabhála Eorpach in Éirinn?
In Éirinn, déanann an Roinn Dlí agus Cirt próiseas an Bharántas Gabhála Eorpach a bhainistiú, mar an t-údarás lárnach ainmnithe.
Féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar Bharántas Gabhála Eorpach nuair a bhíonn duine i mballstát eile agus cúisimh ina leith nó pianbhreith le cur isteach acu in Éirinn.
Reachtaíocht na hÉireann maidir le heiseachadadh
Déantar foráil le Cuid II den Acht um Eiseachadadh, 1965 d’eiseachadadh idir Éire agus tíortha seachas an RA. Tá an reachtaíocht seo bunaithe ar Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Sceimhlitheoireacht a Chosc, 1957, is coinbhinsiún a bhfuil Éire ina páirtí ann.
Tá Éire ina páirtí freisin i roinnt coinbhinsiúin idirnáisiúnta a sholáthraíonn socruithe speisialta eiseachadta maidir le cionta sonracha - mar shampla, i réimse na heitlíochta. Leasaíodh Acht 1965 roinnt uaireanta. Déanta na fírinne, rinne an tAcht um Barántas Gabhála Eorpach, 2003 Cuid III d’Acht 1965 a aisghairm ar Chuid í a dhéileálann le heiseachadadh idir Éire agus an RA.
San Acht um Eiseachadadh (Coinbhinsiúin an Aontais Eorpaigh), 2001, rinneadh foráil do chur i bhfeidhm Choinbhinsiúin 1995 agus 1996 maidir le Nós Imeachta Simplithe Eiseachadta idir ballstáit an Aontais Eorpaigh. Forálann an tAcht freisin go n-éistfear gach imeacht eiseachadta san Ard-Chúirt.
Cionta polaitiúla agus eiseachadadh
Tá an tAcht um Eiseachadadh (An Coinbhinsiún Eorpach chun Sceimhiú a Dhíchur), 1987 bunaithe ar an gCoinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur. Cuireann an reachtaíocht seo srian ar na himthosca inar féidir le duine eiseachadadh a sheachaint ar an bhforas gur cion polaitiúil nó cion a bhaineann le cion polaitiúil an cion atá i gceist.
Ba é bunphrionsabal an choinbhinsiúin sceimhlitheoireachta ná nár cheart go mbeadh lucht déanta gníomhartha sceimhlitheoireachta díolmhaithe ón eiseachadadh, trí phléadáil a dhéanamh gur cion polaitiúil a bhí sa ghníomh a rinne siad.
Leis an Acht um Eiseachadadh (Leasú), 1994 rinneadh an raon cionta nach bhféadfar a mheas mar chionta polaitiúla chun críocha eiseachadta a shíneadh.