Arduithe cíosa i dtithíocht phríomháideach
- Réamhrá
- Méaduithe cíosa i gCriosanna BrúCíosa
- Criosanna Brú Cíosa
- Méaduithe cíosa taobh amuigh de na Criosanna Brú Cíosa
- Athbhreithnithe cíosa
- Ma tá thiarna talún ag ardú an chíosa
- Díospóidí faoi arduithe cíosa
- Teagmhálaithe úsáideacha
Réamhrá
Comhaontaítear an méid cíosa a íocann tú as maoin idir an tiarna talún agus an tionónta ag tús tionóntachta. Caithfidh tiarnaí talún príobháideacha nósanna imeachta áirithe a leanúint más mian leo an cíos a ardú. Tá na rialacha leagtha amach san Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 agus leasaíodh iad leis an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú) 2015, an tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Tithíocht) agus Tionóntachtaí Cónaithe 2016 agus an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú) 2019.
Baineann na rialacha seo le tithíocht ar cíos príobháideach, ní le tithíocht atá á ligean ag údaráis áitiúla nó ag comhlachtaí tithíochta ceadaithe (cumainn tithíochta), a ghearrann an dá cheann acu cíosanna difreálacha bunaithe ar ioncam teaghlaigh. Cé go dtagann comhlachtaí tithíochta ceadaithe faoi reachtaíocht na dtionóntachtaí cónaithe, leanfar ar aghaidh lena n-athbhreithnithe cíosa de réir a gcomhaontuithe tionóntachta, nó gan a bheith níos mó ná uair amháin in aon tréimhse 12 mhí.
Faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú) 2019, tagann cóiríocht sainiúil do mhic léinn faoi shainchúram an BTC. Cuireadh tús leis an bhforáil seo an 15 Iúil 2019 agus baineann sé le tionóntachtaí mac léinn a rinneadh tar éis an 15 Lúnasa 2019. Ciallaíonn sé go bhfuil na tionóntachtaí mac léinn seo clúdaithe ag reachtaíocht tionóntachtaí cónaithe agus go mbeidh na cearta céanna ag na tionóntaí seo le tionóntaí príobháideacha, lena n-áirítear go gcaithfidh a dtiarnaí talún cloí leis na rialacha maidir leis an gcíos a mhéadú.
Méaduithe cíosa i gCriosanna BrúCíosa
Limistéir iad Criosanna Brú Cíosa (CBCanna) ina bhfuil na cíosanna is airde á ngearradh agus ina bhfuil siad ag dul i méid go tapa. Caithfidh limistéar critéir áirithe a shásamh go ndéanfar CBC de. Cuirtear uasteorainn ar mhéaduithe bliantúla cíosa sna limistéir seo. Tugadh CBCanna isteach an 24 Nollaig 2016 agus beidh siad i bhfeidhm go fóill go dtí an 31 Nollaig 2024. Féach thíos le haghaidh liosta na gceantar atá ina gCriosanna Brú Cíosa.
Ón 11 Nollaig 2021, cuirtear uasteorainn ar mhéaduithe cíosa bliantúla in CBCanna ar aon dul leis an ráta de bhoilsciú ginearálta nó 2% sa bhliain, pé ceann is ísle. Mar sin, má dhéanann do thiarna talún athbhreithniú ar an gcíos gach 12 mhí agus más é an ráta de bhoilsciú ginearálta 1.5%, ní féidir do chíos a mhéadú ach faoi 1.5%, ar a mhéid. Má tá an ráta de bhoilsciú ginearálta níos airde ná 2%, mar shampla, 3%, ní féidir an cíos a mhéadú ach faoi 2%, ar a mhéid.
Bíonn sé beagán níos casta mura ndearna do thiarna talún athbhreithniú ar an gcíos ar feadh roinnt blianta, mar gheall go mbeidh an uasteorainn 2% i gceist gach bliain. Mar sin, mar shampla, má d’aistrigh tú isteach i gcóiríocht ar cíos i mí na Nollag 2016 agus murar tháinig athrú ar an gcíos ó shin i leith, bheadh an ráta de bhoilsciú ginearálta i gceist nuair a bhíonn an méadú cíosa á ríomh. Is amhlaidh atá seo mar gheall go raibh an ráta de bhoilsciú idir Nollaig 2016 agus Nollaig 2021 6.6%, atá níos ísle ná an ráta 10% a bheadh i gceist faoin gcoinníoll 2% sa bhliain (2% sa bhliain ar feadh 5 bliana = 10%). Baineann an t-áireamhán Crios Brú Cíosa leis an dá cheann de na coinníollacha seo agus ríomhann sé an méadú cíosa a cheadaítear duit.
Criosanna Brú Cíosa
Ainmníodh na limistéir údaráis áitiúil agus na toghcheantair áitiúla (TCÁanna) seo a leanas mar Chriosanna Brú Cíosa nuair a shásaigh siad na critéir CBC ar na dátaí thíos:
30 Samhain 2023
- Sionainn Toghlimistéir Áitiúil, Contae an Chláir
- Comhairle Contae na hIarmhí
31 Lúnasa 2023
- Inis Toghlimistéir Áitiúil, Contae an Chláir
- Comhairle Contae Chill Chainnigh
- Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
- Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge
28 Meitheamh 2023
- Cathair na Mart Toghcheantar Áitiúil, Co Mhaigh Eo
29 Meán Fómhair 2020
- Comhairle Contae Chill Dara
16 Iúil 2020
- Droichead na Bandan - Cionn tSáile, Co Chorcaí
22 Aibreán 2020
- Mala, Co. Chorcaí
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Baile Átha Í, Co. Chill Dara
- An Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí
- An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí
18 Nollaig 2019
- An Cóbh (to include Cnocán na Biolraí), Co. Chorcaí
- Baile an Phoill, Co. Chill Chainnigh
- An Leathros, Co. Shligigh
- Bealach Conglais, Co. Chill Mhantáin
26 Meán Fómhair 2019
- Ceatharlach, Co. Ceatharlach
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
2 Iúil 2019
- Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí
- Mainistir na Corann, Co. Chorcaí
- Baile Átha an Rí-Órán Mór, Co. na Gaillimhe
- An Gort-Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Cill Chainnigh, Co. Chill Chainnigh
- Portlaoise, Co. Laoise
- An Ghráig-Cúil an tSúdaire, Co. Laoise
- Cathair Luimnigh Thiar, Co. Luimnigh
- Cathair Luimnigh Thuaidh, Co. Luimnigh
- Dún Dealgan-Cairlinn, Co. Lú
- Dún Dealgan Theas, Co. Lú
- Baile Átha Fhirdhia, Co. Lú
- Ceanannas, Co. na Mí
- Baile Átha Troim, Co. na Mí
- Cathair Phort Láirge Theas, Co. Phort Láirge
- Chathair Phort Láirge Thoir, Co. Phort Láirge
- Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí
- Guaire, Co. Loch Garman
- An tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin
28 Márta 2019
- An Uaimh, Co. na Mí
- Cathair Luimnigh Thoir, Co. Luimnigh
22 Méan Fómhair 2017
- Na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin
- Droichead Átha, Co. Lú
24 Márta 2017
- Cóbh, Corcaigh
- Maigh Nuad, Co. Chill Dara
27 Eanáir 2017
- Baile an Chollaigh – Carraig Uí Leighin, Corcaigh
- Comhairle Cathrach na Gaillimhe
- Cathair na Gaillimhe Thoir
- Cathair na Gaillimhe Thiar
- An Nás, Co. Chill Dara
- An Droichead Nua, Co. Chill Dara
- Cill Droichid-Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara
- Cill Dhéagláin, Co. na Mí
- Baile an Iúir-Baile an Bhiataigh, Co. na Mí
- Ráth Tó, Co. na Mí
- Bré, Co. Chill Mhantáin
- Chill Mhantáin, Co. Chill Mhantáin
24 Nollaig 2016
- Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
- Comhairle Contae Átha Cliath Theas
- Comhairle Contae Dhún Laoghaire / Ráth an Dúin
- Comhairle Contae Fhine Gall
- Comhairle Cathrach Chorcaí
Fanfaidh Criosanna Brú Cíosa ainmnithe i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2021.
Athraíodh na critéir chun Criosanna Brú Cíosa a mheas faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú) 2019, le héifeacht ón 4 Meitheamh 2019. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi na critéir CBC nua ar shuíomh gréasáin an RTB.
Tá níos mó eolais faoi Chriosanna Brú Cíosa agus faoi bhearta eile ar onestopshop.rtb.ie.
Méaduithe cíosa taobh amuigh de na Criosanna Brú Cíosa
Faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004, ní féidir le tiarnaí talún níos mó a ghearradh ná an ráta cíosa margaidh oscailte. Sainmhínítear cíos margaidh (i gcás réadmhaoine taobh amuigh de na Criosanna Brú Cíosa) mar ‘an cíos a thabharfadh tionónta toilteanach nach bhfuil ina chónaí cheana féin agus a thabharfadh tiarna talún toilteanach don teaghais’. Foilsíonn an BTC innéacs ráithiúil cíosanna, ar féidir leat é a úsáid chun cíosanna reatha an mhargaidh a sheiceáil. Léigh tuilleadh faoi chíos margaidh agus faoin innéacs cíosa.
Athbhreithnithe cíosa
Is féidir le tionónta nó le tiarna talún athbhreithniú cíosa a iarraidh. D'fhéadfadh méadú cíosa a bheith mar thoradh ar athbhreithniú cíosa. Tá rialacha difriúla maidir le hathbhreithnithe cíosa ag Criosanna Brú Cíosa agus ceantair lasmuigh de Chriosanna Brú Cíosa.
Athbhreithnithe cíosa i gCriosanna Brú Cíosa
Cuirtear teorainn le méaduithe cíosa i gCriosanna Brú Cíosa agus tá teorainneacha ann ar cé chomh minic is féidir athbhreithniú a dhéanamh ar an gcíos. Tá rialacha difriúla ann maidir le teorainneacha agus minicíocht na n-athbhreithnithe cíosa ag brath ar thionóntacht reatha nó nua é an tionóntacht sa Chrios Brú Cíosa.
Athbhreithnithe cíosa ar thionóntacht nua i CBC
I gcás tionóntachta nua (ag tosú an 24 Nollaig 2016 nó dá éis) i gCrios Brú Cíosa, is féidir leis an tiarna talún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcíos uair amháin gach 12 mhí. Is é an méadú cíosa uasta ná 4% in aghaidh na bliana. Ní mór don tiarna talún an fhaisnéis seo a leanas, i scríbhinn, a thabhairt don tionónta ag tús na tionóntachta:
- An méid cíosa a socraíodh don mhaoin go deireanach
- An dáta a socraíodh an cíos don mhaoin go deireanach
- Ráiteas faoi conas a ríomhadh an cíos a socraíodh don mhaoin, ag féachaint don fhoirmle um Chrios Brú Cíosa.
Níor chóir go mbeadh an cíos atá á shocrú níos mó ná cíosanna margaidh áitiúil le haghaidh maoine dá samhail
Athbrreithnithe cíosa ar thionóntacht reatha i CBC
I dtionóntachtaí reatha (ag tosú roimh an 24 Nollaig 2016) i gCrios Brú Cíosa is féidir an chéad athbhreithniú cíosa a dhéanamh tar éis 24 mhí ó thús na tionóntachta nó ón dáta ar cuireadh in iúl duit i scríbhinn faoin athbhreithniú deireanach a rinne tú. Is é an méadú cíosa uasta ná 2% in aghaidh na bliana ó socraíodh an cíos roimhe seo. Mar sin, má dhéantar an cíos a athbhreithniú tar éis na tréimhse íosta 24 mí, is é 4% an méadú uasta cíosa. Má tá níos mó ama caite ó socraíodh an cíos roimhe seo, tá an t-ardú cíosa uasta níos airde (2% in aghaidh na bliana breise go dtí 2016). Is féidir le hathbhreithnithe cíosa ina dhiaidh sin tarlú tar éis 12 mhí agus caithfidh siad cloí le rialacha CBC.
Eisceachtaí ó theorainneacha cíosa i CBC
Tá 3 eisceacht ann do na teorainneacha cíosa a chuirtear i bhfeidhm i gCriosanna Brú Cíosa:
- Airíonna nach bhfuil ligthe ag am ar bith sa dá bhliain roimhe sin
- Maoine i struchtúir chosanta nó i struchtúir chosanta bheartaithe nár ligeadh isteach an bhliain roimhe sin
- Airíonna atá athraithe go mór. (Sainmhínítear “athrú substaintiúil” sa chás seo san Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú) 2019. Tá sonraí ar na cineálacha athruithe suntasacha atá ag teastáil ar shuíomh gréasáin an BTC..
Fiú má cháilíonn réadmhaoin do cheann de na díolúintí seo, caithfidh an cíos nua atá leagtha síos a bheith i gcomhréir le cíos margaidh le haghaidh maoine comhchosúla sa cheantar.
Más mian le tiarna talún díolúine a fháil ó theorainneacha cíosa i gceantar CBC, ní mór dóibh fógra a thabhairt don BTC laistigh de 1 mhí ón cíos a shocrú trí Fhoirm Díolúine CBC an BTC a chomhlánú.
Faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú) 2019 tá smachtbhannaí ann do thiarnaí talún nach leanann teorainneacha méadaithe cíosa i CBCanna, soláthraíonn siad faisnéis bhréagach faoi dhíolúine i limistéar CBS nó ní thugann siad fógra don BTC faoi dhíolúine a fháil.
Athbhreithnithe cíosa taobh amuigh de Criosanna Brú Cíosa
Ní féidir do chíos a athbhreithniú go dtí 24 mhí tar éis thús do thionóntachta. Má rinneadh athbhreithniú ar do chíos tráth ar bith le 24 mí anuas, ní féidir é a athbhreithniú arís go dtí 24 mhí tar éis dháta an athbhreithnithe dheireanaigh. Tá an beart cinnteachta cíosa seo i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2021.
Nuair atá an tréimhse 24 mí thart caithfidh do thiarna talún fógra 90 lá ar a laghad a thabhairt duit faoi athrú cíosa. Caithfidh an fógra scríofa seo méid an chíosa nua agus an dáta a dtiocfaidh an cíos nua i bhfeidhm a lua.
Ní féidir le do thiarna talún níos mó a ghearradh ná 'cíos margaidh', arb é an ráta leanúnach é do chineál cóiríochta sa cheantar ina bhfuil tú i do chónaí.
Méaduithe cíosa incheadaithe a ríomh
Is féidir leat an t-áireamhán RTB a úsáid le seiceáil an bhfuil do mhaoin i gCrios Brú Cíosa agus le fáil amach an féidir an cíos a ardú agus, má tá, cé mhéad. Beidh ort do sheoladh nó Eircode, an cíos reatha agus an dáta a socraíodh an cíos a chur isteach.
Tá samplaí (pdf) foilsithe ag an BTC faoin gcaoi a n-oibríonn na ríomhanna.
Fógra athbhreithniú cíosa
A luaithe a bheidh an tréimhse riachtanach (12 nó 24 mí) caite, is féidir le do thiarna talún athbhreithniú ar fhógra cíosa a eisiúint.
Ní mór don tiarna talún fógra cuí a thabhairt duit maidir le méid an chíosa nua atá beartaithe agus an dáta óna mbeidh éifeacht leis. Ón 1 Iúil 2019, ní mór do thiarnaí talún Foirm Fhógra maidir le hAthbhreithniú Cíosa RTB a úsáid agus athbhreithniú cíosa á eisiúint. Ba chóir do thiarnaí talún na codanna den fhoirm atá ábhartha dóibh a líonadh agus níor chóir dóibh aon fhoirm den fhoirm a scriosadh ná a athrú. Ní foirmeacha bailí fógra iad foirmeacha, ríomhphoist, teachtaireachtaí téacs agus teachtaireachtaí labhartha eile.
Ní mór duit fógra 90 lá ar a laghad a fháil faoi athbhreithniú cíosa. Ciallaíonn sé seo nach féidir an cíos nua a chur i bhfeidhm go dtí 90 lá tar éis an fógra a eisiúint.
Ní mór don tiarna talún an cíos athbhreithnithe a chur in iúl don BTC ionas gur féidir leis sonraí clárúcháin na tionóntachta a nuashonrú.
Tionónta ag iarraidh athbhreithniú cíosa
Mar thionnónta, is feidir leat iarraidh ar do thiarna talún an cíos a athbhreithniú más rud é:
- Is dóigh leat go bhfuil sé níos mó ná an ráta margaidh reatha don mhaoin nó
- Teastaíonn athbhreithniú nua uait agus tá níos mó ná 24 mí caite
Ma tá thiarna talún ag ardú an chíosa
Ma tá thiarna talún ag ardú an chíosa
Foilsíonn Threshold, an carthanas tithíochta náisiúnta, comhairle mhionsonraithe ar conas déileáil le méaduithe cíosa. Cuimsíonn a bhileog ar fhadhbanna a réiteach le linn do thionóntachta (pdf) leideanna maidir le déileáil le méaduithe cíosa. Is féidir leat dul i dteagmháil le Threshold chun comhairle a fháil ar do chás ar leith - féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos '.
Má tá aon díospóid ann maidir leis an méid cíosa atá á bheartú, féadfaidh an dá thaobh an díospóid a chur ar aghaidh chuig an BTC. Má tá tú ag maíomh go bhfuil an cíos atá beartaithe níos airde ná ráta an mhargaidh, ba chóir duit fianaise a sholáthar maidir le rátaí cíosa ar mhaoine comhchosúla sa limistéar céanna.
Má thug an tiarna talún fógra scríofa bailí duit faoin méadú cíosa, ní mór duit dul i dteagmháil leis an BTC le do dhíospóid roimh an dáta a thagann an cíos nua i bhfeidhm nó laistigh de 28 lá ón bhfógra a fháil, cibé acu is déanaí. Níl aon teorainn ama ann mura bhfuil an fógra bailí.
Ní mór duit leanúint ar aghaidh ag íoc do chíosa go dtí go gcinnfidh an BTC an cás.
Do thionóntaí a chosaint
Is féidir leat dul i dteagmháil le Seirbhís Cosanta Tionóntachta Threshold ar 1800 454 454 chun tacaíocht ghinearálta, comhairle agus abhcóideacht a fháil maidir le do thionóntacht a chosaint.
Má tá tú ag fáil Forlíonadh Cíosa (nó ag cur isteach air), d'fhéadfadh go mbeadh solúbthacht i gcásanna ina lorgaíonn tiarnaí talún cíosanna atá níos airde ná teorainneacha an Fhorlíonta Cíosa. Baineann sé seo le tionóntaí reatha agus le hiarratasóirí nua ar Fhorlíonadh Cíosa. Breithnítear cúinsí na dtionóntaí ar bhonn cás ar chás agus méadaítear cíosanna os cionn na dteorainneacha socraithe mar is cuí. Déan teagmháil leis an oifig áitiúil a riarann d'Fhorlíonadh Cíosa. Is féidir leis an tSeirbhís um Chosaint Tionóntachta cabhrú leat iarratas a dhéanamh.
Oibríonn an Roinn Coimirce Sóisialaí, i gcomhar le Threshold, prótacal speisialta do thionóntaí ar Fhorlíonadh Cíosa i gceantair ina bhfuil saincheisteanna soláthair an-ghéar - Baile Átha Cliath, Cill Dara, an Mhí, Cill Mhantáin, Cathair Chorcaí agus an ceantar máguaird, Gaillimh, Maigh Eo agus Ros Comáin . Déan teagmháil leis an tSeirbhís Cosanta Tionóntachta ar 1800 454 454.
Díospóidí faoi arduithe cíosa
Déileálann an BTC le díospóidí idir tiarnaí talún agus tionóntaí. Tá dhá chéim le próiseas réiteach díospóidí an BTC. Is é atá i gCéim 1 ná idirghabháil rúnda nó breithniú agus is é Céim 2 achomharc de chinneadh an idirghabhálaí nó an bhreithneora, ar éisteacht phoiblí é ag Binse Tionóntachta 3-duine.