Morgáistí údaráis áitiúla
Réamhrá
Morgáiste faoi thacaíocht an rialtais is ea Iasacht Tithíochta Atógáil Éireann do cheannaitheoir céaduaire. Cuirtear iasachtaí ar tairiscint ar ráta laghdaithe úis agus féadfaidh tú iad a úsáid chun maoin nua agus athláimhe a cheannach, nó teach a thógáil. Tá na rátaí socraithe do théarma iomlán an mhorgáiste, chun go mbeidh na haisíocaíochtaí céanna agat don shaolré na hiasachta.
Tá Iasacht Tithíochta Atógáil Éireann ar fáil ar fud na tíre ó údaráis áitiúla ón 1 Feabhra 2018 ar aghaidh.
Ar an 10 Mheán Fómhair 2021 bhí rátaí úis d’iasachtaithe laghdaithe ag 0.25%. Tá a thuilleadh athruithe pleanáilte don iasacht lena n-áirítear teorainn ioncaim a mhéadú do dhaoine singil a cheannaíonn nó a thógann tithe i limistéir áirithe. Léigh a thuilleadh maidir leis na tairiscintí sin sa phlean Tithíochta do Chách, seolta i mí Mheán Fómhair 2021.
Rialacha
Is féidir leat a mhéid le 90% de luach margaidh na maoine atá á tógáil nó á ceannach agat a fháil ar iasacht. Ní féidir le hachar breis agus 175 méadar cearnach a bheith ag an maoin a chistítear faoin scéim. Is éagsúil a bhíonn an luach margaidh uasta ag brath ar cá bhfuil do theach lonnaithe. Is é an luach margaidh uasta:
- €320,000 i gCorcaigh, Baile Átha Cliath, Gaillimh, Cill Dara, Lú, an Mhí agus Cill Mhantáin
- €250,000 sa chuid eile den tír
Is gá duit a thaispeáint gur féidir leat íoc as d’aisíocaíochtaí morgáiste míosúla, agus caithfidh siad a bheith níos lú ná an tríú cuid de d’ioncam teaghlaigh. Is féidir leat úsáid a bhaint as an Áireamhán Iasacht Tithíochta ar rebuildingirelandhomeloan.ie chun meastachán a fháil ar cé mhéid is féidir leat a fháil ar iasacht agus cé mhéid a bheidh i gceist le d’aisíocaíochtaí.
Níl iasachtaí ar fáil ach do dhaoine a bhfuil an ceart acu cónaí in Éirinn – mar shaoránaigh Éireannacha nó mar dhaoine a bhfuil cead ar feadh tréimhse éiginnte acu chun fanacht ann.
Critéir cháilitheachta
Chun cáiliú d’Iasacht Tithíochta Atógáil Éireann, caithfidh tú na critéir seo a leanas a shásamh:
- Bheith i do cheannaitheoir céaduaire (má tá comhiarratas á dhéanamh agat, ní féidir le ceachtar iarratasóir maoin a bheith faoi úinéireacht acu faoi láthair ná roimhe seo).
- Bheith idir 18 agus 70 bliain d’aois.
- Bheith i bhfostaíocht nó féinfhostaíocht leanúnach ar feadh 2 bhliain, ar a laghad, más tú féin an príomhiarratasóir. Go ginearálta, caithfidh go bhfuil iarratasóirí tánaisteacha fostaithe nó féinfhostaithe go leanúnach ar feadh 1 bhliain, ar a laghad. Féadtar breithniú a dhéanamh áfach, ar iarratasóirí tánaisteacha a bhfuil íocaíochtaí áirithe fadtéarmacha leasa shóisialaigh á bhfáil acu. Is iad na híocaíochtaí Pinsean Stáit (Ranníocach), Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach), Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Mharthanaigh, Pinsean na nDall, Pinsean Easláine agus Liúntas Míchumais.
- Fianaise a chur ar fáil gur dhiúltaigh dhá bhanc nó chumann foirgníochta tairiscintí airgeadais nó go ndearna siad tairiscintí neamhleora airgeadais.
- Ollioncam bliantúil €50,000 nó níos lú a bheith agat mar iarratasóir aonair. Caithfidh comhiarratasóirí ollioncam bliantúil iomlán €75,000 nó níos lú a bheith acu.
- Taifead sásúil creidmheasa a bheith agat (tabharfar faoi sheiceáil creidmheasa le Biúró Creidmheasa na hÉireann agus na cúirteanna sula ndeonófar faomhadh iasachta).
- Éarlais ar a laghad 10% de phraghas ceannaigh na maoine a bheith agat. (Má tá tú incháilithe do dreasacht um Chabhair chun Ceannach, féadfaidh tú seo a úsáid i dtreo d’éarlaise.)
- An mhaoin a áitiú mar do ghnátháit chónaithe.
Rátaí
Is féidir leat a mhéid le 90% de luach margaidh na maoine a fháil ar iasacht. Is éagsúil a bhíonn an luach margaidh uasta ag brath ar cá bhfuil do theach lonnaithe.
Tá dhá rogha ráta úis ar fáil faoi láthair:
- Ráta úis seasta 2.495% ar feadh a mhéid le 25 bliain (Ráta Céatadánach Bliantúil (RCB) 2.52%)
- Ráta úis seasta 2.745% ar feadh a mhéid le 30 bliain (RCB 2.78%)
Ciallaíonn ráta úis seasta nach dtagann athrú ar d’aisíocaíochtaí míosúla i gcaitheamh théarma na hiasachta. Is féidir leat cuid nó iomlán de do mhorgáiste a íoc ach b’fhéidir go mbeidh tú faoi dhliteanas íoc as táille bhriste.
Ciallaíonn ráta úis athraitheach gur féidir le d’aisíocaíochtaí míosúla ardú nó titim i gcaitheamh théarma na hiasachta. Is féidir leat aisíocaíochtaí cnapshuime a dhéanamh, áfach, nó d’aisíocaíochtaí a mhéadú nó aisíocaíochtaí luatha a dhéanamh gan phionós.
Caithfidh tú clárú le scéim Comh-Árachais um Chosaint Morgáiste (ÁCM) de chuid an údaráis áitiúil. Íocann tú ÁCM gach mí anuas ar d’aisíocaíochtaí iasachta.
Conas iarratas a dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh ar Iasacht Tithíochta Atógáil Éireann, comhlánaigh an fhoirm iarratais (pdf). Is féidir leat an fhoirm a fháil i gcruachóip, chomh maith, go díreach ó d’údarás áitiúil. Seolann tú d’iarratas agus cáipéisí tacaíochta (féach ‘Cáipéisí tacaíochta’ thíos) chuig an údarás áitiúil sa cheantar inar mian leat do theach a cheannach nó a thógáil.
Féadtar iarraidh ar roinnt faisnéise ar an bhfoirm iarratais nach bhfuil agat go fóill, mar shampla, seoladh an tí is mian leat a cheannach nó a thógáil, agus sonraí d’aturnae. Glacfar le d’fhoirm iarratais gan an fhaisnéis seo, ach ba cheart sonraí faoin gcontae agus an ceantar inar mian leat go mbeidh do theach lonnaithe a chur san áireamh, agus ba cheart duit a lua go bhfuil sonraí d’aturnae le deimhniú.
Caithfidh tú coinne a dhéanamh le d’údarás áitiúil chun d’fhoirm iarratais a thabhairt i bpearsan. Déanfaidh d’údarás áitiúil athbhreithniú ar d’iarratas leat lena chinntiú go gcomhlánaítear i gceart í.
Gheobhaidh tú cinneadh i scríbhinn faoi d’iarratas thart ar idir 6 agus 8 seachtaine i ndiaidh go seoltar an fhoirm iarratais chomhlánaithe ar aghaidh. Beidh tairiscint na hiasachta bailí ar feadh 6 mhí.
Cáipéisí tacaíochta
Tá ort roinnt cáipéisí tacaíochta a sheoladh le d’iarratas, a mbraithfidh cuid díobh ar do chás. Cuirtear seicliosta ar fáil ar an bhfoirm iarratais d’iarratasóirí, mar sin, is féidir leat a chinntiú go bhfuil na cáipéisí riachtanacha go léir agat sula seolann tú d’iarratas ar ais.
Teastóidh an méid seo a leanas uait:
- Litreacha ó dhá bhanc nó chumann foirgníochta a dheimhníonn go ndearnadh tairiscintí neamhleora airgeadais
- Foirm chomhlánaithe HPL1 (aguisín 1a ar an bhfoirm iarratais) atá stampáilte ag na Coimisinéirí Ioncaim
- Aitheantas grianghrafadóireachta (mar shampla, pas nó ceadúnas tiomána reatha)
- Cruthúnas seolta (bille fóntais nó ráiteas bainc reatha)
- Deimhniú tuarastail (aguisín 1 ar an bhfoirm iarratais)
- An P60 is déanaí (mura bhfuil an P60 do 52 seachtain, beidh P21 ag teastáil)
- 4 dhuillín pá a eisíodh le déanaí
- Dearbhuithe sínithe custaiméara (leathanach 10 den fhoirm iarratais)
- 12 mhí de ráitis bhunúla do do chuid cuntais bhainc (mar shampla, do chuntais reatha, cuntais choigiltis, cuntais iasachta, cuntais chárta creidmheasa agus cuntais chomhar creidmheasa)
- Cruthúnas i leith stádas pósta má tá tú pósta (má tá tú colscartha, caithfidh tú cáipéisí dlíthiúla a sholáthar)
- Cead pleanála, má tá do theach féin á thógáil agat. (Tá an riachtanas seo faoi lánrogha d’údaráis áitiúil, ach i bhformhór na gcásanna, beidh ort cead pleanála a sheoladh ar aghaidh le d’iarratas.)
B’fhéidir go dteastóidh cáipéisí tacaíochta uait, chomh maith, má tá cóiríocht ar cíos agat, má tá tú féinfhostaithe nó má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat, féach thíos.
Más tionónta thú:
- A bhfuil cóiríocht phríobháideach ar cíos agat, teastaíonn cuntas soiléir cíosa uait (inar íocadh gach íocaíocht) ar feadh 6 mhí sula ndéanann tú iarratas, agus leabhar cíosa nó cruthúnas gur íocadh cíos
- A bhfuil cóiríocht ar cíos agat ón údarás áitiúil nó faoin Scéim Cóiríochta Cíosa (SCC), teastaíonn litir uait ó Rannóg um Measúnú Cíosa d’údaráis áitiúil a dheimhníonn go bhfuil do mheasúnú cíosa cothrom le dáta agus go bhfuil an cuntas glan ar feadh 6 mhí sula ndéanann tú iarratas
Má tá tú féinfhostaithe, teastaíonn an méid seo a leanas uait, chomh maith:
- Tuarascáil chuntasóra nó do chuntais iniúchta don 2 bhliain roimhe sin
- Ráiteas comhardaithe cánach reatha
- Fáltas reatha i leith réamhíocaíocht cáin ioncaim
Má tá íocaíochtaí cuardaitheora poist nó íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile á bhfáil agat, teastaíonn an méid seo a leanas uait:
- Aguisín 2 den fhoirm iarratais a chomhlánaigh an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (áirítear leis seo ráiteas ar na tairbhí iomlána a fuair tú sa bhliain chánach roimhe seo)
Cá ndéanfaidh mé iarratas?
Caithfidh tú coinne a dhéanamh le d’údarás áitiúil chun d’fhoirm iarratais agus do cháipéisí tacaíochta a sheoladh ar aghaidh i bpearsan. Is féidir leat glao ar an deasc chabhrach náisiúnta, chomh maith, ar (051) 349 720 chun teacht ar bhreis faisnéise.
Nóta: Tagann Iasacht Tithíochta Atógáil Éireann in ionad na seanmhorgáistí údaráis áitiúil agus na hIasachta Rogha Tí, nach bhfuil ar fáil a thuilleadh.