Polasaithe árachais chun do mhorgáiste a chosaint
Réamhrá
Nuair a fhaigheann tú morgáiste le d’áit chónaithe a cheannach, tá ort machnamh a dhéanamh faoi conas a íocfar é má fhaigheann tú bás. D'fhéadfá smaoineamh freisin ar cé a dhéanfaidh d’aisíocaíochtaí morgáiste má thagann laghdú ar d'ioncam, mar gheall ar bhreoiteacht, ar dhífhostaíocht nó ar chúiseanna eile.
Tá árachas ann leis na cásanna seo a chlúdach:
- Déanann árachas um chosaint morgáiste do mhorgáiste a íoc go hiomlán má fhaigheann tú bás sular íocadh as an morgáiste go hiomlán
- Déanann árachas um aisíocaíocht morgáiste d’aisíocaíochtaí a chlúdach ar feadh tréimhse shocraithe faoi chúinsí áirithe.
Caithfidh tú árachas um chosaint morgáiste a fháil nuair a fhaigheann tú morgáiste, seachas faoi chúinsí áirithe, féach thíos. Is gnách go mbíonn árachas cosanta aisíocaíochta morgáiste roghnach.
Cad é árachas um chosaint morgáiste?
Nuair a fhaigheann tú morgáiste le d’áit chónaithe a cheannach, is gnách go mbeidh ort árachas um chosaint morgáiste a fháil. Is saghas ar leith árachas saoil é seo a ghlactar do théarma an mhorgáiste. Íocann sé as an morgáiste má fhaigheann tú, nó duine a bhfuil an morgáiste agat leo, bás.
Tá ceangal dlíthiúil ar an iasachtóir a chinntiú go bhfuil árachas um chosaint morgáiste agat sula dtugtar morgáiste duit. Tá roinnt eisceachtaí leis seo – féach ‘Eisceachtaí leis an gceanglas dlíthiúil le hárachas um chosaint morgáiste a bheith agat’ thíos. Má dhéanann an t-iasachtóir polasaí árachais ar leith a thairiscint duit, áfach, níl dualgas ort é a cheannach. Is féidir leat polasaí um chosaint morgáiste eile a aimsiú is mó a oireann do do chuid riachtanas. Ní féidir le d’iasachtóir morgáiste a dhiúltú duit mar gheall nach gceannaíonn tú an polasaí a dhéanann siad a thairiscint.
Ba cheart cosaint morgáiste a íoc ar bhonn comh-shaoil, chéad bháis. Ciallaíonn seo go n-aisíoctar an morgáiste ar bhás an chéad iasachtaí má bhíonn lánúin i gceist.
Ba cheart duit athbhreithniú a dhéanamh ar do pholasaí um chosaint morgáiste go rialta agus a chinntiú go nglacann tú le clúdach breise, más gá. Mar shampla, b’fhéidir go dteastaíonn clúdach breise uait má shíneann tú téarma do mhorgáiste. Caithfidh tú d’íocaíocht a choimeád cothrom le dáta. Má chruthaíonn tú riaráistí, d’fhéadfadh an polasaí dul i léig.
Foilsíonn an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí eolas mionsonraithe ar árachas um chosaint morgáiste.
Eisceachtaí leis an gceanglas dlíthiúil árachas um chosaint morgáiste a bheith agat
Níl ort árachas um chosaint morgáiste a bheith agat sna cásanna seo a leanas:
- Tá tú níos sine ná 50 bliain d’aois
- Ní bhaineann an morgáiste le d’áit chónaithe phríobháideach phríomha (d’áit chónaithe)
- Ní féidir leat an t-árachas seo, mar shampla, mar gheall ar bhreoiteacht thromchúiseach atá ort faoi láthair nó ar phost baolach
- Tá agat dóthain árachas saoil cheana féin agat chun íoc as an iasacht tí má fhaigheann tú bás
D’fhéadfadh roinnt iasachtóirí a chur ina luí ort gur coinníoll é árachas um chosaint morgáiste a fháil sula dtabharfaidh siad morgáiste duit, fiú mura bhfuil aon cheanglas dlíthiúil i gceist i do chás.
Má fhaigheann tú bás gan árachas um chosaint morgáiste, ní bheidh aon pholasaí árachais ann leis an morgáiste a íoc. Ciallaíonn seo go mbeidh ar an gcomhúinéir nó do thairbhithe leanúint den mhorgáiste a íoc.
Leagtar amach an ceanglas le cosaint morgáiste a fháil agus na díolúintí a bhaineann leis seo in Alt 126 den Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí, 1995.
Saghsanna árachais um chosaint morgáiste
Tá saghsanna éagsúla de chlúdach um chosaint morgáiste ann. Mar shampla, is féidir leat an méid seo a leanas a fháil:
- Clúdach laghdaithe téarma Tagann laghdú ar an méid a chlúdaíonn an polasaí seo de réir mar a íocann tú do mhorgáiste agus cuirtear deireadh leis an bpolasaí nuair a bhíonn an morgáiste íoctha. Ní thagann athrú ar do phréimh, fiú cé go laghdaíonn an leibhéal clúdaigh. Is é seo an fhoirm is coitianta agus is saoire de chosaint morgáiste.
- Clúdach téarma cothrom: Ní thagann athrú ar an méid a bhfuil tú faoi árachas lena aghaidh ar feadh théarma an mhorgáiste. Mar sin, má fhaigheann tú bás sula n-íoctar as do mhorgáiste go hiomlán, íocfaidh an comhlacht an bunmhéid leat a bhfuair tú árachas dó. Íocfaidh seo as an morgáiste go hiomlán agus íocfar aon fhuílleach le d’eastát.
- Clúdach do bhreoiteacht thromchúiseach: Is féidir leat clúdach do bhreoiteacht thromchúiseach a chur le do pholasaí árachais. Ciallaíonn seo go n-íocfar do mhorgáiste go hiomlán má dhiagnóisítear go bhfuil breoiteacht thromchúiseach ort atá clúdaithe ag do pholasaí agus má thagann biseach ort. Íocfar do mhorgáiste freisin má fhaigheann tú bás. Tá seo níos costasaí ná saghsanna eile de chlúdach.
- Clúdach árachais saoil Is féidir leat polasaí árachais saoil reatha a úsáid mar árachas um chosaint morgáiste. Ní féidir leat do seo a dhéanamh ach má chuireann an polasaí árachais dóthain clúdaigh ar fáil agus nach bhfuil sé sannta le hiasacht nó morgáiste eile a chlúdach.
Cad é árachas um chosaint aisíocaíochta morgáiste?
Saghas d’árachas um chosaint íocaíochta é árachas um chosaint aisíocaíochta morgáiste. Aisíocfaidh sé do mhorgáiste ar feadh tréimhse áirithe ama má laghdaítear d’ioncam mar gheall go raibh timpiste agat nó go ndéantar iomarcach thú, nó ar aon chúis eile atá clúdaithe ag an bpolasaí ar leith. Is gnách go bhfuil an saghas seo árachais roghnach agus is gnách go n-íocfaidh sé as íocaíochtaí ar feadh 12 mhí.
Ba cheart duit a sheiceáil le d’iasachtóir morgáiste, do bhróicéir árachais nó do chomhlacht árachais mura bhfuil tú cinnte faoi cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil árachas um chosaint morgáiste agat. Ba cheart duit a sheiceáil go díreach freisin cad a chlúdaíonn sé agus a chinntiú go n-oireann sé do do chás.
Foilsíonn an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí eolas mionsonraithe ar árachas um chosaint íocaíochta go ginearálta.