Scéim Chóiríochta Ar Cíos
- Cad é an Scéim Chóiríochta ar Cíos?
- Conas a oibríonn an Scéim Chóiríochta ar Cíos?
- Cé mhéad cíosa a íocfaidh mé?
- Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas ar an Scéim Chóiríochta ar Cíos?
- Tuilleadh eolais faoin Scéim Chóiríochta ar Cíos
Cad é an Scéim Chóiríochta ar Cíos?
Má tá tú ag fáil Forlíonadh Cíosa ar feadh níos mó ná 18 mí agus má tá tithíocht fhadtéarmach de dhíth ort, b’fhéidir go mbeifeá incháilithe don Scéim Chóiríochta ar Cíos (RAS). Tá an scéim á reáchtáil ag údaráis áitiúla.
Déanann an t-údarás áitiúil an cinneadh deireanach maidir le cé atá incháilithe faoin scéim.
Difríocht shuntasach idir RAS agus Forlíonadh Cíosa ná gur féidir le tionóntaí fanacht ar RAS má thosaíonn siad obair lán-aimseartha. Ath-ríomhtar an cíos sa chás seo - féach 'Cé mhéad cíosa a íocfaidh mé?' thíos.
Tá sé beartaithe go dtiocfaidh an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP) in ionad RAS ar deiridh. Ní féidir aistriú ó RAS go HAP, áfach.
Conas a oibríonn an Scéim Chóiríochta ar Cíos?
Faoin Scéim Chóiríochta ar Cíos, déanann údaráis áitiúla conarthaí le tiarnaí talún chun tithíocht a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil riachtanas fadtéarmach tithíochta orthu go ceann tréimhse aontaithe.
Íocann an t-údarás áitiúil an cíos go díreach leis an tiarna talún. B’fhéidir go leanfá ar aghaidh ag cur airgid isteach le haghaidh do chíosa ach íocann tú an ranníocaíocht seo leis an údarás áitiúil agus ní leis an tiarna talún.
Is iad príomheilimintí na scéime ná:
- Íocann an t-údarás áitiúil an cíos iomlán leis an tiarna talún ar son an tionónta
- Ní mór do thiarnaí talún tionóntachtaí a chlárú le Bord na dTionóntachtaí Príobháideacha Cónaitheacha (PRTB) agus tá na tionóntachtaí faoi réir ag an Acht um Thionóntachtaí Cónaitheacha 2004
- Caithfidh an chóiríocht a bheith ag teacht le caighdeáin íosta do chóiríocht phríobháideach cíosa agus tá an tiarna talún freagrach as cothabháil agus deisiúcháin ag an áitreabh
- Ní bhíonn éarlaisí de dhíth cionn is go bhfuil conradh déanta idir an údarás áitiúil agus an tiarna talún
- Is féidir le tionóntaí fanacht ar RAS má thosaíonn siad obair lán-aimseartha
Nuair is tionónta SCC tú
Go ginearálta, má tá tú i do chónaí faoin SCC, tá do riachtanais tithíochta comhlíonta agus ní bheidh tú ar liosta feithimh tithíochta an údaráis áitiúil a thuilleadh.
Má tá sé beartaithe ag do thiarna talún le díol
Faoi SCC, síníonn do thiarna talún conradh leis an údarás áitiúil chun tithíocht a chur ar fáil ar feadh tréimhse comhaontaithe. Mar sin féin, má chinneann do thiarna talún an réadmhaoin a dhíol, féadfaidh sé/sí an conradh a fhoirceannadh.
Tá tionóntachtaí SCC clúdaithe ag an reachtaíocht um thionóntachtaí cónaithe, mar sin ní mór do do thiarna talún na gnáthrialacha a leanúint agus an tionóntacht á foirceannadh.
Léigh faoi na rialacha seo inár leathanach má theastaíonn ó do thiarna talún go bhfágfadh tú.
Cé mhéad cíosa a íocfaidh mé?
Ríomhtar an cíos a íocann tú de réir scéim cíosanna difreálacha an údaráis áitiúil. Má thagann ardú ar d'ioncam, éileofar tuilleadh cíosa uait. Fiosraigh le d’údarás áitiúil i gcomhair mionsonraí dá scéim cíosa difreálach.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas ar an Scéim Chóiríochta ar Cíos?
Cuir d’iarratas chuig d'údarás áitiúil.
Tuilleadh eolais faoin Scéim Chóiríochta ar Cíos
Foilsíonn an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobal agus Rialtais Áitiúil tuilleadh eolais ar RAS, ina mheasc ceisteanna coitianta do thiarnaí talún agus do thionóntaí.