Tionóntacht chomhpháirtíoch agus cliseadh caidrimh
- Cad í comhthionóntacht in áit chónaithe údaráis áitiúil?
- Cad a tharlaíonn má thagann deireadh leis an gcaidreamh le mo chomhthionónta?
- Cé a ndéanaim teagmháil leis?
Cad í comhthionóntacht in áit chónaithe údaráis áitiúil?
Is gnách go gcruthaítear comhthionóntacht nuair a leithdháileann údarás áitiúil nó comhlacht ceadaithe tithíochta (CCT) áit chónaithe ar lánúin. Ciallaíonn seo go síníonn tú féin agus do pháirtnéir araon an comhaontú tionóntachta leis an údarás áitiúil nó an CCT. Is féidir leis an údarás áitiúil comhthionóntacht a chruthú nuair nach comhpháirtithe na tionóntaí, faoi chúinsí áirithe.
Cad a tharlaíonn má thagann deireadh leis an gcaidreamh le mo chomhthionónta?
Má tá comhthionóntacht agat d’áit chónaithe údaráis áitiúil agus má thagann deireadh leis an gcaidreamh le do chomhthionónta agus má fhágann siad an áit chónaithe, beidh ort a n-ainm a bhaint ón gcomhaontú tionóntachta.
Má aontaíonn do chomhthionónta leis go mbainfear a n-ainm, déanfaidh an t-údarás áitiúil nó an CCT é seo. Ach má dhiúltaíonn do chomhthionónta go mbainfear a n-ainm, b’fhéidir go mbeidh ort fianaise a sholáthar gur cliseadh ar an gcaidreamh.
Déanfaidh an chúirt breithniú ar cé aige/aici a bhfuil an ceart chun cónaí in áit chónaithe an teaghlaigh nó in áit chónaithe chomhroinnte i gcás idirscaradh breithiúnach, colscartha nó díscaoilte. Sna cásanna seo, mura dtugann do chomhthionónta an tionóntacht suas go saorálach, is féidir leis an mbreitheamh a ordú go n-aistrítear tionóntacht. Más comhthionónta thú agus má tá ag cliseadh ar bhur gcaidreamh, ba cheart duit comhairle dlí a fháil.
Má fhágtar thú ag cónaí in áit chónaithe an teaghlaigh, is féidir leis an údarás áitiúil nó leis an CCT an cinneadh a dhéanamh go bhfuil d'áit chónaithe rómhór duit agus cóiríocht eile a thairiscint duit. Má bhíonn coimeád agat ó thráth go chéile ar do leanaí agus más theastaíonn áit éigin uait dóibh le fanacht ann, b’fhéidir go n-aontóidh an t-údarás áitiúil leis go bhfanfaidh tú i d'áit chónaithe.
Níl aon reachtaíocht ar leith ann a bhaineann leis an méid a tharlaíonn nuair a bhíonn comhthionóntacht agat agus má chliseann ar bhur gcaidreamh. Déileáiltear leo sa chomhaontú tionóntachta atá agat le d’údarás áitiúil nó leis an CCT. Is minic go láimhseáiltear na cásanna seo ar bhonn cás ar chás agus déileálann údaráis áitiúla éagsúla leo ar bhealaí éagsúla.
Cé a ndéanaim teagmháil leis?
Téigh i dteagmháil le d' údarás áitiúil nó le do chumann tithíochta.