Íasachtaí ón údarás áitiúil ar mhaithe le feabhsucháin tí
- Cad iad Íasachtaí ón údarás áitiúil ar mhaithe le feabhsucháin tí?
- An gcáilím?
- Cé mhéad is féidir liom a fháil ar iasacht?
- Cé chomh fada is gá dom an iasacht a aisíoc?
- Conas iarratas a chur isteach
Cad iad Íasachtaí ón údarás áitiúil ar mhaithe le feabhsucháin tí?
B’fhéidir go mbeidh tú in ann íasacht ón údarás áitiúil ar mhaithe le feabhsucháin tí a fháil más mian leat do theach a fheabhsú, a dheisiú nó a shíneadh agus mura féidir leat iasacht a fháil ó bhanc nó ó chumann foirgníochta. Ní mór go mbeadh úinéireacht agat ar an teach agus go bhfuil cónaí ort ann chun cáiliú don iasacht.
Níl na hiasachtaí seo ar fáil ach ó roinnt údaráis áitiúla, mar sin, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le <d’údarás áitiúil> lena sheiceáil an oibrítear an scéim i do cheantar.
An gcáilím?
D'fhéadfá a bheith i dteideal iasachta a fháil ón údarás áitiúil más féidir leat a chruthú gur theip ort iasacht a fháil ó bhanc nó ó chumann airgeadais. Ní mór duit ceann de na critéir seo a leanas a chomhlíonadh freisin:
● Ní mór do theach a fheabhsú, a dheisiú nó a shíneadh toisc go bhfuil sé plódaithe agus go sásaíonn d’ioncam an tástáil ioncaim thíos
● Tá tú cláraithe ar liosta feithimh tithíochta le húdarás áitiúil
● Is tionónta nó ceannaitheoir tionónta tú d'údarás áitiúil agus ba mhaith leat teach príobháideach a cheannach agus do theach reatha a thabhairt ar ais don údarás áitiúil
● Tá tú i do thionónta ar feadh níos mó ná bliain amháin de theach atá curtha ar fáil ag comhlacht ceadaithe tithíochta (CCT) agus ba mhaith leat teach príobháideach a cheannach agus do theach reatha a thabhairt ar ais chuig an CCT
An scrúdú ioncaim
Ní gá duit an tástáil ioncaim seo a shásamh ach má theastaíonn an iasacht uait chun do theach a fheabhsú mar go bhfuil sé plódaithe agus nach bhfuil tú clúdaithe ag ceann amháin de na critéir eile thuas.
Tá tú incháilithe má:
● Is teaghlaigh aonair ioncaim thú agus ba é €40,000 nó níos lú do ghlan-ioncam roimh cháin sa bhliain cháin ioncaim dheireanach
● Is teaghlach dhá ioncam tú agus tá d’ioncam €100,000 nó níos lú i ndiaidh an ríomha seo. Méadaigh ioncam comhlán (roimh cháin) an saothraí is airde sa bhliain chánach ioncaim dheireanach faoi 2.5 agus suimigh ioncam comhlán an tsaothraithe eile sa bhliain chánach ioncaim dheireanach.
Cé mhéad is féidir liom a fháil ar iasacht?
Seo a leanas na suimeanna is mó gur féidir a fháil ar iasacht:
- €38,000 má tá an iasacht urraithe ar an teach tri mhorgáiste (nó €50,000 ar na hoileáin mhara)
- €15,000 sa chás nach bhfuil an iasacht urraithe ar an teach tri mhorgáiste
Tá ráta úis athraitheach i bhfeidhm ar na hiasachtaí seo.
Cé chomh fada is gá dom an iasacht a aisíoc?
Ní mór duit an iasacht a aisíoc laistigh de 15 bliana tar éis duit an íocaíocht a fháil.
Conas iarratas a chur isteach
Déan teagmháil le d'údarás áitiúil chun a fháil amach an bhfuil an scéim seo ar fáil i do cheantar agus conas a oibríonn sé.