An Dreasacht Athchóirithe Tí

Réamhrá

Ba scéim é Dreasacht Athchóirithe Tí (DAT) a ligeann do dhaoine faoiseamh cánach a éileamh ar dheisiúcháin, athchóirithe nó oibreacha feabhsúcháin a críochnaíodh idir 2013 agus 2018.

Bhí sé ar fáil d’úinéirí tí, tiarnaí talún agus tionóntaí údaráis áitiúil le haghaidh oibre ar a bpríomhtheach nó ar réadmhaoin ar cíos.

Caithfidh an obair a bheith críochnaithe ag conraitheoir cáin-chomhlíontach agus a bheith faoi réir CBL 13.5%.

Caithfidh costas idir €4,405 agus €30,000 a bheith ar an obair cháilitheach roimh CBL. Ba é an creidmheas íosta a d'fhéadfá a fháil ná €595 agus ba é an t-uasmhéid ná €4,050.

Éilimh DAT agus cad a tharlaíonn don fhaoiseamh iomarcach?

Tá an scéim DAT dúnta agus ba í 2018 an bhliain chánach dheireanach a bhféadfá an faoiseamh a éileamh ina leith.

D’éiligh tú an faoiseamh ar an gcóras DAT ar líne. Go ginearálta, íocadh an creidmheas cánach thar an 2 bhliain tar éis na bliana a ndearnadh an obair agus a íocadh as. Mar sin, íocadh leath an fhaoisimh in 2019 le daoine a fuair an obair a rinneadh in 2018, agus an leath eile in 2020.

Mar sin féin, murar íoc tú go leor cánach ioncaim chun leas a bhaint as an bhfaoiseamh sna blianta a bhí dlite duit, tugtar an faoiseamh ar aghaidh gach bliain go dtí gur féidir leat é a úsáid go hiomlán.

Tuilleadh eolais

Tá tuilleadh faisnéise faoin DAT ar fáil ar revenue.ie. Is féidir leat faisnéis mhionsonraithe a léamh i Lámhleabhar Cánach agus Dleacht na gCoimisinéirí Ioncaim (pdf).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 Márta 2024