Lóistín do dhaoine scothaosta
- Cad is lóistín?
- Cén chaoi a n-oibríonn an scéim lóistín?
- Cé mhéad a chosnaíonn lóistín?
- Conas gearán a dhéanamh faoi do lóistín
- Eagraíochtaí ar féidir leo cabhrú leat
Cad is lóistín?
Más duine scothaosta tú agus má éiríonn do theach mí-oiriúnach, nó mura bhfuil tú in ann nó mura dteastaíonn uait cónaí i d’aonar, féadfaidh tú smaoineamh ar aistriú chuig teach príobháideach úinéara tí.
Tugtar lóistín ar seo agus eagraíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) é i bpobail.
Is é an sealbhóir tí an duine ar leis an teach é. Beidh siad freagrach as an cúram a theastaíonn uait a thabhairt duit chomh maith le béilí atá cothaitheach agus éagsúil.
Níl an scéim lóistín amach ar fáil i ngach ceantar. Is féidir uasmhéid de sheisear a chur ina gconaí in aon teach amháin.
Cén chaoi a n-oibríonn an scéim lóistín?
Agus do chuid riachtanas á gcur san áireamh, ní mór don FSS a sheiceáil go bhfuil an teach oiriúnach duit chun cónaí ann.
Seiceálfaidh FSS freisin:
- Gur duine oiriúnach é an sealbhóir tí chun aire a thabhairt duit
- Go bhfuil an sealbhóir tí in ann cúram oiriúnach leordhóthanach, bia cothaitheach agus éagsúil a thabhairt duit, agus go mbeidh sé ar fáil agus i láthair
- Go bhfuil meas ag sealbhóir an tí ar do phríobháideachas
Is féidir leat na caighdeáin lóistín, glaineachta agus sábháilteachta a léamh.
Cé mhéad a chosnaíonn lóistín?
Seans go mbeidh ort méid a chomhaontaigh FSS agus sealbhóir an tí a íoc. Íocfaidh FSS suas le leath de ráta seachtainiúil an Phinsin Stáit (Neamh-Ranníocach) leis an sealbhóir tí freisin.
Conas gearán a dhéanamh faoi do lóistín
Má tá tú ar lóistín is féidir leatsa nó le duine éigin atá ag gníomhú ar do shon gearán a dhéanamh leis an Oifig Sláinte Áitiúil.
Féadfaidh tú gearán a dhéanamh faoin teach ina bhfuil tú ag fanacht, an chothabháil, an cúram atá á fháil agat agus do leas.
Is féidir leat léamh faoi conas gearán a dhéanamh faoi do lóistín.