Seirbhísí fiaclóireachta
- Réamhrá
- Seirbhísí fiaclóireachta d’aosaigh
- Seirbhísí fiaclóireachta do leanaí
- Othair phríobháideacha
- Conas iarratas a dhéanamh
Réamhrá
Soláthraíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) roinnt cóireála fiaclóireachta saor in aisce tríd an tseirbhís sláinte poiblí. Is iad fiaclóirí atá fostaithe ag Oifigí Sláinte Áitiúla i do cheantar féin agus fiaclóirí príobháideacha a bhfuil conarthaí acu le FSS seirbhísí áirithe a sholáthar a sholáthraíonn na seirbhísí.
Mura gcáilíonn tú do sheirbhísí FSS, is féidir leat seirbhís phríobháideach fiaclóireachta a úsáid.
Seirbhísí fiaclóireachta d’aosaigh
Scéim Sochar Cóireála
Má tá dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh íoctha agat is féidir leat scrúduithe fiaclóireachta saor in aisce agus sciúradh agus snas fóirdheonaithe a fháil uair sa bhliain faoin Scéim Sochar Cóireála.
Sealbhóirí cártaí leighis
Le Scéim na Seirbhísí Cóireála Fiaclóireachta (DTSS) cuirtear rochtain ar fáil ar chóireáil fiaclóireachta do shealbhóirí cárta leighis ar aosaigh iad (16 bliana d’aois nó níos sine).
Scrúduithe agus stoiteadh fiaclóireachta
Tá sealbhóirí cárta leighis i dteideal scrúdú fiaclóireachta saor in aisce i ngach bliain féilire, chomh maith le haon stoiteadh is gá. Cuirtear cóireáil ionódóntach (cuais fréimhe) céadchéime amháin ar fáil freisin gach bliain le haghaidh fiacla ar thaobh tosaigh an bhéil.
Líontaí
Tá dhá líonadh saor in aisce i ngach bliain féilire. Le haghaidh líonadh ar fhiacail atá líonta cheana féin le 5 bliana anuas, ní mór don fhiaclóir faomhadh a fháil ón bPríomh-Dhéidlia FSS áitiúil ag sonrú cén fáth go bhfuil sé riachtanach go cliniciúil an líonadh a dhéanamh arís.
Glantachán Fiaclóra
Má tá cárta leighis agat tá tú i dteideal glantachán fiacla (sciúradh agus snas) uair amháin i ngach bliain féilire. Ní mór aon chóireálacha glantacháin déadach breise a bheith ceadaithe ag Príomh-Dhéidlia FSS an cheantair áitiúil.
Má tá riachtanais speisialta agat nó má tá tú sa chatagóir ardriosca, mar shampla má tá diaibéiteas ort, is féidir go bhfaighidh tú an chóireáil gach 6 mhí. Caithfidh sé seo a bheith faofa ag Príomh-Dhéidlia FSS áitiúil.
Cíor fiacla, deisiúcháin cíor fiacla agus cóireálacha eile
Clúdófar deisiúcháin cíor fiacla, rialú rith fola agus eisiúint oidis nuair is gá.
Teastaíonn faomhadh roimh ré ón bPríomh-Dhéidlia FSS áitiúl i ndáil le gach cóireáil eile, lena n-áirítear cíor fiacla a sholáthar.
Seirbhísí fiaclóireachta do leanaí
Cuireann fiaclóirí seirbhísí fiaclóireachta ar fáil do leanaí i gclinicí fiaclóireachta FSS áitiúla. Is féidir teacht ar an tseirbhís seo trí choinní scagthástála i mbunscoil do linbh.
Gnáthchóireáil fiaclóireachta
Tairgtear coinne do scrúdú fiaclóireachta saor in aisce do gach leanbh i ranganna áirithe sa bhunscoil agus do pháistí le riachtanais speisialta. Déanfar coinne leantach le do Chlinic Fiaclóireachta FSS áitiúil más gá.
Ní fheicfidh Clinic Fiaclóireachta FSS ach leanaí lasmuigh de na ranganna seo le haghaidh cóireála éigeandála.
Cúram Éigeandála Fiaclóireachta do Leanaí
Tá gach leanbh faoi 16 bliana d’aois i dteideal freastal ar chóireáil éigeandála. Cuir glaoch ar do Chlinic Fiaclóireachta FSS áitiúil le haghaidh cóireáil éigeandála fiaclóireachta.
Cóireáil Ortadóntach
Soláthraíonn FSS cóireáil ortadóntach saor in aisce do leanaí a bhfuil na fadhbanna ortadóntacha is déine acu. Tá na critéir a úsáidtear chun a chinneadh an gcáilíonn leanbh bunaithe ar chóras idirnáisiúnta grádaithe ar a dtugtar an tInnéacs um Riachtanas Cóireála Ortadóntach.
Is féidir le máinlianna fiaclóireachta FSS comhairle a thabhairt maidir le hincháilitheacht agus tú a atreorú chuig aonad ortadóntach áitiúil FSS le haghaidh measúnaithe más cuí. I measc na gcineálacha fadhbanna ortadóntacha a cháilíonn faoi na treoirlínte tá fiacla tosaigh atá curtha agus a dteipeann orthu teacht chun cinn, fiacla iomadúla ar iarraidh, fiacla tosaigh an-fheiceálach nó fadhbanna tromchúiseacha le forbairt na greama nó an ghéill.
Othair phríobháideacha
Mura gcáilíonn tú do sheirbhísí FSS, is féidir leat seirbhís phríobháideach fiaclóireachta a úsáid.
Ní mór d’fhiaclóirí táillí príobháideacha a thaispeáint in áit inar féidir le hothair breathnú orthu roimh chomhairliúchán. Ní mór táille amháin a bheith i gceist le haghaidh nósanna imeachta áirithe agus féadfar na táillí do chinn eile a thaispeáint mar raon, agus íosmhéid agus uasmhéid sonraithe go soiléir ina leith. I gcás ina bhfuil raon táillí i gceist, ní cheadaítear íosphraghas amháin a shocrú.
Tá Cód Cleachtais curtha le chéile ag an gComhairle Fiaclóireachta maidir le: Táillí Príobháideacha i gCleachtais Fiaclóireachta a Thaispeáint (pdf).
Faoiseamh cánach ar chostais fiaclóireachta
Má íocann tú as seirbhísí fiaclóireachta ó chleachtóir príobháideach, féadfaidh tú faoiseamh cánach a éileamh ar chóireálacha fiaclóireachta speisialaithe áirithe. (Tá gnáthchóireáil amhail stoiteadh, sciúradh agus líonadh fiacla agus soláthar agus deisiú fiacla saorga agus cíor fiacla eisiata ón bhfaoiseamh cánach).
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil maidir le conas faoiseamh cánach a éileamh i leith costas fiaclóireachta ar leith a bheidh arna dtabhú agat, cibé acu duit féin, do chéile, do leanbh cleithiúnach nó gaol cleithiúnach, inár ndoiciméad ar chánachas agus costais leighis.
Teicneoirí Fiaclóireachta Cliniciúla
Is gairmithe cúram sláinte déadach iad Teicneoirí Fiaclóireachta Cliniciúla, atá cláraithe leis an gComhairle Fiaclóireachta. Soláthraíonn siad cíor fiacla iomlána agus páirtchíor fiacla go díreach d’othair aosacha a ndearna fiaclóir measúnú orthu le déanaí. Ní dhéanann siad obair ar fhiacla nádúrtha nó ar fhíocháin bheo.
Is féidir le Teicneoirí Cliniciúla Fiaclóireachta a bhfuil conradh acu le FSS cóir leighis a chur ar shealbhóirí cárta leighis faoin Scéim Seirbhísí Cóireála Fiaclóireachta, ag soláthar cíor fiacla agus athlínte faofa chomh maith le deisiúcháin agus breisithe cíor fiacla.
Conas Gearán a dhéanamh faoi Fhiaclóir
Caithfidh tú gearán a dhéanamh go díreach ar dtús leis an bhfoireann sa lialann fiaclóireachta atá i gceist. Ba chóir dóibh sonraí iomlána a thabhairt duit faoin nós imeachta gearán agus iarracht a dhéanamh do ghearán a réiteach. Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fhaigheann tú, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an tSeirbhís um Réiteach Gearán Fiaclóireachta agus oibreoidh siad leat agus leis an bhfiaclóir chun an gearán a réiteach.
Conas iarratas a dhéanamh
Féadfar go soláthróidh d’ionad sláinte áitiúil liosta d’fhiaclóirí a chuireann cóireáil ar shealbhóirí cártaí leighis. Tá na fiaclóirí a thairgeann seirbhísí do shealbhóirí cárta leighis liostaithe mar fhiaclóirí a ghlacann páirt sa Scéim Seirbhísí Cóireála Fiaclóireachta.
Is é Cumann Fiaclóireachta na hÉireann an príomhchomhlacht ionadaíoch do chleachtóirí ginearálta fiaclóireachta, speisialtóirí fiaclóireachta agus máinlianna fiaclóireachta FSS. Is féidir leat fiaclóir a ghlacann le hothair cárta leighis a aimsiú ar liosta a mball.
Tá liosta ag an gComhairle Fiaclóireachta de Theicneoirí Fiaclóireachta Cliniciúla (pdf).