BreastCheck

Réamhrá

Is é BreastCheck an clár scagthástála náisiúnta cíche atá dírithe ar bhrath agus ar chóireáil luath ailse chíche.

Is é aidhm an chláir ailse chíche a aimsiú go luath agus cóireáil ailse chíche a chur ar fáil i measc na mban nach bhfuil aon chomharthaí sóirt den ghalar orthu.

Ní aimsíonn scagadh cíche gach cás d’ailse chíche. Ach tá sé cruthaithe go laghdaíonn an scagadh líon na mban a fhaigheann bás de bharr ailse chíche.

Cuirtear mamagram (x-ghathú an chíche) ar fáil do gach bean idir 50 agus 69 bliain d'aois saor in aisce gach 2 bhliain faoin gclár BreastCheck (pdf).

Cathain a thabharfar cuireadh dom scagagh cíche?

Más bean thú idir 50 agus 69 bliain d’aois agus atá cláraithe le BreastCheck, tabharfar cuireadh duit scagthástáil ailse chíche a dhéanamh gach dhá bhliain.

Cuirí BreastCheck

Tabharfar cuireadh duit ar dtús le haghaidh scagadh cíche nuair a bhíonn tú idir 50 agus 52 bliain d'aois. Seolfaidh Breastcheck litir chugat ag tabhairt cuireadh duit a bheith páirteach sa chlár BreastCheck. Ní gá duit freagra a thabhairt ar an litir.

Ansin seolfaidh Breastcheck an dara litir chugat le coinne le haghaidh do scagthástáil cíche, de ghnáth laistigh de mhí.

Má tá tú idir 52 agus 69 bliain d’aois agus mura bhfuil coinne tairgthe duit go fóill, déan teagmháil go díreach le BreastCheck.

Má tá tú idir 52 agus 69 bliain d'aois agus nár tairgeadh coinne duit go fóill, déan teagmháil dhíreach le BreastCheck

Má tá tú lasmuigh den sprioc-aoisghrúpa agus má bhaineann tú leas as scagthástáil cíche in ospidéal príobháideach, beidh ort íoc as an tseirbhís. Má tá tú árachas sláinte príobháideach d'fhéadfadh sé cabhrú leis an gcostas a scagadh chíche.

Stair teaghlaigh nó comharthaí ailse chíche

Má tá aon imní ort faoi ailse chíche, má tá stair teaghlaigh d’ailse chíche agat, nó má tá comharthaí ort a bhfuil imní ort fúthu, ba chóir duit dul i dteagmháil le do Dhochtúir Teaghlaigh, a chuirfidh ar aghaidh tú, más gá, chuig seirbhísí simptaímí ailse chíche i do cheantar.

Ag dul chuig mo scagthástáil BreastCheck

Sula dtéann tú chuig do choinne le BreastCheck.

Ba chóir duit dul i dteagmháil le BreastCheck roimh do choinne má:

  • Má tá ionchlannáin chíche agat, beidh tú fós in ann mamagrafaíocht a fháil
  • Má bhí mamagrafaíocht déanta agat le déanaí
  • Má tá tú ag beathú cíche nó torrach – b’fhéidir go mbeidh ort do scagadh a chur siar

Cuir glaoch ar an aonad scagthástála chíche má theastaíonn uait do choinne a athrú nó a chur ar ceal. Tá na sonraí teagmhála le fáil i do litir coinne.

Cá rachaim chun mo choinne BreastCheck a dhéanamh?

Tá 4 aonad BreastCheck agus 24 aonad scagthástála soghluaiste ann. Is féidir leat láithreacha do choinní BreastCheck a aimsiú ar shuíomh gréasáin FSS. Ag brath ar cá bhfuil cónaí ort, d’fhéadfadh do choinne a bheith in aonad BreastCheck in aice le hospidéal nó in aonad scagthástála soghluaiste.

Le linn do choinne

Maireann do scagthástáil chíche thart ar 30 nóiméad. Caithfidh tú foirm toiliúna a shíniú má tá sé seo mar do chéad choinne.

Moltar duit bríste nó sciorta a chaitheamh, mar beidh tú nochta ón gcoim suas le linn do scagthástála cíche.

Is féidir leat níos mó faisnéise a léamh ar shuíomh gréasáin FSS faoin bpróiseas BreastCheck.

Féach conas a oibríonn mamagrafaíocht agus eolas tábhachtach eile faoi do choinne scagthástála chíche (pdf).

Cathain a gheobhaidh mé torthaí mo scagthástála BreastCheck?

Gheobhaidh tú litir le do thorthaí laistigh de 3 seachtaine ó do mhamagrafaíocht. Gheobhaidh do Dhochtúir Teaghlaigh do thorthaí freisin. Léigh níos mó faoi thorthaí éagsúla scagthástála cíche ar shuíomh gréasáin FSS.

Faigh amach conas is féidir leat d’fhaisnéis scagthástála chíche a iarraidh ó FSS ag am ar bith. Léigh níos mó faoi rochtain ar thaifid mhíochaine.

Clárú BreastCheck

Déanann BreastCheck clár de mhná atá incháilithe don scagthástáil a chur le chéile agus a chothabháil. Ba cheart go mbeadh do chuid sonraí ar an gclár go huathoibríoch. Is féidir leat seiceáil ar líne an bhfuil tú ar chlár BreastCheck nó do chuid sonraí a nuashonrú.

Mura bhfuil tú ar an gclár, beidh rogha agat clárú.

Déan teagmháil le BreastCheck ar an uimhir saor-ghlao 1800 45 45 55 le haghaidh tuilleadh faisnéise.

Faisnéis bhreise

Tá faisnéis mhionsonraithe foilsithe ag an FSS faoi scagthástáil chíche agus an méid ar féidir leat a bheith ag súil leis ag do choinne scagthástála chíche (pdf).

Is féidir leat an físeán faisnéise scagthástála BreastCheck ón FSS a fheiceáil. Tá an físeán seo ar fáil i 25 teanga.

Teil: (01) 865 9300
Lóghlao: 1800 45 45 55
Facs: (01) 865 9333
Láithreán Gréasáin: http://www.breastcheck.ie

Cumann Ailse na hÉireann

43-45 Bóthar Northumberland
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil: (01) 2310 500
Lóghlao: Freephone Cancer Nurseline 1800 200 700
Facs: (01) 2310 555
Láithreán Gréasáin: http://www.cancer.ie/

Teil: +353 (0)1 6283726
Facs: +353 (0)1 6247916
Láithreán Gréasáin: http://www.mariekeating.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 Nollaig 2024