Deonú fola
- Réamhrá
- Conas fuil a dheonú
- An féidir liom fuil a thabhairt?
- Nós imeachta deonaithe fola
- Tar éis duit fuil a thabhairt
- Pláitíní a dheonú
- Smior a dheonú
- Sonraí teagmhála
Réamhrá
Is féidir leat fuil a dheonú do Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann (SFAÉ).
Níl aon bhaol ann go dtiocfaidh galar ort de bharr fuil a dheonú.
Ní íoctar deontóirí as fuil ná pláitíní a thabhairt in Éirinn.
Conas fuil a dheonú
Caithfidh tú coinne a chur in áirithe le fuil a thabhairt. Glaoigh ar shaorghlao 1800 731 137 le coinne a chur in áirithe i gclinic.
Is féidir leat glaoch freisin ar an gclinic deonaithe fola is gaire duit le coinne a chur in áirithe. Tiocfaidh tú ar shonraí teagmhála agus ar amanna oscailte ar aimsitheoir clinicí Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann.
Mura féidir leat clinic deonaithe fola atá i ngar duit a aimsiú, is féidir leat do spéis i bhfuil a dheonú a chlárú agus déanfaidh SFAÉ teagmháil leat nuair a bhíonn clinic i ngar duit.
Sula bhfreastalóidh tú ar an gclinic, óil go leor uisce agus ith béile substainteach sna 3 huaire an chloig roimh do choinne. Ba cheart duit 60-90 nóiméad a chur ar fáil do do choinne. Léigh na rudaí ba cheart duit a dhéanamh sula ndeonaíonn tú fuil leis an mbaol go dtitfidh tú i laige a laghdú.
An féidir liom fuil a thabhairt?
Sula bhfreastalóidh tú ar chlinic le fuil a thabhairt, ba cheart duit roinnt ceisteanna ar líne faoi Cháilitheacht Fola a fhreagairt lena sheiceáil an féidir leat deonú.
Caithfidh tú a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine le fuil a thabhairt. Má tá tú níos sine ná 65 bliain d’aois, b’fhéidir nach mbeidh tú ábalta fuil a dheonú murach gur dheonaigh tú fuil roimhe seo.
Ní bhíonn sé sábháilte riamh fuil a dheonú, amanna, mar shampla, má bhí ailse nó maláire ort. Bíonn ort fanacht ar feadh tréimhse ama, amanna, sula mbíonn sé sábháilte fuil a dheonú, mar shampla, má fuair tú tatú le déanaí. Is féidir leat léamh faoi cé chomh fada ba cheart duit fanacht le fuil a thabhairt ar láithreán gréasáin SFAÉ.
Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi fhuil a dheonú, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Líne Eolais Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann trí ghlaoch ar 1800 731 137.
Nós imeachta deonaithe fola
- Nuair a thagann tú i láthair do do choinne, seiceálfaidh tú isteach ag an deasc fáiltithe ar dtús le d’aitheantas grianghraif.
- Tabharfar an Réamhcheistneoir Sláinte agus Stíl Mhaireachtála do Dheontóirí duit lena líonadh.
- Cuirfidh gairmí cúraim sláinte agallamh ort a sheiceálfaidh an bhfuil nó nach bhfuil sé sábháilte d’othar d’fhuil a fháil. Caitear faoi rún daingean leis an eolas go léir a sholáthraíonn tú.
- Má tá sé sábháilte duit fuil a thabhairt, bainfear braon fola ó bharr do mhéire. Tástáiltear an fhuil seo i dtaobh an mhéid iarainn (haemaglóibin) atá inti.
- Cuirtear snáthaid ghlan (steiriúil) isteach i gceann amháin de na féitheacha i do lámh. Tá seo ceangailte le paca fola a bhailíonn an fhuil a dheonaíonn tú. B’fhéidir go n-iarrfar ort do lámh a oscailt agus a dhúnadh chun sreabhadh réidh fola a chinntiú.
- Bailítear beagán faoi bhun 1 phionta (470 ml) fola sa phaca seo fad a bhíonn fuil á deonú agat agus glacann sé thart ar 15 nóiméad.
Is féidir leat eolas breise a léamh faoi fhuil a thabhairt Bhileog Eolais ar Dheonú Fola (pdf).
Tar éis duit fuil a thabhairt
Ba cheart duit sos a ghlacadh ar feadh ar a laghad 15 nóiméad sa cheaintín, deochanna neamh-mheisciúla a ól agus na sneaiceanna atá ar fáil a ithe i ndiaidh duit fuil a thabhairt.
Tabharfar cárta comhairle duit ar a mínítear na rudaí ba cheart a dhéanamh tar éis duit fuil a thabhairt. Má éiríonn tú breoite sna 4 seachtaine i ndiaidh duit fuil a thabhairt, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le SFAÉ.
Déan teagmháil le SFAÉ láithreach trí ghlaoch ar Shaorghlao 1800 731 137 má ritheann aon rud leat i ndiaidh duit fuil a thabhairt a d’fhéadfadh othar a chur i mbaol tar éis d’fhuil a fháil.
Is féidir leat fuil a thabhairt arís tar éis 90 lá má tá tú incháilithe go fóill.
An ndéantar tástáil ar fhuil a thugtar?
Déantar tástáil i leith galair áirithe, mar shampla VEID, ar an bhfuil go léir a thugtar. Déanfar tástáil ar an bhfuil a thugann tú lena sheiceáil an bhfuil sé sábháilte d’othar í a fháil. Má bhaineann d’fhuil toradh dearfach amach in aon chinn de na tástálacha, déanfaidh SFAÉ teagmháil leat. Is féidir níos mó a léamh faoi dheonuithe fola a thástáil in SFAÉ a léamh.
Pláitíní a dheonú
Is éard atá i bpláitíní ná cealla fola beaga atá i d’fhuil agus tá siad riachtanach ionas gur féidir le fuil téachtadh i gceart. Nuair a thugann tú pláitíní, tugtar d’othair iad ar a bhfuil riochtaí sláinte tromchúiseacha, cosúil le hailse nó leoicéime, go háirithe daoine a bhfuil ceimiteiripe á fáil acu nó tar éis go ndearnadh trasphlandú smeara orthu.
Ní féidir pláitíní a úsáid ach ar feadh 5-7 lá tar éis fuil a dheonú, mar sin, bíonn gá i gcónaí le deonuithe.
Is féidir níos mó a léamh faoi phláitíní a thabhairt ar láithreán gréasáin SFAÉ agus sa bhileog seo ar phláitíní a thabhairt a d’fhoilsigh SFAÉ.
Conas pláitíní a dheonú
Sula gcláróidh tú le pláitíní a thabhairt, ba cheart duit roinnt ceisteanna faoi Cháilitheacht Phláitíní a fhreagairt lena sheiceáil an féidir leat deonú.
Má tá tú incháilithe, cláraigh ar líne le pláitíní a dheonú.
Caith súil ar láithreán gréasáin SFAÉ féachaint cá bhfuil an clinic deonaithe pláitíní is gaire duit suite, na hamanna a bhíonn sé ar oscailt agus conas coinne a dhéanamh.
Beidh ort ceistneoir Sláinte agus Stíl Mhaireachtála a fhreagairt nuair a thagann tú i láthair ag an gclinic agus cuirfidh gairmí sláinte agallamh ort.
Glacann sé thart ar 50-70 nóiméad le pláitíní a dheonú. Is féidir leat iad a dheonú arís tar éis 28 lá, má tá sé sábháilte duit pláitíní a thabhairt.
Smior a dheonú
Is féidir leat ballraíocht a ghlacadh de Chlárlann Smeara Neamhghaolta na hÉireann (IUBMR) más mian leat smior a dheonú. Is clár é seo de dhaoine atá sásta a smior a dheonú má fhaightear amach go meaitseálann sé othar óna dteastaíonn trasphlandú smeara.
Is tábhachtach an méid atá i gceist le smior a dheonú a thuiscint. Is féidir leat léamh faoin bpróiseas deonaithe smeara, seiceáil an bhfuil sé sábháilte duit é a dheonú agus is féidir leat ballraíocht a ghlacadh den chlár smeara ar láithreán gréasáin SFAÉ.