Cearta bunúsacha faoi Bhunreacht na hÉireann

Réamhrá

I mBunreacht na hÉireann, tugtar aitheantas go bhfuil cearta pearsanta bunúsacha ag na daoine atá ina gcónaí in Éirinn, agus déantar é sin a fhorógra ann.

Tá na cearta bunúsacha sin leagtha amach idir Airteagal 40 agus Airteagal 44. Baineann go leor de na cearta le gach duine atá ina chónaí in Éirinn, agus saoránaigh nach saoránaigh Éireannacha iad ina measc.

Rinne na cúirteanna na cearta atá leagtha amach sna hairteagail sin sainléirmhíniú, agus tá roinnt airteagail ina measc leasaithe ón tráth ar scríobhadh an Bunreacht in 1937. Tá roinnt ceart ann a bhfuiltear tar éis sé faighte go bhfuil siad faoi chosaint de réir na n-airteagal, cé nach ndéantar tagairt sainráite dóibh iontu.

Níl cearta iomlána iad cearta bunúsacha - is féidir leis an Oireachtas iad a theorannú nó a shrianadh ar chúiseanna áirithe, ar mhaithe leis an leas coiteann nó an oird phoiblí, cuir i gcás.

Sa chás go bhfuil coinbhleacht ann idir dhá cheart bhunreachtúla nó níos mó i gcás ar leith, féachfaidh na cúirteanna ar na cúinsí go léir agus chuirfidís na tosca go léir sa mheá chun cinneadh a dhéanamh ar an gcaoi a ndéileálfar leis an gcoinbhleacht ar leith atá faoi chaibidil. Mar shampla, is minic a bhíonn coimhlint ann idir ceart duine chun saoirse nochtaithe tuairime agus ceart duine eile chun an dhea-chlú.

Cearta pearsanta

Leagtar amach ‘cearta pearsanta’ in Airteagal 40, lena n-áirítear:

An comhionannas os comhair an dlí

Áirítear gurb ionann na saoránaigh uile i láthair an dlí (Airteagal 40.1 an Bhunreachta). Fágann sé sin nach féidir leis an Stát idirdhealú a dhéanamh idir saoránaigh ar bhealach éagórach, míréasúnach nó treallach. Ní féidir caitheamh leat mar gur dhuine níos ísle nó níos fearr tú ná aon duine eile sa tsochaí mar gheall ar na tréithe daonna atá agat nó mar gheall ar an gcúlra eitneach, ciníocha, sóisialta nó reiligiúnach atá agat.

Mar sin féin, nuair a bhíonn dlíthe á ndéanamh ag an Stát, is féidir difríochtaí idir daoine ar leith sa tsochaí maidir leis an gcumas agus an fheidhm shóisialta a bheith curtha san áireamh.

An ceart chun beatha

Tá aitheantas agus cosaint sainráite tugtha don cheart chun beatha atá agat (Airteagal 40.3).

Is éard atá i gceist leis an ceart chun beatha atá agat ná an ceart go bhfágfar do shaol a tharlú go nádúrtha agus go ligfear duit bás nádúrtha a fháil freisin. Níl sé i gceist leis go bhfuil an ceart agat do shaol a fhoirceannadh nó do bhás a luathú go mínádúrtha.

I mí na Bealtaine 2018, vótáil na daoine i reifreann chun ligean don Oireachtas dlíthe a rith chun foirceannadh an toirchis a rialú. Rinneadh an tAcht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018 a shíniú ina dhlí fheidhmeach an 20 Nollaig 2018.

An tsaoirse phearsanta

Tá ráthaíocht tugtha sa Bhunreacht go bhfuil ceart agat chun na saoirse, seachas amháin de réir mar atá foráil déanta leis sa dlí (Airteagal 40.4).

Fágann sé sin, dá bharr, go mbíonn tú i dteidil saoirse phearsanta agat, go hiondúil, seachas amháin nuair atá sé rialaithe de mhalairt leis an dlí. Anuas air sin, is féidir foráil a bheith déanta sa dlí duit a bheith curtha faoi choimeád i gcúinsí áirithe agus ní fhéadfar don Stát do cheart chun an tsaoirse pearsanta a shárú seachas amháin in imthosca atá clúdaithe leis an dlí sin.

Má chreideann tú go bhfuil tú á choinneáil nó á choimeád go neamhdhleathach, féadfar duit iarratas a dhéanamh san Ard-Chúirt. Sa chás nach féidir leis an duine nó an institiúid a bhfuil tú á choinneáil aige nó aici an choinneáil a chosaint nó a chruthú go bhfuil an choinneáil sin dleathach, féadfar don Ard-Chúirt a ordú go scaoilfear saor tú. Tugtar ordú habeas corpus air seo.

Tá sé de cheart agat gluaiseacht faoi shaoirse laistigh den Stát. Tá ceart níos leithne agat taisteal agus pas a fháil chun taisteal.

Féadfar do cheart ar phas a bheith agat a bheith srianta nó teoranta. Mar shampla, sula ndeonaítear bannaí duit, féadfaidh cúirt a cheangal ort do phas a ghéilleadh. Féadfaidh an Stát srian a chur leis an ceart chun taistil atá agat freisin, chun críocha na slándála náisiúnta.

An ceart ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh

Tá sé de cheart agat do deimhnithe agus do thuairimí a nochtadh gan bac (Airteagal 40.6.1.i). Mar sin féin, is féidir an ceart sin a theorannú ar mhaithe leis an ord poiblí agus an moráltacht phoiblí. Ní féidir leat an ceart seo a fheidhmiú chun duine eile a chlúmhilleadh ach oiread, toisc go gcuirfeadh sé sin isteach ar a gceartsan bunreachtúil ar an dea-chlú.

Luaitear sa Bhunreacht freisin gur cion é ábhar ceannairceach (ábhar a bhaineann an bonn d’údarás an Stáit nó ina moltar scriosadh an Stáit) nó ábhar mígheanasach a fhoilsiú nó a rá.

Tar éis reifrinn a ritheadh i mBealtaine 2018, an tAcht um an Seachtú Leasú Is Tríocha ar an mBunreacht (An cion chun ábhar diamhaslach a rá nó a fhoilsiú a aisghairm), 2018, ní cion bunreachtúil é an dlamhasla a thuilleadh.

Tá oibleagáid curtha ar an Stát sa Bhunreacht a chinntiú nach n-úsáidtear meáin, leithéidí an raidió, an preas agus phictiúrlanna, chun an bonn a bhaint don ord poiblí, don mhoráltacht phoiblí, nó d’údarás an Stáit. Mar shampla, leis na hAchtanna um Chinsireacht Foilseachán agus na hAchtanna um Scrúdóireacht Scannán, ceadaítear an chinsireacht ar fhoilseacháin dála leabhar, scannán agus DVDanna.

Saoirse comhthionóil

Tá sé de cheart agat teacht ar tionól nó teacht le céile go sítheoilte gan airm (Airteagal 40.6.1.ii). Tá an ceart seo teoranta leis an reachtaíocht chun an t-ord poiblí agus an mhoráltacht phoiblí a chosaint. Tá cosc nó rialú curtha leis an dlí ar chruinnithe a bhfuil sé de chuspóir acu círéib nó briseadh síochána a chur i mbun nó a d’fhéadfadh a bheith ina chontúirt don phobal i gcoitinne.

Tá teorainneacha eile atá curtha leis an saoirse comhthionóil freisin. Ní féidir leat teacht tionól ar an maoin phríobháideach gan toiliú an úinéara a fháil - is ionann é sin agus an fhoghail. Níl paráidí agus mórshiúlta mídhleathach ach is núis phoiblí é bac a chur ar mhórbhealach gan údarú.

Ní féidir leat mórshiúl nó cruinniú a thionól laistigh de leathmhíle ó Thithe an Oireachtais nuair a chuireann príomh-cheannfort nó garda ar rangú níos airde ná príomh-cheannfort in iúl d’eagraithe imeachta den sórt sin go bhfuil sé toirmiscthe nó nuair a iarrann garda ar bith laistigh den gha leathmhíle sin ort scaipeadh.

Saoirse comhlachais

Tá an ceart atá agat cumainn agus ceardchumainn a bhunú ráthaithe sa Bhunreacht (Airteagal 40.6.1.iii). Tá sé de chead agat aon chineál comhlachais a bhunú, is cuma cad is cuspóir leis, bíodh sé comhlachas spóirt, sóisialta, carthanais, tráchtála nó polaitiúil.

Tá an ceart seo teoranta leis an reachtaíocht chun an t-ord poiblí agus an mhoráltacht phoiblí a chosaint. Mar shampla, ní féidir le cumainn arna gcur i mbun chun críche tréasa nó chun críche frithbhunreachtúla nó mídhleathaí áirithe brath ar an gceart seo chun na saoirse comhlachais.

Ar an gcaoi chéanna, ní féidir leat iallach a chur ar dhuine dul isteach in aon chomhlachas nó aontas áirithe, ná iallach a chur ar aontas nó comhlachas glacadh leat i gcónaí ach oiread.

An ceart chun nósanna imeachta cothroma

Caithfidh na cúirteanna agus gach comhlacht poiblí nó duine a dhéanann cinntí a dtéann i bhfeidhm ar do chearta bunreachtúla caitheamh leat go cóir. Ar dhá cheann de chodanna riachtanacha na nósanna imeachta córa sa chomhthéacs seo, áirítear:

  • Níor cheart go mbeadh an duine a dhéanann an cinneadh a dtéann i bhfeidhm ort claonta nó go bhfuil an chuma air go bhfuil sé claonta.
  • Caithfidh deis leordhóthanach a bheith tugtha duit chun do chás a chur i láthair. Caithfidh tú a bheith curtha ar an eolas faoin ábhar agus deis a bheith tugtha duit trácht a dhéanamh ar an ábhar arna chur ar aghaidh ag an bpáirtí eile.

An iomláine coirp

Tá sé de cheart agat gan a bheith curtha isteach go héagórach, idir do chorp féin nó tú féin mar dhuine, araon. Ní féidir le duine cur isteach ar do chorp ach amháin sa chás go bhfuil cúis bhailí aige, agus ní mór don chur isteach sin a bheith déanta ar bhealach at átá comhréireach. Ar an gcaoi chéanna, tá sé ceart agat gan a bheith curtha faoin gcéastóireacht, nó faoin íde atá mídhaonna nó táireach.

Más rud é go bhfuil tú faoi choimeád, tá sé de cheart agat gan do shláinte a bheith curtha i mbaol fad is atá tú sa phríosún.

Triail le giúiré

Níl bhaineann do cheart bunreachtúil chun trialach le giúiré ach amháin i gcásanna coiriúla áirithe.

Sa chás gur chúisíodh tú i gcion nach “mionchion” é, cuirfidh breitheamh atá ina shuí le giúiré triail ort. Tá roinnt cionta ann lena dtabharfaí an rogha duit - an mian leat go ndéanfar do thriail a bhreith le breitheamh de chuid na Cúirte Dúiche ina shuí ina aonar nó le breitheamh ina shuí i dteannta le giúiré.

Ní mór do chomhaltaí an ghiúiré a bheith roghnaithe ar bhonn randamach as raon éagsúil de dhaoine ón bpobal i gcoitinne.

An ceart chun príobháideachta

Níl ceart chun príobháideachta luaite go sonrach sa Bhunreacht, ach aithníonn na cúirteanna go bhfuil an ceart chun príobháideachta tugtha le tuiscint sna cearta pearsanta atá sa Bhunreacht. Tá tagairt déanta dó, uaireanta, mar an ceart “a bheith fágtha leat féin” i dtimpeallachtaí príobháideacha.

Mar shampla, ní féidir cur isteach ort d’aon ghnó, go comhfhiosach nó go héagórach, ceachtar díobh, ar an chumarsáid phríobháideach a dhéanann tú, idir an chumarsáid scríofa comhráite teileafóin, araon. Samplaí eile den cheart chun príobháideachta sa chleachtas is iad do cheart chun ballóid rúnda a chaitheamh i dtoghcháin agus do cheart chun rúndacht do shonraí míochaine.

Mar sin féin, féadfar do cheart chun príobháideachta a bheith teoranta nó srianta leis an reachtaíocht ar mhaithe le leas an phobail, leis an ord poiblí nó leis an moráltacht phoiblí.

An ceart chun slí bheatha a shaothrú

Mar shaoránach, tá sé de cheart agat obair a dhéanamh agus do bheatha a shaothrú, is cuma más fear nó bean thú. Mar sin féin, ní fágann an ceart ginearálta sin gur féidir leat a éileamh nach mór duit a bheith fostaithe i ról ar leith, i réimse ar leith, nó ag fostóir ar leith.

Tá dualgas ginearálta ar an Stát do cheart chun oibre agus slí bheatha a shaothrú a chosaint ó ionsaí éagórach.

Dosháraitheacht teaghaise saoránach

Tá fógairt déanta sa Bhunreacht gur slán do gach saoránach a ionad cónaithe, agus nach cead dul isteach ann go foréigneach ach de réir dlí (Airteagal 40.5). Ciallaíonn sé seo nach féidir le duine ar bith, na Gardaí san áireamh, dul isteach san áit ina gcónaíonn tú gan bharántas a bheith acu, nó údarás dlíthiúil eile chun dul isteach ann.

Sa chás go ngabhtar thú mar thoradh ar an iontráil neamhdhleathach ar do theach, beidh an ghabháil sin mídhleathach. Féadfar an fhianaise a fhaightear mar thoradh ar iontráil neamhdhleathach a dhéantar ar d’áit chónaithe a bheith neamh-inghlactha sa chúirt.

Cearta an teaghlaigh

Tá bailiúchán de chearta bunreachtúla ag an teaghlach atá bunaithe ar an bpósadh (Airteagal 41 agus 42). Ina measc siúd, áirítear:

  • An ceart chun an phríobháideacht sa phósadh.
  • Ceart ag an lánúin a gcinntí féin a dhéanamh maidir leis an bpleanáil clainne.
  • An ceart dul timpeall i dteannta le chéile, taitneamh a bhaint as cuideachta a chéile agus an ceart chun tuismithe. Féadfar an ceart seo a theorannú nó a shrianadh i gcás go bhfuil duine den teaghlach i bpríosún nó sa chcás nach saoránach Éireannach é duine amháin den bheirt lánúineacha. Léigh níos mór faoi chearta príosúnach.
  • Ceart na dtuismitheoirí a bheith mar oideoirí príomhúla agus nádúrtha dá gcuid leanaí féin. Caithfidh an Stát meas a bheith aige ar do cheart mar thuismitheoirí soláthar a dhéanamh d’oideachas reiligiúnach, morálta, intleachtúil, fisiceach agus sóisialta do chlainne. Ní féidir leis an Stát oibleagáid a chur ort do leanaí a chur ar scoil nó chuig aon chineál scoile ar leith ach is féidir leis ceangal a chur go bhfaighidh gach uile leanbh ís-leibhéal oideachais áirithe.
  • An ceart chun bunoideachas a fháil saor in aisce - ciallaíonn sé seo nach mór don Stát cuidiú le hoideachas bunscoile do leanaí. Ní féidir idirdhealú a bheith déanta idir scoileanna a bhfuil creidimh éagsúla i gceist acu maidir le tabhartas an chúnaimh stáit do scoileanna.
  • An ceart chun creideamh do leanaí a chinneadh. Ní féidir leis an Stát cur isteach ar an gceart seo.

Baineann go leor de na cearta seo le teaghlaigh nach teaghlaigh phósta iad freisin.

Tá prionsabal bunreachtúil ann go bhfuil cearta comhionanna ag tuismitheoirí atá pósta i dtaca lena gcuid leanaí agus gur comhchaomhnóirí iad. Má scarann nó má colscarann na tuismitheoirí, féadfar do na cúirteanna an cinneadh a dhéanamh cé díobh a mbeidh na leanaí faoina choimeád. Is é an rud is tábhachtaí ná leas na leanaí.

Cearta an linbh

Cuireadh Airteagal 42A leis an mBunreacht in 2015. Tá cearta nádúrtha agus dosháraithe an linbh dearbhaithe ann, chomh maith le dualgas an Stáit na cearta sin a chosaint. Tá sé de cheart ag leanaí a gcuid leasa a bheith measta le bheith an ní is tábhachtaí nuair atá an Stát ag iarraidh idirghabháil a dhéanamh chun a sábháilteacht agus a leas a chosaint.

Tá feidhm ag an gceart seo i ngach uile imeacht cúirte a bhaineann leis an uchtáil, leis an gcaomhnóireacht, leis an gcoimeád agus leis an rochtain. In imeachtaí dá leithéid sin, tá sé de cheart ag an leanbh a thuairimí a nochtadh agus iad a bheith curtha sa mheá ag na cúirteanna. Caithfidh na cúirteanna aird a thabhairt ar aois agus ar aibíocht an linbh agus a thuairimí á gcur sa mheá de réir an chirt seo.

Cearta maoine

Dearbhaíonn an Bunreacht go ndéanfaidh an Stát cearta maoine gach saoránach a chosaint. Fágann sé sin go bhfuil sé de cheart agat maoin a bheith agat, agus í a aistriú agus teacht i gcomharbas uirthi freisin. Tá sé de cheart agat an mhaoin a thiomnú nuair a fhaigheann tú bás freisin. Tá sé ráthaithe ag an Stát gan aon dlí a rith chun na cearta seo a dhíothú.

Tá aitheantas déanta de in Airteagal 43 gur cheart na cearta seo a rialáil faoi réir phrionsabail an cheartais shóisialta. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh an Stát dlíthe a rith lena dteorannófaí do cheart don mhaoin phríobháideach ar mhaithe le leas an phobail. Is é an cineál teorannaithe is coitianta ná an cháin a ghearradh an úinéireacht, ar aistriú agus ar oidhreacht na maoine.

I measc samplaí eile de shrianta nó teorainneacha ar do cheart chun maoine a bheith agat tá an phleanáil bhaile agus réigiúnach, séadchomharthaí náisiúnta a chosaint agus fáil éigeantach talún.

Má ritheann an Stát dlí a chuireann srian ar do chearta maoine ar shlí eile, féadfar go n-iarrfaí air cúiteamh leat i leith an tsriain sin.

An tsaoirse reiligiúin

Baineann Airteagal 44 den Bhunreacht leis an gcreideamh.

Tá saoirse agat do chreideamh a chleachtadh, chomh maith leis an tsaoirse choinsiasa. Ráthaíonn an Stát gan aon chóras creidimh a mhaoiniú, ná idirdhealú a dhéanamh, ach oiread, ar aon fhorais chreidimh.

Ní féidir idirdhealú a bheith déanta idir scoileanna a bhfuil aicmí creidimh éagsúla i gceist acu maidir le tabhartas an chúnaimh stáit do scoileanna. Tá sé de cheart ag gach leanbh freastal ar scoil shainchreidmheach a fhaigheann maoiniú ón Stáit gan a bheith air páirt a ghlacadh sa teagasc reiligiúnach sa scoil sin.

Féadfar do cheart chun an tsaoirse chreidimh a bheith teoranta chun an t-ord poiblí agus an mhoráltacht phoiblí a chosaint.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 Aibreán 2024