Cúlra Brexit
- Réamhrá
- An chaibidlíocht maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
- Comhaontuithe um Tharraingt Siar
- An idirthréimhse
- Tar éis na hidirthréimhse
- Tuilleadh eolais
Réamhrá
D'fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach ag 11:00pm an 31 Eanáir 2020. Mínítear sa doiciméad seo conas a tharla an Breatimeacht, an idirthréimhse agus cad is féidir leat a bheith ag súil leis nuair a thiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse. Is féidir leat léamh faoin méid seo a leanas chomh maith:
- An Breatimeacht agus Éire
- Cearta cónaithe shaoránaigh na Ríochta Aontaithe
- Comhlimistéar Taistil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe
- Ag ceannach ar líne ón Ríocht Aontaithe tar éis an Bhreatimeachta
An 23 Meitheamh 2016, vótáil an Ríocht Aontaithe (RA) an tAontas Eorpach (AE) a fhágáil.
An 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Chomhairle Eorpach faoi Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (pdf) go raibh sé i gceist aici an tAontas a fhágáil. Ón dáta sin, bhí 2 bhliain ag AE27 (gach ball den Aontas Eorpach gan an Ríocht Aontaithe san áireamh) agus ag an Ríocht Aontaithe le socruithe a chaibidliú le go bhfágfadh an Ríocht Aontaithe.
An 29 Deireadh Fómhair 2019, tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe síneadh breise a chur le tréimhse Airteagal 50 go dtí an 31 Eanáir 2020. Dhaingnigh parlaimint na RA agus parlaimint an AE an ‘comhaontú um tharraingt siar athbhreithnithe’, agus réitigh sé an bealach d’imeacht na RA as an Aontas Eorpach an 31 Eanáir 2020.
An chaibidlíocht maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
Le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ceanglaítear ar an Aontas Eorpach comhaontú a chaibidliú leis an mBallstát atá ag tarraingt siar, ina leagtar amach na socruithe maidir le tarraingt siar agus ina gcuirtear san áireamh an creat don chaidreamh a bheidh ag an mBallstát leis an Aontas amach anseo. I mí Aibreáin 2017, ghlac an Chomhairle Eorpach sraith treoirlínte polaitiúla lena sainítear an creat don chaibidlíocht agus lena leagtar amach seasaimh agus prionsabail fhoriomlána an Aontais. Dúradh sna treoirlínte sin gur mian leis an AE an Ríocht Aontaithe a bheith ina dlúthpháirtí tar éis di tarraingt siar as an Aontas Eorpach.
Bhí an Ríocht Aontaithe ina ball den Aontas Eorpach le linn na caibidlíochta agus lean sí de bheith ina ball go dtí deireadh thréimhse Airteagal 50. Rinne an Coimisiún Eorpach ionadaíocht ar an AE27 ina iomláine chun comhaontú um tharraingt siar na Ríochta Aontaithe a chaibidliú. Ní raibh aon chaibidlíocht ar leith idir Ballstáit aonair an Aontais agus an Ríocht Aontaithe.
Chuir an Coimisiún Tascfhórsa ar bun maidir le hUllmhú agus Stiúradh na gcaibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe, agus Michel Barnier ina phríomh-idirbheartaí.
Conas a chuaigh caibidlíochtaí faoin mBreatimeacht chun cinn
Dhírigh an chéad chéim den chaibidlíocht ar na saincheisteanna is láithrí. Ba iad na 3 shaincheist tosaíochta:
- Cearta shaoránaigh an AE sa Ríocht Aontaithe agus cearta shaoránaigh na Ríochta Aontaithe san AE
- An creat chun aghaidh a thabhairt ar na cúinsí uathúla i dTuaisceart Éireann
- An socrú airgeadais is gá chun go gcomhlíonfaidh an Ríocht Aontaithe na gealltanais airgeadais a bhí déanta roimhe seo
I mí na Nollag 2017, chomhaontaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i bprionsabal conas a dhéanfaí na trí shaincheist sin a chur chun cinn. Mar chuid den chomhaontú sin tugadh gealltanas teorainn chrua a sheachaint idir Éire agus Tuaisceart Éireann. Is féidir an tuarascáil chomhpháirteach (pdf) ó na caibidlíochtaí seo a léamh.
I mí Feabhra 2018, d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach dréacht-chomhaontú um tharraingt siar, lenar aistríodh an tuarascáil chomhpháirteach ó mhí na Nollag 2017 ina téarmaí dlíthiúla. Áiríodh leis sin prótacail maidir le cearta saoránach, socruithe idirthréimhseacha, Éire agus Tuaisceart Éireann agus forálacha institiúideacha, amhail Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Foilsíodh leagan leasaithe den dréacht-chomhaontú um tharraingt siar, ina léirítear réimsí comhaontaithe agus easaontais le córas dathchódaithe, i mí an Mhárta 2018.
I mí an Mheithimh 2018, d'fhoilsigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe faisnéis (pdf) i gcomhpháirt faoin dul chun cinn atá déanta sna caibidlíochtaí leanúnacha ar an dréacht-chomhaontú um tharraingt siar.
Comhaontuithe um Tharraingt Siar
An chéad comhaontú um tharraingt siar
I mí na Samhna 2018, tháinig an Coimisiún Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú ar leibhéal an idirbheartaithe maidir le comhaontú um tharraingt siar.
Áiríodh sa doiciméad seo Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann, ina leagtar amach socrú cúlstop a úsáidfear chun teorainn chrua idir Éire agus Tuaisceart Éireann a sheachaint. Chinnteodh sé sin go mbeadh Tuaisceart Éireann i gcomhréir go hiomlán le rialacha an Mhargaidh Eorpaigh Aonair agus an aontais chustaim.
Comhaontaíodh freisin breac-chuntas ar an Dearbhú Polaitiúil ar an gcaidreamh AE RA sa todhchaí (pdf).
Ní féidir comhaontú um tharraingt siar a chur i bhfeidhm ach amháin má dhaingníonn an AE agus an Ríocht Aontaithe araon é. Níor dhaingnigh an Ríocht Aontaithe an chéad chomhaontú um tharraingt siar.
Comhaontú um tharraingt siar agus imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas
An 17 Deireadh Fómhair 2019, tháinig an Coimisiún Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú ag leibhéal idirbheartaithe leis an Ríocht Aontaithe maidir le Prótacal athbhreithnithe ar Éirinn/Tuaisceart Éireann agus Dearbhú Polaitiúil athbhreithnithe maidir le creat an chaidrimh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe sa todhchaí.
Rith parlaimint na Ríochta Aontaithe an comhaontú seo agus shínigh údaráis na Breataine agus an AE ina ndlí é. D'fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach go foirmiúil ag 11:00pm an 31 Eanáir 2020.
An idirthréimhse
I mí Eanáir 2018, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach treoracha caibidlíochta maidir le socruithe idirthréimhseacha tar éis don Ríocht Aontaithe an tAontas a fhágáil. Tugadh an idirthréimhse ar an tréimhse i ndiaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe.
Le linn na hidirthréimhse, caitheadh leis an Ríocht Aontaithe amhail is go raibh sí fós ina ball den Aontas Eorpach. Chríochnaigh an idirthréimhse an 31 Nollaig 2020.
Chiallaigh sé seo go raibh an méid seo a leanas amhlaidh le linn na hidirthréimhse:
- D'fhan an Ríocht Aontaithe mar chuid den mhargadh aonair agus den aontas custaim
- D'fhéadfadh saoránaigh na Ríochta Aontaithe agus an AE gluaiseacht faoi shaoirse ar chríocha a chéile agus na cearta céanna a bheith acu is a bhí acu roimhe seo
- D'fhéadfadh an Ríocht Aontaithe comhaontuithe trádála a dhéanamh le tíortha eile ach ní fhéadfaidís teacht i bhfeidhm go dtí tar éis na hidirthréimhse
- D'fhan an Ríocht Aontaithe faoi dhlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
- Ní raibh aon chearta vótála ag an Ríocht Aontaithe in institiúidí an AE, Parlaimint na hEorpa san áireamh
- Bhí feidhm i gcónaí ag dlí tomhaltóirí an AE maidir le hearraí agus seirbhísí a ceannaíodh ón RA
Tar éis na hidirthréimhse
Ráthaíonn an Comhaontú um Tharraingt Siar cearta áirithe do dhaoine atá ina gcónaí lasmuigh dá dtíortha tionscnaimh. Is féidir leis na daoine seo a leanas leanúint ar aghaidh ag obair nó ag staidéar ina dtír aíochta leis na coinníollacha céanna agus a bhíodh roimhe seo:
- Saoránaigh an AE ag obair go dleathach sa Ríocht Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse
- Náisiúnaigh de chuid na Ríochta Aontaithe ag obair go dleathach i mBallstát AE roimh dheireadh na hidirthréimhse
- A mbaill teaghlaigh ábhartha ina gcónaí sa tír óstach
Coinneoidh siad a gcearta oibrithe uile bunaithe ar dhlí an AE. Mar shampla, coimeádfaidh siad:
- An ceart nach ndéanfar idirdhealú ina n-aghaidh ar fhorais náisiúntachta maidir le fostaíocht, luach saothair agus dálaí eile oibre agus fostaíochta,
- An ceart chun obair a ghlacadh agus a shaothrú ar an mbealach céanna le náisiúnaigh an stáit aíochta
- An ceart chun cúnamh dífhostaíochta faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an stáit aíochta
- An ceart chun buntáistí sóisialta agus cánach
- An ceart chun dul isteach in aontas
- Cearta tithíochta
- An ceart ag a leanaí rochtain a fháil ar oideachas
Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin mBreatimeacht agus faoi Éirinn.
Tuilleadh eolais
Tá eolas mionsonraithe faoin mBreatimeacht ar dfa.ie.