Cearta cónaithe shaoránaigh de chuid na RA
- Réamhrá
- Cearta shaoránaigh na Ríochta Aontaithe (RA) in Éirinn tar éis an 31 Nollaig 2020
- Teaghlach neamh-LEE a bhí ina gcónaí in Éirinn roimh 31 Nollaig 2020
- Teaghlach neamh-LEE a tháinig go hÉirinn tar éis an 1 Eanáir 2021
- Saoránaigh na RA agus seirbhísí sláinte in Éirinn
- Íocaíochtaí leasa shóisialaigh in Éirinn
- An féidir liom mo cheadúnas tiomána RA a úsáid?
- An féidir liom vótáil in Éirinn?
- Tuilleadh faisnéise agus teagmhálaithe
Réamhrá
D’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach an 31 Eanáir 2020.
Leanann saoránaigh na RA de bheith faoi chosaint an Chomhlimistéir Taistil idir Éire agus an RA. D'aontaigh rialtais na Breataine agus na hÉireann go leanann forálacha an chomhaontaithe seo d'fheidhm a bheith acu anois agus an RA tar éis an Aontas Eorpach a fhágáil.
Cearta shaoránaigh na Ríochta Aontaithe (RA) in Éirinn tar éis an 31 Nollaig 2020
Is féidir le saoránaigh na RA maireachtáil agus oibriú in Éirinn gan srian.
Más saoránach de chuid na RA thú a bhfuil cónaí ort in Éirinn, tá go leor de na cearta agus na teidlíochtaí céanna agat agus atá ag saoránach Éireannach. Is féidir le saoránaigh na RA:
- Teacht isteach go hÉirinn gan víosa
- Taisteal idir an RA agus Éire
- Obair gan cead fostaíochta
- Teacht ar an gcóras cúram sláinte poiblí
- Vótaíl in olltoghcháin
Tá na cearta seo bunaithe ar shraith comhaontuithe déthaobhacha idir Éire agus an RA a thosaigh i 1922. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin gComhlimistéar Taistil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe.
I mí na Bealtaine 2019, d’athdhearbhaigh rialtais na hÉireann agus na Breataine a dtiomantas maidir leis an Comhlimistéar Taistil a choimeád ar bun.
Tá an Comhlimistéar Taistil scartha amach ó dhlí an AE, agus tá feidhm fós aige ó d’fhág an RA an AE an 31 Eanáir 2020.
Cad mar gheall ar mo theaghlach neamh-LEE?
Tá na rialacha maidir le baill teaghlaigh neamh-LEE de náisiúnaigh na RA ar mian leo cónaí in Éirinn difriúil ag brath ar cibé an raibh siad ina gcónaí in Éirinn roimh an idirthréimhse nó nach raibh.
Teaghlach neamh-LEE a bhí ina gcónaí in Éirinn roimh 31 Nollaig 2020
Más ball teaghlaigh de náisiúnach RA thú agus bhí cónaí ort in Éirinn go dleathach roimh 31 Nollaig 2020, coinníonn tú do chearta cónaithe in Éirinn. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat leanúint ar aghaidh ag maireachtáil, ag obair nó ag staidéar in Éirinn.
Mar sin féin, ní mór duit do Chárta bailí reatha um Chead Cónaithe Éireannach (IRP) a mhalartú le haghaidh cárta nua ar a sonraítear go dtagann na cearta cónaithe seo ó Shaorghluaiseacht AE faoin gComhaontú um Tharraingt Siar. Ba é an 30 Meitheamh 2022 an spriocdháta chun do IRP a mhalartú.
Teaghlach neamh-LEE a tháinig go hÉirinn tar éis an 1 Eanáir 2021
Tá socruithe ar leith curtha i bhfeidhm do náisiúnaigh na RA a thagann go hÉirinn tar éis an 31 Nollaig 2020 agus ar mian leo a gcuid ball teaghlaigh neamh-LEE a thabhairt leo.
Caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar víosa nó ar réamh-imréiteach (más as tír thú nach bhfuil víosa de dhíth ar shaoránaigh chun teacht isteach in Éirinn).
Urraitheoirí
Ní mór urraitheoir a bheith agat le haghaidh d’iarratas. Caithfidh urraitheoir a bheith:
- Saoránach RA
- Ag maireachtáil in Éirinn, nó rún dul chun cónaithe in Éirinn
- In ann tacaíocht airgeadais a thabhairt duit
Caithfidh nach raibh an t-urraitheoir ag brath go príomha ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh sa tréimhse 2 bhliain roimh d’iarratas. Chomh maith leis sin, caithfidh siad olltuilleamh (roimh cháin agus asbhaintí) a bheith acu os cionn rátaí na hÍocaíochta do Theaghlach i bhFostaíocht do mhéid do theaghlaigh i ngach ceann de na 3 bliana deiridh.
Más céile nó páirtí an urraitheora tú, ní féidir leo urraíocht a thabhairt d’aon duine eile chun cónaí in Éirinn sna 7 mbliana roimh d’iarratas.
Is féidir le Seachadadh Seirbhíse Inimirce (ISD) iompar an urraitheora in Éirinn a mheas freisin (mar shampla, má tá taifead coiriúil acu).
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Tá d’iarratas bunaithe ar an gcaidreamh atá agat leis an urraitheoir saoránach RA. Tá 3 chatagóir iarratasóirí ann:
Catagóir 1 – Céilí, páirtnéirí sibhialta agus comhpháirtithe de facto. Is éard is comhpháirtíocht de facto ann nuair a chónaíonn lánúin le chéile nó nuair a bhíonn siad i gcaidreamh atá cosúil le pósadh, ach nach bhfuil siad pósta.
Catagóir 2 – Leanaí cleithiúnacha. Féadfaidh leanbh an urraitheora a bheith i gceist leis seo, nó leanbh a chéile, a pháirtnéara shibhialta nó a pháirtnéara de-facto
Catagóir 3 – Tuismitheoirí cleithiúnacha atá 66 nó níos sine. Is féidir gur tuismitheoir nó tuismitheoirí an urraitheora, nó a chéile, páirtnéir sibhialta nó páirtnéir de-facto a bheadh i gceist leis seo..
Conas iarratas a dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh ar theacht go hÉirinn mar bhall teaghlaigh saoránach RA ní mór duit:
- Déan iarratas ar víosa má theastaíonn ceann uait, nó le haghaidh réamh-imréitigh mura bhfuil víosa ag teastáil uait
- Íoctar táille €60
- Cuir isteach d’iarratas agus doiciméid tacaíochta
Tá treoir mhionsonraithe ar fáil ar shuíomh Gréasáin an ISD maidir le conas an fhoirm iarratais a chomhlánú, cad iad na doiciméid tacaíochta ba cheart duit a sholáthar, agus cén áit ar féidir leat an táille a íoc.
Má cheadaítear d’iarratas gheobhaidh tú litir cheadaithe réamh-imréitigh (mura bhfuil víosa ag teastáil uait) nó víosa fadfhanachta ‘D’ i do phas. Tugann sé seo cead duit dul isteach in Éirinn.
Nuair a thagann tú go hÉirinn, ní mór duit clárú leis na húdaráis inimirce agus Ceadúnas Cónaithe Éireannach a fháil.
Saoránaigh na RA agus seirbhísí sláinte in Éirinn
Tá saoránaigh na RA atá ina gcónaí in Éirinn i dteideal seirbhísí sláinte ar an mbealach céanna le saoránaigh Éireannacha a bhfuil cónaí orthu. Ciallaíonn sé seo go bhféadfaidh siad rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte poiblí má tá ‘gnáthchónaí’ orthu. Is comhaontú é seo idir Éire agus an RA, agus níor tháinig aon athrú air nuair a d’fhág an RA an Aontas Eorpach.
Íocaíochtaí leasa shóisialaigh in Éirinn
Is féidir le saoránaigh na RA atá ina gcónaí in Éirinn cur isteach ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar an mbealach céanna le saoránaigh Éireannacha a chónaíonn in Éirinn.
Le gach íocaíocht leasa shóisialaigh in Éirinn, ní mór duit na rialacha a shásamh maidir le gach scéim chun cáiliú. Mar shampla, ní mór duit a bheith i do ghnáthchónaí in Éirinn chun cáiliú don chuid is mó d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh de réir tástála acmhainne.
Caitear le cónaí sa Chomhlimistéar Taistil ar an mbealach céanna le cónaí in Éirinn chun críocha an choinníll ghnáthchónaithe (HRC). Mar sin féin, d’fhéadfadh go mbeadh sé níos deacra ar shaoránaigh de chuid na RA a d’aistrigh go hÉirinn le déanaí a shuí go bhfuil a bpríomhionad leasa in Éirinn.
Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat in Éirinn faoi láthair, leanfar de bheith á híoc tar éis don RA an AE a fhágáil, chomh fada agus a leanann tú de bheith ag comhlíonadh na gcritéar cáilitheach don íocaíocht. Tá treoir foilsithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí maidir le híocaíochtaí leasa shóisialaigh agus Brexit.
Má tá íocaíocht á fáil agat ón RA (mar shampla, pinsean Briotanach) leanfaidh tú de bheith ag fáil í tar éis don RA an AE a fhágáil.
Leanfar de ranníocaíochtaí sóisialta (ÁSPC in Éirinn, agus Árachas Náisiúnta sa RA) a íoctar sa RA a mheas i dtreo pinsean Éireannach agus sochair leasa shóisialaigh eile.
An féidir liom mo cheadúnas tiomána RA a úsáid?
Ní féidir leat do cheadúnas tiomána RA a úsáid a thuilleadh chun tiomáint in Éirinn mura bhfuil tú i do chónaí sa RA agus ag tabhairt cuairte ar Éirinn go sealadach. Má tá cónaí ort in Éirinn agus má tá ceadúnas tiomána RA agat, ní mór duit do cheadúnas a mhalartú.
An féidir liom vótáil in Éirinn?
Tá Saoránaigh na RA fós i dteideal vótáil i dtoghcháin náisiúnta agus áitiúla má chomhlíonann tú na riachtanais ghinearálta vótála (mar shampla, tá tú os cionn 18 mbliana d’aois). Níl tú i dteideal vótáil i dtoghcháin Uachtaránachta, toghcháin Eorpacha nó reifrinn.
Tuilleadh faisnéise agus teagmhálaithe
Is féidir leat do sheoladh ríomhphoist a chlárú le haghaidh nuashonruithe ar Brexit ó rialtas na Breataine, agus ó rialtas na hÉireann.
Tá treoir ag Gov.uk do shaoránaigh na Breataine maidir le maireachtáil in Éirinn.