Brexit agus Éire

Réamhrá

Vótáil an Ríocht Aontaithe (an RA) an tAontas Eorpach (an AE) a fhágáil an 23 Meitheamh 2016 i reifreann.

I ndiaidh gur cuireadh roinnt moilleanna air agus roinnt síntí leis, d’fhág an RA an tAontas Eorpach ag 11:00pm an 31 Eanáir 2020. D’iontráil an RA in idirthréimhse ina dhiaidh sin agus tháinig deireadh leis an 31 Nollaig 2020.

In ainneoin gur fhág an RA an tAontas Eorpach, tá Éire agus an RA i gComhlimistéar Taistil go fóill. Bronnann seo cearta cónaitheachta agus taistil (i measc rudaí eile) ar shaoránaigh Éireannacha sa Ríocht Aontaithe, agus ar shaoránaigh na Breataine in Éirinn. Is féidir leat eolas breise a léamh faoi ‘chearta cónaitheachta shaoránaigh an RA in Éirinn.

An Comhaontú Aistarraingthe, an idirthréimhse agus an Comhaontú Trádála agus Comhair

Foilsíodh an Comhaontú Aistarraingthe idir an AE agus an RA i nDeireadh Fómhair 2019 i ndiaidh idirbheartaíochta a mhair dhá go leith bliain.

Tá an Comhaontú Aistarraingthe ar cheann de na príomhcháipéisí a rialaíonn an caidreamh idir an AE agus an RA, ach ní réitíonn sé na saincheisteanna go léir idir an AE agus an RA.

Cuireadh an idirthréimhse i bhfeidhm lena cheadú comhaontuithe a bhaint amach idir an AE agus an RA gan cur isteach go mór orthu.

Rinneadh comhaontú ar Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an AE agus an RA agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021. Rialaíonn seo roinnt de na ceisteanna ar déileáladh leo roimhe seo faoi dhlí an AE, cosúil le trádáil ar earraí.

An Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann

Is é an t-aon teorainn talún atá idir an RA agus an AE ná an teorainn idir Tuaisceart Éireann agus Éirinn. Thit go leor díospóireachta amach faoi conas cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá le teorainn AE agus na socruithe stairiúla atá i bhfeidhm idir an RA an Éirinn.

Mar thoradh air sin, cuimsíodh Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann sa Chomhaontú Aistarraingthe. Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021 agus cuireadh comhaontú breise leis idir an AE agus an RA maidir lena chur i bhfeidhm, scéim trádálaithe iontaofa a thabhairt isteach san áireamh.

Leagtar amach an méid seo a leanas sa Phrótacal:

•Leantar leis an gComhlimistéar Taistil idir Éirinn agus an RA a bheith aitheanta anuas ar na cearta a bhronnann sé ar shaoránaigh na hÉireann agus na Breataine

•Ní ghearrfar aon táillí custam ná taraifí ná ní chuirfear aon srianta eile ar earraí a aistrítear idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann

•Teastaíonn páipéarachas agus seiceálacha breise anois ó earraí a aistrítear ó Thuaisceart Éireann go háit eile sa RA agus a mhalairt.

Is faoi Thionól Thuaisceart Éireann atá sé an Prótacal a chur i bhfeidhm go fadtéarmach. Is féidir leis an Tionól vóta a chaitheamh gach 4 bliana i ndiaidh dheireadh na hidirthréimhse, faoi cibé acu an mian nó nach mian leis go leanfaidh feidhm a bheith ag dlí an AE ar rudaí cosúil le custaim, dleachtanna agus rialacháin.

Má chaithfear vóta ar son deireadh a chur le haon chuid den Phrótacal, tiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm 2 bhliain ina dhiaidh sin.

Leanann an Prótacal leis an gComhlimistéar Taistil idir Éirinn agus an RA anuas ar na cearta a bhronnann sé ar shaoránaigh na hÉireann agus an RA i ngach tír a aithint.

Éifeachtaí Brexit

Saoránaigh na Breataine ar mian leo fanacht in Éirinn

Leantar le cearta a bhronnadh ar shaoránaigh na Breataine cónaí agus oibriú in Éirinn mar chuid den Chomhlimistéar Taistil. Is féidir leat léamh faoi ‘chearta cónaitheachta shaoránaigh an RA.

Saoránaigh Éireannacha ar mian leo fanacht sa RA

Más saoránach Éireannach thú agus más mian leat leanúint ag cónaí sa RA, ní gá duit iarratas a dhéanamh ar Scéim Lonnaithe AE. Cosnaítear do chearta chun cónaí, oibriú agus teacht ar sheirbhísí poiblí faoi shocrú an Chomhlimistéir Thaistil. Fiú mura gá duit iarratas a dhéanamh ar an scéim tú féin, beidh ar do dhaoine muinteartha ó áit lasmuigh den RA agus d’Éirinn iarratas a dhéanamh, áfach.

Saoránaigh neamh-Éireannacha AE ar mian leo fanacht sa RA

Bhunaigh an RA Scéim Lonnaithe AE, faoinar féidir le saoránaigh an AE agus a ndaoine muinteartha a chónaíonn sa RA iarratas a dhéanamh chun leanúint ag cónaí ann i ndiaidh an 30 Meitheamh 2021.

Caithfidh saoránaigh an AE (seachas i gcás saoránaigh Éireannacha) agus a ndaoine muinteartha a chónaíonn sa RA iarratas a dhéanamh ar an Scéim Lonnaithe AE más mian leo leanúint ag cónaí sa RA i ndiaidh an 30 Meitheamh 2021. Mura raibh cónaí ort ar feadh 5 bliana i ndiaidh a chéile sa Ríocht Aontaithe, b’fhéidir go mbronnfar stádas réamhlonnaithe ort ina ionad sin.

•Ciallaíonn stádas lonnaithe gur féidir leat cónaí sa Ríocht Aontaithe ar feadh chomh fada agus is mian leat. Beidh teacht agat ar chistí agus seirbhísí poiblí (má tá tú incháilithe) agus is féidir leat iarratas a dhéanamh ar shaoránacht na Breataine. Saoránaigh na Breataine a bheidh in aon leanaí go huathoibríoch a rugadh sa Ríocht Aontaithe i ndiaidh gur bronnadh stádas lonnaithe ort.

•Ciallaíonn stádas réamhlonnaithe gur féidir leat cónaí sa Ríocht Aontaithe ar feadh cúig bliana sa bhreis. Nuair atá cónaí ort ann ar feadh 5 bliana i ndiaidh a chéile, is féidir leat iarratas a dhéanamh ansin chun athrú chuig stádas lonnaithe. Caithfidh tú seo a dhéanamh sula n-éagfaidh do stádas réamhlonnaithe.

Ba é an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh i measc fhormhór na ndaoine an 30 Meitheamh 2021. Is féidir le roinnt daoine iarratas a dhéanamh i ndiaidh an dáta seo.

Is féidir leat eolas breise a fháil faoi iarratas a dhéanamh ar stádas lonnaithe sa Ríocht Aontaithe, agus ar shonraí na Scéime Lonnaithe AE ar gov.uk.

Oibrithe trasteorann

Duine atá in oibrí trasteorann a chónaíonn i dtír amháin ach a oibríonn i dtír eile. Mar shampla, má chónaíonn tú i bPoblacht na hÉireann agus má oibríonn tú i dTuaisceart Éireann, oibrí trasteorann atá ionat.

Ní gá do shaoránaigh Éireannacha iarratas a dhéanamh ar Chead Oibrí Trasteorann an RA ach is féidir leo iarratas a dhéanamh go fóill. Cosnaítear teidlíochtaí saoránach Éireannach chun cónaí, oibriú agus teacht ar shochair eile sa Ríocht Aontaithe faoin gComhlimistéar Taistil.

Caithfidh saoránaigh eile an LEE agus na hEilvéise a chónaíonn in Éirinn ach a oibríonn nó a d’oibrigh le déanaí i dTuaisceart Éireann (nó in áit eile sa RA) iarratas a dhéanamh ar Scéim Cead Oibrithe Trasteorann an RA chun leanúint ag oibriú ann ón 1 Iúil 2021.

Ní raibh Cead Oibrí Trasteorann ag teastáil i gcás shaoránaigh eile an LEE agus na hEilvéise idir an 1 Eanáir 2021 agus an 30 Meitheamh 2021:

•A oibríonn faoi láthair nó a d’oibrigh le déanaí sa Ríocht Aontaithe roimh an 31 Nollaig 2020, agus

•A bhfuil pas nó cárta náisiúntachta bailí acu

Rinne Roinn Dlí agus Cirt na hÉireann soláthar do shaoránaigh na Breataine a chónaíonn sa RA agus a oibríonn in Éirinn Cárta Tairbhí an Chomhaontaithe Aistarraingthe Trasteorann a fháil, más mian leo sin a dhéanamh. Tá an cárta seo saor in aisce agus is féidir é a fháil trí choinne a dhéanamh lena n-oifig inimirce áitiúil. Ní gá do shaoránaigh na Breataine é seo a dhéanamh, áfach chun leanúint ag oibriú in Éirinn mar gheall go bhfuil siad cumhdaithe freisin ag an gComhlimistéar Taistil.

Slándáil shóisialach

Níl athrú tagtha ar na socruithe reatha le haghaidh slándáil shóisialach idir Éirinn agus an RA. Leantar le gach íocaíocht leasa shóisialaigh a dhéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí, pinsin agus Sochar Linbh san áireamh, a íoc faoi mar is gnách. Níl athrú tagtha freisin ar shocruithe slándála sóisialaí idir an RA agus AE27 faoi láthair.

Cosaint sonraí

Bhí aon fhaisnéis phearsanta a fuair aon chuideachta nó eagraíocht sa Ríocht Aontaithe ó chuideachtaí agus forais i mballstáit eile cumhdaithe ag an RGCS (an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí) roimh dheireadh na hidirthréimhse.

Leantar le sonraí pearsanta a aistriú chuig an RA a cheadú ar bhonn cinneadh foirmiúil (ar a dtugtar cinneadh leordhóthanachta) a rinne an Coimisiún Eorpach an 28 Meitheamh 2021. Leanfaidh an cinneadh leordhóthanachta sin de bheith i bhfeidhm ar feadh ceithre bliana mura ndéanann an RA athruithe ar a reachtaíocht um chosaint sonraí.

Cearta Tomhaltóra

Ba cheart duit a bheith ar an eolas ar an méid seo a leanas ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh:

•Gearrtar táillí iompórtála breise agus Cáin Bhreisluacha (CBL) nuair a cheannaíonn tú ó láithreáin ghréasáin sa Ríocht Aontaithe (ag brath ar luach na n-earraí agus ar an áit a ndéantar an táirge a dhéantúsú)

•B’fhéidir nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag reachtaíocht um chosaint tomhaltóirí an AE. Ina ionad sin, déanfar do chearta tomhaltóra a leagan síos i ndlí an RA

•B’fhéidir go mbeidh sé níos deacra díospóid a réiteach le gnólacht an RA

Is féidir leat léamh faoi Cheannach ar líne ón RA i ndiaidh Brexit

Colscarthaí sa RA a aithint

Foráiltear san Acht um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (Forálacha Iarmhartacha), 2020 (pdf) go leantar le colscarthaí, idirscarthaí dlíthiúla agus neamhniú pósta a deonaíodh sa Ríocht Aontaithe a aithint in Éirinn.

Stádas ceadúnais tiomána

Is féidir leat leanúint ag tiomáint in Éirinn agus ceadúnas tiomána ón RA agat má chónaíonn tú sa Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann san áireamh) agus má tá cuairt á tabhairt agat ar Éirinn. Má chónaíonn tú in Éirinn, ní féidir leat tiomáint agus ceadúnas tiomána ón RA agat ón 1 Eanáir 2021. Ba cheart duit do cheadúnas a mhalartú do cheadúnas Éireannach.

Eiseachadadh chuig agus ón RA

Níor bhain córas an Bharántais Ghabhála Eorpaigh a bhíodh i bhfeidhm leis an RA ina fhoirm reatha ag 11pm an 31 Nollaig 2020. Leanann an córas baint le daoine a gabhadh go bailí faoi Bharántas Gabhála Eorpach roimh an tráth sin, áfach.

Tá rialacha agus nósanna imeachta i gComhaontú Trádála agus Comhair an AE-an RA maidir le heiseachadadh atá cosúil leo siúd a bhí i gcóras an Bharántais Ghabhála Eorpaigh, áfach, agus leantar le heiseachadadh a cheadú faoi na rialacha seo go hÉirinn ón RA agus a mhalairt. Baineann na rialacha seo le hiarrataí a rinneadh i ndiaidh 11pm an 31 Nollaig 2020 agus le hiarrataí a rinneadh roimhe sin nár gabhadh an duine ag an tráth sin ar lorgaíodh eiseachadadh dóibh.

Eolas breise

Is féidir leat teacht ar eolas breise ar dfa.ie faoi éifeachtaí Brexit, faoi mar atá coinne leis. Is féidir leat léamh faoin gCúlra a bhaineann le Brexit anseo.

Tá treoir do náisiúnaigh an RA faoi chónaí agus maireachtáil agus taisteal san AE ar fáil ag gov.uk.


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 Deireadh Fómhair 2021