Coimisiún imscrúdaithe
Réamhrá
Saghas fiosrúcháin é coimisiún imscrúdúcháin a dhéantar ar cheist atá ina hábhar buartha poiblí. Ní chosnaíonn siad an oiread céanna a chosnaíonn binse fiosrúcháin. Faoi roinnt cúinsí, féadtar binse fiosrúcháin a bhunú i ndiaidh gur thuairiscigh coimisiún.
Foráiltear san Acht um Choimisiúin Imscrúdúcháin, 2004 do choimisiúin imscrúdúcháin a bhunú ar féidir leo ceisteanna atá ina n-ábhar mór buartha poiblí a imscrúdú. Ní chosnaíonn siad an oiread céanna a chosnaíonn binse fiosrúcháin agus tá siad níos tapúla ná na binsí siúd. Faoi roinnt cúinsí, féadtar binse fiosrúcháin a bhunú i ndiaidh gur thuairiscigh coimisiún.
Bunaítear coimisiún trí ordú rialtais – caithfidh an Dáil agus an Seanad é seo a cheadú. Leagann an Rialtas nó Aire aonair na téarmaí tagartha amach. Caithfear ráitis ina leagtar amach fad agus costas dóchúil imscrúdaithe gabháil leis na téarmaí seo.
Coimisiúin a bunaíodh
Bunaíodh na coimisiúin imscrúdúcháin seo a leanas faoi Acht 2004:
Ainm agus an bhliain a bunaíodh é | Cad faoi a bhí sé? | Tuarascáil |
Buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin - 2005 | Gnéithe d’imscrúdú an Gharda Síochána ar an mbuamáil i mBaile Átha Cliath agus Muineachán an 17 Bealtaine 1974 agus an cháipéisíocht a cailleadh a bhain leis an mbuamáil | Eisíodh an tuarascáil deiridh in 2007 |
Cás Dean Lyons - 2006 | Admháil bhréagach go ndearna sé beirt bhan a dhúnmharú i nGráinseach Ghormáin i 1997 | Foilsíodh tuarascáil deiridh in 2006 |
Drochúsáid ghnéasach leanaí – 2006 (Baile Átha Cliath) agus 2009 (Cluain) | Líomhaintí i leith drochúsáid ghnéasach leanaí in aghaidh cléir Chaitliceach in Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath agus Chluana | Foilsíodh tuarascáil fholaithe in 2009 (Baile Átha Cliath) agus in 2010 (Cluain) |
Teach Altranais Leas Cross - 2007 | Teach altranais a bhainistiú agus a oibriú agus a mhaoirsiú i mBaile Átha Cliath, i ndiaidh go ndearnadh imscrúdú ceilte air a craoladh ar an teilifís | Foilsíodh tuarascáil deiridh i Meitheamh 2009 |
Bás Gary Douch i bPríosún Mhuinseo – 2007 | Na cúinsí a bhain le bás príosúnaigh i bPríosún Mhuinseo i mBaile Átha Cliath | Foilsíodh an tuarascáil deiridh in 2014 |
An Earnáil Bhaincéireachta - 2010 | Cliseadh na hearnála baincéireachta agus ról na gcomhlachtaí rialála idir 2003 agus 2008 | Foilsíodh an tuarascáil deiridh in 2011 |
Ceisteanna Áirithe maidir leis an nGarda Síochána agus daoine eile - 2014 | Glaonna gutháin a thaifeadadh i stáisiúin Ghardaí idir 1980 agus 2013 | Foilsíodh an tuarascáil deiridh in 2016 |
Coimisiún Rónáin Mhic Lochlainn - 2014 | Garda a dhúnmharaigh comhaltaí an Fhíor-IRA i 1998 | Foilsíodh an tuarascáil deiridh in 2018 |
Ceisteanna Áirithe maidir le Roinn an Chabháin/Mhuineacháin den Gharda Síochána – 2015 | Institiúidí do mháithreacha neamhphósta, Neachtlanna Magdelene san áireamh, idir 1922 agus 1998 | Foilsíodh an tuarascáil deiridh in 2021 |
An Coimisiún Imscrúdcháin ar an gCorparáid Éireannach um Réiteach Banc (an CÉRB) – 2015 | Idirbhearta áirithe inar iontráil an CÉRB | Foilsíodh naoi dtuarascáil eatramhacha. Bhí súil leis an tuarascáil deiridh ag deireadh Dheireadh Fómhair 2021 |
Ceisteanna Áirithe maidir le Seirbhís Míchumais san Oirdheisceart agus Ceisteanna Gaolmhara - 2017 | Ról daoine éagsúla, cúramóirí altrama san áireamh, faoi chúram leanaí a cuireadh faoi chúram teaghlaigh áirithe agus an bealach a tugadh faoi nochtadh cosanta | Foilsíodh dhá thuarascáil eatramhacha. Tá súil le tuarascáil deiridh chéim a haon in Iúil 2022. |
An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní - 2017 | Idirbhearta áirithe a bhfuil an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (NAMA) mar pháirtí leo agus oibríochtaí NAMA | Foilsíodh aon tuarascáil eatramhach déag. Tá súil leis an tuarascáil deiridh ag deireadh mhí na Nollag 2021. |
Freagairt ar ghearáin nó líomhaintí i leith drochúsáid ghnéasach leanaí a rinneadh in aghaidh Bille Kenneally agus ceisteanna gaolmhara - 2018 | Drochúsáid ghnéasach leanaí agus freagairt an Gharda Síochána agus daoine eile do na líomhaintí siúd | Níor eisíodh aon tuarascálacha go dtí seo |
Cumhachtaí coimisiún
Lorgaíonn coimisiúin comhoibriú deonach finnéithe ach tá cumhachtaí acu iallach a chur ar dhaoine fianaise a thabhairt, más gá. Tá cumhachtaí acu freisin áitreabh a chuardach agus cáipéisí a ghlacadh.
Go ginearálta, tugtar fianaise go príobháideach. Níl an chosúlacht chéanna idir coimisiúin agus cúirt dlí, i gcomparáid le binsí. Ní bheidh ionadaithe dlíthiúla páirtithe eile i láthair ach má tá an Coimisiún sásta gur gá dóibh a bheith i láthair ar mhaithe leis an imscrúdú agus le nósanna imeachta cothroma. Ní féidir finnéithe a chroscheistiú ach má chomhaontaíonn an coimisiún leis.
Foráiltear san Acht do threoirlínte a ullmhú ag an Aire ábhartha maidir le costais dlí finnéithe. D’fhéadfadh duine a chuireann bac ar an gcoimisiún nó nach gcomhoibríonn a bheith faoi dhliteanas íoc as aon chostais bhreise a eascraíonn uaidh seo.
Tuarascálacha coimisiúin imscrúdúcháin
Déanann coimisiún tuarascáil deiridh ar thorthaí le hAire sonraithe. Is féidir leis an Aire tuarascálacha eatramhacha a iarraidh maidir le dul chun cinn ginearálta imscrúdú coimisiúin nó ar ghné ar leith den imscrúdú.
Tá oibleagáid ar an Aire tuarascáil deiridh an choimisiúin a fhoilsiú murach go measann an tAire go bhféadfadh aon fhoilseachán den saghas sin difear a dhéanamh d’aon imeachtaí coiriúla atá ar bun. Sa chás sin, is féidir leis an Aire iarratas a dhéanamh leis Ard-Chúirt ar threoracha.
Tá forálacha ann do dhaoine a ainmnítear sa tuarascáil le cur in aghaidh na dtorthaí maidir leo.
Is féidir leat tuarascálacha iomlána na gcoimisiún a léamh sa tábla thuas.