Reachtú

Réamhrá

Dlí í bunreachtaíocht a ritheann an tOireachtas (parlaimint na hÉireann). Faoi Bhunreacht na hÉireann, is é an tOireachtas an t-aon institiúid i Stát na hÉireann ar féidir leis dlíthe a dhéanamh.

Cuirtear tús leis an reachtaíocht mar Bhille. Caithfear an bille a rith sa Dáil agus sa Seanad (dhá Theach an Oireachtais – parlaimint na hÉireann) sular féidir leis an Uachtarán an bille a shíniú isteach sa dlí. Nuair a shíníonn an tUachtarán é, déantar Acht den Bhille agus cuirtear é leis an Leabhar Reachtanna.

Caithfidh billí gabháil trí roinnt céimeanna sula gcaitheann comhaltaí an Oireachtais vóta orthu.

Áirítear le reachtaíocht thánaisteach Ionstraimí Reachtúla agus fodhlíthe. Is féidir le hAcht an Oireachtais an chumhacht a tharmligean le reachtaíocht thánaisteach a achtú do chomhlacht eile – mar shampla, Aire nó údarás áitiúil. Caithfidh an reachtaíocht thánaisteach a bheith comhsheasmhach leis na cumhachtaí tarmligthe a cheadaítear san Acht.

Céimeanna na reachtaíochta

Is féidir le Bille a thosú (tús a chur leis) sa Dáil nó sa Seanad ach caithfear é a rith sa dá Theach go ndéanfar dlí de. De ghnáth, cuirtear tús le Billí i nDáil Éireann. Ní féidir tús a chur le Billí Airgid (do cháin nó d’airgead a chaitheamh ag an Rialtas) nó le Billí leis an mBunreacht a leasú sa Seanad.

Cuireann Aire Stáit (Billí Rialtais) nó TD nó Seanadóir nach cuid den Rialtas (Billí Comhalta Phríobháidigh) iad tús le billí. A luaithe a dréachtaíodh é, caithfidh Bille gabháil trí 5 chéim sula ndéanfar dlí de.

An Bille a Dhréachtú

Foilsíonn an Rialtas Páipéar Glas, amanna, sula ndéanann sé Bille a dhréachtú. Cáipéis phlé é Páipéar Glas ina leagtar amach smaointe agus ina dtugtar cuireadh do thuairimí agus dearcthaí ó dhaoine aonair agus eagraíochtaí ábhartha.

Is minic go bhfoilsítear ‘scéim ginearálta’ an Bhille agus tugann Coiste an Oireachtais faoi ghrinnscrúdú réamhreachtach air, amanna. Is féidir leis an gCoiste cuireadh a thabhairt d’ionadaithe grúpaí a ndéanfaidh an Bille difear dóibh agus le plé a dhéanamh ar an mBille.

Ní dhéanann Coiste an Oireachtais grinnscrúdú ar Bhille Comhalta Phríobháidigh ach bhaineann sé an dara céim sa Dáil (féach ‘an dara céim’ thíos) amach.

An chéad chéim

Cuirtear tús leis an mBille. Is éagsúil conas a oibríonn seo, ag brath ar cé a thugann an Bille isteach:

  • Is féidir le hAire Rialtais nó Ceannaire an tSeanaid Bille a thabhairt isteach agus gabhann sé ar aghaidh go huathoibríoch go dtí an dara céim
  • Is féidir le grúpaí 7 TD nó 5 Sheanadóir Bille a thabhairt isteach agus gabhann sé ar aghaidh go huathoibríoch go dtí an dara céim má shásaítear critéir áirithe
  • Is féidir le haon TD amháin nó triúr Seanadóirí ar bith cead a lorg le Bille a thabhairt isteach agus déanfaidh an Teach vóta a chaitheamh ar cibé acu an leanfaidh nó nach leanfaidh sé ar aghaidh.

An dara céim

Cuirtear an Bille os comhair an Tí (cibé acu sa Dáil nó sa Seanad, ag brath ar cén áit ar cuireadh tús leis an mBille) chun díospóireacht ghinearálta a chur ar siúl ar phrionsabail an Bhille. Is féidir le comhaltaí an tí moltaí a dhéanamh do leasuithe agus breisiúcháin. Déanann an Teach cinneadh faoi cibé acu ar cheart nó nár cheart don Bhille an chéim seo a bhaint amach agus bogadh ar aghaidh go Céim an Choiste.

An tríú céim – Céim an Choiste

Ina dhiaidh sin, déantar díospóireacht ar gach mír aonair den Bhille. Is minic go dtugann Coiste an Oireachtais faoi seo sa Dáil. Déanann comhaltaí plé ar na leasuithe a bheartaítear leis an Aire ábhartha. Déanann an tAire cinneadh faoi cibé acu glacadh le leasú nó é a dhiúltú. Má dhiúltaíonn an tAire leasú, is féidir vóta a ghairm ansin.

Is féidir le Céim an Choiste maireachtáil ar feadh i bhfad mar gheall nach bhfuil aon teorainn ar an méid uaireanta is féidir le comhalta labhairt faoi leasú.

An ceathrú céim – Céim an Tuairiscithe

Seo an deis dheireanach chun leasuithe a dhéanamh ar an mBille. Ní féidir le comhaltaí labhairt ach faoi dhó ar gach leasú, agus cuirtear teorainn dhá nóiméad ar a dara hurlabhra. Ní féidir le comhaltaí lasmuigh den Rialtas aon leasuithe nua a chur leis – ní dhéantar plé ar leasuithe ach ó Chéim an Choiste.

Is féidir leis an Rialtas leasuithe nua a chur leis ag Céim an Tuairiscithe, ach amháin tríd an mBille a thabhairt ar ais go dtí Céim an Choiste.

An Cúigiú Céim

Is gnách go leanann seo go díreach ó Chéim an Tuairiscithe. Caitheann an Teach (an Dáil nó an Seanad) inar cuireadh tús leis an mBille, vóta ar an mBille.

Má ritear an Bille, aistríonn sé ansin go dtí an chéad Teach eile (má chuirtear tús leis sa Dáil, aistríonn sé anois go dtí an Seanad), áit a ngabhann sé trí gach 5 chéim arís. Is féidir leis an gcéad Teach leasuithe a rinneadh sa chéad Teach a dhiúltú tar éis díospóireachta.

Tugtar 21 lá don Seanad le breithniú a dhéanamh ar bhillí airgid.

An tUachtarán agus an reachtaíocht

A luaithe a ritheadh an Bille sa dá Theach, cuireann an Taoiseach cóip den Bhille faoi bhráid an Uachtaráin lena shíniú. A luaithe a shínigh an tUachtarán an Bille, déantar Acht de. Teastaíonn ordú um thosach feidhme nó orduithe ó roinnt Achtanna sula mbíonn feidhm iomlán dhlíthiúil acu.

Má mheasann an tUachtarán go bhféadfadh an Bille nua teacht salach ar an mBunreacht, is féidir leo ceist bhunreachtúlachta an Bhille a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí i ndiaidh dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit. Caithfidh an Chúirt Uachtarach cinneadh a dhéanamh ansin faoi cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil an Bille bunreachtúil. Má dheimhníonn an Chúirt Uachtarach go bhfuil an Bille, nó aon chuid de, míbhunreachtúil, ní féidir leis an Uachtarán é a shíniú isteach sa dlí.

Reachtaíocht thánaisteach

Ceadaíonn roinnt Achtanna an Oireachtais d’Aire, údarás áitiúil, nó comhlacht éigin eile, rialacháin a dhéanamh, le sonraí a chur leis faoi conas a oibreoidh foráil áirithe i gcleachtas. Reachtaíocht thánaisteach atá sna rialacháin seo. Déanann Aire rialacháin trí Ionstraim Reachtúil (IR) a shíniú. Ritheann údaráis áitiúla fodhlíthe le rialacháin a dhéanamh dá limistéir údaráis áitiúil.

Ionstraimí Reachtúla

Ionstraimí Reachtúla, seachas Achtanna an Oireachtais, iad formhór na ndlíthe a thugtar isteach gach bliain. In 2020, síníodh 32 Acht an Oireachtais, agus 760 ionstraim reachtúil isteach sa dlí.

Síníonn Aire IR faoi na cumhachtaí a bhronntar ar an Aire faoi phríomh-Acht an Oireachtais.

Mar shampla, luaitear in Alt 17 den Acht Inimirce, 2004 gur féidir leis an Aire Dlí agus Cirt ordú a dhéanamh a cheanglaíonn go dteastaíonn víosa ó shaoránaigh thíortha áirithe chun Éire a iontráil. Trí úsáid a bhaint as a cumhachtaí faoin Alt seo, shínigh an tAire IR 473 de 2014 (an tOrdú um an Acht Inimirce (Víosaí), 2014) ina leagtar amach na tíortha a dteastaíonn víosa óna saoránaigh.

Is féidir leis an Aire IR a shíniú isteach sa dlí gan gá a bheith le Bille a thabhairt trí Thithe an Oireachtais. Ach ní féidir leis an IR na cumhachtaí a shárú a dheonaíonn Acht rialaithe an Oireachtais. Is féidir leis na cúirteanna dlí a chur ar ceal mar gheall gur ghníomhaigh an tAire ar bhonn ultra vires (sháraigh siad a n-údarás dlíthiúil).

Dlí an AE

Is minic go mbaineann an Rialtas úsáid as Ionstraimí Reachtúla le Treoracha AE a thrasuí isteach i ndlí na hÉireann.

Orduithe um thosach feidhme

Ní thagann Acht (nó ailt ar leith d’Acht) i bhfeidhm láithreach, amanna. Ina ionad sin, iarrtar ann ar an Aire ‘ordú um thosach feidhme’ a shíniú. Déantar seo trí Ionstraim Reachtúil.

Fodhlíthe

Tá cumhachtaí ag údaráis áitiúla faoi Achtanna an Oireachtais le fodhlíthe a ritheadh dá limistéir áitiúla. Is minic go n-úsáidtear iad seo leis an méid seo a leanas a rialáil:

  • Criosanna páirceála agus fíneálacha páirceála
  • Bruscar a rialú
  • Capaill agus madraí a rialú

Eolas breise

Is féidir leat léamh faoin méid seo a leanas:

  • Príomhinstitiúidí an Stáit
  • Reachtaíocht mhíbhunreachtúil
  • Dáil Éireann
  • An Seanad

Tá eolas breis faoi conas a dhéantar dlíthe ar fáil ar láithreán gréasáin an Oireachtais.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Eanáir 2022