Réiteach fadhbanna le rochtain ar chearta i mBallstáit eile den AE
- Réamhrá
- Cén saghsanna fadhbanna an gcabhraíonn SOLVIT leo?
- Conas gearán a dhéanamh le SOLVIT
- Torthaí ar ghearáin
- Eolas a fháil faoi do chearta AE
- Teagmhálaithe
Réamhrá
Mar shaoránach an Aontais Eorpaigh (an AE), tá an ceart agat gluaiseacht gan srian laistigh den AE agus an LEE. Is é an LEE an AE agus an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Más saoránach AE thú a chónaíonn i dtír eile san AE, tá cearta áirithe agat faoi dhlí an AE.
Seirbhís saor in aisce é SOLVIT ar féidir léi cabhrú le saoránaigh agus gnólachtaí an AE a bhfuil bacainní á gcur roimh aithint a gceart AE ag údaráis phoiblí i dtír eile san AE.
Oibríonn SOLVIT mar chuid de Rialtas náisiúnta gach ballstáit, agus tá líonra ionaid SOLVIT ann ar fud an AE, dá bharr.
Cén saghsanna fadhbanna an gcabhraíonn SOLVIT leo?
Tugtar ceithre shaoirse an AE ar shaorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus caipitil. Má chuireann comhlacht poiblí i dtír san AE isteach ar shaorghluaiseacht, d’fhéadfadh go bhfuil dlí an AE á shárú ag an gcomhlacht. Mar shampla, má theastaíonn ceadúnas speisialta ó ghnólacht le hoibriú i dtír eile an AE, agus mura dteastaíonn an ceadúnas sin ó ghnólachtaí áitiúla, d’fhéadfadh seo a bheith in aghaidh phrionsabal na saorghluaiseachta.
Déanann SOLVIT iarracht díospóidí a réiteach go neamhfhoirmiúil nuair a sháraítear cearta AE. Áirítear leis seo fadhbanna faoi:
- Cead cónaithe
- Cearta fostaíochta
- Aitheantas cáilíochtaí gairmiúla: (mar shampla, dochtúirí, altraí nó innealtóirí)
- Slándáil shóisialach agus cearta pinsin
- Rialuithe teorann
- Clárú mótarfheithiclí
- Teacht ar oideachas
Cásanna nach féidir le SOLVIT cabhrú leo
- Má thug tú do ghearán go dtí an chúirt
- Fadhbanna tomhaltóra – ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí ina ionad sin
- Má tá cúiteamh á lorg agat do dhamáistí
- Nuair a bhíonn fadhbanna ag gnólacht le gnólacht eile
Conas gearán a dhéanamh le SOLVIT
Ba cheart duit do ghearán a sheoladh chuig seirbhís ar líne SOLVIT. Ba cheart duit a mhéid sonraí a chur san áireamh agus is féidir leat. Déanfaidh d’Ionad áitiúil SOLVIT teagmháil leat laistigh de 1 sheachtain. Má tá cúis bhailí ghearáin agat, seolfaidh d’Ionad áitiúil SOLVIT í chuig an Ionad SOLVIT sa bhallstát eile inar tharla an fhadhb.
Déanfaidh an dá Ionad SOLVIT idirchaidreamh lena chéile i rith na tréimhse imscrúdaithe agus coimeádfaidh an tIonad SOLVIT i do thír féin thú ar an eolas ar dhul chun cinn, agus ar an réiteach a bheartaítear.
Torthaí ar ghearáin
Níl réitigh a bheartaítear trí sheirbhís SOLVIT ceangailteach ar an duine a bhfuil an gearán á dhéanamh acu. Mura bhfuil tú sásta leis an réiteach a bheartaítear, nó mura réitítear an fhadhb, is féidir leat dul i mbun caingean dlí, más mian leat.
Eolas a fháil faoi do chearta AE
Mura bhfuil tú cinnte faoi do chearta AE, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le ceann de na heagraíochtaí seo a leanas:
Cuireann Europe Direct seirbhís saor in aisce ghutháin agus ríomhphoist ar fáil agus gníomhaíonn sé mar chéad pointe teagmhála d’eolas faoin AE. Cuireann sé eolas ar fáil ar réimse fairsing ábhar, cearta AE shaoránaigh an AE san áireamh. Is féidir leis úsáideoirí a atreorú freisin chuig an bhfoinse comhairle is fearr ar leibhéal AE, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.
An Eoraip Agatsa - Comhairle: Cuireann an comhlacht seo comhairle dlí saineolaí ar fáil ar chearta saoránach san AE
Cuirtear comhairle ar fáil freisin don phobal gnó san AE.
An Líonra Fiontar Eorpach: Cuireann an líonra seo eolas, comhairle agus cúnamh ar fáil d’Fhiontair Bheaga Ghnó san AE
Is féidir le hIonadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn comhairle dlí saor in aisce a sholáthar ar do chearta maidir leis an margadh aonair.
Teagmhálaithe