Dlí an AE
- Reamhrá
- Eolas ar chearta an AE
- Gearáin faoi chomhlachtaí stáit Éireannacha
- Gearáin faoi ghnólachtaí
- Cosaint sonraí
- Gearáin faoi chomhlachtaí AE
- Teagmhálaithe
Reamhrá
Tá cearta ag saoránaigh an AE a leagtar amach sna conarthaí AE agus Cairt um Chearta Bunúsacha an AE.
Cuirtear eolas ar fáil ar an leathanach seo faoi eagraíochtaí ar féidir leat teagmháil a dhéanamh leo le heolas a fháil nó le gearán a dhéanamh leo má cheapann tú nár seasadh le do chearta AE.
Liostaítear na sonraí teagmhála do na hinstitiúidí a liostaítear thíos sa mhír ‘Teagmhálaithe’.
Eolas ar chearta an AE
Europe Direct
Má bhíonn cheisteanna agat faoi do chearta mar shaoránach an Aontais Eorpaigh (an AE), cuireann Europe Direct seirbhís saor in aisce ghutháin agus ríomhphoist ar fáil a ghníomhaíonn mar chéad pointe teagmhála. Cuireann sé eolas ar fáil ar go leor ábhair AE agus is féidir leis úsáideoirí a atreorú chuig an bhfoinse comhairle is fearr ar leibhéal AE, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.
Cuirtear seirbhísí Europe Direct in Éirinn ar fáil trí Leabharlanna Éireann.
An Eoraip Agatsa – Comhairle
Foireann saineolaithe neamhspleácha dlí é an Eoraip Agatsa – Comhairle a chuireann comhairle saor in aisce ar fáil ar do chearta san AE. Is féidir leis dlí an AE a shoiléiriú i do chás agus a mhíniú conas is féidir leat do chearta AE a fheidhmiú. Is féidir leat do cheist a sheoladh ar aghaidh trí fhoirm ghréasáin.
Is féidir leat coinne a dhéanamh freisin do chomhairliúchán le Comhairleoir Dlí de chuid an Eoraip Agatsa - Comhairle trí Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn.
Gearáin faoi chomhlachtaí stáit Éireannacha
An Coimisiún Eorpach
Má cheapann tú gur sháraigh na húdaráis Éireannacha dlí an AE, is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach. Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar do ghearán agus má sheastar le do ghearán, is féidir leis iarraidh ar an Rialtas a chinntiú go léirítear meas ar do chearta nó is féidir leis an Rialtas a thabhairt chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
SOLVIT
Seirbhís saor in aisce é SOLVIT ar féidir léi cabhrú le saoránaigh agus gnólachtaí an AE a bhfuil bacainní roimh aithint a gceart AE ag údaráis phoiblí i dtír eile san AE.
Oibríonn SOLVIT mar chuid de Rialtas náisiúnta gach ballstáit, agus tá líonra ionaid SOLVIT ann ar fud an AE, dá bharr.
Gearáin faoi ghnólachtaí
Eagraíochtaí cosanta tomhaltóirí
I ndlí an AE a bhronntar go leor de do chearta ort mar thomhaltóir in Éirinn. Neartaíonn comhlachtaí cosanta tomhaltóirí na cearta seo in Éirinn.
Má tá gearán tomhaltóra agat faoi chuideachta atá bunaithe i dtír eile an AE, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí.
Seirbhísí airgeadais
Líonra eagraíochtaí náisiúnta é FIN-NET atá freagrach as gearáin tomhaltóirí a réiteach i limistéar seirbhísí airgeadais lasmuigh den chúirt.
Is é eagraíocht bhaill Fin-Net an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean.
Cosaint sonraí
Cosnaítear do shonraí faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS). Is féidir leat teacht ar na sonraí pearsanta a choimeádann gnólachtaí, eagraíochtaí agus comhlachtaí stáit fút. Leagtar amach sa dlí conas a dhéantar do shonraí pearsanta a stóráil agus a chosaint.
Má bhíonn gearán agat faoi conas a dhéantar do shonraí pearsanta a stóráil nó a phróiseáil, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí.
Tá an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (an EDPS) freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar phróiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí AE. Mura bhfuil tú sásta le conas a rinne institiúid nó comhlacht AE do shonraí a stóráil nó a phróiseáil, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an EDPS.
Gearáin faoi chomhlachtaí AE
Cód Dea-Iompraíochta riaracháin faoi chomhair fhoireann an Choimisiúin Eorpaigh agus iad ag plé leis an bpobal
Tá Cód Dea-Iompraíochta Riaracháin ag an gCoimisiún dá gcaidreamh leis an bpobal. Tá sé ina cheangal dlí ar an gCoimisiún mar institiúid agus ar bhaill foirne aonair an Choimisiúin. Má bhraitheann tú gur theip ar an gCoimisiún an cód seo a chomhlíonadh, is féidir leat gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin go leictreonach nó sa phost.
An tOmbudsman Eorpach
Scrúdaíonn an tOmbudsman Eorpach gearáin faoi dhrochriarachán (mar shampla, moill neamhriachtanach) i measc institiúidí AE.
Coiste Achainíocha Parlaiminte na hEorpa
Tá Coiste Achainíocha ag Parlaimint na hEorpa, a éisteann le gearáin a dhéanann saoránaigh faoi cheisteanna a bhaineann leis an AE. Níl sé de chumhacht aige a chinntí a chur i bhfeidhm ach is féidir leis tionchar a imirt. Is féidir achainí a scríobh nó a sheoladh ar aghaidh ar líne.
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh cúirt an AE a n-atreoraítear saincheisteanna dlí an AE chuici. Tá cearta teoranta ag daoine aonair i leith teacht díreach ar an gcúirt.
Teagmhálaithe
Féadfaidh tú tuilleadh faoin AE agus faoin gcaoi a bhfeidhmíonn sé a léamh inár ndoiciméid: