Parlaimint na hEorpa

Réamhrá

Tá Parlaimint na hEorpa mar chuid den phróiseas reachtach, nó déanta dlí san AE. Tá sé bunaithe sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus i Strasbourg.

Caithfidh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh an chuid is mó de na dlíthe atá beartaithe a cheadú le go mbeidh siad ina ndlíthe. Féadfaidh tú tuilleadh a léamh faoin gcaoi a ndéantar dlí an AE inár ndoiciméad, ‘dlí an AE’.

Tá 705 suíochán ag an bParlaimint agus reáchtáiltear toghcháin i ngach ballstát gach 5 bliana chun na suíocháin seo a líonadh. Is í Parlaimint na hEorpa an t-aon chomhlacht a thoghtar go díreach laistigh den AE.

Méadófar líon na bhFeisirí Eorpacha atá ag Éirinn i bParlaimint na hEorpa go 14 (13 faoi láthair) sa chéad toghchán Eorpach eile i mí an Mheithimh 2024. Méadóidh líon iomlán na bhFeisirí i bParlaimint na hEorpa ó 705 go 720.

An tUachtarán agus FPEnna

Toghann an Pharlaimint a huachtarán féin, chomh maith le 14 leas-uachtarán ar feadh téarma 2.5 bliana. Déanann an t-uachtarán ionadaíocht thar ceann na Parlaiminte chuig institiúidí eile an AE. Is é David Sassoli Uachtarán reatha Pharlaimint na hEorpa.

Tá líon na FPEanna do gach ballstát bunaithe go scaoilte ar dhaonra an bhallstáit. Ní féidir le tír ar bith níos lú ná 6 FPE nó níos mó ná 96 FPE a bheith aici. Tá 13 FPE ag Éirinn.

Bíonn FPEanna i ngrúpaí, nó is féidir leo suí mar FPEanna neamhspleácha. Le go n-aithneofar grúpa, caithfidh 25 FPE a bheith aige agus ionadaíocht ar an gceathrú cuid ar a laghad de bhallstáit an AE a bheith aige.

Os féidir leat na liostaí seo a leanas a léamh:

Cad a dhéanann Parlaimint na hEorpa?

Tá 3 ról ag Parlaimint na hEorpa:

  • Déanann sé díospóireacht ar reachtaíocht. Féadann sé dlíthe a rith nó a dhiúltú, agus féadann sí leasuithe a dhéanamh freisin (ach ní i ngach cás). Ní mór do Chomhairle an AE dlíthe a fhaomhadh freisin chun go mbeidh siad ina ndlí. Má bhaineann an dlí le buiséid an AE, ní féidir leis an bParlaimint ach comhairle a thabhairt ina leith - níl an chumhacht aici an dlí a dhiúltú. Féadfaidh tú níos mó a léamh faoin gcaoi a ndéantar dlíthe an AE.
  • Déanann sí maoirseacht ar institiúidí agus ar bhuiséid an AE. Caithfidh uachtarán Choimisiún an AE a bheith faofa ag an bParlaimint, agus caithfidh an Coimisiún ceisteanna i scríbhinn nó ó bhéal a fhreagairt le linn Tráth na gCeisteanna.
  • Tiomsaíonn sí buiséad AE (in éineacht le Comhairle an AE).

Murab ionann agus an chuid is mó de na parlaimintí náisiúnta, ní féidir le Parlaimint na hEorpa reachtaíocht a thionscnamh. Is é an Coimisiún Eorpach an t-aon institiúid AE a bhfuil sé de chumhacht aige dlíthe nua a thionscnamh (nó a thosú). Féadfaidh an Pharlaimint a iarraidh ar an gCoimisiún dlíthe a thionscnamh.

Conas is féidir liom rochtain a fháil ar dhoiciméid Pharlaimint anAE?

Is féidir leat an fhaisnéis seo a leanas a rochtain ar líne:

Conas a chuirim ábhar imní in iúl doPharlaimint na hEorpa?

Má tá ceist agat ar mhaith leat aird na Parlaiminte a thabhairt uirthi, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do FPE áitiúil, nó achainí a dhéanamh go díreach ar an bParlaimint.

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an oifig idirchaidrimh in Éirinn freisin. Féach ‘tuilleadh eolais agus teagmhálacha’ thíos.

Tuilleadh eolais agusteagmhálacha

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó cheann de na hoifigí eolais de chuid Pharlaimint na hEorpa.

Is féidir leat ceisteanna a chur freisin tríd an tSeirbhís Fiosrúcháin do Shaoránaigh.

Faigh eolas maidir le cuairt a thabhairt ar Pharlaimint na hEorpa.

Coiste Achainíocha Phairlimint na hEorpa

Cathaoirleach an Choiste Achainíocha
Rue Wiertz
B-1047 Brussels
Belgium

Parlaimint na hEorpa

Allée du Printemps
B.P. 1024/F F-67070 Strasbourg Cedex
France

Teil: 0033 0 388 174 001
Facs: 0033 0 388 256 501
Láithreán Gréasáin: http://www.europarl.europa.eu
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Aibreán 2024