Comhairle Aontas na hEorpa
- Réamhrá
- Cad a dhéanann Comhairle an Aontais Eorpaigh?
- Conas a dhéanann Comhairle an Aontais Eorpaigh cinntí?
- Foirmíocht na Comhairle
- Tuilleadh Eolais agus teagmhálacha.
Réamhrá
Roinneann Comhairle an Aontais Eorpaigh cumhacht cinnteoireachta le Parlaimint na hEorpa, go háirithe i réimsí na reachtaíochta agus an cheadaithe buiséid.
Tá an Chomhairle comhdhéanta de aire rialtais ó gach ballstát. Is eintiteas dlíthiúil aonair é, cé nach bhfuil baill seasta aici. Braithfidh airí rialtais na Comhairle ar an gcineál dlíthe nó beartas atá á bplé.
Mar shampla, má tá athruithe ar dhlíthe talmhaíochta ar leibhéal an AE faoi chaibidil, beidh an Chomhairle comhdhéanta de na hairí a mbeidh freagracht orthu as talmhaíocht gach ballstáit (comhairle na n-airí).
Athraíonn uachtaránacht na Comhairle gach 6 mhí.
Is eagraíocht dhifriúil í Comhairle an Aontais Eorpaigh leis an gComhairle Eorpach agus le Comhairle na hEorpa (nach institiúid de chuid an AE í).
Cad a dhéanann Comhairle an Aontais Eorpaigh?
Tá na feidhmeanna seo a leanas ag an gComhairle:
- Reachtúil - Tá sé de chumhacht ag an gComhairle dlíthe a rith. Is cumhacht í seo a roinneann sí le Parlaimint na hEorpa. In go leor cásanna, ní mór don Chomhairle agus don Pharlaimint araon reachtaíocht a rith chun go mbeidh sí ina dlí. Is féidir leat níos mó a léamh faoin gcaoi a n-oibríonn sé seo.
- Eacnamaíoch - Gach bliain, dréachtaíonn an Chomhairle treoirlínte do bheartais eacnamaíocha na mballstát.
- Beartais - déanann an chomhairle beartais eachtracha agus slándála an AE a fhorbairt.
- Idirbheartaíocht - tá ról maoirseachta ag an gComhairle agus an focal deiridh aici nuair a bhíonn an AE i mbun plé ar chomhaontuithe idirnáisiúnta le tíortha eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.
- Buiséad - Glacann an Chomhairle buiséad an AE i dteannta leis an bParlaimint.
Conas a dhéanann Comhairle an Aontais Eorpaigh cinntí?
Úsáideann an Chomhairle vótáil tromlaigh cháilithe (QMV). Ciallaíonn sé seo, chun go rithfidh an Chomhairle cinneadh:
- Caithfidh 55% ar a laghad de na ballstáit aontú agus
- Caithfidh na ballstáit a chomhaontaíonn, ionadaíocht 65% ar a laghad de dhaonra an AE a bheith acu
Chun an togra a bhac ní mór do 4 bhallstát, a bhfuil ionadaíocht 35% ar a laghad de dhaonra an AE acu, vótáil ina choinne.
Éilíonn ábhair íogaire áirithe vóta d’aon ghuth (caithfidh gach ballstát a bheith aontaithe), amhail beartas eachtrach agus cánachais, chun an reachtaíocht a rith.
Foirmíocht na Comhairle
Tá 10 bhfoirmíocht ag an gComhairle. Ciallaíonn sé seo go mbuaileann an Chomhairle le chéile i 10 ngrúpa éagsúla. Is iad:
- Gnóthaí ginearálta
- Gnóthaí Eachtracha
- Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
- Dlí agus Cirt agus Gnóthaí Baile
- Fostaíocht, Beartas Sóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
- Iomaíochas (Margadh Inmheánach, Taighde Tionscail agus Spás)
- Iompar, Teileachumarsáid agus Fuinneamh
- Talmhaíocht agus Iascach
- Comhshaol
- Oideachas, Óige, Cultúr agus Spórt
Tuilleadh Eolais agus teagmhálacha.
Féadfaidh tú tuilleadh faoi Chomhairle an Aontais Eorpaigh a léamh ar a láithreán gréasáin.