Ceart Vótála
- Réamhrá
- Saoránaigh Éireannacha
- Saoránaigh na Breataine
- Saoránaigh an Aontais Eorpaigh
- Saoránaigh Neamh AE
- Cad a tharlaíonn má athraíonn mo shaoránacht?
- Tuilleadh eolais agus teagmhálacha
Réamhrá
Chun vóta a chaitheamh in aon toghchán nó reifreann, caithfidh tú a bheith i dteideal vótála. Tá do theidlíocht bunaithe ar do náisiúntacht, agus tá rialacha ann maidir leis na náisiúntachtaí a bhfuil cead acu vóta a chaitheamh i dtoghcháin agus reifrinn in Éirinn.
Chomh maith leis sin ní mór duit a bheith:
- 18 mbliana nó níos sine ar lá na vótála agus
- Cláraithe
chun vótála
Fiú má tá tú i dteideal vóta a chaitheamh mar gheall ar do náisiúntacht, ní féidir leat vótáil mura bhfuil tú cláraithe ar Chlár na dToghthóirí. Is féidir leat an clár a sheiceáil chun a fháil amach an bhfuil tú cláraithe. Féach ar ár ndoiciméad ‘Clárú chun vótála ’le haghaidh tuilleadh eolais.
Míníonn an doiciméad seo cé atá i dteideal vóta a chaitheamh i:
- Toghcháin don Dáil - Teach Íochtarach an Oireachtais, nó an pharlaimint náisiúnta (ar a dtugtar olltoghcháin)
- Toghcháin don Seanad - Teach Uachtarach an Oireachtais
- Toghcháin do Pharlaimint na hEorpa
- Toghcháin áitiúla
- Toghcháin uachtaránachta
- Reifrinn
Saoránaigh Éireannacha
Is féidir le saoránaigh Éireannacha vótáil in:
Ní mór duit a bheith 18 mbliana d'aois nó níos sine, agus cláraithe chun vótála. Ní féidir leat clárú chun vótáil má tá cónaí ort tú lasmuigh d'Éirinn, cé go bhfuil roinnt eisceachtaí ann.
Toghcháin an tSeanaid
Chun vótáil i dtoghcháin an tSeanaid, ní mór duit a bheith i do shaoránach Éireannach atá:
- ina chéimí de chuid Ollscoil na hÉireann (nó coláiste aitheanta OÉ) nó
- ina chéimí de chuid Choláiste na Tríonóide é
- ina bhall de Dháil Éireann (Teachta Dála, nó TD)
- ina bhall den Seanad ag dul as oifig
- ina bhall de chomhairle contae nó cathrach (comhairleoir)
Má tá tú incháilithe, is féidir leat vótáil i ndáilcheantair OÉ agus Choláiste na Tríonóide, fiú má tá tú i do chónaí lasmuigh d'Éirinn.
Saoránaigh na Breataine
Is féidir le saoránaigh na Breataine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn vótáil in:
Más saoránach na Breataine tú a bhfuil cónaí ort in Éirinn tar éis na Breatimeachta, ní bheidh tú i dteideal vótáil i dtoghcháin Eorpacha a thuilleadh.
Aithnítear saoránaigh na Breataine leis an litir 'D' ar Chlár na dToghthóirí.
Saoránaigh an Aontais Eorpaigh
Is féidir le saoránaigh an AE a bhfuil cónaí orthu in Éirinn vótáil i:
Más saoránach AE tú, seachas saoránach Éireannach, agus mura raibh tú cláraithe le vótáil i dtoghcháin Eorpacha roimhe seo in Éirinn, ní mór duit dearbhú a chomhlánú ar fhoirm EP1 (ar fáil ar líne agus ó d'údarás áitiúil). Tá sé seo ann chun vótáil dhúbailte i dtoghcháin Eorpacha a chosc. Seolfaidh an t-údarás áitiúil an fhaisnéis i do dhearbhú chuig tír do náisiúntachta.
Ní mór duit a bheith cláraithe ag seoladh amháin agus ní mór duit bheith i do chónaí ag an seoladh. Má aistríonn tú ón seoladh ag a bhfuil tú cláraithe, beidh ort dul i dteagmháil leis an údarás áitiúil agus do sheoladh nua a thabhairt dóibh.
Má fhágann tú do sheoladh ach má tá sé ar intinn agat filleadh air laistigh de 18 mí, is féidir leat leanúint le bheith cláraithe ann, fad is nach gcláraíonn tú ag aon seoladh eile.
Aithnítear saoránaigh an AE leis an litir ‘E’ ar Chlár na dToghthóirí.
Saoránaigh Neamh AE
Is féidir le saoránaigh ón taobh amuigh den Aontas Eorpach vóta a chaitheamh:
Is féidir leat vótáil i dtoghchán áitiúil más saoránach neamh-AE thú, beag beann ar an gcineál cónaitheachta atá agat, nó má tá tú ag lorg tearmainn agus mura bhfuil cinneadh déanta agat ar d'iarratas.
Aithnítear saoránaigh neamh-AE leis an litir 'L' ar Chlár na dToghthóirí.
Cad a tharlaíonn má athraíonn mo shaoránacht?
Má athraíonn do shaoránacht, ba chóir duit do shonraí a nuashonrú ar Chlár na dToghthóirí.
Má fhaigheann tú shaoránacht Éireannach, agus má tá tú cláraithe le vótáil cheana féin, ba chóir duit foirm RFA5 a chomhlánú chun do shonraí saoránachta nua a chur ar an Chlár na dToghthóirí. Beidh ort cruthúnas a sholáthar go bhfuil tú i do shaoránach Éireannach anois (cóip de do theastas eadóirseachta, nó cóip den leathanach grianghraif do phas Éireannigh).
Tuilleadh eolais agus teagmhálacha
Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi:
- Clárú chun vótála
- Olltoghcháin
- Toghcháin Eorpacha
- Toghcháin áitiúla
- Toghcháin uachtaránachta
- Reifrinn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin le d'údarás áitiúil, nó leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.