Clárú chun vótáil
- Vótáil in Éirinn
- Toghcháin atá le teacht in 2024
- Conas clárú chun vótáil
- Nuashonraigh do chuid sonraí
- Liostaí Vótálaithe Poist agus Vótálaithe Speisialta
- Clár na dToghthóirí agus margaíocht dhíreach
- Vótálaithe mac léinn
- Vótálaithe thar lear
- Teagmhálacha agus naisc úsáideacha
Vótáil in Éirinn
Más mian leat vótáil i dtoghchán nó i reifreann in Éirinn, ní mór duit a bheith:
- Incháilithe chun vótáil agus
- Cláraithe chun vótáil
Mínítear ar an leathanach seo conas clárú chun vótáil, agus cad ba cheart a dhéanamh má tá athrú tagtha ar do chás ó tharla an toghchán nó an reifreann deireanach.
Athruithe ar an gcóras clárúcháin
Is féidir clárú anois chun vótáil den chéad uair agus an clár a nuashonrú i rith na bliana. Má chuireann tú d'uimhir PSP ar fáil, ní gá duit d'aitheantas agus d'fhoirmeacha a bheith fianaithe ag stáisiún Gardaí. Is féidir iarratais chun clárú agus chun an clár a athrú a dhéanamh ar líne ag checktheregister.ie.
Má tá tú cláraithe cheana féin, ba cheart duit do chuid sonraí a sheiceáil agus d'uimhir PSP, do dháta breithe agus d'Éirchód a chur leis ar checktheregister.ie. Táthar ag iarraidh ar gach duine é seo a dhéanamh chun an clár a choinneáil cothrom le dáta.
Toghcháin atá le teacht in 2024
Beidh tú in ann vótáil sna toghcháin áitiúla, i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin Mhéara Luimnigh Dé hAoine, an 7 Meitheamh 2024.
Osclófar na stáisiúin vótála ó 7am go dtí 10pm.
Seiceáil an bhfuil tú cláraithe chun vótá a chaitheamh.
Más mian leat vóta a chaitheamh sna toghcháin seo, ní mór duit a bheith cláraithe chun vótáil faoin Luan, 20 Bealtaine 2024.
Má tá tú incháilithe, is féidir leat iarratas a dhéanamh le bheith ar Liosta na bPostvótálaithe nó ar Liosta na Vótálaithe Speisialta suas go dtí an 11 Bealtaine 2024.
Conas clárú chun vótáil
Tá dualgas dlíthiúil ar gach údarás áitiúil a Chlár Toghthóirí a chothabháil, a nuashonrú agus a fhoilsiú. Ní mór an Clár a choinneáil agus a nuashonrú ar bhonn leanúnach.
Chun a bheith incháilithe le bheith ar Chlár na dToghthóirí, ní mór duit:
- A bheith 18 mbliana d'aois ar a laghad
- A bheith ina ngnáthchónaí ag seoladh in Éirinn
Má tá tú gan dídean nó mura bhfuil seoladh ar bith agat, is féidir leat clárú chun vóta a chaitheamh ach a rá nach bhfuil ‘aon seoladh seasta agat.’ Léigh tuilleadh faoi bheith gan dídean agus clárú le vótáil.
Má tá níos mó ná seoladh amháin agat, ba chóir duit an seoladh inar mian leat a bheith cláraithe a thabhairt. Ní féidir leat a bheith cláraithe ach ag seoladh amháin.
Is féidir clárú chun vótáil:
- Ar líne ag checktheregister.ie
- Trí foirm iarratais a líonadh isteach
Mura dtugann tú uimhir PSP, ní mór duit d'fhoirm agus d'aitheantas a fháil fianaithe ag stáisiún Gardaí áitiúil.
Spriocdháta chun clárú chun vótáil
Ní mór d'iarratas a bheith faighte ag an údarás áitiúil 15 lá ar a laghad roimh thoghchán nó reifreann (seachas an Domhnach, Aoine an Chéasta agus laethanta saoire poiblí). Má fhaightear é 14 lá nó tar éis 14 lá sula mbeidh toghchán nó reifreann ar siúl, ní bheidh tú cláraithe chun vótáil sa toghchán nó sa reifreann sin.
Liosta toghthóirí ar feitheamh
Is féidir leat do chuid sonraí a chur leis an 'liosta toghthóirí atá ar feitheamh' má tá tú 16 nó 17 mbliana d'aois agus má tá gnáthchónaí ort in Éirinn.
Toghthóirí gan ainm
Is féidir Clár na dToghthóirí a iniúchadh in oifigí údaráis áitiúil. Má tá imní ort go gcuirfeadh do chuid sonraí ar fáil lena n-iniúchadh tú i mbaol, is féidir leat iarratas a dhéanamh le bheith i do thoghthóir gan ainm. Is féidir leat an fhoirm a fháil chun an t-iarratas seo a dhéanamh ag checktheregister.ie.
Is doiciméad poiblí é Clár na dToghthóirí. Ní fhoilseofar d'uimhir PSP ná do dháta breithe.
Nuashonraigh do chuid sonraí
Is féidir leat do chuid sonraí a nuashonrú anois ag am ar bith i rith na bliana. Is é an bealach is éasca chun é seo a dhéanamh ar checktheregister.ie.
Ní mór duit do chuid sonraí a athrú 15 lá ar a laghad roimh lá na vótála. Ní áirítear Domhnach, laethanta saoire poiblí ná Aoine an Chéasta mar laethanta chun na críche sin.
Má tá tú cláraithe cheana féin, ba chóir duit do chuid sonraí a sheiceáil agus d'uimhir PSP, do dháta breithe agus d'Éirchód a chur leis an checktheregister.ie. Cuirfidh sé seo ar chumas an údaráis áitiúil a sheiceáil go bhfuil do chuid sonraí ceart. Ní fhoilseofar d'uimhir PSP ná do dháta breithe ar chlár na dtoghthóirí.
Iarratais tríú páirtí
Is féidir leat iarratas a dhéanamh chun an clár a nuashonrú má tá forais réasúnacha agat chun a chreidiúint go bhfuil iontráil faoi dhuine eile míchruinn. Mar shampla, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun an clár a nuashonrú má fuair duine bás.
Dualgas an údaráis áitiúil an clár a chothabháil
Is féidir leis an údarás áitiúil doiciméid a iarraidh chun a chruthú go bhfuil tú i dteideal vótáil mar chuid dá dhualgas a chinntiú go bhfuil an clár cothrom le dáta.
Liostaí Vótálaithe Poist agus Vótálaithe Speisialta
Vótáil tríd an bpost
Caithfidh formhór na vótálaithe vótáil go pearsanta in ionad vótála oifigiúil. Mar sin féin, d'fhéadfá a bheith incháilithe do vóta poist más rud é:
- Taidhleoir Éireannach a phostaítear thar lear, nó a gcéile nó páirtnéir sibhialta atá ina gcónaí thar lear leo
- Ball lánaimseartha d'Óglaigh na hÉireann
D'fhéadfá a bheith incháilithe do vóta poist freisin mura féidir leat dul chuig stáisiún vótála mar gheall ar:
- Tá tinneas nó míchumas ort
- Tá tú ag staidéar go lánaimseartha in institiúid oideachais in Éirinn, atá ar shiúl ón seoladh baile ina bhfuil tú cláraithe
- Ní féidir leat vótáil ag do stáisiún vótála áitiúil mar gheall ar do shlí bheatha, do sheirbhís nó d'fhostaíocht
- Níl tú in ann vótáil ag do stáisiún vótála toisc go bhfuil tú i bpríosún mar thoradh ar ordú cúirte
- Is ball den Gharda Síochána thú
- Tá tú cláraithe mar thoghthóir gan ainm, nó is cuid de theaghlach toghthóra gan ainm thú
Tá daoine atá i dteideal vótáil tríd an bpost cláraithe ar liosta na Vótálaithe Poist. Is é an dáta is déanaí chun iarratais a fháil ná:
- 2 lá tar éis dháta lánscor na Dála i gcás olltoghcháin
- 2 lá tar éis dháta an ordaithe lena gceaptar lá vótaíochta i gcás corrthoghcháin Dála
- 22 lá (gan an Domhnach agus laethanta saoire poiblí a áireamh) roimh lá na vótaíochta le haghaidh toghchán nó reifreann eile
Tá foirmeacha iarratais ar fáil ar checktheregister.ie agus ó d'údarás áitiúil.
Má tá tú cláraithe mar vótálaí poist, ní féidir leat vótáil ach amháin tríd an bpost. Ní féidir leat vótáil ag stáisiún vótála.
Liosta na Vótálaithe Speisialta
D'fhéadfá cáiliú le bheith ar Liosta Vótálaithe Speisialta má tá cónaí ort in ospidéal, i dteach altranais nó in institiúid dá leithéid agus más mian leat vótáil sna háiteanna sin. Má tá iarratas á dhéanamh agat den chéad uair, ní mór duit teastas dochtúra a sheoladh in éineacht le d'iarratas.
Is é an dáta is déanaí chun iarratais a fháil ná:
- 2 lá tar éis dháta lánscor na Dála i gcás olltoghcháin
- 2 lá tar éis an dáta a dhéantar ordú lá vótaíochta i gcás corrthoghcháin Dála
- 22 lá (gan an Domhnach, Aoine an Chéasta agus laethanta saoire poiblí a áireamh) roimh lá na vótaíochta do thoghcháin nó reifrinn eile
Tá foirmeacha iarratais ar fáil ar checktheregister.ie agus ó d'údarás áitiúil, stáisiún Gardaí nó oifig an phoist.
Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi áiseanna vótála do dhaoine faoi mhíchumas.
Clár na dToghthóirí agus margaíocht dhíreach
Go dtí le déanaí, bhí leagan atheagraithe de Chlár na dToghthóirí ar fáil. D'fhéadfaí an leagan atheagraithe seo a úsáid chun críocha margaíochta dírí.
Ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 i leith, níl leagan atheagraithe de Chlár na dToghthóirí ann a thuilleadh.
Is cion é d'eagraíocht an clár iomlán toghthóirí a úsáid chun críocha margaíochta dírí. Faigh tuilleadh eolais faoi conas déileáil le hábhar margaíochta dírí gan iarraidh.
Vótálaithe mac léinn
Má tá tú ag staidéar as baile agus tú ag freastal ar an gcoláiste, is féidir leat clárú ag do sheoladh baile nó ag do sheoladh cónaithe mac léinn.
Ní mór duit a bheith cláraithe ag seoladh amháin.
Má tá cónaí ort ar shiúl ón seoladh ag a bhfuil tú cláraithe, beidh ort an clár a nuashonrú.
Má fhágann tú do sheoladh ach má tá sé beartaithe agat filleadh air sin laistigh de 18 mí, is féidir leat leanúint de bheith cláraithe ansin, fad is nach gcláraíonn tú ag aon seoladh eile.
Is féidir le mic léinn clárú chun vótáil tríd an bpost má tá siad cláraithe faoi láthair, ach níl siad in ann dul chuig a stáisiún vótála toisc go bhfuil siad ag staidéar as baile. Chun clárú chun vótáil tríd an bpost, comhlánaigh foirm PV4 agus seol í chuig an údarás áitiúil sa cheantar inar mian leat vótáil. Féach 'Liostaí Vótálaithe Poist agus Vótálaithe Speisialta' thuas chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Vótálaithe thar lear
Más saoránach Éireannach thú atá i do chónaí thar lear, ní féidir tú a chur le Clár na dToghthóirí mura oifigeach Éireannach thú atá ar dualgas thar lear (nó a gcéile nó a bpáirtnéir sibhialta).
Ina cúigiú tuarascáil in 2013, mhol an Coinbhinsiún ar an mBunreacht go mbeadh sé de cheart ag saoránaigh Éireannacha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Stát vótáil i dtoghcháin uachtaránachta. Theastódh reifreann chuige sin.
Teagmhálacha agus naisc úsáideacha
Is féidir leat iarratas a dhéanamh go díreach, nó foirmeacha iarratais a íoslódáil ar checktheregister.ie. Tá foirmeacha ar fáil freisin ó gach údarás áitiúil, oifig phoist agus leabharlann phoiblí.
Seol an fhoirm chomhlánaithe ar ais chuig d'údarás áitiúil.
Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil ar chlárú vótálaithe ó d'údarás áitiúil, nó ón Roinn Tithíochta, Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.