Toghcháin Áitiúla

Réamhrá

Cuirtear toghcháin áitiúla ar siúl in Éirinn gach 5 bliana, i mí na Bealtaine nó an Mheithimh. Ceadaíonn na toghcháin do dhaoine comhairleoirí a thoghadh chun ionadaíocht a dhéanamh dóibh ina n-údaráis áitiúla.

Tá 31 údarás áitiúil in Éirinn, Comhairlí Contae, Comhairlí Cathrach, agus Comhairlí Cathrach agus Contae san áireamh. Tá comhairle contae, cathrach, agus comhairle cathrach agus contae roinnte ina toghcheantair áitiúla. Tá méid áirithe comhaltaí den údarás áitiúil ag gach toghcheantar áitiúil lena dtoghadh.

Socraíonn an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta lá na vótála. Caithfidh an tréimhse vótála maireachtáil ar feadh 12 uair an chloig, ar a laghad, idir 7.00am agus 10.30pm agus caithfidh an lá céanna a bheith ann sna limistéir údaráis áitiúil go léir.

Tá an ceann comhairimh i ngach údarás áitiúil freagrach as a dtoghchán áitiúil a bhainistiú. Íocann gach údarás áitiúil as an gcostas a bhíonn ar a dtoghchán féin a reáchtáil.

Má thoghtar iarrthóir le breis agus údarás áitiúil amháin, caithfidh siad a dhearbhú i scríbhinn cén limistéar ar mian leo ionadaíocht a dhéanamh dó laistigh de 3 lá tar éis go bhfógraítear torthaí an toghcháin go poiblí.

Próiseas ainmniúcháin

Más mian leat seasamh i dtoghchán le húdarás áitiúil in Éirinn, caithfidh tú a bheith ainmnithe i rith na seachtaine a thagann aníos 4 seachtaine roimh lá na vótála.

Is féidir leat tú féin a ainmniú nó a bheith ainmnithe ag duine atá cláraithe le vóta a chaitheamh sa limistéar údaráis áitiúil. Is féidir thú a ainmniú le seasamh i mbreis agus limistéar amháin.

Tá foirmeacha ainmniúcháin (LE1) ar fáil ó cheann comhairimh an údaráis áitiúil. I ndiaidh duit d’fhoirm a líonadh, caithfidh tú é a sheoladh ar ais go dtí an ceann comhairimh.

Má tá tú cleamhnaithe le páirtí polaitíochta, caithfidh tú Deimhniú Cleamhnaithe Páirtí a sheoladh ar ais le d’fhoirm ainmniúcháin.

Mura bhfuil tú cleamhnaithe le páirtí, is féidir leat a lua gurb ainmniúchán 'Neamhpháirtí' d’ainmniúchán nó an cheist a fhágáil bán ar an bhfoirm.

Más iarrthóir neamhspleách thú, caithfidh tú d’fhoirm ainmniúcháin a sheoladh ar ais, anuas ar cheann amháin den mhéid seo a leanas, chuig an gceann comhairimh:

  • Dearbhuithe reachtúla a rinne 15 aontóir (pdf): Caithfidh daoine a bheith in aontóirí atá cláraithe le vóta a chaitheamh sa toghcheantar áitiúil. Caithfidh coimisinéir mionnaí, coimisinéir síochána, nótaire poiblí, comhalta den Gharda Síochána nó oifigeach den údarás clárúcháin bheith mar fhinné ar an dearbhú reachtúil.

  • Caithfear éarlais €100 a thaisceadh leis an gceann comhairimh.

Is féidir le hiarrthóirí neamhspleácha agus atá cleamhnaithe le páirtí grianghraf a chur ar fáil is féidir a chur san áireamh ar an bpáipéar ballóide. Is féidir leat teacht ar mhéid an ghrianghraif agus ar na riachtanais eile a mhionsonraítear ar an bhFoirm Ainmniúcháin (pdf).

Caithfidh an ceann comhairimh rialáil ar cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil do pháipéar ainmniúcháin bailí laistigh d’uair an chloig tar éis gur sheol tú ar aghaidh é.

Is féidir teacht ar eolas breise ar thoghcháin áitiúla in Alt 15 den Acht Toghcháin (Leasú), 2009.

Rialacha d’iarrthóirí

Tá tú incháilithe a bheith tofa le húdarás áitiúil má tá gnáthchónaí ort in Éirinn agus má tá tú 18 mbliana d’aois, ar a laghad. Ní gá gur saoránach Éireannach thú.

Dícháilítear thú ó bheith i do chomhalta d’údarás áitiúil sna cásanna seo a leanas:

  • Is Comhalta den Choimisiún Eorpach, de Pharlaimint na hEorpa nó de na Cúirteanna thú
  • Is Comhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann thú
  • Is Ceann Comhairle (Cathaoirleach na Dála) nó Cathaoirleach (Cathaoirleach an tSeanaid) thú
  • Is comhalta den Gharda Síochána nó comhalta lánaimseartha d’fhórsaí cosanta na Éireann tú
  • Is breitheamh thú
  • Is comhalta de Chúirt Iniúchóirí na gComhphobal Eorpach thú
  • Is Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste thú
  • Is státseirbhíseach thú - nuair nach luaitear go sonrach i do chonradh fostaíochta gur féidir leat bheith i do chomhalta d’údarás áitiúil
  • Is duine thú atá fostaithe ag údarás áitiúil agus nach sealbhóir aicme, cuntas nó grád fostaíochta thú a shainítear in ordú faoi alt 161(1)(b) den Acht Rialtais Áitiúil, 2001
  • Tá tú fostaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus tá tú fostaithe ar ghrád nó cuntas fostaíochta a shainíonn ordú an Aire Sláinte agus Leanaí
  • Tá tú i bpríosún faoi láthair ar feadh téarma atá níos faide ná 6 mhí
  • Is duine thú ar theip ort íoc as muirir údaráis áitiúil
  • Is duine thú ar theip ort ordú cúirte a chomhlíonadh le hairgead a íoc atá dlite d’údarás áitiúil
  • Is duine thú a ciontaíodh i gcalaois nó i ndéileálacha mí-ionraic a dhéanann difear d’údarás áitiúil, i gcleachtas éillitheach nó i ngníomhú fad a bhíonn tú dícháilithe

Teorainn ar chaiteachas iarrthóra

Ceadaítear d’iarrthóirí méid teoranta airgid a chaitheamh ar an bhfeachtas toghcháin áitiúil. Is éagsúil a bhíonn an tsuim seo ag brath ar mhéid daonra cheantar na dtoghthóirí.

 
Toghcheantar áitiúil Teorainn ar chaiteachas iarrthóra
Daonra níos mó ná 35,000 duine €15,350
Daonra idir 18,001 agus 35,000 duine €13,600
Daoine 18,000 duine nó níos lú €11,500

Caithfidh iarrthóirí a nochtadh cé mhéid a chaitheann siad don údarás áitiúil laistigh de 90 lá i ndiaidh lá na vótála. Leagann an tAire amach dáta tosaithe thréimhse chaiteachais an fheachtais, nach mór dó a bheith idir 50 agus 60 lá roimh lá na vótála.

Tabhartais

Baineann na rialacha seo a leanas le hiarrthóirí:

  • Ní féidir le hiarrthóir breis agus €1,000 a fháil ó dheontóir ar leith i mbliain féilire
  • Caithfear sonraí faoi shíntiúis níos mó ná €600 a thabhairt don údarás áitiúil
  • Caithfidh iarrthóir a fhaigheann síntiús os cionn €100 cuntas bainc a oscailt agus a choimeád go sonrach dá síntiúis pholaitíochta

Baineann na srianta seo a leanas le síntiúis:

  • Ní cheadaítear síntiúis gan ainm níos mó ná €100
  • Ní cheadaítear síntiúis airgid thirim níos mó ná €200
  • I gcás síntiúis chorparáideacha breis agus €200, caithfidh an deontóir a bheith cláraithe leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí agus caithfear fianaise a sholáthar gur cheadaigh an comhlacht corparáideach an síntiús a sholáthar

Póstaeir agus comharthaí toghcháin áitiúil

Ceadaíonn an tAcht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997, arna leasú ag an Acht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2), 2009 do dhaoine póstaeir thoghcháin a thaispeáint ar feadh tréimhse áirithe. Is féidir iad a thaispeáint ón dáta a cheapann an tAire lá na vótála trí ordú, nó 30 lá before lá na vótála, pé ceann is níos giorra. Caithfear iad a bhaint laistigh de 7 lá i ndiaidh lá na vótála.

Má bhíonn póstaer toghcháin ina chúis le guais do thiománaithe nó coisithe, is féidir leat d’údarás áitiúil a chur ar an eolas faoi na buarthaí sábháilteachta seo.

Conas vóta a chaitheamh i dtoghchánáitiúil

Is féidir le vótálaithe vóta a chaitheamh trí bhallóid rúnda ar lá na vótála ag a stáisiún vótála áitiúil. Tá córas toghcháin na hÉireann bunaithe ar ionadaíocht chionmhar trí vóta singil inaistrithe (PR-STV). Is féidir le vótálaithe an liosta iarrthóirí a uimhriú in ord a rogha.

Má tá lagú amhairc ort, beidh Páipéar Ballóide Teimpléid ar fáil ag gach stáisiún vótála agus is féidir leat úsáid a bhaint as le do vóta a chaitheamh.

Ní gá gur saoránach Éireannach thú le vóta a chaitheamh i dtoghchán áitiúil. caithfidh ‘gnáthchónaí’ a bheith ort sa Stát, áfach, an 1 Meán Fómhair le clárú ar Chlár na dToghthóirí don bhliain ina dhiaidh sin.

Le vóta a chaitheamh i dtoghchán áitiúil, caithfidh tú:

  • A bheith níos sine ná 18 mbliana d’aois.
  • A bheith i do chónaí sa toghcheantar áitiúil.
  • A bheith ar liosta Chlár na dToghthóirí, nó ar an bhForlíonadh leis an gClár.

Ní féidir leat vóta a chaitheamh i dtoghchán comhairle contae agus cathrach.

Lena dheimhniú an bhfuil d’ainm ar Chlár na dToghthóirí, is féidir leat:

  • Seiceáil ar líne ag checktheregister.ie, nó
  • Fiosrúchán a dhéanamh ag do stáisiún Gardaí, oifig an phoist, leabharlann phoiblí nó oifig údaráis áitiúil

Más mian leat go gcuirfear thú le Clár na dToghthóirí, ba cheart duit foirm iarratais a líonadh agus é a sheoladh ar ais chuig d’údarás áitiúil. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ar líne ag checktheregister.ie nó ag d’oifig údaráis áitiúil. Is féidir leat d’fhoirm iarratais líonta a sheoladh ar aghaidh tríd an saorphost chuig d’údarás áitiúil. Níl aon ghá stampa a chur ar an gclúdach litreach. Is féidir leat clárú ar líne freisin i mBaile Átha Cliath ag voter.ie má tá Cárta Seirbhísí Poiblí agus cuntas deimhnithe MyGovId agat.

Chun teacht ar eolas breise, féach ar cháipéis ar chlárú chun vóta a chaitheamh.

Conas Iarratas a dhéanamh

Le fáil amach an bhfuil d'ainm ar Chlár na dToghthóirí is féidir leat:

  • Seiceáil ar líne ag checktheregister.ie, nó
  • Tá sonraí teagmhála gach stáisiún Garda in Éirinn ar fáil ag tús gach eolaire teileafóin phoiblí. Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméid maidir le do chearta votála.

Más mian leat a bheith curtha leis an gClár Toghthóirí, ba chóir duit foirm iarratais a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais chuig d'údarás áitiúil. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ar líne ag checktheregister.ie nó ag oifig an údaráis áitiúil. Is féidir leat d'fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh chuig saor-phost chuig d'údarás áitiúil. Ní gá stampa a chur ar an gclúdach litreach.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach ar ár ndoiciméad maidir le clárú chun vótáil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 Lúnasa 2024