Iarrthóirí a ainmniú do bhallraíocht i bParlaimint na hEorpa

Réamhrá

Cuirtear toghcháin le Parlaimint na hEorpa ar siúl gach 5 bliana. Sna toghcháin seo, roghnóidh saoránaigh AE cé a dhéanfaidh ionadaíocht dá leasanna i bParlaimint na hEorpa.

Titeann toghcháin Pharlaimint na hEorpa amach laistigh de thréimhse 4 lá, i Meitheamh, de ghnáth, fud fad an Aontais Eorpaigh. Socraíonn an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta lá an toghcháin in Éirinn.

Is féidir leat eolas breise a léamh faoi na nósanna imeachta vótála i dtoghcháin Eorpacha in Éirinn.

Tá torthaí thoghcháin na hEorpa ar fáil ar election-results.eu.

Cé ar féidir leis bheith mar Bhallde Pharlaimint na hEorpa (FPE)?

Le bheith incháilithe le do thoghadh mar Bhall de Pharlaimint na hEorpa (FPE), caithfidh tú na critéir seo a leanas a shásamh:

  • Bheith i do shaoránach Éireannach nó i do shaoránach cónaithe AE
  • Bheith níos sine ná 21 bliain d’aois

Dícháilítear thú ó bheith i do MEP sna cásanna seo a leanas:

  • Tá tú dícháilithe ag dlí AE nó náisiúnta
  • Iarrthóir thú ar thoghchán i mBallstát eile
  • Duine mímheabhrach thú
  • Tá tú i bpríosún faoi láthair agus téarma níos faide ná 6 mhí á chaitheamh agat

Tá poist áirithe nach féidir a bheith agat chun go dtoghfar thú i do FPE, na poist seo a leanas san áireamh:

  • Aire nó Aire Stáit
  • Comhalta de Thithe an Oireachtais
  • Ball de na breithiúna
  • Státseirbhíseach
  • Ball lánaimseartha de na Fórsaí Cosanta
  • Gardaí

Is féidir leat féachaint ar liosta de Bhaill reatha de Pharlaimint na hEorpa (FPEanna) anseo.

Cé ar féidir leis vóta achaitheamh i dtoghchán Eorpach?

Is féidir le gach saoránach Éireannach atá 18 mbliana d’aois agus níos sine vóta a chaitheamh sa toghchán Eorpach. Más saoránach Éireannach thú ach má tá tú ag cónaí i dtír eile an AE, is féidir leat vóta a chaitheamh sa tír sin.

Más ó Bhallstát eile an AE thú ach má tá cónaí ort in Éirinn, is féidir leat vóta a chaitheamh sa toghchán Eorpach in Éirinn. Chun é sin a dhéanamh, caithfidh d’ainm a bheith ar chlár na dtoghthóirí. Más saoránach AE thú ach murar chláraigh tú le vóta a chaitheamh ag toghchán Eorpach a thit amach in Éirinn roimhe seo, caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar chlárú agus foirm dhearbhaithe reachtúil (EP1)(pdf) a líonadh. Seoltar na dearbhuithe reachtúla chuig an mBallstát ina gcónaíonn tú lena chinntiú nach bhfuil dhá vóta á chaitheamh ag daoine.

Ní féidir leat vóta a chaitheamh sa toghchán Eorpach i mbreis agus toghcheantar nó tír amháin.

Conas a ainmnítear iarrthóirí dothoghchán le Parlaimint na hEorpa?

Is féidir leat tú féin a ainmniú mar iarrthóir nó is féidir le vótálaí ón toghcheantar thú a ainmniú. Ní féidir iarrthóir a ainmniú ach i dtoghcheantar amháin.

Le bheith ainmnithe nó le tú féin a ainmniú le haghaidh ballraíochta de Pharlaimint na hEorpa, caithfidh tú ceann de na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Deimhniú Cleamhnaithe Páirtí a sholáthar
  • 60 dearbhú reachtúil ag aontóirí atá ina vótálaithe cláraithe sa toghcheantar a sholáthar (caithfidh aontóirí Foirm EP2A a líonadh agus caithfidh Coimisinéir Mionnaí, Coimisinéir Síochána, Nótaire Poiblí, ball den Gharda Síochána nó oifigeach den údarás cláraithe bheith mar fhinné orthu)
  • Éarlais €1,800 a íoc

Le hiarratas a dhéanamh, caithfidh tú páipéar ainmniúcháin a fháil ón gceann comhairimh do do thoghcheantar. Is féidir leat eolas teagmhála a fháil don cheann comhairimh do do thoghcheantar ó Rannóg an Toghchórais i d’údarás áitiúil. Caithfidh an ceann comhairimh rialáil ar cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil páipéar ainmniúcháin bailí laistigh d’uair an chloig tar éis é a fháil.

Tosaítear an tréimhse ina féidir iarrthóirí a ainmniú thart ar 6 seachtaine roimh lá na vótála agus maireann sé 1 nó 2 sheachtain ag brath ar náisiúntacht an iarrthóra.

Is féidir eolas breise a fháil faoi na rialacha maidir le hiarrthóirí a ainmniú le Parlaimint na hEorpa i dtreoir mhionsonraithe maidir le conas a thoghtar FPEanna na hÉireann ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Conas a dhéantar FPEanna aionadú?

Níl aon fhothoghcháin ann do Pharlaimint na hEorpa. Má fhaigheann FPE bás nó má éiríonn sé/sí as, líontar an folúntas ó liosta ionadaithe. Sula ndúnfar ainmniúcháin toghcháin Eorpacha, is féidir le gach páirtí polaitíochta cláraithe nó iarrthóir neamhspleách liosta a mhéid le 6 iarrthóir ionaid a sheoladh ar aghaidh chuig an gceann comhairimh.

Má fhaigheann FPE bás nó má éiríonn sé/sí as, líontar an folúntas leis an duine atá ag barr an liosta ionadaithe agus atá toiliúil go ndéanfar FPE díobh.

Is féidir eolas breise a fháil faoi conas a dhéantar iarrthóirí ó Pharlaimint na hEorpa a ionadú sa treoir mhionsonraithe maidir le Conas a thoghtar FPEanna na hÉireann ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Airgead a chaitheann iarrthóiríagus teorainneacha síntiúis

Teorainneacha ar chaiteachas

Is é an teorainn chaiteachais d’iarrthóir i dtoghchán Eorpach €230,000. Caithfear ráiteas i scríbhinn de na costais toghcháin go léir a sheoladh ar aghaidh chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí laistigh de 56 lá tar éis lá na vótála.

Teorainneacha síntiúis

Ní féidir le FPE nó le hiarrthóir ag toghchán Eorpach glacadh le síntiús atá níos mó ná €1,000 in aon bhliain ón deontóir céanna. Caithfidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an CCOP) a chur ar an eolas ar aon síntiúis os cionn €600. Ní cheadaítear d’iarrthóirí glacadh le síntiúis gan ainm níos mó ná €100 - caithfear aon síntiúis den saghas sin a thabhairt suas don CCOP.

Is féidir níos mó a léamh faoi rialacha maidir le caiteachas iarrthóirí agus le teorainneacha síntiúis anseo.

Conas Iarratas a dhéanamh

Ní mór duit páipéar ainmniúcháin a fháil ón gceann comhairimh i do thoghcheantar.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Ní mór duit iarratas a chur chuig an gceann comhairimh i do thoghcheantar atá ina S(h)irriam Cathrach nó Contae nó ina C(h)láraitheoir Contae. Tá eolas faoi theagmháil le ceann comhairimh do dháilcheantair le fáil ón Rannóg Vótaíochta i d'údarás áitiúil.

tuilleadh eolais maidir le toghcháin na hEorpa ar láithreán gréasáin na Roinne Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 Lúnasa 2024