Fothoghcháin
Réamhrá
An rud atá i gceist le fothoghchán ná toghhchán chun suíochán a líonadh atá folamh idir olltoghcháin agus toghcháin an tSeanaid.
Má fhaigheann ball tofa den Dáill nó den Seanad bás, nó éiríonn sé/sí as nó théann sé/sí ar scór, líontar a s(h)uíochán trí fothoghchán a reachtáil ach amháin mura mbeidh olltoghchán le bheith ann go luath.
Féadfaidh iarrthóirí ó pháirtithe polaitiúla agus neamhspléacha dul i gcoinne fothoghchán. De gnáth, ní thogtar ach duine amháin, seachas nuair atá níos mó ná suíochán amháin sa dáilcheantar folamh.
Ní oibríonn Parlaimint na hEorpa córas fothoghchán, Cuireann iarrthóirí liosta ionaid isteach roimh an toghchán, a úsáidtear chun a suíochán a líonadh má tá sé folamh. De ghnáth, is ón bpáirtí nó an cúlra polaitiúil céanna a thagann na hiarrthóirí ar an liosta ionaid. Mura cuireadh aon liosta iarrathóirí ionaid i láthair maidir leis an FPE a bhuaigh an suíochán sa toghchán nó mura féidir an folúntas a líonadh ón liosta ábhartha, féadfaidh an Dáil duine a roghnú chun an folúntas a líonadh ó aon liosta iarrthóirí ionaid a chuirtear i láthair dó an dáilcheantaar sin sa toghchán.
Sa chás go n-éiríonn comhairleoir áitiúil as oifig, go dtéann sé ar scor nó go bhfaigheann sé bás ainmníonn a bpáirtí iarrthóir ionaid. Má fhaigheann comhairleoir neamhspléach bás, leannan an t-údarás áitiúil a nósanna imeachta féin mar atá leagtha amach ina bhuanorduithe.
Fothoghcháin na Dála
Nuair a fhaigheann TD (Ball den Dáil) bás nó éiríonn sé as oifig, ritheann an Dáil (ceann de thithe na Parlaiminte in Éirinn) rún ag ordú d’oifigeach tuairisceáin dháilcheantar ad TD toghchán a reachtáil chun an folúntas a líonadh. Éisíonn an Dáil eas chuig an gceann comhairimh. Is cineál ordaithe dlí é eascaire.
Caithfidh an Dáil an eascaire a eisiúint laistigh de 6 mhí ó bhás nó scor an TD. Mura ndéanann, caithfidh an Ceann Comhairle a ordú do Chléireach na Dála an eascaire a eisiúint. Is é an tAcht Toghcháin (Leasú) 2011 an dlí lena rialaítear eisiúint eascairí i bhfothoghcháin.
Tá an nós imeachta chun iarrthóirí a ainmniú, vótáil agus stiúradh an chomhairimh i bhfothoghcháin Dáil mar an gcéanna le holltoghchán.
Ní féidir le duine atá ina bhall de Dháil Éireann faoi láthair a bheith ina iarrthóir i bhfothoghchán Dáil.
Fothoghcháin an tSeanaid
Má fhaigheann seanadóir bás nó má éiríonn sé as a phost, ritheann an Seanad tairiscint ag ordú do Chléireach Seanad Éireann fógra a thabhairt don Aire Rialtais Áitiúil go bhfuil suíochán folamh.
Caithfidh an tAire ordú a dhéanamh á ordú go ndéanfar fothoghchán chun an suíochán folamh a líonadh. Caithfear é seo a dhéanamh laistigh de 180 lá. Tá ainmniúchán iarrthóirí agus vótáil mar an gcéanna le toghchán Seanaid. Ní dhéantar an fothoghchán ach maidir leis an bpainéal ábhartha.
Póstaeir fothoghcháin
Caithfidh cead a fháil roimh ré ó úinéir an chuaille nó an structúir chun póstaeir agus comharthaí a chrochadh in áiteanna poiblí.
Faoin Acht um Thruailliú Bruscair 1997, arna leasú le hAlt 9 den Acht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2) 2009, ní féidir póstaeir agus comharthaí toghcháin a chur suas go dtí go mbeidh ordú déanta ag ceapadh an dáta vótála don fhothoghchán nó do 30 lá roimh dháta na vótaíochta (cibé acu an tréimhse is giorra). Tá sé de chumhacht ag údaráis áitiúla na míreanna seo a bhaint má dhíscaoileann siad nó má bhíonn siad ina núis bruscair.
Tar éis fothoghchán, caithfidh páirtí nó iarrthóir póstaeir a bhaint laistigh de tréimhse 7 lá. Tar éis an dáta sin, eisíonn d’údarás áitiúil fíneáil ar an láthair de € 150 i leith gach póstaeir atá fágtha. Bainfidh d’údarás áitiúil an póstaer de réir mar a eisítear an fhíneáil.
Má eisíodh fíneáil do pháirtí nó d’iarrthóir agus má dhiúltaíonn sé íoc, féadfaidh d’údarás áitiúil iad a ionchúiseamh sa Chúirt Dúiche chun íocaíocht a fhorfheidhmiú. Is é an pionós uasta sa Chúirt Dúiche tar éis ciontú i leith neamhíoc na fíneála ná € 4,000.
Féadfaidh an chúirt a cheangal ar dhuine a chiontófar i gcion bruscair costais agus costais an údaráis áitiúil a íoc agus an cion á imscrúdú agus an t-ionchúiseamh a thionscnamh, chomh maith leis na costais a bhaineann leis an mbruscar a ghlanadh.
Leathanach curtha in eagar: 30 Aibreán 2021