Scéim Éarlaise agus Aisíoca

Cad é an rud an Scéim Éarlaise agus Aisíoca?

Nuair a cheannaíonn tú deoch i gcoimeádán ar a bhfuil an lógó 'Re-turn' gearrfar éarlais inaisíoctha beag ort. Beidh tú in ann an tobhach a éileamh ar ais ansin tríd an gcoimeádán folamh a thabhairt ar ais.

Tugtar an Scéim Éarlaise agus Aisíoca ar an gcóras athchúrsála buidéal agus cannaí seo. Cuireadh tús leis an scéim ar an 1 Feabhra 2024.

Cuirtear costas an éarlais go huathoibríoch le costas na dí.

Is féidir leat an éarlais a fháil ar ais trí do choimeádáin a thabhairt ar ais ar an gcoinníoll go bhfuil siad folamh agus gan damáiste.

Cad iad na coimeádáin ar féidir iad a athchúrsáil?

Is féidir an chuid is mó de na coimeádáin deochanna ar nós buidéil, cannaí agus stáin déanta as plaisteach, alúmanam nó cruach a thabhairt ar ais ach iad a bheith idir 150ml agus 3 lítear i méid agus an lógó 'Re-turn' orthu.

Ba chóir go mbeadh na coimeádáin folamh, gan damáiste agus ina gcruth bunaidh. Ba cheart go mbeadh lógó 'Re-turn' ar an gcoimeádán agus caithfidh an barrachóid a bheith inléite freisin.

Cad iad na coimeadáin nach bhfuil san áireamh sa scéim athchúrsála?

I measc na gcoimeádán nach bhfuil san áireamh sa scéim agus nach féidir a thabhairt ar ais, tá:

  • Buidéil nó coimeádáin déanta as gloine
  • Gach coimeádán déiríochta (mar shampla, coimeádáin bainne nó iógairt)
  • Coimeádáin ina bhfuil níos mó ná 3 lítear

Ní féidir leat coimeádáin deochanna a ceannaíodh roimh an 1 Feabhra 2024 a thabhairt ar ais toisc nach bhfuil an lógó 'Re-turn' nó an barrachóid orthu.

Ón 1 Meitheamh 2024, ba cheart go mbeadh lógó 'Re-turn' ar gach coimeádán atá sa scéim.

Mura bhfuil lógó 'Re-turn' ar do choimeádán, ní féidir leat é a thabhairt ar ais agus ba chóir é a athchúrsáil mar is gnách.

Ar cheart dom caipín an bhuidéil a fhágáil air agus mo bhuidéal á thabhairt ar ais agam?

Ba chóir duit caipín an bhuidéil a fhágáil ar do bhuidéal nuair a fhilleann tú é. Cinnteoidh sé seo go:

  • Déanfar caipín an bhuidéil a athchúrsáil i gceart
  • Coinneoidh an buidéal a chruth, rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca don mheaisín an barrachód a léamh

Ón 3 Iúil 2024, ní mór caipíní gach coimeádán dí plaisteacha suas le 3 lítear a mhéid a bheith ceangailte leo. Cuidíonn sé seo lena chinntiú go ndéantar caipíní buidéil a athchúrsáil i gceart le buidéil. Tugadh an riail seo isteach mar chuid de Threoir an AE maidir le plaistigh aonúsáide. Tá tuilleadh faisnéise ag an gCoimisiún Eorpach faoina bpleananna chun dul i ngleic le plaistigh aonúsáide.

Cén costas atá ar an éarlais?

Cosnaíonn an éarlais idir 15-25 cent ag brath ar mhéid an choimeádáin.

  • Éarlais 15 cent a bhíonn ag coimeádáin idir 150ml go 500ml
  • Éarlais 25 cent a bhíonn ag coimeádáin de mhéid idir os cionn 500ml agus 3 lítear

Cá háit is féidir liom mo choimeádáin a thabhairt ar ais?

Is féidir leat do choimeádáin a thabhairt ar ais chuig siopaí a dhíolann coimeádáin dí leis an lógó 'Re-turn'. Ní gá duit do choimeádáin a thabhairt ar ais chuig an siopa céanna inar cheannaigh tú iad.

Ag na siopaí seo is féidir leat na coimeádáin a thabhairt ar ais:

  • Ag úsáid Meaisín Aisdíola
  • De láimh sa siopa

Níl Meaisín Aisdíola ag gach siopa.

Mura bhfuil meaisín aisdíola ag siopa ach go ndíolann siad coimeádáin a bhfuil an lógó 'Re-turn' orthu, féadfaidh an siopa cead a thabhairt duit coimeádáin a thabhairt ar ais de láimh sa siopa, ach amháin sa chás go bhfuil díolúine acu maidir le tabhairt ar ais, féach thíos.

Tá léarscáil idirghníomhach ag Re-turn.ie a thaispeánann duit na láithreacha go léir inar féidir leat do choimeádáin a thabhairt ar ais. Lena chois sin, is féidir leat cuardach a dhéanamh trí sheoladh nó Eircode a chur isteach.

Aimsigh léarscáil agus faisnéis eile faoi cá háit le do choimeádáin a thabhairt ar ais ar an suíomh gréasáin 'Re-turn'.

Díolúintí maidir le tabhairt ar ais

Is féidir le gnólachtaí áirithe díolúine maidir le tabhairt ar ais a fháil, rud a chiallaíonn nach mbíonn orthu coimeádáin i gcomhair na Scéime Éarlaise agus Aisíoca a thógáil ar ais. Mar shampla, is féidir le hionaid díola a bhfuil níos lú ná 250 méadar cearnach de spás chun déileáil le custaiméirí acu cur isteach ar díolúine. Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar Re-turn faoi dhíolúintí maidir le glacadh ar ais (PDF) agus maidir leis an gcaoi gur féidir le siopaí iarratas a dhéanamh orthu.

Conas a bhailim m'éarlais?

Má tá Meaisín Aisíola á úsáid agat, tabharfar dearbhán duit ar luach líon na gcoimeádán a thug tú ar ais. Féadfaidh tú rogha a dhéanamh do dhearbhán a úsáid chun rud éigin a cheannach sa siopa sonrach sin nó chun aisíoc a dhéanamh ar do dhearbhán in airgead tirim.

Má thugann tú do choimeádáin ar ais trí mheaisín aisdíola, ní féidir leat do dhearbhán a úsáid nó aisíocaíocht a fháil ach amháin sa siopa sin inar thug tú na buidéil ar ais. Ní féidir leat do dhearbhán a fháil ar ais i siopa sa chás gur úsáid tú meaisín aisdíola i siopa eile.

Cad a tharlaíonn má cheannaím deoch i mbialann nó i gcaifé?

D'fhéadfadh roinnt bialanna agus caiféanna táille éarlaise a ghearradh ort má cheannaíonn tú deoch atá ar fáil i gcoimeádán.

Go ginearálta, ní ghearrann bialanna suí agus gnólachtaí eile a dhíríonn ar thomhaltas ar an láthair táille éarlaise ort. Is amhlaidh sin toisc gur féidir leo na coimeádáin dí a bhailiú agus a thabhairt ar ais iad féin.

Is iondúil go ngearrann gnólachtaí beir leat agus gnólachtaí eile a dhíríonn ar thomhaltas lasmuigh den láthair táille éarlaise ort. Is amhlaidh sin toisc go mbeireann tú an coimeádán leat de ghnáth.

Tuilleadh eolais faoin Scéim Éarlaise agus Aisíoca

Chun tuilleadh faisnéis a fháil ar an scéim seo agus ar an gcaoi a oibríonn sí, is féidir leat cuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin 'Re-turn'

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 Lúnasa 2024