Sainaithint agus rialú capall

Réamhrá

Má tá úinéireacht agat ar chapall nó má choimeádann tú capall, caithfidh tú cloí le rialacha áirithe maidir le micrishlis a chur i gcapall agus capall a cheadúnú agus cáipéisí aitheantais capaill.

Baineann seo le gach ball d’fhine na gcapall, capaillíní, asail agus crosantaigh san áireamh, ar a dtugtar ainmhithe eachaí go hoifigiúil.

Tá tú faoi dhliteanas d’aon damáiste nó díobháil a dhéanann do chapall do dhaoine eile nó do réadmhaoin.

Cáipéisí aitheantais capaill

De réir an dlí, caithfidh an t-aitheantas seo a leanas a bheith ag do chapall:

  • Pas eachaí (capall), atá bailí ar feadh shaolré an chapaill
  • Ionchlannú micrishlise, a cheanglaíonn an t-ainmhí leis an bpas
  • Uimhir Shaoil Uathúil Eachaí (USUE)

Caithfidh tú ceadúnas capaill a bheith agat freisin má tá do chapall á choimeád agat i limistéar faoi riail. Is éard is limistéar faoi riail ann ná áit a n-ainmnigh d’údarás áitiúil.

Conas a fhaighim pas capaill in Éirinn?

Is féidir leat pas capaill a cheannach ó Eagraíocht fhaofa Eisiúna Pasanna (EEP). Bíonn an pas bailí ar feadh shaolré an chapaill.

Taispeántar ar an bpas aitheantas an chapaill, uimhir na micrishlise (má tá ceann aige) agus an Uimhir Shaoil Uathúil Eachaí (USUE).

Luafar ar an bpas freisin cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil feirmeoireacht le déanamh ar an gcapall ar mhaithe le bia don duine. Is amhlaidh seo mar gheall nach féidir saghsanna áirithe de chógas a thabhairt don chapall má dhéanfar feirmeoireacht air ar mhaithe le feoil chapaill.

Cathain ba cheart pas capaill a fháil?

Má rugadh do chapall i bPoblacht na hÉireann, caithfidh tú pas a fháil dó/di:

  • Roimh an 31 Nollaig sa bhliain a rugadh é/í, nó
  • Laistigh de 6 mhí tar éis an lae a rugadh é/í, pé ceann is déanaí

Mar shampla, má rugadh capall i mBealtaine, caithfidh pas a bheith aige/aici faoin 31 Nollaig an bhliain sin. Caithfidh pas a bheith ag capall a rugadh i nDeireadh Fómhair laistigh de 6 mhí, agus ciallaíonn seo, dá bharr, gur gá pas a bheith aige/aici faoi Aibreán na bliana dar gcionn.

Má tá searrach á thabhairt agat ón ngabháltas inar rugadh é/í, ní mór micrishlis a chur ann ar dtús (féach thíos) agus pas a eisiúint dó/di. Má tá an searrach faoi bhun 6 mhí d’aois, áfach, mura bhfuil sé scoite go fóill agus má tá a m(h)áthair nó a láir altrama ina c(h)uideachta, ní theastaíonn pas uaidh/uaithi.

Má dhíolann nó má thugann tú do chapall do dhuine eile, caithfidh tú an pas a thabhairt don úinéir nua agus caithfidh siad an t-athrú úinéireachta a chlárú leis an EEP cuí.

Nuair a fhaigheann do chapall bás, ba cheart duit a p(h)as a thabhairt ar ais don EEP chun gur féidir a s(h)onraí ar an mbunachar sonraí a nuashonrú. Glacfaidh an seamlas nó an ceannaí capall marbh an pas agus seolfaidh siad ar ais é chuig an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

An féidir liom mo chapall a thabhairt go tír eile

Má tá capall á iompórtáil agat isteach in Éirinn ó thír AE eile, beidh pas bailí ag teastáil uaidh/uaithi.

Má tá capall á iompórtáil agat isteach in Éirinn ó thír lasmuigh den AE, beidh pas bailí ag teastáil uaidh/uaithi lena nglacann an AE.

Má tá an capall á iompórtáil agat ó aon tír eile agus mura bhfuil pas aige/aici, caithfidh tú iarratas a dhéanamh leis an EEP ar phas laistigh de 30 lá i ndiaidh dó/di teacht i láthair in Éirinn.

Caithfidh tú pas an chapaill a thabhairt leat pé uair a dhéantar an capall a iompar, in Éirinn nó go dtí stát eile.

Is féidir leat níos mó a léamh faoi cén riachtanais iompórtála sláinte agus deimhniúchán tréidliachta a d’fhéadfadh bheith ag teastáil uait nuair a bhogann tú tír le do chapall.

An gá micrishlis a chur i gcapaill in Éirinn?

Caithfidh micrishlis a bheith curtha i do chapall má eisíodh pas dó/di i ndiaidh an 1 Iúil 2009. Slis bheag bhídeach ríomhaire í an mhicrishlis a chuireann tréidlia i gcapall faoina gcraiceann le hé/hí a shainaithint.

Níl cead ach ag tréidlia an mhicrishlis a chur sa chapall. Tá an fhaisnéis ar an micrishlis ceangailte le pas an chapaill agus leis na sonraí atá cláraithe ar bhunachar sonraí an chomhlachta eisiúna. Gearrfaidh do thréidlia táille ar an micrishlis a chur i do chapall.

An dteastaíonn ceadúnas uaim le húinéireacht a bheith agam ar chapall in Éirinn?

Caithfidh tú ceadúnas capaill a bheith agat má tá do chapall á choimeád i limistéar faoi riail. Is éard is limistéar faoi riail ann ná áit a n-ainmnigh d’údarás áitiúil ina bhFodhlíthe um Rialú Capall.

Nuair a bhíonn fodhlíthe á ndéanamh ag an údarás áitiúil, caithfidh sé sonraí a thabhairt faoi na limistéir faoi riail a bheartaítear i nuachtáin áitiúla. Déan teagmháil le d’údarás áitiúil le heolas breise a fháil ar limistéir faoi riail do chapaill.

Coimeádann d’údarás clár de na ceadúnais go léir a eisíodh.

Conas ceadúnas capaill a fháil

Chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas capaill, tá ort na rudaí seo a leanas a thabhairt chuig d’údarás áitiúil:

  • Foirm iarratais líonta atá ar fáil ó d’údarás áitiúil
  • An táille

Teastóidh ó d’údarás áitiúil a sheiceáil an sásaíonn tú na caighdeáin le capall a choimeád. Mar shampla, go dtabharfar an aire cheart do do chapall agus go gcoimeádfar é/í i stábla.

Má tá úinéireacht ag duine faoi 16 bliana d’aois ar chapall, meastar gurb é an duine is ceannasaí sa teaghlach ina gcónaíonn siad an t-úinéir, mar gheall nach féidir capaill a dhíol le duine ar bith atá níos óige ná 16 bliana d’aois.

An féidir capall a mharcaíocht ar bhóthar poiblí in Éirinn?

Is féidir leat do chapall a mharcaíocht ar bhóthar poiblí, ach caithfidh tú do cheadúnas capaill a thabhairt leat má bhíonn do chapall á mharcaíocht agat i limistéar faoi riail. Caithfidh tú cloí le rialacha an bhóthair maidir le marcaíocht ar chapall. Féadfaidh tú teacht ar eolas faoi shábháilteacht chapaill ar an mbóthar, agus ar leabhrán ar Shábháilteacht Chapaill ar an mBóthar ar Bhóithre Poiblí (pdf) ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Má thugann tú do chapall isteach in áit phoiblí, caithfidh tú a chinntiú go bhfuil sé/sí faoi smacht agus nach bhfuil aon dlíthe á sárú agat. Áirítear leis seo fodhlíthe ó d’údarás áitiúil.

Cigireacht agus cionta

Caithfidh tú a cheadú do na Gardaí cigireacht a dhéanamh ar do chapall má iarrann siad amhlaidh a dhéanamh. Is féidir iarraidh ort fianaise ar do cheadúnas capaill a thaispeáint. Tá cumhachtaí forleathana cuardaigh agus gabhála ag na Gardaí má bhíonn amhras orthu go bhfuil capaill thíos le cruálacht.

Is féidir thú a ghabháil gan bharántas i ngeall ar fhormhór na gcionta seo a dhéanamh. Má fhaightear ciontach thú, is féidir fíneáil a ghearradh ort nó thú a chur chun príosúin (nó an dá rud) agus is féidir toirmeasc a chur ort ó chapall a choimeád ar feadh roinnt ama. Is féidir leis an gcúirt an capall a thógáil agus fáil réidh leis/léi. Is féidir leat na dlíthe maidir le capaill a léamh san Acht um Rialú Capall, 1996.

Capaill fáin nó tréigthe

Má tá do chapall i limistéar faoi riail gan cheadúnas, má tá sé/sí tréigthe nó más capall fáin é/í nó más cúis le núis é/í nó má chruthaíonn sé/sí baol, is féidir é/í a urghabháil, a choinneáil nó a mharú.

Má fuarthas do chapall agus é/í ag fánaíocht 3 huaire laistigh de thréimhse 12 mhí, is féidir é/í a urghabháil agus ní thabharfar ar ais duit é/í.

Seiceáil le d’údarás áitiúil chun teacht ar shonraí faoi na táillí a ghearrann siad ar cheadúnais chapaill agus ar chapall a coinníodh a fháil ar ais.

Eolas breise

D’fhoilsigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara eolas ar chlárú agus pas capaill, sraith ceisteanna coitianta agus bileog san áireamh.

Cuireann Teagasc liosta dlíthe ar fáil a bhaineann le húinéireacht capaill.

An Roinn Talamhaíochta, Bia agus Mara

Teach Talamhaíochta
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: +353 1 607 2000
Lóghlao: 1890 200510 for calls from outside (01) area
Láithreán Gréasáin: http://www.agriculture.gov.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 Meitheamh 2022