Nósanna imeachta iomarcaíochta
- A bheith roghnaithe le haghaidh iomarcaíochta
- Modhanna roghnúcháin
- Roghnú éagórach
- Má roghnaítear go héagórach thú le haghaidh iomarcaíochta
- Tuilleadh eolais
A bheith roghnaithe le haghaidh iomarcaíochta
Ba cheart go n-úsáidfeadh d’fhostóir bealach cothrom agus oibiachtúil chun daoine a roghnú chun iad a chur ar iomarcaíocht.
Ciallaíonn sé seo gur chóir go mbeadh sé bunaithe ar roinnt cúiseanna oibiachtúla (neamhchlaonta agus fíorasacha) ar roghnaíodh tú agus nár roghnaíodh fostaithe eile.
Modhanna roghnúcháin
Má aontaíodh modh chun iomarcaíochtaí a chinneadh le ceardchumann, ba chóir dod’fhostóir é a leanúint.
Is faoi d’fhostóir atá sé cad iad na critéir roghnúcháin a úsáideann siad, chomh fada agus is féidir leo a thaispeáint go bhfuil siad cothrom agus réasúnta.
Is iad na modhanna roghnúcháin is coitianta a úsáidtear:
- An modh ‘an té is déanaí isteach is túisce amach’, agus is é an ball foirne is nuaí an chéad duine a imeoidh
- Ag fiafraí an bhfuil fostaithe sásta glacadh le hiomarcaíocht, ar a dtugtar iomarcaíocht dheonach
- Córas pointí, ina ndéantar gach fostaí a dhéanann an jab céanna a rangú de réir critéir oibiachtúil (d’fhéadfadh taifead tinrimh, caighdeán oibre, scileanna agus cáilíochtaí a bheith san áireamh).
Roghnú éagórach
Ní féidir le d’fhostóir tú a roghnú le haghaidh iomarcaíochta mura féidir leo a chruthú gur lean siad próiseas cothrom.
Ní féidir le d’fhostóir tú a roghnú le haghaidh iomarcaíochta ar chúiseanna pearsanta nó nach mbaineann leis an bpost.
Caithfidh siad a bheith in ann na cúiseanna oibiachtúla a thaispeáint (cúiseanna neamhchlaonta agus fíorasacha) ar roghnaíodh tú agus nár roghnaíodh fostaithe eile.
Forais atá éagórach i gcónaí
Faoin reachtaíocht um dhífhostú éagórach, tá sé éagórach má roghnaítear thú le haghaidh iomarcaíochta bunaithe ar fhorais shonracha áirithe, lena n-áirítear:
- Gníomhaíocht cheardchumainn
- Toircheas
- Creideamh
- Tuairimí polaitiúla
Ní féidir le d’fhostóir tú a chur ar iomarcaíocht trí úsáid a bhaint as aon cheann de na 9 bhforas idirdhealaithe, lena n-áirítear d’aois, inscne, cine nó claonadh gnéis.
Má roghnaítear go héagórach thú le haghaidh iomarcaíochta
Ba cheart go n-úsáidfeadh d’fhostóir critéir roghnúcháin atá cothrom agus réasúnta agus daoine á roghnú chun iad a chur ar iomarcaíocht – féach thuas.
Roghnaítear thú go héagórach
Má bhraitheann tú gur roghnaigh d’fhostóir go héagórach thú, tá tú i dteideal éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach.
Ní leanann d’fhostóir a bpróiseas
I measc samplaí de na cásanna seo tá:
- Sa chás go raibh an nós agus an cleachtas i d’ionad oibre ‘an té is déanaí isteach is túisce amach’ agus nár lean do roghnúchán an nós imeachta seo
- I gcás ina leagtar amach i do chonradh fostaíochta critéir roghnúcháin nár leanadh
Tuilleadh eolais
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta fostaíochta ón CCÁO. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh lena seirbhís Faisnéise agus Custaiméara – féach thíos.
Tá na dlíthe maidir le hiomarcaíocht leagtha amach sna hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967–2014