Asleagan, obair ghearrthréimhseach agus iomarcaíocht
- Réamhrá
- Cad é an difríocht idir leagan as agus obair ghearr-ama?
- Cén íocaíochtaí leasa shóisialaigh is féidir liom a fháil i rith leagain as nó obair ghearr-ama?
- Do chearta maidir le hobair ghearr-ama agus leagan as
- Conas iomarcaíocht a éileamh ó d’fhostóir
- Cá dtiocfaidh mé ar eolas breise?
Réamhrá
Cad é an difríocht idir leagan as agus obair ghearr-ama?
Leagan as
B’fhéidir go mbeidh leagan as i ndán duit sna cásanna seo a leanas:
- Ní féidir le d’fhostóir obair a sholáthar duit
- Creideann d’fhostóir gur cás sealadach é seo
- Tugann d’fhostóir fógra duit faoin leagan as sula gcríochnófar an obair
Má dhéantar thú a leagan as, cé go bhféadfadh nach bhfuil tú ag oibriú, is fostaí na cuideachta thú go fóill. Ciallaíonn seo, cé nach bhfuil tú á íoc, go bhfuil cearta agat.
Obair ghearr-ama
Tagraíonn obair ghearr-ama do chás sealadach ar leith:
- Inarb ionann do phá seachtainiúil agus níos lú ná leath do ghnáthphá sheachtainiúil
- Laghdaítear na huaireanta a oibríonn tú anuas go dtí níos lú ná leath do ghnáthuaireanta oibre seachtainiúla
Caithfidh d’fhostóir thú a chur ar an eolas ar an laghdú ar uaireanta nó ar phá (nó an dá rud) sula gcuirfear tús lena n-obair ghearr-ama.
Cén íocaíochtaí leasa shóisialaigh is féidir liom a fháil i rith leagain as nó obair ghearr-ama?
Tá tacaíochtaí leasa shóisialaigh ar fáil, ag brath ar do chás.
Má leagtar as thú nó má tá obair ghearr-ama á déanamh agat, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil.
Má tá Íocaíocht Teaghlaigh Oibre á fáil agat, b’fhéidir go ndéanfaidh an laghdú ar d’uaireanta oibre difear dó seo.
Do chearta maidir le hobair ghearr-ama agus leagan as
Tá cearta agat agus caithfidh d’fhostóir cloí le rialacha má thugann siad leagan as nó socruithe sealadacha oibre gearr-ama isteach.
Caithfidh sé a bheith luaite i do chonradh nó caithfidh gur chomhaontaigh tú leis
Is féidir le d’fhostóir thú a leagan as nó thú a chur ag oibriú ar bhonn gearr-ama:
- Má tá sé luaite i do chonradh fostaíochta
- Is gnás agus cleachtas é i d’ionad oibre.
Seachas sin, beidh do chomhaontú ag teastáil ó d’fhostóir le thú a leagan as nó thú a chur ag oibriú ar bhonn gearr-ama. Mura gcomhaontaíonn tú, áfach, is féidir thú a dhéanamh iomarcach.
Is féidir leat níos mó a léamh faoi do roghanna mura gcomhaontaíonn tú ar ár leathanach ar iarrtar ort do phá nó d’uaireanta oibre a laghdú.
Caithfidh fostóir fógra a thabhairt duit agus thú a choimeád ar an eolas
Ba cheart do d’fhostóir an chúis atá leis an leagan as nó an obair ghearr-ama a mhíniú duit. Ba cheart dóibh thú a choimeád ar an eolas ar an gcás i rith na tréimhse leagain as nó oibre gearr-ama.
Caithfidh cásanna sealadacha a bheith i gceist le leagan as nó obair ghearr-ama agus caithfidh d’fhostóir fógra a thabhairt duit air seo sula dtosóidh siad. Ní leagtar amach aon tréimhse íosta fógra sa dlí maidir le leagan as agus obair ghearr-ama is gá duit a fháil. Is dóchúil go dtabharfadh cúinsí eisceachtúla, cosúil le paindéim COVID-19, údar le tréimhse ghearrfhógra..
Caithfidh an fostóir a bheith cothrom agus ní féidir leo idirdhealú a dhéanamh nuair a bhíonn fostaithe á roghnú
Nuair a roghnaítear fostaithe do leagan as nó obair ghearr-ama, ba cheart d’fhostóirí na critéir chéanna a chur i bhfeidhm do roghnú a chuirtear i bhfeidhm d’iomarcaíocht. Ba cheart go mbeadh na critéir réasúnta agus ba cheart iad a chur i bhfeidhm go cothrom.
Mar shampla, d’fhéadfadh ‘an duine deireanach isteach, an chéad duine amach’ a bheith i gceist leis an ngnás agus an cleachtas san ionad oibre, nó d’fhéadfaí na critéir a leagan amach sa chonradh fostaíochta le haghaidh roghnú.
Faoin dlí um chomhionannas fostaíochta, níor cheart go ndéanfadh an roghnú idirdhealú in aghaidh fostaithe ar aon cheann de na 9 bhforas seo a leanas:
- Inscne
- Stádas sibhialta
- Stádas teaghlaigh
- Aois
- Míchumas
- Creideamh reiligiúnach
- Cineál
- Gnéaschlaonadh nó
- Ballraíocht de Phobal an Lucht Siúil
Faigheann tú an sochar saoire poiblí go fóill i rith leagain as nó obair ghearr-ama
Fad a bhíonn tú leagtha as nó fad a bhíonn obair ghearr-ama á déanamh agat, tá tú fós fostaithe ag d’fhostóir agus leanann do chonradh fostaíochta de bheith bailí. Ciallaíonn seo go bhfuil tú i dteideal sochar a fháil d’aon saoirí poiblí a thagann aníos sna chéad 13 seachtaine i ndiaidh gur leagadh as thú.
Caithfidh gur oibrigh fostaí páirtaimseartha ar a laghad 40 uair an chloig sna 5 seachtaine roimh an tsaoire phoiblí leis an sochar seo a fháil.
Ní leanann do shaoire bhliantúil ag dul i méid fad a bhíonn tú leagtha as, ach tá tú i dteideal saoire bhliantúil a ghlacadh atá tuillte agat sular leagadh as thú.
Leagan as agus seirbhís inríofa
Chun cáiliú d’iomarcaíocht reachtúil, caithfidh gur sholáthair tú 104 seachtain de sheirbhís inríofa seirbhís le d’fhostóir. Ní chiallaíonn seirbhís inríofa cé mhéid seachtain a bhí tú fostaithe; ciallaíonn sé cé chomh fada a bhí tú san obair agus an obair á déanamh agat. Ní áirítear le seirbhís inríofa, mar sin, saoirí agus tréimhsí ina raibh tú as láthair de bharr breoiteachta, sos gairme nó saoire thuismitheoireachta.
Ar an mbealach seo, ní seirbhís inríofa í tréimhse de leagan as.
Ciallaíonn seo:
- Má dhéantar thú a leagan as agus má chuir tú níos lú ná 104 seachtain de sheirbhís inríofa ar fáil, ní cháilíonn tú d’iomarcaíocht reachtúil.
- Ní úsáidtear an tréimhse ina bhfuil tú leagtha as le do chnapshuim iomarcaíochta a ríomh.
Leagtha as mar gheall ar COVID-19?
Féach an tábla thíos, le do thoil, lena fheiceáil cad a chuirtear san áireamh i dtreo seirbhís inríofa.
An tréimhse A CHUIRTEAR SAN ÁIREAMH i dtreo seirbhís inríofa
An tréimhse a fuair tú/ina raibh tú páirteach in ... |
An tréimhse NACH GCUIRTEAR SAN ÁIREAMH i dtreo seirbhís inríofa
An tréimhse a fuair tú/ina raibh tú páirteach in ... |
An Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (an SFSP) | Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 (ÍDP) |
An Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (an SFPF) | Íocaíocht chuardaitheora poist |
Íocaíocht leasa shóisialaigh eile |
Conas iomarcaíocht a éileamh ó d’fhostóir
Cuireadh na rialacha thíos ar fionraí go sealadach i rith tréimhse éigeandála COVID-19. I ndiaidh an 30 Meán Fómhair 2021, is féidir leat iomarcaíocht a éileamh agus teacht ar íocaíochtaí iomarcaíochta ar an ngnáthbhealach.
Is féidir leat iomarcaíocht a éileamh má tá tú leagtha as nó má tá obair ghearr-ama nó meascán den dá rud á dhéanamh agat:
- Ar feadh ar a laghad 4 seachtaine i ndiaidh a chéile
- 6 seachtaine le 13 seachtaine anuas
B’fhéidir go mbeidh tú i dteideal íocaíocht iomarcaíochta a fháil chomh fada agus go gcáilíonn tú d’iomarcaíocht.
Nuair a éilíonn tú iomarcaíocht i gcás leagain as, tá sé á lua agat go gcreideann tú nach féidir le d’fhostóir obair a thairiscint duit. Agus gur mian leat a bheith scaoilte ó do chonradh, gur mian leat d’íocaíocht iomarcaíochta a fháil agus gur mian leat obair nua a lorg.
Ní bhaineann foirceannadh do chonartha fostaíochta le leagan as, ach baineann sé le hiomarcaíocht.
Céim 1: Fógra scríofa a thabhairt do d’fhostóir
Caithfidh tú fógra scríofa a thabhairt go mbeartaíonn tú íocaíocht iomarcaíochta a éileamh maidir leis an leagan as nó an obair ghearr-ama. Is é an bealach is fearr leis seo a dhéanamh Cuid B d’fhoirm RP9 (pdf) a úsáid.
Ní gá duit fógra a thabhairt a luaithe a rinneadh thú a leagan as nó a fhostú ar bhonn obair ghearr-ama. Is féidir leat a roghnú fanacht níos faide. Má thagann stop leis an obair ghearr-ama nó leis an leagan-as agus má dhéanann tú an cinneadh íocaíocht iomarcaíochta a éileamh, caithfidh tú fógra a thabhairt laistigh de 4 seachtaine tar éis an leagain as nó go gcríochnaíonn an obair ghearr-ama. A luaithe a ghabhann an spriocdháta seo tharainn, níl tú i dteideal íocaíocht a éileamh maidir le tréimhse an leagain as nó na hoibre gearr-ama.
Céim 2: Freagraíonn nó ní fhreagraíonn d’fhostóir
Tugtar 7 lá do d’fhostóir glacadh le d’éileamh nó ‘frithfhógra’ a thabhairt duit. Mura dtugann d’fhostóir frithfhógra duit, glactar leis gur ghlac siad le d’éileamh.
Is é is frithfhógra ann nuair a insíonn d’fhostóir duit go mbeidh obair ann duit:
- A thosóidh sna chéad 4 seachtaine eile tar éis dháta d’éilimh
- A mhairfidh ar feadh ar a laghad 13 seachtaine agus nach ndéanfar thú a leagan as
D’fhéadfadh sé a bheith deacair ar d’fhostóir a chinntiú go bhfuil 13 seachtaine d’obair ar fáil duit gan sos mar gheall ar chineál phaindéim COVID-19 a bhfuil athrú mear ag teacht air.
Conas a dhéanann iomarcaíocht a éileamh difear do do cheart chun fógra a fháil
Ba cheart duit a thabhairt faoi deara go bhfuil do phost fágtha go saorálach agat má éilíonn tú iomarcaíocht. Ar an ábhar sin, cailleann tú aon cheart i leith fógra a fháil ó d’fhostóir.
Má rinneadh thú a leagan as, áfach, agus má dhéanann d’fhostóir iomarcach thú ina dhiaidh sin, coimeádann tú do cheart fógra a fháil.
Is féidir leat eolas breise a fháil inár gceisteanna coitianta faoi iomarcaíocht.
Cén dlí a bhaineann le hiomarcaíocht a éileamh?
Baineann na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967-2014 le rialacha iomarcaíochta.
Cá dtiocfaidh mé ar eolas breise?
Chun teacht ar eolas breise faoi do chearta fostaíochta, déan teagmháil le:
SharedAddress for Social Protection (Redundancy Payments) : ID a441adea819
SharedAddress for National Employment Rights Authority: ID ab4e9891b61