Scéim Fostaíochta Pobail (FP)
- Cad í an Scéim FP?
- An bhfuil mé incháilithe don scéim FP?
- Cé chomh fada is féidir liomleanúint le bheith rannpháirteach sa scéim FP?
- Ag oibriú ar scéim FP
- Conas iarratas a dhéanamh ar anscéim FP
Cad í an Scéim FP?
Tá an Clár Fostaíochta Pobail (FP) (is minice a thugtar ‘an Scéim FP’ air) in ainm is cabhrú le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach (nó atá faoi mhíbhuntáiste ar bhealach eile) an obair a bhaint amach arís trí shocrúcháin pháirtaimseartha agus shealadacha a chur ar fáil i bpoist atá bunaithe laistigh de phobail áitiúla.
Más rannpháirtí thú sa scéim FP, is féidir leat glacadh le hobair pháirtaimseartha i rith do shocrúcháin. I ndiaidh an tsocrúcháin, spreagtar thú poist bhuana a lorg in áiteanna eile, bunaithe ar an taithí agus na scileanna nua a d’fhoghlaim tú fad a bhí tú rannpháirteach i scéim Fostaíochta Pobail.
Is féidir teacht ar níos mó eolais faoi FP agus faoi thaithí rannpháirtithe FP san fhíseán ar Fhostaíocht Pobail a chuireann an RCS ar fáil.
Tugann an Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) liúntais agus cistiú ar fáil chun cabhrú leis an Scéim Fostaíochta Pobail, mar shampla, do phá, deontais do mhaoirseoirí, deontais d’ábhar agus oiliúint ar scileanna sonracha deontais. Eagraíochtaí deonacha iad urraitheoirí na Scéimeanna Fostaíochta Pobail a bhainistíonn scéimeanna FP ar leibhéal áitiúil. Tá eolas mionsonraithe ar fáil sa Lámhleabhar Nósanna Imeachta d’Fhostaíocht Pobail.
An bhfuil mé incháilithe don scéim FP?
Braitheann conas a cháilíonn tú do scéim FP ar d’aois agus do chás pearsanta.
Má tá tú idir 21 agus 55 bliain d’aois
Caithfidh tú a bheith dífhostaithe, go ginearálta.
Caithfidh freisin go bhfuil aon mheascán de na híocaíochtaí seo a leanas á fháil agat ar feadh ar a laghad 12 mhí:
- Sochar Cuardaitheora Poist (SCP)
- Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP)
- Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist (ÍICP)
- Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora (ÍTA)
- Sochar Banchéile Thréigthe
- Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
- Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) nó
- Cúnamh Feirme
Nóta: Má tá tú 21 bliain d’aois agus níos sine agus má tá SCP nó LCP á fháil agat, ceadaítear duit a mhéid le 30 lá a bheith oibrithe agat sna 12 mhí sular thosaigh tú an scéim FP agus beidh tú fós incháilithe don scéim.
Scéimeanna eile a chuirtear san áireamh i dtreo na tréimhse cáilithí
- Cuirfear am a caitheadh agus Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 (ÍDP) á fáil agat san aireamh i dtreo na tréimhse cáilithí do FP. Tabhair faoi deara, le do thoil, má tá ÍDP á fháil agat, caithfidh tú a thaispeáint go bhfuil tú i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil, mar shampla, Liúntas Cuardaitheora Poist, sula dtosóidh tú le páirt a ghlacadh i scéim FP.
- Má bhí Liúntas Bunúsach Leasa Forlíontach (LLF) á fháil agat sula bhfuair tú ceann de na híocaíochtaí a liostaítear thuas, is féidir an t-am agus LLF á fháil agat a chur san áireamh freisin i dtreo na tréimhse cáilithí do FP, ar an gcoinníoll nach raibh aon bhriseadh idir íocaíochtaí éagsúla - mar shampla, má chaith tú 2 mhí agus LLF á fháil agat agus 10 mí ina dhiaidh sin agus Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat.
- Má bhí Liúntas Cúramóra (LC) á fháil agat, is féidir an t-am a caitheadh agus LC á fháil agat a chur san áireamh i dtreo na tréimhse incháilitheachta, ach caithfidh d’fhreagrachtaí cúraim a bheith scortha agus caithfidh LCP, SCP nó ÍTA a bheith á fháil agat faoi láthair.
- Féadtar an t-am a caitheadh agus íocaíocht a bhaineann le míchumas a cháilítear do FP a chur san áireamh i dtreo na tréimhse incháilitheachta, ar an gcoinníoll nach mbeidh aon bhriseadh ann – mar shampla, má chaith tú 3 mhí agus Sochar Breoiteachta á fháil agat agus 9 mí ina dhiaidh sin agus Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat.
- Féadtar an t-am a chaitear ar chúrsa oiliúna aitheanta mar SOLAS / BOO, cúrsa an SDOG, Ógtheagmháil (Youthreach) nó i bpríosún a chur san áireamh mar chuid den tréimhse cháilitheach.
- Tá daoine ar an gclár JobPath agus ar scéim Tús incháilithe le haghaidh FP.
Scéimeanna nach gcuirtear san áireamh i dtreo na tréimhse cáilithí do FP
- De ghnáth, ní chuirfear an t-am a chaitear de bheith rannpháirteach in Gateway, an Scéim Shóisialta Tuaithe, Springboard nó Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas san áireamh i dtreo na tréimhse incháilitheachta. Tá roinnt eisceachtaí ann ina leith seo, ar féidir teacht air sa lámhleabhar nósanna imeachta Fostaíochta Pobail.
- Ní áirítear an t-am a chaitear mar dhuine fásta cleithiúnach cáilithe atá ag brath ar éileamh duine eile i dtreo incháilitheachta do FP.
Má tá tú 55 bliana d’aois agus níos sine
Caithfidh íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh a bheith á fáil agat ar feadh 12 mhí – mar atá mínithe thuas do dhaoine idir 21 agus 55 bliain d’aois.
Is féidir leat fanacht de bheith rannpháirteach in FP ar feadh 3 bliana i ndiaidh a chéile. B’fhéidir go mbeifear in ann athcháiliú le haghaidh FP tar éis 12 mhí eile ar íocaíocht cháilitheach. Féach an fhaisnéis thíos do rannpháirtithe 60 bliain d’aois agus níos sine.
Má tá tú 60 bliain d’aois agus níos sine
Is féidir le rannpháirtithe FP atá 60 bliain d’aois agus níos sine a chomhlíonann na riachtanais incháilitheachta fanacht go leanúnach de bheith rannpháirteach in CE a shine leis an aois ina gcáilíonn siad do phinsean Stáit ar choinníoll go bhfuil áiteanna ar fáil. Tá áiteanna teoranta do 10% de na rannpháirtithe do gach scéim FP aonair.
Bealaí eile chun cáiliú do FP
Mura gcáilíonn tú do FP faoi na critéir incháilitheachta d’aoisghrúpa thuas, d’fhéadfá a bheith incháilithe don scéim fós má tá tú 18 mbliana d’aois agus níos sine agus:
- Tá Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall nó Pinsean Easláine á fháil agat, nó
- Tá Sochar Breoiteachta á fháil agat ar feadh 6 mhí, ar a laghad, nó
- Is ball thú den Lucht Siúil nó Lucht Roma thú, tá tú dífhostaithe agus tá Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat ar feadh tréimhse ar bith nó Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora ar feadh bliana, ar a laghad, nó
- Tá stádas dídeanaí agat agus tá aon íocaíocht ón RCS á fáil agat d’aon fhad ama, nó
- Má atreoraíodh thú tar éis measúnú iomchuí de réir phrótacail an Chreata Náisiúnta Athshlánúcháin ó Dhrugaí, más iarchiontóir thú a d’atreoraigh an tSeirbhís Promhaidh nó seirbhís ainmnithe eile, nó más iarchiontóir thú nár atreoraigh seirbhís ainmnithe agus tá LCP nó SCP á fháil agat ar feadh 12 mhí, nó
- Má tá tú ag maireachtáil ar cheann de na hoileáin amach ón gcósta agus íocaíocht cháilitheach FP á fáil agat faoi láthair ar feadh 6 mhí nó níos mó (féach liosta na n-íocaíochtaí a cháilítear do FP do dhaoine idir 21 agus 55 bliain d’aois thíos).
Cé chomh fada is féidir liomleanúint le bheith rannpháirteach sa scéim FP?
Má tá tú idir 21 agus 55 bliain d’aois, is gnách go maireann do shocrúchán FP ar feadh bliana. Má tá tú ag oibriú i dtreo mórdhámhachtana, áfach, féadfar síneadh a fhaide le 2 bhliain a chur le do shocrúchán FP leis an dámhachtain seo a chríochnú. Ní bhfaighidh tú síneadh níos faide ná 3 bliana (nó 4 bliana do dhaoine a bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh a bhaineann le míchumas á fáil acu).
Má tá tú níos sine ná 55 bliain d’aois, féadfaidh tú fanacht de bheith rannpháirteach in FP ar feadh 3 bliana as a chéile.
Má tá tú 60 bliain d’aois agus níos sine agus má chomhlíonann tú na riachtanais incháilitheachta FP, féadfaidh tú fanacht go leanúnach de bheith rannpháirteach in FP go dtí go gcáileoidh tú do phinsean Stáit, a luaithe a chomhlíonfaidh tú téarmaí agus coinníollacha na scéime píolótaí agus ar choinníoll go bhfuil áiteanna ar fáil.
Go ginearálta, 6 bliana an t-uasmhéid ama is féidir leat a chaitheamh de bheith rannpháirteach i scéim FP thar do shaolré (7 mbliana má tá íocaíocht leasa shóisialaigh a bhaineann le míchumas á fáil agat). Ní áireofar am a caitheadh in FP roimh 1 Eanáir 2014. Nuashonrófar ‘an bhliain bhonnlíne’ seo 2014 gach bliain, chun go mbíonn sé 7 mbliana roimh an mbliain féilire reatha. Mar shampla, tiocfaidh an bhliain bhonnlíne aníos go dtí 2016 in 2023. Cuireann seo deiseanna breise ar fáil do rannpháirtithe FP, atá dífhostaithe go fóill, le páirt a ghlacadh sa scéim.
Má thosaigh tú de bheith rannpháirteach in FP roimh an 3 Iúil 2017, féadfaidh tú fanacht de bheith rannpháirteach sa scéim faoi na rialacha reatha incháilitheachta FP, má théann seo chun do shochair.
Fanacht de bheith rannpháirteach in FP go dtí go n-aimsíonn d’fhostóir rannpháirtí ionaid
Fiú má tháinig deireadh le do théarma FP, is féidir leat fanacht de bheith rannpháirteach sa scéim go dtí go n-aimsítear rannpháirtí FP. Laghdóidh seo an tionchar a imríonn folúntais ar an scéim agus cinnteoidh sé go leantar le seirbhísí pobail a chur ar fáil.
Ag oibriú ar scéim FP
Caithfidh tú oibriú ar feadh 19.5 uair in aghaidh na seachtaine (gan sosanna a áireamh) chun go mbeidh d’urraitheoir incháilithe deontas a fháil i dtreo costas pá. Féadfaidh d’urraitheoir aontú leis an RCS chun d’uaireanta oibre a shocrú ar bhealach difriúil, mar shampla, 39 uair an chloig gach dara seachtain, nó 19.5 uair an chloig gach seachtain, trí mheascáin de laethanta iomlána nó leathlaethanta nó 2.5 lá sa tseachtain.
Íocann d’urraitheoir thú go seachtainiúil agus tá cearta reachtúla fostaíochta áirithe agat lena n-áirítear saoire bhliantúil, saoirí poiblí, saoire mháithreachais agus ráiteas scríofa ar do théarmaí agus do choinníollacha fostaíochta san áireamh. Féadfar cáin a asbhaint ó do phá, más infheidhme, ach tá do phá FP díolmhaithe ón Muirear Sóisialta Uilíoch.
Tá tú i dteideal 56 uair an chloig (7 lá iomlána), ar a mhéid, de shaoire bhreoiteachta a dheimhnítear i dtaobh cúrsaí leighis i dtréimhse 52 seachtain. Cuireann an RCS deontas tacaíochta ar fáil don urraitheoir i dtreo saoire bhreoiteachta a íoc. Go ginearálta, ní dhéantar aon íocaíocht do shaoire bhreoiteachta neamhdheimhnithe. I gcásanna áirithe, áfach, is féidir le hoifigeach an RCS 2 lá neamhdheimhnithe (8 n-uaire an chloig), ar a mhéid, a cheadú in aon tréimhse 12 mhí. Tá faisnéis mhionsonraithe ar fáil ar shaoire bhreoiteachta sa Lámhleabhar Nósanna Imeachta d’Fhostaíocht Pobail.
Íocann rannpháirtithe FP ÁSPC ag Aicme A8/A9, arb ionann é agus ranníocaíocht iomlán Aicme A. Má tá d’íocaíocht FP níos lú ná €352 sa tseachtain, ní íocann tú aon ranníocaíocht fostaí. Má tá d’íocaíocht FP os cionn €352 sa tseachtain, íocann tú ranníocaíocht ÁSPC fostaí. Tá eolas mionsonraithe ar fáil sa Lámhleabhar Nósanna Imeachta d’Fhostaíocht Pobail.
Teorainn aoise
Ní chuirtear maoiniú ar fáil do rannpháirtithe FP a bhfuil an aois cháilitheach do phinsean Stáit bainte amach acu.
Is í an aois cháilitheach faoi láthair do gach pinsean Stáit 66 bliain. Beartaíodh é a mhéadú go 67 in 2021 agus go 68 in 2028. Fógraíodh i mBuiséad 2021 go bhfanfadh an aois cháilitheach do phinsean Stáit ag 66.
Faoi Chlár an Rialtais 2020, áfach, bunófar Coimisiún Pinsean chun saincheisteanna inbhuanaitheachta agus incháilitheachta a scrúdú le pinsin Stáit agus leis an gCiste Árachais Shóisialaigh.
Má theastaíonn cúram leanaí uait
Má theastaíonn cúram leanaí uait chun a bheith i do rannpháirtí FP, d’fhéadfá a bheith incháilithe don Chlár Cúraim Leanaí um Fhostaíocht Phobail (CLFP), a sholáthraíonn áiteanna fóirdheonaithe cúraim leanaí do leanaí a shine le 13 bliana d’aois. Dúnadh an clár CLFP do chlárúcháin nua an 14 Feabhra 2020. Má tá tú cláraithe cheana féin le haghaidh CLFP, is féidir leat a roghnú fanacht ar an gclár go dtí Lúnasa 2021 nó is féidir leat clárú don Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí (an SNCL). Scéim nua í an SNCL a chuireann tacaíocht airgeadais ar fáil chun cabhrú le tuismitheoirí íoc as costais chúraim leanaí.
Oiliúint agus forbairt
Cuirfear oiliúint ort mar chuid de do scéim FP chun feabhas a chur ar do chumas post a fháil nuair a bhíonn an scéim thart. Caithfidh plean foghlama aonair a bheith ag gach duine atá rannpháirteach i scéim FP ina sainaithnítear oiliúint. Caithfidh cead a bheith agat páirt a ghlacadh in aon oiliúint fhaofa a sainaithníodh i do phlean foghlaimeora aonair.
Tá réimse de Dhámhachtainí DCCÉ agus cáilíochtaí aitheanta ar fáil do rannpháirtithe FP. Má tá tú idir 21 agus 55 bliain d’aois, caithfidh tú a bheith ag oibriú i dtreo Dhámhachtain DCCÉ ar Chreat Cáilíochtaí an CNC nó a chomhionann sa tionscal, le bheith incháilithe do 2 bhliain sa bhreis i bhFostaíocht Pobail (3 bliana i ndiaidh a chéile, ar a mhéid). Má tá tú 55 bliain nó níos sine, ba cheart teacht a bheith agat ar oiliúint agus forbairt, agus ba cheart tacú leat le haon saincheisteanna a bhíonn agat chun teacht ar fhostaíocht (is féidir leat leanúint de bheith rannpháirteach in FP ar feadh 3 bliana i ndiaidh a chéile).
Íocaíochtaí eile agus FP a fháil
Má fhaigheann tú áit ar scéim FP agus má tá Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP), Liúntas Míchumais (LM) nó Cúnamh Feirme á fhail ag do chéile nó páirtnéir ina gceart féin, is féidir leo Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe a éileamh lena LCP, LM nó Cúnamh Feirme. Meastar ansin go bhfuil d’ioncam ón scéim FP (mar dhuine singil) mar fhostaíocht inárachaithe in aghaidh a n-íocaíochta.
Sochair bhreise na scéime FP
Coinneoidh tú do chárta leighis nuair a bheidh tú rannpháirteach in FP.
Coinneoidh tú do theidlíocht do na sochair bhreise a bhí á bhfáil agat díreach sular aistríodh thú go dtí FP, ar an gcoinníoll go leanann tú leis na coinníollacha maidir leis na sochair seo a shásamh.
Is féidir an méid den Fhorlíonadh Cíosa a fhaigheann tú a laghdú. B’fhéidir go mbeidh tú in ann cuid de d’Fhorlíonadh Ús Morgáiste a choimeád.
Ó Eanáir 2024, is ionann an íocaíocht sheachtainiúil íosta do rannpháirtithe nua bunaithe ar 19.5 uair an chloig oibrithe agus €259.50.
Más ionann an íocaíocht leasa shóisialaigh iarbhír (cleithiúnaithe san áireamh) a bhí á fáil agat agus €232 sa tseachtain nó níos lú, gheobhaidh tú an t-íosráta seachtainiúil FP €259.50 (is é sin €232 móide €27.50).
Más €232 nó níos mó d’íocaíocht sheachtainiúil leasa shóisialaigh iarbhír (cleithiúnaithe san áireamh), gheobhaidh tú an ráta céanna le d’íocaíocht leasa shóisialaigh móide €27.50.
Má bhíonn aon ioncam breise agat
Má bhíonn aon ioncam breise agat, mar shampla, as obair pháirtaimseartha, ní dhéanfaidh sé difear d’íocaíocht FP. Baineann na rialacha maidir le hathrú cúinsí a bhaineann le d’íocaíocht leasa shóisialaigh bhunaidh le d’íocaíocht FP freisin. Mar shampla, má fhaigheann do dhuine fásta cáilithe post, déanfar measúnú ar a n-ioncam mar mhaoin agus is féidir a n-íocaíocht FP a laghdú. Ní féidir d’íocaíocht FP a laghdú, áfach, faoi bhun an ráta íosta reatha €259.50.
D’fhonn aon ró-íocaíochtaí féideartha a sheachaint, má tá aon athrú ar do chúinsí, ba cheart duit do mhaoirseoir FP agus Oifigeach Forbartha Pobail an RCS áitiúil atá freagrach as do scéim FP a chur ar an eolas láithreach. (Tabharfaidh do mhaoirseoir FP do shonraí teagmhála d’Oifigeach Forbartha Pobail áitiúil na RCS). Tá tuilleadh faisnéise faoi athrú cúinsí i gcuid 3.2.6 de Fostaíocht Pobail – Lámhleabhar Nósanna Imeachta.
Má tá áit á fáil ag do chéile nó comhpháirtí sa scéim FP
Má tá tú rannpháirteach i scéim FP agus má fhaigheann do chéile nó do pháirtí áit i scéim FP, gheobhaidh gach duine ráta aonair den íocaíocht FP mar aon le leath de na Méaduithe i leith Leanbh Cáilithe d’aon leanaí cleithiúnacha.
Conas iarratas a dhéanamh ar anscéim FP
Chun páirt a ghlacadh scéim Fostaíochta Pobail, caithfidh tú clárú ag d’Ionad Intreo áitiúil nó d’Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh.
Tá líon teoranta áiteanna FP ar fáil. Is féidir le d’Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh eolas a sholáthar faoi dheiseanna poist FP. Tá liostaí post ar fáil, chomh maith, ar líne.
Féadfaidh eagraíochtaí deonacha agus comhlachtaí poiblí tionscadail FP a urrú a théann chun sochair an phobail. Ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh lena nIonad Intreo chun teacht ar bhreis faisnéise.
Fostaíocht Pobail a fhágáil agus a athiontráil
Má fhágann tú scéim FP, ní féidir leat páirt a ghlacadh i scéim FP eile ar feadh 12 mhí tar éis duit imeacht, agus caithfidh íocaíocht cháilitheach a bheith á fáil agat do na 12 mhí sin.
Má tá deis agat obair lánaimseartha a dhéanamh, is féidir leat tréimhse amháin de shaoire neamhíoctha shealadach a ghlacadh ar feadh a fhaide le 26 seachtain, má aontaíonn d’urraitheoir leis. Má leanann an deis oibre níos faide ná 26 seachtain, caithfidh tú an scéim FP a fhágáil.
Déan teagmháil le d’Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh chun teacht ar eolas breise faoi Fhostaíocht Pobail.