Cúiseanna maithe le dífhostú
- Cén cúiseanna córa a bhíonn ledífhostú?
- Samplaí de chúiseanna córa ledífhostú
- Cén cúiseanna a bhíonn ledífhostú ar an toirt?
- An féidir mé a dhífhostú mábhím ar saoire bhreoiteachta?
- Nósanna imeachta córa
- Eolas breise
- Cá háit le gearán a dhéanamh
Cén cúiseanna córa a bhíonn ledífhostú?
Má dhífhostaítear thú ó do phost, meastar go huathoibríoch gur dífhostú éagórach é, murach gur féidir le d’fhostóir a chruthú go bhfuil cúiseanna córa ann le húdar a thabhairt leis. Samplaí de chúiseanna córa iad iomarcaíocht nó saincheisteanna cáilíochta.
Ciallaíonn seo gur gá don fhostóir fianaise a thaispeáint go raibh an dífhostú cóir agus gur chloígh siad le nósanna imeachta córa sular dhífhostaigh siad thú.
Mínítear ar an leathanach seo cúiseanna córa le dífhostú, anuas ar na nósanna imeachta córa nach mór do d’fhostóir cloí leo sular féidir thú a dhífhostú go cóir.
B’fhéidir gur mian leat léamh faoi dhífhostú éagórach agus dífhostú inchiallaithe.
Samplaí de chúiseanna córa ledífhostú
D’fhéadfadh go ndearnadh thú a dhífhostú ‘go cóir’ ó do phost más féidir le d’fhostóir a chruthú go ndearnadh é mar thoradh ar cheann amháin (nó níos mó) de na rudaí seo a leanas:
- Do chumas an post a dhéanamh
- D’inniúlacht an post a dhéanamh
- Do cháilíochtaí don phost
- D’iompar
- Iomarcaíocht
- An dlí a shárú
Leagtar amach na cúiseanna córa seo le dífhostú in Alt 6 de na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach.
Caithfidh d’fhostóir a chruthú freisin gur chloígh siad le nósanna imeachta córa – léigh faoi ‘Nósanna imeachta córa’ thíos. Caithfidh d’fhostóir a chruthú freisin go bhfuil aon líomhaintí a rinne tú go ndearnadh thú a dhífhostú go héagórach bréagach.
Do chumas an post a dhéanamh
Áirítear le do ‘chumas’ saincheisteanna cosúil le moille, neamhláithreacht, agus asláithreacht sheasmhach de bharr breoiteachta nó gortú, bíodh sin gearrthéarmach nó fadtéarmach.
Más saincheist é moille nó neamhláithreacht, ba cheart go mbeadh cruthúnas ag d’fhostóir i leith na líomhna seo, cosúil leis an mhéid seo a leanas:
- Taifid ar chlogáil isteach
- Asláithreacht dhoiciméadaithe a bhfuil cuntas orthu nár eisíodh teastas dochtúra dóibh
Beidh ar d’fhostóir a thaispeáint gur cuireadh ar an eolas thú ar an bhfadhb agus gur tugadh rabhadh duit faoi na hiarmhairtí.
D’inniúlacht an post a dhéanamh
Tagraíonn inniúlacht do do chumas do phost a dhéanamh. Ar an gcéad dul síos, caithfidh d’fhostóir na caighdeáin a bhfuil súil leis go mbainfidh tú amach a chur in iúl duit, leis an bpost a dhéanamh ar fostaíodh duit lena dhéanamh. Is féidir é seo a leagan amach i do chonradh fostaíochta nó i do lámhleabhar fostaí.
Mura mbaineann tú an caighdeán riachtanach amach, caithfidh d’fhostóir é seo a mhíniú go soiléir duit, trí nós imeachta foirmiúil a úsáid. Ba cheart do d’fhostóir a insint duit freisin cén feabhsúcháin is gá duit a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh na feabhsúcháin seo inbhainte amach, agus caithfear amfhráma réasúnta a thabhairt duit le dul i bhfeabhas.
Má leanann fadhbanna a bheith le d’inniúlacht, ba cheart do d’fhostóir ‘rabhadh deiridh’ a thabhairt duit, ina leagtar amach an dóchúlacht go ndéanfar thú a dhífhostú.
Do cháilíochtaí don phost
Is féidir le dífhostú cóir ar chúiseanna cáilíochtaí titim amach ar 2 bhealach:
- Mhíthreoraigh tú d’fhostóir maidir le cáilíochtaí a bhí bainte amach agat nuair a chuir tú isteach ar an bpost.
- Bhí sé ina choinníoll (faoi réir) ag d’fhostóir go mbainfeá cáilíochtaí breise amach go leanfaí le thú a fhostú agus ní dhearna tú é seo. Caithfear deis réasúnta a thabhairt duit na cáilíochtaí a bhaint amach.
D’iompar
Mar chúis le dífhostú, cuimsítear sa téarma iompar réimse an-leathan den iompar. Tá ar d’fhostóir idirdhealú a dhéanamh idir:
- Gnáthchásanna mí-iompair
- Mí-iompar tromchúiseach, ar féidir le dífhostú ar an toirt bheith mar thoradh air – léigh ‘Cén cúiseanna a bhíonn le dífhostú ar an toirt?’ thíos.
D’fhéadfadh sraith mionteagmhais mhí-iompair a bheith i gceist le gnáthchásanna mí-iompair ar leor iad le húdar a thabhairt le do dhífhostú. Caithfidh d’fhostóir fógra a thabhairt duit, nó thú a íoc in ionad fógra.
Tá ar d’fhostóir an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Gach cás a imscrúdú le fíricí uile an cháis a fháil
- Rabhaidh chuí a thabhairt duit faoi d’iompar
- Thú a chur ar an eolas go bhféadfaí thú a dhífhostú má leanann na fadhbanna
Má chloíonn d’fhostóir leis na céimeanna seo, tá an dífhostú cóir, mar gheall gur tugadh deis duit feabhas a chur ar d’iompar.
Iomarcaíocht
Tá ar d’fhostóir a thaispeáint go bhfuil cás iomarcaíochta ann, agus go bhfuil an dífhostú cóir, ar an ábhar sin. Murab amhlaidh an cás, beidh ort ceann amháin (nó níos mó) den mhéid seo a leanas a thaispeáint:
- Níl aon údar geilleagrach leis an iomarcaíocht
- Cuireadh duine eile i d’ionad
- Roghnaíodh go héagórach thú d’iomarcaíocht
An dlí a shárú
Is féidir le d’fhostóir thú a dhífhostú más ionann a bheadh leanúint le thú a fhostú agus an dlí a shárú.
Mar shampla, má theastaíonn ceadúnas tiomána reatha uait le hoibriú, ach má chaill tú do cheadúnas i ngeall ar chúiseamh i leith tiomáint faoi thionchar an óil. Ní féidir leat leanúint ag oibriú sa chás seo gan an dlí a shárú agus b’fhéidir go bhfuil údar leis an dífhostú.
B’fhéidir go mbeidh súil leis, áfach, go bhfiosróidh d’fhostóir roghanna eile seachas dífhostú, ag brath ar fhíricí uile an cháis.
‘Cúiseanna substainteacha’ eile
Ba cheart aon chásanna a chuimsiú sa chatagóir seo nach gcuimsítear thuas. Caithfidh d’fhostóir a chruthú go raibh cúiseanna substainteacha eile ann agus go dtugann siad údar le do dhífhostú.
Cén cúiseanna a bhíonn ledífhostú ar an toirt?
Is féidir le dífhostú ar an toirt nó láithreach bonn bheith mar thoradh ar mhí-iompar tromchúiseach gan fhógra nó gan íocaíocht in ionad fógra. Áirítear le samplaí de mhí-iompar tromchúiseach:
- Ionsaí
- Meisce
- Goid
- Bulaíocht
- Sárú tromchúiseach ar bheartais agus cleachtais d’fhostóra
Is féidir eolas breise faoi mhí-iompar tromchúiseach a chuimsiú i do chonradh fostaíochta.
An féidir mé a dhífhostú mábhím ar saoire bhreoiteachta?
Má bhí tú ar saoire bhreoiteachta dheimhnithe ón obair mar gheall ar bhreoiteacht nó gortú, is minic go meastar nach féidir thú a dhífhostú go cóir. Níl seo fíor, áfach.
Caithfear le gach cás ar a fhiúntais féin (ar bhonn cás ar chás). Is éagsúil a bheidh saincheisteanna cosúil le fad na seirbhíse, d’iarchuntas teiste agus tábhacht an phoist agus beidh siad le cur san áireamh. Is minic go roinntear na saghsanna seo d’éileamh ina n-asláithreacht ghearrthéarmach agus fhadtéarmach.
Asláithreacht ghearrthéarmach
Tarlaíonn dífhostú a bhaineann le breoiteacht ghearrthéarmach go ginearálta nuair a bhíonn fadhb leighis ort a mbíonn asláithreacht rialta ar feadh tréimhsí gearra mar thoradh air. Sa chás go meastar go bhfuil fíorúdar le d’fhadhb, caithfidh d’fhostóir an méid seo a leanas a thaispeáint:
- Tá patrún asláithreachta ann
- Tá sé mar chúis le fadhbanna
- Ní dóchúil go dtiocfaidh feabhas ar an bhfadhb
- Tugadh rabhadh duit gur dóchúil go ndéanfar thú a dhífhostú
Asláithreacht fhadtéarmach
I gcás asláithreacht fhadtéarmach, beidh ar d’fhostóir fianaise liachta mhionsonraithe a fháil nach dóchúil go bhfillfear ar an obair go luath.
Níl aon ‘tréimhse shocraithe’ asláithreachta ann ina measfar go mbeidh nó nach mbeidh dífhostú ‘réasúnta’. Dá fhaide an asláithreacht, áfach, is fusa a bhíonn sé ar d’fhostóir a thaispeáint go bhfuil fíordheacracht á cruthú aige don ghnólacht.
I dtaobh fianaise liachta, b’fhéidir go mbeidh ort freastal ar shaineolaí leighis d’fhostóra. Má bhíonn coimhlint fianaise liachta idir tú féin agus d’fhostóir (maidir leis an dáta féideartha fillte ar obair), beidh súil leis go gcuirfear tuairim eile ar fáil do d’fhostóir sula ndéanfaidh siad thú a dhífhostú.
Má mheastar gur míchumas é do bhreoiteacht, áfach, faoin reachtaíocht um chomhionannas fostaíochta, is gá do chearta faoin reachtaíocht ar leith sin a chur san áireamh.
Nósanna imeachta córa
Ba cheart go mbeadh nósanna imeachta disciplíneacha i bhfeidhm ag d’fhostóir nach mór cloí leo nuair a bhíonn breithniú á dhéanamh ar do dhífhostú.
Míníonn nósanna imeachta disciplíneacha an próiseas ar cheart don fhostóir cloí leis maidir le heasnaimh líomhnaithe fostaí. Go ginearálta, ceadaíonn an nós imeachta rabhaidh neamhfhoirmiúla, óna n-eascraíonn rabhaidh scríofa, agus dífhostú ar deireadh thiar.
Caithfidh d’fhostóir sonraí a thabhairt duit faoi na nósanna imeachta disciplíneacha, i scríbhinn, laistigh de 28 lá tar éis go gcuirtear do chonradh i bhfeidhm.
Caithfidh d’fhostóir na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
- Cloí le nósanna imeachta córa
- Rabhaidh chuí a thabhairt duit
- Thú a chur ar an eolas go hiomlán ar na líomhaintí i d’aghaidh
- Deis a thabhairt duit do chás a chur i láthair
- An ceart a thabhairt duit go ndéanfar ionadaíocht duit in aon nósanna imeachta disciplíneacha, mar shampla, d’oifigeach ceardchumainn
Is féidir leat níos mó a léamh in Cód Cleachtais: Nósanna Imeachta Casaoide agus Disciplíneacha de chuid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.
Fógra faoi dhífhostú a fháil
Má dhéantar thú a dhífhostú ó do phost, tá ceart agat tréimhse íosta reachtúil fógra a fháil má d’oibrigh tú ar a laghad 13 seachtaine do d’fhostóir. Is féidir tréimhse níos faide d’fhógra a leagan amach i do chonradh fostaíochta.
Ráiteas scríofa ar na forais le dífhostú
Féadfaidh tú ráiteas scríofa a iarraidh ar d’fhostóir ag tabhairt na gcúiseanna ar dífhostaíodh tú, má tá 12 mhí sheirbhíse agat le d’fhostóir. Is féidir leat an ráiteas a úsáid chun cinneadh a dhéanamh cibé an ndéanfaidh tú éileamh ar dhífhostú éagórach.
Ba cheart do d’fhostóir an ráiteas seo a thabhairt duit laistigh de 14 lá tar éis duit é a iarraidh.
Eolas breise
Leagtar amach an dlí maidir le dífhostú sna hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977-2007.
Is féidir leat léamh freisin faoi nósanna imeachta córa i gcás smachta ag an obair in Cód Cleachtais: Nósanna Imeachta Casaoide agus Disciplíneacha an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO).
Má bhíonn ceisteanna eile agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Faisnéise agus Chustaiméirí an CCÁO.