Conas plean gnó a scríobh
- Cad is plean gnó ann?
- Cad atá le cur san áireamh i do phlean gnó
- Treoracha agus teimpléid
- Tuilleadh faisnéise faoi ghnó a thosú
Cad is plean gnó ann?
Is doiciméad é plean gnó a leagann amach do spriocanna gnó agus conas a bhfuil súil agat iad a bhaint amach. Má tá gnó á thosú agat, beidh plean gnó ag teastáil uait chun dul chuig institiúid airgeadais ar iasacht, chun iarratas a dhéanamh ar dheontas gnó beag, nó chun tairiscint a dhéanamh d’infheisteoirí.
Cad atá le cur san áireamh i do phlean gnó
Níl aon fhormáid chaighdeánach nuair a bhíonn plean gnó á scríobh. Féadfaidh tú aon fhaisnéis a mheasann tú a bheith tábhachtach do do ghnó a chur san áireamh. Moltar go gcuimseodh do phlean gnó ar a laghad:
Achoimre feidhmiúcháin
Seo an áit a ndéanann tú cur síos ar do ghnó agus cén fáth a gceapann tú go n-éireoidh leis. Caithfidh sé a thaispeáint go bhfuil margadh ann do do tháirge nó do sheirbhís. Ba chóir duit a mhíniú conas a bheartaíonn tú an gnó a mhargú do chustaiméirí.
Do ghnó agus do tháirgí
Ba cheart go n-áireofaí sa chuid seo do phríomhtháirgí agus do sheirbhísí, stádas dlíthiúil an ghnó agus do spriocanna gnó fadtéarmacha.
Taighde margaidh
Cuir san áireamh aon anailís mhargaidh atá curtha i gcrích agat agus do straitéis díolacháin. Ba cheart duit praghas do tháirge nó do sheirbhísí a chur san áireamh freisin.
Struchtúr bainistíochta agus eagraíochta
Ba chóir go n-áireofaí sa chuid seo achoimre ar struchtúr bainistíochta an ghnó. Cuir san áireamh aon cheanglais ó thaobh foirne, trealaimh agus innealra.
Plean airgeadais
Ba cheart go n-áireofaí sa chuid seo réamh-mheastacháin ar ioncam agus ar chostais ionchais, agus ar do riachtanais mhaoinithe.
Treoracha agus teimpléid
Níl aon teimpléad seasta ann chun do phlean gnó a leagan amach. Féadfaidh a dteimpléad féin a bheith ag gach banc nó institiúid tacaíochta.
Is féidir leat imlíne phlean gnó do ghnólachtaí nuathionscanta agus do mhicrifhiontair a úsáid ar shuíomh Gréasáin na hOifige Fiontair Áitiúil.
Is féidir leat dul chuig Fiontraíocht Éireann freisin le haghaidh:
Tá leabhar oibre ag Teagasc chun cabhrú le feirmeoirí ionchasacha a gcuid smaointe a eagrú, sula ndéanann siad plean gnó iomlán a fhorbairt.
Faigh tuilleadh treoracha agus tacaíochtaí chun plean gnó a fhorbairt ó na heagraíochtaí seo a leanas:
B’fhéidir gur mhaith leat freisin comhairle a fháil ón gcomhlacht ionadaíoch do d’earnáil ar leith.
Tuilleadh faisnéise faoi ghnó a thosú
Léigh faoi conas cinneadh a dhéanamh ar struchtúr dlíthiúil do ghnóagus conas maoiniú a fháil.
B’fhéidir gur mhaith leat léamh freisin faoi d’ainm gnó a chlárú, agus conas cáin a íoc mar dhuine féinfhostaithe.
Féach liosta deláithreáin ghréasáin, eagraíochtaí agus comhlachtaí poiblí ar féidir leo faisnéis a thabhairt maidir le gnó a thosú.
Aistriúchán ar feitheamh: níor aistríodh an doiciméad seo go Gaeilge. Má tá an t-ábhar seo uait i nGaeilge, déan teagmháil linn ag ciofeedback@ciboard.ie.