Cosaint do sceithirí
- Réamhrá
- Na dlíthe a bhaineann le sceithireacht
- Cad é nochtadh cosanta?
- Cad is éagóir ann?
- Cad nach gcuirtear san áireamh de ghnáth mar éagóir?
- Cén oibrithe a chosnaítear?
- Leanúint de bheith anaithnid
- Casaoid a thabhairt le fios
- Conas buairt a thabhairt le fios
- Nochtadh a dhéanamh le d’fhostóir
- Nochtadh le duine forordaithe
- Nochtadh le duine seachtrach
- Nochtadh le hOifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta
- Conas a dhéileálfar le dothuairisciú
- Tuairisciú le d’fhostóir
- Tuairisciú a dhéanamh le duine forordaithe
- Tuairisciú le hOifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta
- Dífhostú i ndiaidh nochtadh cosanta a dhéanamh
- Pionóis seachas dífhostú
- Achomhairc
- Caingne sibhialta
- Imeachtaí dlí i d’aghaidh
- Eolas breise
Réamhrá
Is é an téarma níos foirmiúla a thugtar ar sceithireacht ná ‘nochtadh cosanta’. Cosnaíonn an dlí thú má thugann tú buarthaí chun solais faoi éagóir fhéideartha in ionad oibre ina n-oibríonn tú faoi láthair nó inar oibrigh tú roimhe seo. Cosnaítear thú chomh maith má dhéantar thú a dhífhostú nó má ghearrtar pionós ort i ngeall ar éagóir fhéideartha
Na dlíthe a bhaineann le sceithireacht
Tá daoine a thugann buarthaí chun solais faoi éagóir fhéideartha san ionad oibre á gcosaint ag an Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 (‘Acht 2014’). Nuashonraigh an tAcht um Nochtadh Cosanta, 2022 (‘Acht 2022’) é. Déanann Acht 2022 an Treoir maidir le Sceithireacht ón AE (pdf) a thrasuí i ndlí na hÉireann.
Cuimsítear san eolas thíos na cosaintí nua a tugadh isteach faoi Acht 2022. Cuireadh tús leis na cosaintí nua an 1 Eanáir 2023.
Cad é nochtadh cosanta?
Déanann tú nochtadh cosanta más oibrí thú agus má nochtann tú faisnéis ábhartha ar bhealach ar leith. Tá faisnéis ábhartha má cuireadh ar d’aird í i gcomhthéacs a bhaineann leis an obair agus má chreideann tú go réasúnta gur gnách di éagóir a thaispeáint.
Cad is éagóir ann?
Tugtar sainmhíniú fairsing ar éagóir agus áirítear léi:
- Cionta coiriúla
- Teip ar oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh
- Sáruithe ar dhlí áirithe an Aontais Eorpaigh
- Sláinte agus sábháilteacht daoine a chur i mbaol
- Díobháil a dhéanamh don chomhshaol
- Iomrall ceartais
- Mí-úsáid a bhaint as cistí poiblí
- Gníomhartha leatromacha, idirdhealaitheacha, thar a bheith faillíocha nó ar a ndéantar fíor-mhíbhainistíocht a dhéanann comhlacht poiblí
- Faisnéis a cheilt nó a mhilleadh faoi aon cheann de na héagóracha thuas nó aon iarracht an fhaisnéis sin a cheilt nó a mhilleadh
Is féidir le héagóir titim amach in d’Éirinn nó lasmuigh d’Éirinn.
Fiú má chruthaítear go bhfuil an fhaisnéis mícheart, cosnaítear go fóill thú, chomh fada agus gur chreid tú go réasúnta san fhaisnéis.
Cad nach gcuirtear san áireamh de ghnáth mar éagóir?
Ní mheastar de ghnáth gurb éagóracha an méid seo a leanas:
- Casaoidí san ionad oibre atá pearsanta amháin
- Díospóidí le d’fhostóir faoi do chonradh
- Faisnéis a nochtar i suíomh atá faoi phribhléid dhlíthiúil
- Más é do phost aon éagóir a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus má bhaineann an éagóir le duine seachas leis an bhfostóir. Mar shampla, ní chumhdófar comhalta den Gharda Síochána a thugann éagóir le fios a rinne duine lasmuigh den Gharda Síochána ag an Acht seo.Ba cheart go dtuigfeá nach liostaí críochnaitheacha iad na liostaí thuas agus go bhféadfadh samplaí eile a bheith ann. Má theastaíonn cabhair uait le nochtadh cosanta a dhéanamh nó le héagóir a thabhairt le fios, is féidir leat tacaíocht saor in aisce a fháil ó Thrédhearcacht Idirnáisiúnta Éireann (Transparency International Ireland).
Cén oibrithe a chosnaítear?
Cosnaítear na hoibrithe seo a leanas:
- Fostaithe nó iarfhostaithe
- Oiliúnaithe
- Daoine a oibríonn faoi chonradh le haghaidh seirbhísí
- Conraitheoirí neamhspleácha
- Oibrithe gníomhaireachta
- Daoine ar thaithí oibre
- Oiliúnaithe neamhíoctha
- Comhaltaí boird
- Páirtithe Leasmhara
- Oibrithe deonacha
- Iarratasóirí poist
Cosnófar thú freisin faoi na hAchtanna má dhéanann tú nochtadh gan ainm ach má chuirtear d’aitheantas in iúl agus má ghearrtar pionós ort as nochtadh cosanta a dhéanamh.
Leanúint de bheith anaithnid
Go ginearálta, ní féidir le daoine a fhaigheann nochtadh cosanta nó a dhéileálann leo ina dhiaidh sin aon fhaisnéis a nochtadh a d’fhéadfadh an duine a rinne an nochtadh a shainaithint gan toiliú an duine.
Tá roinnt eisceachtaí air seo, mar shampla, má tá sé bunriachtanach an sceithire a shainaithint ar mhaithe le himscrúdú éifeachtach a dhéanamh ar an gceist nó más gá sin a dhéanamh chun cosc a chur ar choireacht nó ar bhaol i leith shlándáil an Stáit, sláinte phoiblí nó an chomhshaoil.
Ba cheart go gcuirfí in iúl do dhuine gur gá a n-aitheantas a nochtadh gan a dtoiliú.
Casaoid a thabhairt le fios
Buairt atá i gcasaoid a bhíonn ag fostaí faoina dtéarmaí agus coinníollacha fostaíochta, nósanna imeachta oibre nó dálaí oibre.
Mar shampla, má bhíonn gearán agat faoi chritéir roghnúcháin do phost ardaithe céime nó má tá gearán agat faoi ragobair a leithdháileadh.
Déileáiltear le casaoid, go ginearálta, trí nós imeachta casaoide inmheánaí. Cé go bhféadfadh roinnt casaoidí a bheith ina nochtadh cosanta freisin, ní mheastar gur nochtadh cosanta í saincheist a bhaineann go hiomlán le casaoid pearsanta fostaíochta agus nach ndéanann difear ach duit féin.
Conas buairt a thabhairt le fios
Is féidir leat buairt a thabhairt le fios ar bhealaí éagsúla – le d’fhostóir, le duine forordaithe, le duine seachtrach nó le hOifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta.
Nochtadh a dhéanamh le d’fhostóir
Is í an fhoirm is simplí de nochtadh ná nochtadh a dhéantar le d’fhostóir. Sa chás seo, is é an t-aon rud a theastaíonn ná creideamh réasúnta go dtaispeánann an fhaisnéis a nochtadh nó gur nós leis an bhfaisnéis a nochtadh a thaispeáint go bhfuil an éagóir ag titim amach.
Is féidir leat nochtadh a dhéanamh i scríbhinn, ó bhéal, nó ar an dá bhealach. Is féidir leat cruinniú a iarraidh le nochtadh ó bhéal a dhéanamh.
Féach ‘Conas a dhéileálfar le do thuairisciú’ thíos.
Nochtadh le duine forordaithe
Is féidir leat a roghnú tuairisciú a dhéanamh le duine de na daoine forordaithe a liostaítear san Ordú fán Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 (Nochtadh le Daoine Forordaithe), 2020.
Bíonn feidhmeanna rialála ag daoine forordaithe, go ginearálta, sa limistéar atá faoi réir na líomhaintí. Samplaí iad an Banc Ceannais, an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta agus an Coimisiún Cosanta Sonraí. Is féidir leat liosta iomlán daoine forordaithe a fháil de réir earnála ar gov.ie. Cabhróidh an liosta seo leat teacht ar an duine nó an comhlacht ceart le tuairisciú a dhéanamh leo.
Nochtadh cosanta é nochtadh a dhéanann tú le duine forordaithe má shásaítear an dá choinníoll seo a leanas:
- Creideann tú go réasúnta go bhfuil an éagóir ábhartha laistigh de shainchúram an duine fhorordaithe
- Tá an t-eolas a nochtann tú, agus aon líomhain ann, fíor go substainteach (caighdeán níos airde é seo ná mar a theastaíonn chun nochtadh a dhéanamh le d’fhostóir)
Féach ‘Conas a dhéileálfar le do thuairisciú’ thíos.
Nochtadh le duine seachtrach
Má tá tú nó bhí tú fostaithe i gcomhlacht poiblí, is féidir leat tuairisciú a dhéanamh leis an Aire ábhartha faoi chúinsí áirithe. Caithfidh an tAire, gan breithniú a bheith déanta aige/aici ar an tuairisc, í a sheoladh chuig an gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta, a shainaithneoidh an duine cuí forordaithe nó duine oiriúnach eile.
Caithfidh go gcreideann tú go réasúnta go bhfuil an fhaisnéis a nochtadh agus aon líomhaintí fíor agus go sásaítear ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
- Rinne tú tuairisc roimhe seo ach níor soláthraíodh aon aiseolas nó níor soláthraíodh aon aiseolas laistigh d’amfhráma socraithe (de ghnáth 3 mhí)
- Creideann tú nach ndearnadh fiosrú neamhleor nó nach ndearnadh fiosrú ar bith sa chás gur tugadh aiseolas.
- Creideann tú go bhfuil ceann an chomhlachta phoiblí comhpháirteach san éagóir
- Creideann tú go bhféadfadh an éagóir garbhaol nó contúirt shoiléir a chur roimh leas an phobail, cás éigeandála nó nuair a bhíonn baol i leith díobhála i gceist nach féidir a chur ina ceart san áireamh.
Nochtadh cosanta freisin é nochtadh a rinneadh le haturnae, abhcóide nó oifigeach ceardchumainn i gcaitheamh comhairle dlí a fháil.
D’fhéadfadh nochtadh a rinneadh le duine seachtrach eile, mar shampla, iriseoir, a bheith ina nochtadh cosanta má shásaíonn sé na coinníollacha seo:
- Caithfidh go gcreideann tú go réasúnta go bhfuil an fhaisnéis a nochtar, agus aon líomhain a chuimsítear inti, fíor go substainteach.
Agus bíonn ceann de na rudaí seo a leanas thíos i gceist:
- Rinne tú tuairisc roimhe seo le duine eile a shonraítear thuas ach níor tugadh faoi aon ghníomh cuí mar fhreagairt air
- Creideann tú go réasúnta go bhfuil garbhaol nó baol soiléir roimh leas an phobail
- Tá an baol ann go ngearrfar pionós dá ndéanfaí an tuairisciú trí chainéil eile
- Tá an baol ann nach rachfar i ngleic go héifeachtach leis an tuairisciú dá ndéanfaí é trí chainéil eile, cosúil leis an gcás go gcreideann tú go réasúnta go ndéanfar príomhfhianaise a cheilt nó a mhilleadh.
Féach ‘Conas a dhéileálfar le do thuairisciú’ thíos.
Nochtadh le hOifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta
Is féidir leat nochtadh cosanta a dhéanamh le hOifig nua an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta. Bunaíodh an Oifig seo faoi Acht 2022 agus beidh sí mar chuid d’Oifig an Ombudsman.
Sainaithneoidh Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta duine forordaithe nó duine eile oiriúnach atá inniúil chun dul i mbun gníomh cuí le do nochtadh a fhiosrú.
Nuair nach féidir le hOifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta aon duine eile oiriúnach a bhfuil an inniúlacht riachtanach acu a shainaithint, fiosróidh an Coimisinéir an tuairisciú go díreach.
Féach ‘Conas a dhéileálfar le do thuairisciú’ thíos.
Conas a dhéileálfar le dothuairisciú
Tugtar nósanna imeachta nua isteach san Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú), 2022 maidir le conas is gá do thuairisciú a láimhseáil. Cuireadh tús leis an Acht an 1 Eanáir 2023.
Tuairisciú le d’fhostóir
I gcás roinnt earnálacha, bíonn tréimhse um thabhairt isteach ann sula mbeidh na rialacha nua maidir le cainéil agus nósanna imeachta tuairiscithe le bheith i bhfeidhm. Tugtar go dtí an 17 Nollaig 2023 do go leor fostóirí san earnáil phríobháideach agus carthanais ina bhfuil idir 50 agus 249 fostaí leis na rialacha nua a chomhlíonadh.
Caithfidh fostóirí san earnáil phríobháideach agus carthanais ina bhfuil 250 fostaí nó níos mó na nósanna imeachta nua a chomhlíonadh ón 1 Eanáir 2023.
Caithfidh fostóirí sna limistéir seo a leanas comhlíonadh freisin ón 1 Eanáir 2023: seirbhísí, táirgí agus margaí airgeadais agus cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, sábháilteacht iompair, agus cosaint an chomhshaoil.
Beidh ar gach comhlacht poiblí a nósanna imeachta maidir le nochtadh cosanta a athchóiriú chun na rialacha nua a chomhlíonadh faoin 1 Eanáir 2023.
Is féidir leo seo a leanas tabhairt faoi chainéil agus nósanna imeachta tuairiscithe:
- Duine inmheánach nó roinn atá ainmnithe ag d’fhostóir
- Tríú páirtí seachtrach atá údaraithe ag d’fhostóir
Duine ainmnithe
Caithfidh fostóirí cainéil tuairiscithe inmheánaigh a bhunú agus a oibriú a chinntíonn go mbíonn d’aitheantas faoi rún i gcónaí.
Caithfidh duine ainmnithe a bheith i d’eagraíocht chun déileáil le nochtadh a dhéanann fostaithe. Caithfidh an duine ainmnithe a bheith neamhchlaonta agus inniúil chun tuairiscí a fhiosrú.
Déanfaidh an duine ainmnithe cumarsáid leat, cuirfidh siad aiseolas ar fáil duit ar an imscrúdú agus iarrfaidh siad ar eolas breise, más gá.
Caithfidh fostóirí cainéil tuairiscithe inmheánaigh a bhunú agus a oibriú a chinntíonn go mbíonn d’aitheantas faoi rún i gcónaí.
Cainéil chun déileáil le nochtadh a dhéanann fostaithe
Caithfidh d’fhostóir cloí le hamlíne dhian chun do thuairisciú a aithint, aiseolas a sholáthar agus déileáil le do thuairisciú. Caithfidh siad:
- Do thuairisciú a aithint laistigh de 7 lá
- Do thuairisciú a fhiosrú go dícheallach
- Aiseolas a sholáthar duit, laistigh de 3 mhí, ar ghníomhartha a rinneadh nó atá ar na bacáin
Caithfidh fostóirí faisnéis shoiléir agus atá inrochtana gan stró a sholáthar ar na nósanna imeachta a bhaineann le tuairisciú a dhéanamh.
Tuairisciú a dhéanamh le duine forordaithe
Caithfidh an duine forordaithe nó an duine seachtrach a fhaigheann do nochtadh cosanta na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
- Do thuairisciú a aithint, de ghnáth, laistigh de 7 lá
- Do thuairisciú a fhiosrú go dícheallach (má rinne tú an tuairisciú go hanaithnid san áireamh)
- Aiseolas a sholáthar duit, laistigh de 3 mhí, ar ghníomhartha a rinneadh nó atá ar na bacáin (is féidir seo a shíneadh i gcásanna áirithe a bhfuil údar leo)
- Eolas a thabhairt duit ar an toradh deiridh a bhíonn le haon imscrúduithe
Caithfidh daoine forordaithe faisnéis shoiléir agus atá inrochtana gan stró a sholáthar a láithreáin ghréasáin ar na nósanna imeachta a bhaineann le tuairisciú a dhéanamh.
Tuairisciú le hOifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta
Is féidir leat tuairisciú le hOifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta a íoslódáil, a líonadh agus a sheoladh. Is gnách go n-aithneoidh Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta do thuairisciú laistigh de 7 lá. Sainaithneoidh an Oifig duine forordaithe nó duine eile oiriúnach ansin atá oiriúnach chun dul i mbun gníomh cuí le do nochtadh a fhiosrú. Déanfaidh an Oifig é seo laistigh de 14 lá i ndiaidh do thuairisciú a fháil.
Déanfaidh an duine forordaithe nó oiriúnach eile an méid seo a leanas ansin:
- Do thuairisciú a fhiosrú go dícheallach (má rinne tú an tuairisciú go hanaithnid san áireamh)
- Aiseolas a sholáthar duit, laistigh de 3 mhí, ar ghníomhartha a rinneadh nó atá ar na bacáin (is féidir seo a shíneadh i gcásanna áirithe a bhfuil údar leo)
- Eolas a thabhairt duit ar an toradh deiridh a bhíonn le haon imscrúduithe
Mura féidir le hOifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta duine forordaithe nó oiriúnach a shainaithint, fiosróidh siad an nochtadh iad féin.
Arís eile, caithfidh an Coimisinéir faisnéis shoiléir agus atá inrochtana gan stró ar na nósanna imeachta a bhaineann le tuairisciú a dhéanamh a chur ar fáil ar láithreán gréasáin.
Más mian leat tuairisciú a chur faoi bhráid Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta, caithfidh tú an fhoirm iarratais a íoslódáil (pdf), agus an tuairisc a sheoladh. Chun teacht ar eolas breise ar cén áit a mbeidh an tuairisciú seo le seoladh, féach ‘Eolas breise’ thíos.
Sásamh d’fhostaithe
Cosnaítear thú in aghaidh pionós a bheith gearrtha ort (nó pionósú) cibé go díreach nó go hindíreach i ngeall ar nochtadh cosanta a dhéanamh.
Gearrtar pionós ort má dhéantar aon ghníomh nó easnamh a mbíonn tú thíos leis, mar shampla, dífhostú, caitheamh éagórach nó bagairtí ar bheart díoltais. Áirítear leis na saghsanna breise de phionósú ón 1 Eanáir 2023 deis ardaithe céime a chailleadh, athbhreithniú diúltach ar fheidhmíocht nó teistiméireacht dhiúltach fostaíochta nó oiliúint a shiarchoinneáil.
Glactar leis go bhfuil nochtadh faoi chosaint go dtí go gcruthaítear a mhalairt. Faoin Acht um Nochtadh Cosanta, tá an dualgas ar an bhfostóir a chruthú nach bhfuil an nochtadh faoi chosaint laistigh de bhrí na nAchtanna.
Dífhostú i ndiaidh nochtadh cosanta a dhéanamh
Má dhéantar thú a dhífhostú ó d’fhostaíocht mar gheall go ndearna tú nochtadh cosanta, caitear leis an dífhostú sin mar dhífhostú éagórach. Is féidir leat éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach agus má éiríonn le d’éileamh, is féidir cúiteamh a mhéid le pá 5 bliana a bhronnadh ort. (Is é an cúiteamh uasta i gcásanna dífhostaithe éagóraigh, go ginearálta, pá 2 bhliain).
Ní bhaineann cosaint in aghaidh dífhostú éagórach, go ginearálta, le fostaithe a sholáthair níos lú ná seirbhís 1 bhliain, le hoiliúnaithe nó Gardaí. Ní bhaineann na srianta seo nuair a dhéantar an dífhostú i ngeall ar nochtadh cosanta a dhéanamh. (Leanann an srian ar bhaill d’Óglaigh na hÉireann de bheith i bhfeidhm).
D’fhéadfadh do spreagadh chun nochtadh cosanta a dhéanamh difear a dhéanamh don leibhéal cúitimh a bhronntar ort. Murab é an t-imscrúdú ar an éagóir an t-aon spreagadh nó an príomhspreagadh a bhí agat chun an nochtadh a dhéanamh, d’fhéadfadh an cúiteamh a bhronntar ort a bheith a mhéid le 25% níos lú ná mar a bheadh sé ar bhealach eile.
Pionóis seachas dífhostú
Má dhéanann tú nochtadh cosanta, cuirtear toirmeasc ar d’fhostóir ó phionós a ghearradh ort nó ó bhagairt ar phionós a ghearradh ort nó bheith faoi deara go ndéanfaidh duine ar bith eile amhlaidh ort. Má ghearrtar pionós ort nó má bhagraítear ort, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre trí úsáid a bhaint as an bhfoirm ghearáin ar líne atá ar fáil ar workplacerelations.ie. Ba cheart duit gearán a dhéanamh laistigh de 6 mhí (cé gur féidir síneadh 12 mhí a chur leis an am seo má bhíonn cúis bhailí ann leis an moill).
Is faoi d’fhostóir atá sé a chruthú nár ghearr siad pionós ort as nochtadh cosanta a dhéanamh. B’fhéidir go mbeidh ar d’fhostóir dul i mbun cúrsa ar leith gníomhaíochta i ngeall ar chinneadh an bhreithneora agus b’fhéidir go mbronnfar cúiteamh ort.
Achomhairc
Féadfaidh tú féin nó d’fhostóir achomharc a dhéanamh ar chinneadh an bhreithneora chuig an gCúirt Oibreachais. Féadfaidh an Chúirt Oibreachais ceist dlí a eascraíonn sa chás a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte. Is cinneadh críochnaitheach é cinneadh na hArd-Chúirte faoin gceist. Féadfaidh tú féin nó d’fhostóir achomharc a dhéanamh ar chinneadh na Cúirte Oibreachais ar phointe dlí leis an Ard-Chúirt. Arís eile, tá cinneadh na hArd-Chúirte críochnaitheach.
Caingne sibhialta
Foráiltear in Acht 2014 d’imdhíonacht ó fhormhór na gcaingne sibhialta i leith díobhálacha – is é sin, ní féidir agairt ort i ngeall ar nochtadh cosanta a dhéanamh.
Is féidir leat agairt ar dhuine is cúis le díobháil a dhéanamh duit mar gheall go ndearna tú nochtadh cosanta. Ní féidir leat seo a dhéanamh, áfach, agus sásamh a lorg freisin faoin reachtaíocht um dhífhostú éagórach ná gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.
D’fhéadfadh do spreagadh chun nochtadh cosanta a dhéanamh difear a dhéanamh don leibhéal cúitimh a bhronntar ort in imeachtaí sibhialta. Murab é an t-imscrúdú ar an éagóir an t-aon spreagadh nó an príomhspreagadh a bhí agat chun an nochtadh a dhéanamh, d’fhéadfadh an cúiteamh a bhronntar ort a bheith a mhéid le 25% níos lú ná mar a bheadh sé ar bhealach eile.
Ó an 1 Eanáir 2023, is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin leis an gCúirt Chuarda ar fhaoiseamh sealadach ó phionósú. Ní fhéadfaí iarratas ar fhaoiseamh sealadach a dhéanamh roimh an dáta seo ach leis an gCúirt Chuarda le cosc a chur ar dhífhostú.
Má dhéanann tú nochtadh agus é ar eolas agat gur nochtadh bréagach é, is féidir le haon duine a ndéantar difear dóibh agairt ort i leith damáistí.
Imeachtaí dlí i d’aghaidh
Is cion coiriúil é nochtadh a dhéanamh ina gcuimsítear aon fhaisnéis is eol duit atá bréagach. Má chiontaítear thú sa Chúirt Dúiche, is féidir fíneáil a mhéid le €5,000 nó príosúnacht a fhaide le 6 mhí, nó an dá rud, a ghearradh ort. Gearrtar pionóis níos tromchúisí má chiontaítear thú i gcúirt níos uachtaraí.
Má chúisítear thú i leith faisnéis a nochtadh go neamhdhleathach, cosaint i do leith is ea go raibh nochtadh á dhéanamh agat ar cheap tú go réasúnta gur nochtadh cosanta a bhí ann.
Eolas breise
Is féidir leat faisnéis bhreise a fháil ar do chearta agus do theidlíochtaí faoin reachtaíocht fostaíochta ón gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.
Is féidir leat comhairle neamhspleách agus rúnda a fháil má bhí machnamh á dhéanamh agat ar bhuairt a thabhairt le fios nó nochtadh cosanta a dhéanamh tríd an líne chabhrach ‘Labhair Amach’ (‘Speak Up’) trí ghlaoch ar 1800 844 866, ó Luan go hAoine, idir 10am agus 6pm. Is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig helpline@transparency.ie nó cuairt a thabhairt ar speakup.ie.
Cuireann Ionad Comhairle Dlí Transparency (TLAC) comhairle dlí saor in aisce ar fáil d’aon duine ar mian leo éagóir a nochtadh faoin Acht um Nochtadh Cosanta (arna leasú). Is féidir leat teacht air seo trí líne chabhrach Labhair Amach (féach thuas).
Is féidir leat tuairisciú a sheoladh chuig Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta ar na bealaí seo a leanas:
- Ar ríomhphost chuig info@opdc.ie
- Sa phost chuig Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02W773
- Trí ghlaoch ar 01 639 5650
Is féidir leat na Ceisteanna Coitianta faoi Nochtadh Cosanta a léamh chun teacht ar eolas breise.