Ag fágáil oibre gan a bheith íoctha
- Réamhrá
- Nuair a fhágann tú an obair
- Cén asbhaintí is féidir le m’fhostóir a bhaint ó mo phá?
- Asbhaintí neamhdhleathacha
- Má cheapann tú go bhfuil do phá deiridh mícheart
- Gearán a dhéanamh faoi neamhíocaíocht phá
- Cá ndéanfaidh mé gearán
Réamhrá
Má chailleann tú do phost, bíonn cearta agus teidlíochtaí áirithe agat lena n-áirítear an ceart íocaíocht a fháil as aon laethanta a d’oibrigh tú.
Murar íocadh an méid ceart leat nó má tá roinnt pá dlite duit go fóill, tá cearta dlíthiúla agat.
Is féidir leis an leathanach seo cabhrú leat dul i mbun beart chun an t-airgead a fháil atá le híoc leat i ndiaidh duit post a fhágáil.
Nuair a fhágann tú an obair
Ar an lá a thagann deireadh le do chuid fostaíochta, tá roinnt rudaí ann ar cheart do d’fhostóir a thabhairt duit:
•An pá atá dlite duit agus duillín pá
•Má rinneadh iomarcach thú, an íocaíocht iomarcaíochta atá dlite duit
•Pá in lieu (in ionad) do thréimhse fógra (murar oibrigh tú i rith do thréimhse fógra)
•Pá le haghaidh saoirí atá tú i dteideal a ghlacadh (murar ghlac tú iad)
•Pá do shaoirí poiblí (más infheidhme)
•Eolas faoin méid a tharlaíonn do do scéim pinsin (más infheidhme)
Seiceáil do dhuillín pá deiridh d’aon íocaíochtaí nó asbhaintí breise. Ba cheart go mbeadh sé soiléir sa duillín pá cad dó a bhfuil íocaíocht nó asbhaint.
Ní fhaigheann tú P45 ó d’fhostóir a thuilleadh nuair a fhágann tú do phost. Nuair a fhágann tú post anois, iontrálfaidh d’fhostóir do dháta fágála agus sonraí faoi do phá deiridh agus asbhaintí isteach i gcóras ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim. Is féidir leat teacht ar do shonraí pá tríd an nasc ‘Bainistigh do cháin’ in moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim.
Is féidir leat eolas breise a léamh faoi do theidlíochtaí nuair a chailleann tú do phost.
Cén asbhaintí is féidir le m’fhostóir a bhaint ó mo phá?
Ceadaítear do d’fhostóir asbhaintí a dhéanamh ó do phá sna cásanna seo a leanas:
•Ceanglaítear an asbhaint faoin dlí, mar shampla, cáin (ÍMAT) agus árachas sóisialach (ÁSPC)
•Ceadaítear é faoi do chonradh fostaíochta, mar shampla, ranníocaíochtaí pinsean gairme
•Chomhaontaigh tú leis an asbhaint i scríbhinn, mar shampla, suibscríbhinn cheardchumainn
•Tá airgead le híoc agat i ngeall ar ró-íocaíocht phá nó costais
•Teastaíonn an asbhaint ag ordú cúirte, mar shampla, ordú um astú tuillimh i gcás dlí teaghlaigh
•Tagann an asbhaint chun solais mar gheall go raibh tú ar stailc
Leagtar amach san Acht um Íoc Pá, 1991 na hasbhaintí is féidir le d'fhostóir a dhéanamh ó do phá.
Asbhaintí neamhdhleathacha
Má tá tú tar éis obair a fhágáil agus murar íocadh thú nó má tá do phá níos lú ná an méid atá dlite duit, is asbhaint neamhdhleathach í seo faoin Acht um Íoc Pá. Is í an t-aon eisceacht amháin leis seo ná sa chás go bhfuil an neamhíocaíocht nó an méid atá in easnamh de thoradh ar bhotún a rinne d’fhostóir nuair a bhí do phá á ríomh.
Mar sin, má chaill tú do phost ach murar íoc d'fhostóir an pá atá dlite duit, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chúiteamh trí ghearán a dhéanamh faoin Acht um Íoc Pá, 1991.
Má cheapann tú go bhfuil do phá deiridh mícheart
Má cheapann tú go bhfuil do phá deiridh mícheart, déan iarracht labhairt go neamhfhoirmiúil le d’iarfhostóir. Iarr orthu aon rud a mhíniú nach dtuigeann tú atá ar do dhuillín pá, nó an fáth nár íocadh thú.
Má easaontaím le ríomhanna d’fhostóra, mínigh dóibh an méid a cheapann tú is ceart. Iarr orthu an t-airgead atá le híoc leat a íoc a luaithe agus is féidir.
Mura féidir leat an fhadhb a réiteach go neamhfhoirmiúil, is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh – féach thíos.
Gearán a dhéanamh faoi neamhíocaíocht phá
Mura féidir leat an tsaincheist a réiteach go díreach le d’fhostóir, is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh faoi neamhíocaíocht phá leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre. Ba cheart duit iarratas a dhéanamh trí úsáid a bhaint as foirm ghearáin ar líne.
Caithfidh tú gearán a dhéanamh faoin laistigh de 6 mhí tar éis go ndearnadh an asbhaint – seo an dáta a bhí do phá le híoc. Is féidir síneadh a fhaide le 6 mhí bhreise a chur leis an teorainn ama seo má bhí cúis réasúnta leis an moill.
Tá eolas breise ar fáil sa leabhrán mínitheach seo ar an Acht um Íoc Pá, 1991 (pdf) nó ó Sheirbhís Faisnéise agus Chustaiméirí an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre − tá na sonraí teagmhála thíos.
Cá ndéanfaidh mé gearán