Ráitis chánach a fháil ag deireadh na bliana agus do phost a fhágáil

Réamhrá

Don bhliain 2019 agus as seo amach, ní bhfaighidh tú P60 a thuilleadh ag deireadh na bliana. In ionad sin, beidh achoimre ar shonraí fostaíochta ar fáil duit trí sheirbhís moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Cuimsíonn achoimre sonraí fostaíochta (P60 roimhe seo) sonraí do phá chomh maith leis an gcáin ioncaim, an ÁSPC agus an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) atá asbhainte ag d'fhostóir agus íoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim. Déanann sí do chuid asbhaintí Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a thaifead freisin (má roghnaíonn tú an CMÁ a bhaint as do phá).

Tá an achoimre sonraí fostaíochta seo bunaithe ar fhaisnéis a thug d'fhostóir do na Coimisinéirí Ioncaim. D’fhéadfái go mbeadh dliteanais chánach eile agat nach bhfuil liostaithe.

Mar chuid de nuachóiriú ÍMAT, cuireadh deireadh le P45 agus P60 agus cuireadh córas ar líne ina n-áit.

Ó 2019 ní bhfaighidh tú P45 a thuilleadh nuair a fhágann tú post. In ionad sin, cuirfidh d'fhostóir do dháta fágála agus sonraí do phá agus d'asbhaintí deiridh isteach i gcóras ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim agus is féidir leat rochtain a fháil ar na sonraí seo trí sheirbhís moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim - féach 'Ag fágáil poist' thíos.

Más gá duit cuntas ar líne a shocrú leis na Coimisinéirí Ioncaim, is féidir leat tuilleadh eolais a fháil inár ndoiciméad Seirbhísí ar líne do cháiníocóirí ÍMAT - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.

Achoimre Sonraí Fostaíochta

Ón 1 Eanáir 2020, is féidir leat logáil isteach anois ar moChúrsaí, agus achoimre sonraí fostaíochta (P60 roimhe seo) de na hasbhaintí cánach agus cánach ioncaim do 2019 a thuairiscigh d'fhostóir nó do sholáthraí pinsin do na Coimisinéirí Ioncaim a fheiceáil.

Chun rochtain a fháil ar Sheirbhísí ÍMAT ar líne ní mór duit clárú le Seirbhís moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim. Nuair atá tú cláraithe, is féidir leat rochtain a fháil ar moChúrsaí ar revenue.ie nó ar ghléasanna soghluaiste agus táibléid ag baint úsáide as RevApp na gCoimisinéirí Ioncaim. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil inár ndoiciméad ar Sheirbhísí ar líne do cháiníocóirí ÍMAT.

Cuimsíonn an achoimre seo tá do phá agus asbhaintí reachtúla don bhliain mar a thuairiscigh d'fhostóir nó do sholáthraí pinsin. Is féidir leat doiciméad a chruthú le breathnú air nó le priontáil más gá. Is féidir an doiciméad a úsáid mar chruthúnas ioncaim má éilíonn tríú páirtithe é. Is féidir leat seiceáil go bhfuil cáin, ÁSPC, MSU agus CMÁ (má íoctar as do thuarastal) bainte agus tuairiscithe mar ba chóir ag d'fhostóir. Ní thuairiscíonn d'fhostóir asbhaintí neamhreachtúla, mar shíntiúis aontais nó íocaíochtaí le do chomhar creidmheasa sa tuarascáil chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Dá bhrí sin, ní féidir leat breathnú ar na hasbhaintí seo i moChúrsaí.

Ag fágáil poist

Ón 1 Eanáir 2019, ní gá do d'fhostóir foirm P45 a thabhairt duit a thuilleadh nuair a fhágann tú post. In ionad sin, cuireann siad isteach do dháta fágála nuair a sheolann sé sonraí do phá deiridh agus d'asbhaintí chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Ní éilíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí P45 a thuilleadh chun éilimh a dhéanamh. Is féidir leat sonraí d'fhostaíochta scortha a fheiceáil ar sheirbhís moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim. Déantar é seo trí do sheirbhís chánach a bhainistiú, lena n-áirítear do shonraí pá agus cánach. Is féidir leat na sonraí fostaíochta seo a phriontáil más mian leat. Is féidir leat tuilleadh a léamh inár ndoiciméad maidir le post a athrú nó post nua a thosú.

Cad a tharlaíonn mura n-íocann m'fhostóirranníocaíochtaí cánach nó ÁSPC

Faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 1993 tá sé de dhualgas ar fhostóir a fhostaithe go léir a chlárú le haghaidh ÁSPC, na ranníocaíochtaí cearta a íoc, taifid chruinne a choinneáil do gach fostaí agus na taifid seo a thaispeáint nuair a iarrann cigirí leasa shóisialaigh iad. Má theipeann air é sin a dhéanamh is féidir pionóis a ghearradh, é a ionchúiseamh nó an dá rud a dhéanamh. Mura mbaineann d'fhostóir cáin as do phá, ba chóir duit labhairt le d'fhostóir ar dtús, má leanann sé seo ar aghaidh, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Conas iarratas a dhéanamh

Tá achoimre sonraí fostaíochta ar fáil duit ar líne ag baint úsáide as seirbhís moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim. Más gá duit cuntas ar líne a shocrú leis na Coimisinéirí Ioncaim is féidir leat tuilleadh eolais a fháil inár ndoiciméad ar Sheirbhísí Ar Líne do cháiníocóirí ÍMAT. Is féidir leat cuairt a thabhairt freisin ar revenue.ie chun tuilleadh eolais a fháil. Má theastaíonn cabhair uait, is féidir leat féachaint ar fhíseán céim ar chéim faoi conas do shonraí pá agus cánach a fheiceáil.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Tabhair cuairt ar sheirbhís moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Meitheamh 2020