Saoire eile ó fhostaíocht
- Am saor a thógáil ón obair
- Saoire force majeure
- Conas iarratas a dhéanamh ar shaoireforce majeure
- Saoire le haghaidh cúram leighis
- Saoire atruach
- Seirbhís ar ghiúiré
- Sos gairme nó saoire staidéir
- Conas gearán a dhéanamh
- Tuilleadh eolais
Am saor a thógáil ón obair
Is féidir le fostaithe cineálacha éagsúla saoire nó ‘am saor’ a ghlacadh ón obair, mar shampla:
- Má tá géarchéim teaghlaigh agat (cosúil le leanbh nó duine den teaghlach a éiríonn tinn gan choinne)
- Má ghlaoitear ort le haghaidh seirbhíse ar ghiúiré
- Más mian leat saoire staidéir nó sos gairme a ghlacadh
I gcásanna áirithe, bíonn i dteideal saoire le pá a bheith agat agus i gcásanna eile ní bhíonn.
B’fhéidir gur mhaith leat léamh freisin faoi chineálacha saoire reachtúla ón obair, lena n-áirítear:
- Saoire bhliantúil
- Saoirí poiblí
- Saoire bhreoiteachta
- Saoire mháithreachais
- Saoire atharthachta
- Saoire uchtaíoch
- Saoire chúramóra
- Saoire thuismitheora
- Saoire do thuismitheoirí
Saoire force majeure
Má tharlaíonn géarchéim i do theaghlach, tá an ceart chun am teoranta saor ón obair a ghlacadh Tugtar force majeure saoire air seo.
D’fhéadfadh go mbeadh ort saoire force majeure a ghlacadh ar chúis phráinneach teaghlaigh, cosúil le gortú gan choinne nó breoiteacht do ‘dhuine muinteartha’.
Áirítear le duine muinteartha :
- Do leanbh (leanbh uchtaithe san áireamh)
- D’fhear céile, do bhean chéile nó do pháirtí
- Do thuismitheoir nó do sheantuismitheoir
- Do dheartháir nó do dheirfiúr
- Duine a bhfuil dualgas cúraim ort ina leith (mar shampla, má tá tú ag gníomhú in ionad tuismitheora, ar a dtugtar freisin loco parentis)
- Duine a bhfuil gaol ‘cleithiúnaí baile’ agat leis (ciallaíonn sé seo go mbraitheann an duine ort chun socruithe a dhéanamh dá gcúram)
- Daoine d’aon aicme eile (más ann dóibh) de réir mar a fhorordófar
Má fuair duine muinteartha bás, níl tú i dteideal saoire force majeure. Ina áit sin, b’fhéidir go mbeifeá in ann ‘saoire atruach’ a ghlacadh – léigh tuilleadh faoi shaoire atruach thíos.
Saoire force majeure a ghlacadh
De réir an dlí, tá tú i dteideal suas le 3 lá saoire force majeure a ghlacadh in aon tréimhse de 12 mhí, nó 5 lá i dtréimhse 36 mí. Ag brath ar d’fhostóir agus ar do chonradh fostaíochta, b’fhéidir go mbeifeá in ann níos mó ná seo a ghlacadh.
Tá tú i dteideal íocaíocht a fháil fad is atá tú ar shaoire reachtúil force majeure. Má cheadaíonn d’fhostóir duit saoire force majeure breise a ghlacadh, ba cheart duit seiceáil an n-íoctar é.
Ní féidir leat a bheith dífhostaithe go héagórach de bharr saoire force majeure a ghlacadh, nó de bharr iarraidh air é a ghlacadh.
Tá do chearta chun saoire force majeure leagtha amach sna hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 agus 2019.
Conas iarratas a dhéanamh ar shaoireforce majeure
Ní mór do d’fhostóir taifid a choinneáil ar gach saoire force majeure a ghlacann fostaithe.
Caithfidh tú a rá le d’fhostóir a luaithe is féidir go gcaithfidh tú saoire force majeure a ghlacadh. Ansin, díreach tar éis duit filleadh ar an obair, caithfidh tú d’iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig d’fhostóir.
Ba cheart go n-áireofaí an méid seo a leanas ar d’iarratas i scríbhinn:
- D’ainm
- D’uimhir PSP
- Ainm agus seoladh an fhostóra
- Dáta(í) ar ghlac tú saoire force majeure agus na cúiseanna leis
- Do chaidreamh leis an duine a gortaíodh nó a bhí tinn
Mar mhalairt air sin, d’fhéadfadh go mbeadh ‘foirm force majeure’ ar leith ag d’fhostóir a theastaíonn uaidh nó uaithi go líonfá isteach.
D’fhéadfadh go n-éileodh do chonradh fostaíochta freisin teastas leighis a sholáthar mar chruthúnas ar an tinneas nó gortú tobann (is féidir leat é seo a iarraidh ar an dochtúir).
Saoire le haghaidh cúram leighis
Is féidir leat 5 lá saoire gan phá a ghlacadh in aon 12 mhí as a chéile más gá duit am saor ón obair a ghlacadh chun déileáil le cúram leighis throm do:
● Leanbh (leanbh uchtaithe san áireamh)
● Céile nó páirtí sibhialta
● Comhchónaitheoir
● Tuismitheoir nó seantuismitheoir
● Deartháir nó deirfiúr
● Páirtí tí (aon duine eile dóibh siúd atá liostaithe thuas a chónaíonn sa teach céanna leatsa)
Níl aon íosmhéid seirbhís ag teastáil uait le d’fhostóir agus ní gá duit fógra a thabhairt dóibh chun an tsaoire a ghlacadh i gcúinsí éigeandála.
Saoire atruach
Má fhaigheann duine muinteartha bás, seans go mbeidh tú in ann saoire atruach a ghlacadh. Braitheann sé seo ar:
- Do chonradh fostaíochta
- An nós agus an cleachtas laistigh de d’ionad oibre
- Rogha d’fhostóra.
Ba cheart duit seiceáil le d’fhostóir faoina bhfuil tú i dteideal.
B’fhéidir gur mhaith leat rochtain a fháil ar chuid de na seirbhísí comhairleoireachta agus tacaíochta méala atá ar fáil. Nó, is féidir leat faisnéis maidir le méala agus brón san ionad oibre a fháil ar shuíomh gréasáin Fhondúireacht Ospíse na hÉireann.
Seirbhís ar ghiúiré
Má ghlaoitear ort chun seirbhíse ar ghiúiré, go ginearálta ní mór duit freastal. Ní mór am saor a thabhairt d’fhostaithe (lena n-áirítear printísigh) a nglaofar orthu le haghaidh seirbhíse giúiré chun freastal ar an gcúirt. Tá sé seo leagtha amach in Acht na nGiúiréithe 1976.
Tá sé de cheart agat a bheith íoctha nuair a ghlaoitear ort le haghaidh seirbhíse ar ghiúiré.
Mar an gcéanna, níor cheart go gcaillfeá aon cheart fostaíochta eile (mar shampla, ní chuireann aon am a chaitheann tú ar sheirbhís ghiúiré isteach ar do theidlíocht do shaoire bhliantúil).
Sos gairme nó saoire staidéir
Níl ceart uathoibríoch agat saoire gan phá a ghlacadh ón obair, ar nós sos gairme nó saoire staidéir. Mar sin féin, ba cheart duit do chonradh fostaíochta a sheiceáil, mar go gceadaíonn roinnt fostóirí é seo.
Mura bhfuil faisnéis i do chonradh ar shosanna gairme nó ar shaoire staidéir a ghlacadh, b’fhéidir go mbeifeá in ann dul i mbun caibidlíochta le d’fhostóir.
Ba chóir do d’fhostóir aon iarratas ar shos gairme nó ar shaoire staidéir a mheas ar bhonn cás ar chás.
Faigh tuilleadh eolais faoi shaoire gan phá a ghlacadh ó Sheirbhís Faisnéise agus Custaiméara an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.
Conas gearán a dhéanamh
Mura n-aontaíonn tú féin agus d’fhostóir faoi shaoire (mar shampla, má tá díospóid agat faoi do theidlíocht ar shaoire force majeure), is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC). Ní mór duit úsáid a bhaint as an bhfoirm ghearáin ar líne. Ní mór gach gearán a dhéanamh laistigh de 6 mhí ón am ar tharla an t-aighneas.
Féadfar an teorainn ama a shíneadh ar feadh 6 mhí eile más féidir leat a thaispeáint go raibh ‘cúis réasúnach’ leis an moill.
Léigh tuilleadh faoi conas gearán a dhéanamh, lena n-áirítear sonraí ar phróiseas breithnithe an WRC.
Tuilleadh eolais
Faigh tuilleadh eolais ar na cineálacha saoire ón obair ó Sheirbhís Faisnéise agus Custaiméara an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre