Saoire Thuismitheora

Réamhrá

Bronnann saoire thuismitheora ar gach tuismitheoir saoire 9 seachtaine a ghlacadh i rith chéad 2 bhliain de shaol linbh, nó i gcás uchtála, laistigh de 2 bhliain i ndiaidh gur cuireadh an leanbh faoi chúram an teaghlaigh.

Bíonn tréimhse na saoire mar an gcéanna i gcás breitheanna iolracha, mar shampla, má shaolaítear cúpla duit nó má dhéanann tú beirt leanaí nó níos mó a uchtáil ag an am céanna.

B’fhéidir go gcáileoidh tú d’íocaíocht ar a dtugtar Sochar Tuismitheora i rith saoire thuismitheora. Cuirtear saoire thuismitheora ar fáil d’fhostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe. Íoctar Sochar Tuismitheora fad a bhíonn tú ar shaoire thuismitheora ón obair má d’íoc tú dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC). Má tá tú féinfhostaithe, ba cheart duit iarratas a dhéanamh go díreach leis an Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) ar Shochar Tuismitheora ar a laghad 6 seachtaine sula mbeartaítear dul ar saoire thuismitheora.

Tabhair faoi deara, le do thoil, níl ar d’fhostóir thú a íoc fad a bhíonn tú ar shaoire thuismitheora, cé gur féidir le roinnt fostóirí do shaoire thuismitheora ‘a bhreisiú’. Má cháilítear thú do Shochar Tuismitheora, gheobhaidh tú €289 gach seachtain.

Athruithe ar an Saoire Thuismitheoireachta ón Lúnasa 2024

Ó Lúnasa 2024:

  • Tiocfaidh méadú ar shaoire thuismitheora aníos ó 7 seachtaine go 9 seachtaine i gcás leanaí a rugadh nó a uchtaíodh ó Lúnasa 2024
  • Is féidir leat an 2 sheachtain bhreise de shaoire thuismitheora a éileamh má tá do leanbh níos óige ná 2 bhliain d’aois an 1 Lúnasa 2024 nó má cuireadh do leanbh a uchtaíodh faoi chúram do theaghlaigh níos lú ná 2 bhliain ó shin an 1 Lúnasa 2024
  • Caithfidh tú an tsaoire bhreise a ghlacadh ar bhreithlá dhá bhliain do linbh nó laistigh de 2 bhliain tar éis an tsocrúcháin uchtála
  • Tháinig méadú ar Shochar Tuismitheora aníos ó 7 seachtaine go 9 seachtaine do gach tuismitheoir (má cháileoidh tú)
Saoire Cé a fhaigheann í? Cé chomh fada a mhairfidh sí? An íoctar í?
Saoire mháithreachais Fostaithe baineanna 26 seachtain agus suas le 16 seachtaine neamhíoctha Íoctar, íoctar Sochar Máithreachais ar feadh 26 seachtain
Saoire uchtaíoch Bronntar í ar thuismitheoir amháin den lánúin uchtála, nó ar thuismitheoir a bhfuil uchtáil á déanamh acu leo féin 24 seachtain agus a fhaide le 16 seachtaine neamhíoctha Íoctar, íoctar Sochar Uchtaíoch ar feadh 24 seachtain
Saoire atharthachta Tuismitheoirí nua leanaí níos óige ná 6 mhí d’aois (athair nó páirtnéir na máthar, de ghnáth, nó i gcás uchtála, an tuismitheoir nach bhfuil ag dul ar saoire uchtaíoch) 2 seachtain Íoctar, íoctar Sochar Atharthachta ar feadh 2 sheachtain
Saoire thuismitheoireachta Tuismitheoirí agus caomhnóirí leanaí níos óige ná 12 26 seachtain Ní íoctar í
Saoire thuismitheora

Tuismitheoirí leanaí faoi 2 bhliain d’aois

Tuismitheoirí leanaí a uchtaíodh sa chéad 2 bhliain de shocrúchán an linbh

9 seachtaine 

Íoctar, íoctar Sochar Tuismitheora ar feadh 9 seachtaine

Rialacha faoi shaoire thuismitheora

Is í an reachtaíocht a rialaíonn saoire thuismitheora an tAcht um Shaoire agus Sochar Tuismitheora, 2019, arna leasú.

Caithfidh tú critéir áirithe a shásamh le bheith incháilithe saoire thuismitheora a ghlacadh. Caithfidh tú na critéir seo a leanas a shásamh:

  • Bheith i do thuismitheoir ábhartha – féach ‘Cé ar féidir leo saoire thuismitheora a ghlacadh?’ thíos:
  • An tsaoire a ghlacadh laistigh de 104 seachtain (2 bhliain) i ndiaidh go saolaítear an leanbh nó, i gcás uchtála, ón dáta a cuirtear an leanbh faoi do chúram (dáta an tsocrúcháin)
  • Caithfidh tú fógra 6 seachtaine, ar a laghad, a thabhairt do d’fhostóir

Ní fhoráiltear sa reachtaíocht ach don teidlíocht íosta do shaoire thuismitheora. B’fhéidir go mbronntar níos mó ceart i do chonradh fostaíochta.

Cé ar féidir leo saoire thuismitheora a ghlacadh?

Is féidir le tuismitheoirí ábhartha saoire thuismitheora a ghlacadh do leanaí incháilithe. Is ionann tuismitheoir ábhartha agus duine de na daoine seo a leanas:

  • Tuismitheoir an linbh
  • Céile, páirtnéir sibhialta nó comháitritheoir thuismitheoir an linbh
  • Tuismitheoir linbh dheontóirghinte, faoi mar a fhoráiltear faoi alt 5 den Acht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015
  • Tuismitheoir nó tuismitheoirí uchtála linbh
  • Céile, páirtnéir sibhialta nó céile thuismitheoir uchtála an linbh (mura ndearna na tuismitheoirí comhuchtáil)

Conas is féidir liom saoire thuismitheora a ghlacadh?

Is féidir leat an tsaoire seo a ghlacadh mar:

  • Tréimhse leanúnach amháin 9 seachtaine de shaoire, nó
  • Tréimhsí ar leith nach giorra ná seachtain amháin

Ní féidir saoire thuismitheora a aistriú idir tuismitheoirí – seachas i gcúinsí sonraithe, cosúil le bás duine de na tuismitheoirí.

Cé mhéid a íocfar liom i rith saoire thuismitheora?

Má tá do dhóthain ranníocaíochtaí ASPC íoctha agat, gheobhaidh tú Sochar Cúramóra seachtainiúil €289 sa tseachtain. Íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) é seo. Níl ar d’fhostóir thú a íoc fad a bhíonn tú ar shaoire thuismitheora. Íocann roinnt fostóirí do phá nó déanann siad do phá a bhreisiú i rith thréimhse na saoire – leagtar seo amach i do chonradh fostaíochta.

Rialacha eile le haghaidh saoire thuismitheora

  • Caitear leat faoi mar atá tú fostaithe fad a bhíonn tú ar shaoire thuismitheora (agus ar gach saghas eile de shaoire reachtúil do thuismitheoirí). Tá tú i dteideal filleadh ar do phost tar éis saoire thuismitheora.
  • Saoire bhliantúil – is féidir le saoire bhliantúil dul i méid fad a bhíonn tú ar shaoire thuismitheora.
  • Saoirí poiblí – tá tú i dteideal aon saoirí poiblí a fháil a thagann aníos fad a bhíonn tú ar shaoire thuismitheora.
  • Ranníocaíochtaí ÁSPC – is féidir leat ranníocaíochtaí ÁSPC a chuirtear do shochar a fháil fad a bhíonn tú ar shaoire thuismitheora.

An féidir liom mo shaoire thuismitheoireachta a roinnt le mo pháirtí?

Tá teidlíocht chothrom ar leith ag an mbeirt tuismitheoirí do shaoire thuismitheora. Ní féidir leat do theidlíocht a aistriú chuig do pháirtnéir.

Nuair a fhaigheann tuismitheoir amháin bás, bíonn an tuismitheoir marthanach i dteideal saoire a fháil don mhéid saoire nár ghlac an tuismitheoir a fuair bás óna dteidlíocht 9 seachtaine (tugtar saoire thuismitheora aistrithe air seo).

Conas iarratas a dhéanamh ar shaoirethuismitherora

Caithfidh tú fógra a thabhairt do d’fhostóir sular féidir leat saoire thuismitheora a ghlacadh.

Caithfidh tú na critéir seo a leanas a shásamh:

  • D’fhógra a thabhairt i scríbhinn
  • Fógra a thabhairt do d’fhostóir ar a laghad 6 seachtaine sula mbíonn an tsaoire le tosú
  • An dáta tosaithe, an bealach a ghlacfar an tsaoire agus cé chomh fada a mhairfidh an tsaoire a chur san áireamh

Chun teacht ar eolas breise faoi do chearta fostaíochta, déan teagmháil le Seirbhís Faisnéise agus do Chustaiméirí an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre - féach 'Cá ndéanfaidh mé iarratas?' thíos.

Is féidir teacht ar níos mó eolais faoi Shochar Tuismitheora.

An féidir le m’fhostóir m’iarraidh ar shaoire thuismitheora a dhiúltú?

Ní féidir le d’fhostóir saoire thuismitheora a dhiúltú ach mura bhfuil tú i dteideal í a ghlacadh.

Is féidir le d’fhostóir do shaoire thuismitheora a chur siar ar feadh a fhaide le 12 sheachtain. D’fhéadfadh d’fhostóir do shaoire a chur siar ar na cúiseanna seo a leanas:

  • Athruithe séasúracha ar an méid oibre
  • Níl aon oibrí ionaid ar fáil chun tabhairt do chuid oibre
  • Cineál do dhualgas
  • An líon fostaithe eile a bhfuil saoire thuismitheora á glacadh acu
  • Aon cheisteanna eile

Má sháraím an tréimhse cháilitheachta 2 bhliain i ngeall gur cuireadh mo shaoire thuismitheora siar

Ní féidir ach síneadh 12 sheachtain, ar a fhaide, a chur leis an tréimhse cháilitheachta do shaoire thuismitheora (a fhaide le 2ra breithlá linbh) i gcúinsí inar dhiúltaigh fostóir na dátaí bunúla laistigh den tréimhse 2 bhliain ar chúiseanna gnó.

Nuair a bhíonn iarratas á dhéanamh ar shaoire thuismitheora agus ar Shochar Tuismitheora do dhátaí lasmuigh den tréimhse cháilitheachta 2 bhliain, caithfidh tú cáipéisíocht tacaíochta a sheoladh ar aghaidh, deimhniú ó d’fhostóir san áireamh, ina sonraítear an chúis a diúltaíodh na dátaí bunúla, agus ina ndeimhnítear gur aontaigh d’fhostóir leis na dátaí leasaithe leat.

Conas gearán a dhéanamh?

Cosnaítear thú in aghaidh pionósú agus dífhostú éagórach i ngeall ar do chearta faoin reachtaíocht um shaoire thuismitheora a éileamh.

Is féidir leis an bhfostaí nó an fostóir díospóidí faoi shaoire thuismitheora a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre laistigh de 6 mhí i ndiaidh gur tharla an t-ábhar díospóide nó gearáin.

Caithfidh tú úsáid a bhaint as an bhfoirm ghearáin ar líne atá ar fáil ag workplacerelations.ie. Is féidir síneadh ama 6 mhí eile a thabhairt duit sa chás amháin go bhfuil cúis réasúnach ann a chuir cosc ort an gearán a dhéanamh laistigh den ghnáth-thréimhse ama.

Cá ndéanfaidh mé iarratas

Rannóg an tSochair Thuismitheoir

Roinn Coimirce Sóisialaí

Bóthar Mhic Artúir
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire
F93 CH79

Teil: (01) 471 5898 or 0818 690 690

Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go 1in, 2in go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 0818 80 80 90
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Eanáir 2025