Ceardchumainn
- Cad é ceardchumann?
- Cinneadh a dhéanamh faoibhallraíocht a ghlacadh de cheardchumann
- Conas ballraíocht de cheardchumann aghlacadh
- An costas atá ar bhallraíocht aghlacadh de cheardchumann
- Cad is cómhargáil ann?
- Cearta a bhaineann leceardchumann
- Na dlíthe ar cheardchumainn inÉirinn
- Eolas breise
Cad é ceardchumann?
Eagraíocht é ceardchumann a chosnaíonn cearta agus leasanna a chomhaltaí. Fostaithe iad comhaltaí atá in earnáil nó i bpost ar leith, mar shampla, múinteoireacht nó altranas.
Is féidir le ceardchumann:
•Bheith ina fhoinse thábhachtach eolais d’fhostaithe
•Cosaint ar shaincheisteanna fostaíochta a sholáthar d’fhostaithe
•Idirbheartaíocht a dhéanamh leis an bhfostóir chun pá agus coinníollacha níos fearr a bhaint amach
Caithfidh ceadúnas idirbheartaíochta a bheith ag ceardchumann chun idirbheartaíocht a dhéanamh maidir le pá fostaí agus coinníollacha fostaíochta eile.
Is é Comhdháil na gCeardchumann (ICTU) an bhrateagraíocht aonair do cheardchumainn, a dhéanann ionadaíocht do réimse leasanna comhaltaí ICTU, in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Cuireann an ICTU an láithreán gréasáin unionconnect.ie ar fáil freisin a chabhraíonn le daoine ballraíocht a ghlacadh de cheardchumann.
Cinneadh a dhéanamh faoibhallraíocht a ghlacadh de cheardchumann
Is féidir roinnt buntáistí a thairiscint le dul isteach i gceardchumann, lena n-áirítear:
- Comhmhargáil - mar chuid de cheardchumann, tá tú mar chuid de ghrúpa níos mó a bhfuil níos mó cumhachta margála agat; féadfaidh pá, sochair agus coinníollacha oibre níos fearr a bheith mar thoradh air seo
- Cosaint dhlíthiúil - is féidir le ceardchumann tacaíocht a thabhairt duit le díospóidí san ionad oibre nó le saincheisteanna le d'fhostóir
- Oiliúint agus comhairle - cuireann go leor ceardchumann oiliúint agus comhairle ar fáil chun cabhrú leat le do chearta fostaíochta
Tá ceart ag fostaithe faoin mBunreacht ballraíocht a ghlacadh de cheardchumann. Is féidir leat a roghnú cibé acu an nglacann nó nach nglacann tú le ballraíocht de cheardchumann.
Tá an ceart agat ballraíocht a ghlacadh de do rogha ceardchumainn agus tá an ceart agat ceardchumann a fhágáil.
Ní féidir idirdhealú a dhéanamh i d’aghaidh nó thú a dhífhostú ó do phost mar gheall gur ball de cheardchumann thú.
Conas ballraíocht de cheardchumann aghlacadh
Más mian leat ballraíocht a ghlacadh de cheardchumann, ba cheart duit seiceáil an bhfuil ionadaí ceardchumainn i d’ionad oibre. D’fhéadfadh breis agus ceardchumann amháin a bheith i d’ionad oibre. Beidh an t-ionadaí ceardchumainn ábalta cabhrú leat ballraíocht a ghlacadh, agus gníomhú mar chéad phointe teagmhála maidir le ceisteanna a bhaineann le ceardchumann.
Murab eol duit cén ceardchumann ar cheart duit ballraíocht a ghlacadh de, is féidir leat foirm iarratais a líonadh ar unionconnect.ie agus cabhróidh siad leat an ceardchumann is oiriúnaí a roghnú chun ionadaíocht a dhéanamh duit.
An costas atá ar bhallraíocht aghlacadh de cheardchumann
Tá costas rialta suibscríbhinne le híoc as bheith i do bhall de cheardchumann, a ndéanann an ceardchumann cinneadh faoi.
Is gnách go mbíonn an costas seo idir 0.5% agus 1% de d’olltuarastal sa bhliain. Is é d’olltuarastal do phá iomlán roimh cháin agus asbhaintí eile.
Cad is cómhargáil ann?
Is é cómhargáil nuair a dhéanann fostóir agus ceardchumann idirchaidreamh lena chéile go saorálach, agus é ar intinn comhaontú ar choinníollacha oibre nó ar théarmaí fostaíochta (nó neamhfhostaíocht) oibrithe.
I gcleachtas, déantar idirbheartaíocht ar go leor téarmaí agus coinníollacha fostaíochta idir fostóirí agus ceardchumainn ar chomhbhonn.
Réiteach díospóide
Mura féidir le páirtithe comhaontú, is féidir leo úsáid a bhaint as an meicníocht réitigh díospóidí Caidrimh Thionsclaíoch a oibríonn an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre agus an Chúirt Oibreachais.
Cearta a bhaineann leceardchumann
Ní féidir idirdhealú a dhéanamh i d’aghaidh mar gheall go bhfuil tú mar bhall de cheardchumann nó mar gheall ar do ghníomhaíocht cheardchumainn.
Dífhostú éagórach i ngeall ar bheith i do bhall de cheardchumann nó ar ghníomhaíocht cheardchumainn
Má dífhostaíodh thú ó d’fhostaíocht mar gheall gur ball de cheardchumann thú nó ar ghníomhaíocht cheardchumainn, tá seo éagórach go huathoibríoch faoi na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977-2015.
Is féidir leat do chás a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO) trí úsáid a bhaint as an bhfoirm ghearáin ar líne atá ar fáil ag workplacerelations.ie. Ní gá gur oibrigh tú ar feadh aon fhad ar leith mar fhostaí, le cás a thosú.
Freastal ar ghníomhaíochtaí ceardchumainn
Gníomhaíocht atá i gceist le gníomhaíocht cheardchumainn a dtugtar faoi le comhaontú an fhostóra nó lasmuigh d’uaireanta oibre.
Seiceáil le d’fhostóir nó do cheardchumann más féidir leat páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ceardchumainn i rith do ghnáthuaireanta oibre agus cibé acu an n-íocfaidh nó nach n-íocfaidh d’fhostóir thú go fóill do na huaireanta seo.
Na dlíthe ar cheardchumainn inÉirinn
Dlíthe eile a rialaíonn ceardchumainn agus díospóidí ceardchumainn
Tá dlíthe eile ann freisin a rialaíonn ceardchumainn agus díospóidí ceardchumainn, an méid seo a leanas ina measc:
•Bunreacht 1937 (Bunreacht na hÉireann)
•Na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1990
•Na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1990 go 2015
•Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1997 go 2007
Eolas breise
Is féidir leat níos mó a léamh faoin méid a dhéanann ceardchumainn ar láithreán gréasáin Chomhdháil na gCeardchumann (ICTU).
Má theastaíonn eolas uait faoi do chearta fostaíochta, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an CCÁO. Tá treoir ghinearálta ann maidir le dlí fostaíochta (pdf) ar láithreán gréasáin an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.