Ag staidéar lasmuigh d'Éirinn

Eolas

Roghnaíonn daoine staidéar a dhéanamh thar lear ar roinnt cúiseanna:

  • D'fhéadfadh na riachtanais iontrála a bheith níos éasca
  • D'fhéadfadh go mbeadh rochtain agat ar chúrsaí nach bhfuil ar fáil in Éirinn
  • D'fhéadfadh go dteastaíonn uait taithí a fháil ar staidéar lasmuigh d'Éirinn

Sula gcinnfidh tú staidéar a dhéanamh thar lear, ba cheart duit faisnéis a fháil faoi:

  • Conas a dhéanann tú iarratas ar chúrsaí i dtíortha éagsúla
  • Táillí agus costais mhaireachtála a thabhairt faoi deara
  • Nithe ​​praiticiúla eile, amhail lóistín agus costais mhaireachtála

Tá faisnéis ar an leathanach seo faoi staidéar a dhéanamh i dtír AE, i dtír Eorpach eile, nó i dtír lasmuigh den Eoraip.

Is féidir leat léamh faoi staidéar sa RA, Tuaisceart Éireann san áireamh.

Níos mó a fháil amach faoi chúrsaí agus staidéar thar lear

Más mac léinn tríú leibhéal in Éirinn tú d'fhéadfadh go mbeadh eolas ag d'ollscoil nó choláiste faoi dheiseanna chun staidéar a dhéanamh lasmuigh d'Éirinn.

Is féidir leat eolas a fháil chomh maith trí iarraidh go díreach ar institiúid tríú leibhéal réamheolaire a sheoladh chugat.

Mura bhfuil cúrsa nó institiúid ar leith ar intinn agat, tá roinnt foinsí eolais ar staidéar thar lear:

  • An Coimisiún Eorpach, lena n-áirítear ligean isteach coláiste, táillí cúrsa agus deontais, agus réimsí eile a bhaineann le staidéar san Eoraip
  • Is foinse eolais do dhaoine óga é an European Youth Portal faoi staidéar san Eoraip, san Aontas Eorpach agus i dtíortha neamh-AE araon. Tá eolas ann faoi raon leathan ábhar do dhaoine óga lena n-áirítear oibriú, taisteal,, agus oibriú go deonach san Eoraip.
  • Táirgeann UNESCO treoir idirnáisiúnta ar staidéar thar lear. Áiríonn sé bunachar sonraí ar féidir a chuardach de dheiseanna staidéir ardoideachais agus de na scoláireachtaí arna dtairiscint ag institiúidí ardoideachais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta i mbreis agus tír. Soláthraíonn sé sonraí teagmhála agus eolas ar riachtanais iontrála, spriocdhátaí iarratais, cúnamh airgeadais, táillí, costais mhaireachtála agus eolas ábhartha eile do na cúrsaí go léir chomh maith.

Cláir mhalairte mac léinn

Tairgeann mórán institiúidí tríú leibhéal in Éirinn deis dá mic léinn taisteal trína gcúrsaí staidéir. Baintear é seo amach go minic trí leas a bhaint as cláir mhalairte mac léinn.

Bunaíonn institiúidí Éireannacha conradh tosaigh le hinstitiúidí thar lear agus coimeádann siad caidreamh leanúnach leo

Bogann mic léinn idir an dá institiúid ar shocrúcháin staidéir agus oibre agus tairgtear seirbhísí dóibh ar nós ionduchtú do mhic léinn

  • Treoshuíomh mac léinn
  • Oiliúint teanga
  • Seirbhísí lóistín

Téigh i dteagmháil le do choláiste chun eolas a fháil faoi aon chláir mhalairte mac léinn a d'fhéadfadh a bheith acu.

Ag staidéar san AE

Cuireann Erasmus+ deiseanna ar fáil do rannpháirtithe lena n-áirítear mic léinn agus foireann oideachais, chun staidéar a dhéanamh, oiliúint a fháil, taithí oibre a ghnóthú agus oibriú go deonach thar lear.

I measc na dtíortha atá clúdaithe ag Erasmus+ tá:

  • Gach tír AE
  • Íoslainn
  • Iorua
  • Lichtinstéin
  • Poblacht na Macadóine Thuaidh
  • Tuirc
  • Seirbia

Clúdaíonn maoiniú Erasmus+ go ginearálta costais taistil agus costais mhaireachtála, amhail lóistín agus bia. Ní bhíonn ar mhic léinn Erasmus+ táillí a íoc ar chlárú, teagasc, scrúduithe, nó táillí ar rochtain ar leabharlanna nó saotharlanna sna hinstitiúidí ina bhfuil siad ag staidéar.

Maoiniú

Soláthraíonn láithreán gréasáin International Education Financial Aid (IEFA) bunachar sonraí d'eolas ar chúnamh airgeadais do mhic léinn gur mian leo staidéar i dtír eachtrach. Cuimsíonn an láithreán gréasáin liosta cuimsitheach de dheontais, scoláireachtaí, chláir iasachta agus eolas eile a d'fhéadfadh a bheith ina chabhair dóibh siúd a bhfuil suim acu i staidéar thar lear.

Deontais AE

Soláthraíonn Erasmus+ deontas soghluaisteachta do mhic léinn chun cabhrú le costais taistil agus costais mhaireachtála. Athraíonn an méid ó bhliain go bliain ag brath ar chritéir áirithe. Is féidir leat léamh faoi na critéir dámhachtana sa Treoir don Chlár Erasmus+.

Is féidir leat léamh faoi dheontais agus chistiú eile atá ar fáil san Eoraip sa Treoir um Chistiú Eorpach.

Deontais chothabhála Éireannacha

Má tá tú ag staidéar i dtír eile den AE, féadfaidh tú deontas cothabhála a fháil faoin Scéim Deontas Mac Léinn má:

  • Tá tú ag déanamh staidéir ar chúrsa fochéime lánaimseartha a mhaireann 2 bhliain ar a laghad
  • Tá do chúrsa in institiúid tríú leibhéal atá maoinithe go poiblí
  • Comhlíonann tú na critéir ioncaim, cónaithe, aoise, acadúla agus náisiúntachta chun cáiliú don deontas

Má tá tú ag déanamh staidéir ar chúrsaí fochéime páirtaimseartha áirithe, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar scéim na dtáillí páirtaimseartha. Ní deontas cothabhála atá sa scéim táillí páirtaimseartha agus cabhraíonn sí le costas na dtáillí.

Déanann tú iarratas ar dheontas ar líne ar shuíomh gréasáin Thacaíocht Uilíoch do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI).

Léigh tuilleadh faoi na cistí agus deontais éagsúla atá ar fáil in Éirinn ar shuíomh gréasáin an Údaráis um Ard-Oideachas.

Maoiniú do staidéar iarchéime

Tá foinsí éagsúla de mhaoiniú do mhic léinn iarchéime.

Bíonn tacaíocht airgeadais ar fáil uaireanta ón ollscoil a ritheann an cúrsa iarchéime; uaireanta bíonn ort iarratas a chur chuig comhlacht seachtrach.

Tá dámhachtainí le fáil do raon ábhar, do chúrsaí múinte agus chláir thaighde araon. Bíonn siad éagsúil ó thaobh méide, faid agus cibé an gclúdaíonn siad táillí amháin nó an gcuimsíonn siad cothabháil de chomh maith. Tá rialacha incháilitheachta diana ann agus spriocdhátaí d'iarratais.

Scoláireachtaí staidéir/taighde iarchéime:

Deonaíonn rialachais eachtracha roinnt scoláireachtaí chun staidéar thar lear gach bliain do mhic léinn Éireannacha atá i mbun chúrsa oideachais tríú leibhéal, nó a bhfuil sé curtha i gcrích acu.

Scaiptear sonraí na scoláireachtai seo chuig ollscoileanna agus institiúidí oideachais tríú leibhéal ábhartha eile agus foilsítear ar láithreán gréasáin seo a leanas:

Faoiseamh cánach ar tháillí teagaisc

Féadfaidh tú faoiseamh cánach a éileamh má tá na táillí íoctha agat, ar do shon féin nó thar ceann duine eile. Ní féidir leat faoiseamh cánach a éileamh ar aon chuid de na táillí teagaisc a íoctar go díreach nó go hindíreach trí dheontas, scoláireacht nó eile.

Cúrsaí fochéime

Tá faoiseamh cánach le fáil do theagasc íoctha ar chúrsaí formheasta fochéime lánaimseartha/páirtaimseartha i gcoláistí tríú leibhéal arna maoiniú go poiblí agus go príobháideach araon i mballstát ar bith den AE.

Tá sé le fáil chomh maith ar chúrsaí fochéime lánaimseartha/páirtaimseartha arna reáchtáil ag coláistí mballstát ar bith den AE a sholáthraíonn cianoideachas sa Stát.

Cúrsaí iarchéime

Is féidir leat faoiseamh cánach a éileamh ar tháillí tríú leibhéal do chúrsaí iarchéime in ollscoil nó i gcoláiste a fhaigheann maoiniú poiblí nó i mballstát AE eile, lena n-áirítear coláistí a sholáthraíonn cianoideachas sa stát.

Tá faoiseamh cánach le fáil do chúrsaí iarchéime in ollscoil nó i gcoláiste tríú leibhéal a fhaigheann maoiniú poiblí i dtíortha lasmuigh den AE chomh maith.

Is féidir leat faoiseamh cánach ar tháillí teagaisc a éileamh trí úsáid a bhaint as seirbhís moChuntas na gCoimisinéirí Ioncaim.

Tuilleadh Eolais

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíchta

Sráid Mhaoilbhríde
Baile Átha Cliath 1
D01 RC96
Éire

Teil: (01) 889 6400

An tÚdarás um Ard-Oideachas

3 Áras Síol mBrain
Ascaill Crampton
Bóthar Síol mBrain
Baile Átha Cliath 4
D04C2Y6

Teil: (01) 231 7100
Láithreán Gréasáin: http://www.hea.ie
R-phost: info@hea.ie

None

189-193 Sráid Parnell
Baile Átha Cliath 1
Éire

Facs: (01) 873 1316
Láithreán Gréasáin: https://www.leargas.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Nollaig 2024