Oideachas Tríú Leibhéil in Éirinn
- Institiúidí oideachais tríúleibhéil
- Cáilíochtaí tríú leibhéil
- Conas iarratas a dhéanamh ar oideachastríú leibhéal
- Staidéar iarchéime
- Eolas breise
Institiúidí oideachais tríúleibhéil
Tá earnáil an oideachais tríú leibhéal in Éirinn roinnte go ginearálta sna nithe seo a leanas:
- Earnáil na hOllscoile
- Earnáil na teicneolaíochta
- Coláistí oideachais
Tá roinnt coláistí príobháideacha neamhspleácha ann freisin.
Is é an tÚdarás um Ard-Oideachas an ghníomhaireacht reachtúil atá freagrach as rialachas agus rialáil éifeachtach an chórais ardoideachais. Tá ról comhairleach aige maidir le hearnáil iomlán an oideachais tríú leibhéal.
Earnáil na hOllscoile
Is iad na hollscoileanna in Éirinn:
- • Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, arb éard atá inti brat-ollscoil a chumhdaíonn An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), An Coláiste Ollscoile Gaillimh (UCG), Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC), agus Coláiste Phádraig i Maigh Nuad.
- Ollscoil Bhaile Átha Cliath, ar a dtugtar Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath (TCD) de ghnáth.
- Ollscoil Luimnigh (UL)
- Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU)
- RCSI Ollscoil an Leighis agus na nEolaíochtaí Sláinte
Tá formhór na n-ollscoileanna in Éirinn maoinithe ag an Stát, ach is gnách go mbíonn siad uathrialach. Is ollscoil phríobháideach é Coláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn (RCSI).
Earnáil na teicneolaíochta
Áirítear le hearnáil na teicneolaíochta:
- Ollscoileanna teicneolaíochta (TUanna)
- Institiúidí teicneolaíochta (ITanna)
Ceadaítear le hAcht na nOllscoileanna Teicneolaíochta 2018 d'institiúidí teicneolaíochta iarratas a dhéanamh chun bheith ina chineál nua d'institiúid ardoideachais a bhfuil stádas ollscoile teicneolaíochta aici. Cuireann TUanna agus ITanna cláir oideachais agus oiliúna ar fáil i réimsí amhail gnó, eolaíocht, innealtóireacht, teangeolaíocht agus ceol go leibhéil teastais, dioplóma agus céime.
Tá 5 ollscoil theicneolaíoch ann:
- Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (TU Baile Átha Cliath) – institiúidí teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Thamhlachta agus Bhaile Bhlainséir roimhe seo
- Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan MTU) – institiúidí teicneolaíochta Chorcaí agus Thrá Lí roimhe seo
- Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne: Lár-Iarthar Láir (TUS) – institiúidí teicneolaíochta Luimnigh agus Bhaile Átha Luain roimhe seo
- Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh (ATU) – institiúidí teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, Shligigh agus Leitir Ceanainn roimhe seo.
- Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU) – institiúidí teicneolaíochta Cheatharlach agus Phort Láirge roimhe seo
Tá 2 fhoras teicneolaíochta suite ar fud an tíre
- Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta (IADT), Dún Laoghaire
- Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan
Coláistí oideachais
Tá roinnt mhaith coláistí oideachais a chuireann sainoiliúint ar fáil do mhúinteoirí bunscoile. Tairgeann siad céim trí bliana Baitsiléara Oideachais agus dioplóma 18 mí iarchéime.
De ghnáth déanann múinteoirí iar-bhunscoile bunchéim agus dioplóma iarchéime ina dhiaidh sin
Tá tuilleadh faisnéise le fáil inár ndoiciméad faoi cháilíochtaí múinteora.
Coláistí eile
Le cois na gcoláistí a mhaoiníonn an Stát, tá roinnt institiúidí oideachais tríú leibhéil ar tháille ann a chuireann cúrsaí ar fáil, go mór mór san oiliúint ghairmiúil phroifisiúnta agus sa ghnó.
Tá cuid de na coláistí seo nasctha leis na hollscoileanna nó le comhlachais ghairmiúla agus féadfar a gcuid cáilíochtaí a chreidiúnú dá réir (féach 'Cáilíochtaí tríú leibhéil' anseo thíos).
Cáilíochtaí tríú leibhéil
An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC): Córas 10 leibhéal é seo ar féidir dá bharr caighdeáin agus leibhéil na gcáilíochtaí a chur i gcomórtas le chéile.
Tá léaráid den CNC ar láithreán gréasáin Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (DCCE). Tá na cáilíochtaí tríú leibhéal ar Leibhéil 6-10 sa Chreat.
Bronnadh cáilíochtaí
In earnáil na n-ollscoileanna is iad na fhoras cáiliúcháin ná:
- Ollscoil Náisiúnta na hÉireann (UCD, UCC, UCG agus Maigh Nuad)
- Ollscoil Bhaile Átha Cliath
- Ollscoil Luimnigh
- Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
- RCSI Ollscoil an Leighis agus na nEolaíochtaí Sláinte
Déanann ollscoileanna teicneolaíochta (OTanna) a ndámhachtainí féin.
Is í Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann an foras cáiliúcháin i gcomhair
- Institiúidí oideachais tríú leibhéil lasmuigh d’earnáil na n-ollscoileanna.
- Breisoideachas agus oiliúint
- Ardteastais (NFQ Leibhéal 6)
Léigh tuilleadh faoi cháilíochtaí breisoideachais agus ardoideachais.
Na hollscoileanna:
Bronnann na hollscoileanna a fhaigheann tacaíocht ón Stát a gcéimeanna féin agus gradaim eile.
De gnáth cáilíonn mic léinn ollscoile le
- Gnáthchéim Bhaitsiléara (Leibhéal 7 CNC) nó
- Céim Onóracha Bhaitsiléara (Leibhéal 8 CNC)
Tairgeann na hollscoileanna Céimeanna Máistir (Leibhéal 9 CNC) agus Dochtúra (Leibhéal 10 CNC)
An earnáil Teicneolaíochta
Déanann ollscoileanna teicneolaíochta (OTanna) a ndámhachtainí féin. Bronnann na hinstitiúidí teicneolaíochta eile céimeanna, dioplómaí agus teastais a dheimhníonn QQI.
Coláistí eile
De ghnáth bronnann na coláistí eile a fhaigheann maoiniú ón Stát cáilíochtaí a dheimhníonn DCCE
Bronnann na coláistí príobháideacha cáilíochtaí a ndeimhníonn ollscoileanna thar lear cuid díobh agus a ndeimhníonn DCCE cuid eile díobh.
Dul chun cinn san oideachas
Gné den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC) is ea dul chun cinn. Is minic gur féidir le teastas Leibhéal 6 arna bhronnadh ag QQI an deis a thairiscint chun leanúint ar aghaidh go dtí céim NFQ Leibhéal 7 nó Leibhéal 8.
Ligeann an Scéim Nasc ardoideachais do dhaoine a bhfuil cáilíocht QQI Leibhéal 5 agus Leibhéal 6 (NFQ) acu dul ar aghaidh chuig an ardoideachas.
Comhlachtaí dámhachtana liostaithe
Tá roinnt comhlachtaí dámhachtana ann nach bhfuil a gcáilíochtaí san áireamh ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC), mar shampla, comhlachtaí gairmiúla i réimsí dlí agus cuntasaíochta.
Tá catagóir nua cruthaithe ag QQI do na comhlachtaí seo ar a dtugtar 'comhlachtaí dámhachtana liostaithe (LABanna)'.
Faoi scéim nua, is féidir leis na comhlachtaí seo iarratas a dhéanamh ar rochtain dheonach rialáilte ar an CNC. Táthar ag súil go n-osclófar an scéim LABanna in 2024 ar bhonn céimnithe.
Léigh tuilleadh faoi na comhlachtaí dámhachtana liostaithe ar shuíomh gréasáin QQI.
Conas iarratas a dhéanamh ar oideachastríú leibhéal
Má tá tú ag brath ar dhul ar coláiste féadfaidh tú an láithreán gréasáin Qualifax a chuardach le haghaidh mionsonraí ar na cúrsaí.
De ghnáth, déantar na hiarratais ar chúrsaí fochéimí tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO).
Cuireann an clár oideachais treasach bealach eile ar fáil don oideachas tríú leibhéal. Tosaíonn tú do chúrsa i gcoláiste breisoideachais agus téann tú ar aghaidh ansin go dtí an tríú leibhéal chun do chéim a chríochnú i gcoláiste nó ollscoil ardoideachais.
Is féidir mionsonraí teagmhála maidir le hinstitiúidí oideachais tríú leibhéil a fháil ar láithreán gréasáin na Lár-Oifige Iontrála.
Léigh tuilleadh faisnéise faoi:
- Riachtanais iarratais agus iontrála an Choláiste
- Táillí agus muirir mac léinn tríú leibhéal
- Faoiseamh cánach ar tháillí tríú leibhéal
- An Scéim Deontais do Mhic Léinn do mhic léinn fochéime agus iarchéime lánaimseartha
- An scéim táillí páirtaimseartha do chúrsaí fochéime
- Deontais agus cistí atá ar fáil do mhic léinn lánfhásta
Staidéar iarchéime
Is féidir le staidéar iarchéime a bheith ina chúrsa múinte nó bunaithe ar thaighde agus go ginearálta tagann sé faoi cheann de na catagóirí seo a leanas:
- Dioplóma iarchéime
- Céim mháistreachta
- PhD (dochtúireacht)
Dioplóma iarchéime
Is minic gur cúrsa gairmoideachais é seo, ceangailte le gairmeacha ar nós teagaisc nó leabharlannaíochta. Is féidir go mbeidh difríocht idir a ábhar agus ábhar na bunchéime
Céim mháistreachta
Is féidir leis seo a bheith ina chúrsa múinte nó bunaithe ar thaighde. Maireann sé de ghnáth 1-2 bliain agus baineann sé de ghnáth le hobair chúrsa agus tráchtas.
PhD
Is dochtúireacht é seo a bhronntar ar thráchtas bunaithe ar thaighde. Glacann sé ar a laghad 3 bliana staidéir agus ní mór dó cur leis an eolas mar ábhar nuálach.
Staidéar iarchéime a chistiú
Go ginearálta, beidh ort táillí a íoc le haghaidh cúrsaí iarchéime. Is féidir go mbeidh tú in inmhe faoiseamh cánach a fháil ar na táillí.
Má fuair tú deontas tríú leibhéil le haghaidh do chúrsa fochéime, is féidir go mbeidh tú incháilithe le haghaidh staidéir iarchéime in Éirinn, lena n-áiritear Tuaisceart na hÉireann.
Tá foinsí éagsúla cistithe do mhic léinn iarchéime. Bíonn tacaíocht airgeadais ar fáil in amanna ón ollscoil atá ag reáchtáil an chúrsa iarchéime; in amanna bíonn ort iarratas a chur isteach chuig grúpa seachtrach.
Cuireann roinnt comhlachtaí taighde maoiniú ar fáil do thaighde iarchéime in Éirinn, lena n-áirítear:
Bronnann rialtais scoláireachtaí le haghaidh staidéir thar lear gach bliain ar mhic léinn Éireannacha a bhfuil cúrsa tríú leibhéal déanta acu thar lear nó atá i mbun staidéir faoi láthair.
Léigh tuilleadh faoi staidéar a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe lena n-áirítear Tuaisceart Éireann agus staidéar a dhéanamh lasmuigh d'Éirinn.
Iarratais
Le haghaidh cúrsaí iarchéime go ginearálta cuireann tú iarratas isteach go díreach chuig an ollscoil nó chuig an coláiste. Is féidir leat teacht ar eolas faoi chúrsaí iarchéime agus ar iarratais ón oifig gairmeacha i do choláiste nó ollscoil.
Má tá tú ag cur isteach ar chúrsaí iarchéime sa RA is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ar ollscoileanna agus ar choláistí áirithe.