Scéim Iontrála DARE do mhic léinn a bhfuil míchumais acu

Cad é an DARE?

Is scéim iontrála do choláiste é an Bealach Rochtana ar Oideachas do Dhaoine faoi Mhíchumas (DARE). Tá sé mar aidhm aige tacú le mic léinn faoi mhíchumas a bhfuil taithí acu ar dhúshláin bhreise oideachais chun rochtain a fháil ar an gcoláiste.

Tá roinnt córas tacaíochta ann do mhic léinn faoi mhíchumas atá ag tabhairt faoi chúrsaí tríú leibhéal. Tá seirbhís mhíchumais nó rochtana ag go leor coláistí tríú leibhéal atá freagrach as tacaíocht agus comhairle a thabhairt do mhic léinn faoi mhíchumas.

An tslí a n-oibríonn Scéim DARE

Tá sé mar aidhm ag DARE rochtain ar choláiste a fheabhsú do dhaoine den lucht fágála scoile atá faoi mhíchumas nó a bhfuil deacracht shonrach foghlama acu trí roinnt áiteanna tríú leibhéal a leithdháileadh orthu ar bhonn pointí laghdaithe.

Tá roinnt áiteanna cúrsa curtha in áirithe ag gach ceann de na coláistí tríú leibhéal atá rannpháirteach sa scéim do dhaoine den lucht fágála scoile atá i dteideal DARE. Is féidir leat sonraí na n-áiteanna atá ar fáil trí DARE a fháil ar shuíomhanna gréasáin na gcoláistí tríú leibhéal atá rannpháirteach.

Déanann tú iarratas ar DARE tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) – féach ‘Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh ar an scéim DARE?’ thíos.

Áiteanna le pointí laghdaithe

Nuair a ghlacfar leat a bheith incháilithe do DARE, beidh tú san iomaíocht le haghaidh na n-áiteanna le pointí laghdaithe bunaithe ar do thorthaí san Ardteistiméireacht.

Ciallaíonn áit le pointí laghdaithe gur féidir áit a fháil ar chúrsa tríú leibhéal le níos lú pointí ná na pointí CAO iomlána.

Mar shampla, má tá tú i dteideal DARE agus má fhaigheann tú 350 pointe san Ardteistiméireacht, féadfar áit a thairiscint duit ar chúrsa 360 pointe tríd an CAO. Mar sin féin, beidh ort fós féin íosriachtanais iontrála an choláiste agus aon riachtanais iontrála cúrsa ar leith a chomhlíonadh.

An coláiste a chur ar an eolas faoi do mhíchumas

Níl aon oibleagáid ort do choláiste a chur ar an eolas faoi do mhíchumas, ach má dhéanann tú amhlaidh, féadfaidh do choláiste smaoineamh ar na tacaíochtaí a theastaíonn uait chun cabhrú le hoideachas a chur ort agus socrú a dhéanamh chun iad siúd a chur i bhfeidhm.

Is féidir leat do choláiste a chur ar an eolas faoi do mhíchumas, deacracht foghlama ar leith nó tinneas suntasach leanúnach le linn an phróisis iarratais nó ag am ar bith le linn do chúrsa.

Má shocraíonn tú an t-eolas seo a thabhairt agus tú ag déanamh iarratais ar choláiste, ba chóir duit tic a chur sa bhosca cuí ar d’fhoirm iarratais CAO. Má chuirtear an t-eolas sin ar fáil ar d’iarratas ar choláiste, ní bheidh tionchar diúltach aige ar d’iarratas, agus ligfidh sé duit iarratas a dhéanamh ar DARE más mian leat.

Seirbhísí Míchumais nó Rochtana i gcoláistí

Má thug tú le fios ar d’fhoirm CAO go bhfuil míchumas nó deacracht foghlama ar leith agat, cuirfear Seirbhís Míchumais an choláiste ar an eolas chomh luath agus a ghlacann tú le háit, agus rachaidh siad i dteagmháil leat chun oibriú amach cé na tacaíochtaí is féidir leo a chur ar fáil.

Fiú murar chuir tú tic sa bhosca seo ar fhoirm an CAO, is féidir leat rochtain a fháil ar na tacaíochtaí atá ar fáil fós trí theagmháil a dhéanamh le Seirbhís Míchumais an choláiste ag am ar bith le linn do chuid ama sa choláiste.

Conas cáiliú do scéim DARE

Chun cáiliú le haghaidh DARE, ní mór duit míchumas incháilithe a bheith agat agus ní mór duit a bheith in ann a thaispeáint conas a raibh tionchar aige sin ort ó thaobh oideachais.

Le bheith sa bhreith le haghaidh DARE, ní mór duit:

I measc na míchumais ar féidir a bhreith faoi DARE tá:

  • Neamhord Easnaimh Airde (NEA) agus Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnamh Airde (NHEA)
  • Neamhord ar Speictream an Uathachais (Siondróm Asperger san áireamh)
  • Dall nó lagamhairc
  • Bodhar nó lagéisteacht
  • Neamhord Comhordaithe Forbartha (NCF) – Diospraicse
  • Dioscalcúile nó deacrachtaí suntasacha uimhearthachta
  • Disléicse nó deacrachtaí suntasacha litearthachta
  • Fadhb mheabhairshláinte
  • Fadhb néareolaíoch (lena n-áirítear gortú inchinne agus titimeas)
  • Míchumas fisiceach
  • Tinneas suntasach leanúnach
  • Neamhord cumarsáide urlabhra agus teanga

Nuair a ghlacfar leat a bheith incháilithe do DARE, beidh tú san iomaíocht le haghaidh na n-áiteanna le pointí laghdaithe bunaithe ar do thorthaí san Ardteistiméireacht.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig DARE le hArdteistiméireacht na hÉireann, le A-Leibhéil nó le cáilíochtaí AE eile.

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh ar an scéim DARE?

Chun áit i gcoláiste a fháil faoin scéim DARE, ní mór duit iarratas a dhéanamh tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO). Ní mór duit d’iarratas a chur isteach faoi 5pm, 1 Feabhra 2025.

Ní mór duit do mhíchumas a nochtadh i d’iarratas CAO agus Cuid A den Fhoirm Faisnéise Forlíontach (SIF) a chomhlánú faoi 5pm, 1 Márta 2025.

Ní mór Cuid B agus Cuid C den Fhoirm Faisnéise Forlíontach (SIF) a chomhlánú agus a sheoladh ar ais sa phost chuig an CAO le bheith istigh faoi 5pm, 15 Márta 2025.

Ní bhreithnítear iarratais CAO atá déanach chun críocha DARE (féach ‘tábla na ndátaí príomhúla i ndáil le hiarratais 2025 ar DARE’ thíos).

Cad é an Fhoirm Faisnéise Breise?

Úsáidtear an Fhoirm Faisnéise Breise chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Chun deimhniú gur mian leat iarratas a dhéanamh ar DARE, agus
  • Chun forais ardoideachais a chur ar an eolas faoi na tacaíochtaí a bhféadfar iad a bheith ag teastáil uait bunaithe ar do mhíchumas.

Tá an Fhoirm Faisnéise Breise roinnte i 4 chuid.

Supplementary Information Form sections

Section A

This is where you provide information about your disability and confirm if you wish to be considered for DARE.

Section B

An Educational Impact Statement, to be completed by your school.

This provides information about your educational experience and assists the decision about the third-level supports you need.

Section C

Here you provide Evidence of Disability, which must be completed by the accepted medical consultant or specialist for your particular disability.

Section D, if applicable

(only for students with dyslexia or significant literacy difficulties who don’t have a psychological assessment report)

A School Statement (pdf), which is only completed by your school if you have dyslexia or significant literacy difficulties, and you don’t have a psychological assessment report.

The school uses this to confirm that you have had persistent literacy difficulties. 

Is iad na dátaí deiridh ábhartha do na codanna den fhoirm:

  • Cuid A – ní mór é a chomhlánú faoin 1 Márta 2025
  • Codanna B agus C – ní mór iad a chomhlánú faoin 15 Márta 2025
  • Cuid D, más ábhartha – ní mór í a chomhlánú faoin 15 Márta 2025

Ní féidir Codanna B, C agus D a sheoladh chuig an CAO ach amháin tríd an bpost. Ní ghlactar le doiciméid a sheoltar le facs nó le ríomhphost.

Ní gá do gach duine Cuid D a chomhlánú (féach tábla de na ‘Codanna den Fhoirm Faisnéise Forlíontach’ thuas).

Ba cheart duit teastas postála a fháil nuair a dhéanann tú doiciméid á seoladh tríd an bpost.

Cad a tharlóidh má bhíonn m'iarratas déanach?

Ní ghlacfar le haon iarratas tar éis na spriocdhátaí.

Tá na dátaí deiridh an-dian mar gur nós imeachta iarratais breise é DARE a dteastaíonn breis ama próiseála uaidh.

Cathain a gheobhaidh mé toradh m'iarratais?

Inseofar duit cibé an bhfuil nó nach bhfuil tú incháilithe don scéim faoi dheireadh mhí an Mheithimh, 2025 (tar éis scrúduithe na hArdteistiméireachta).

Má deirtear leat nach bhfuil tú incháilithe, féadfaidh tú a iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar d’iarratas.

Mura bhfuil tú incháilithe do DARE, is féidir leat dul isteach sa choláiste fós má chomhlíonann tú na riachtanais iontrála do do chúrsa roghnaithe.

Tábla na ndátaí príomhúla i ndáil le hiarratais 2025 ar DARE

DARE application timeline 2025

Date

What’s happening?

6 November 2024

CAO online applications open on cao.ie

1 February 2025

Closing date to apply to CAO

1 March 2025

Closing date for answering ‘Yes’ to question 1 (to indicate that you wish to be considered for DARE), and for completing Section A of Supplementary Information Form (SIF)

15 March 2025

Closing date for return of completed Sections B and C of Supplementary Information Form (SIF) with relevant documents to:

DARE Applications 2025
CAO
Tower House
Eglinton Street
Galway

Late June 2025 (after the Leaving Certificate exams)

DARE scheme applicants told the outcome of their applications

End of June 2025

Applications for DARE review and appeals process open

Early August 2025

Outcome of review and appeals confirmed

August 2025

Leaving Certificate exam results issued.

Eligible DARE applicants compete for reduced points places.

CAO offers to eligible DARE applicants.

Course offers are made and should be accepted through the CAO.

An féidir liom iarratas a dhéanamh ar na scéimeanna DARE agus HEAR araon

Is scéim iontrála i gcomhair coláiste agus ollscoile é an Bealach Rochtana ar Ardoideachas (HEAR) do dhaoine den lucht fágála scoile ar ó chúlraí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch iad agus is próiseas ar leith é, éagsúil le DARE.

Mar sin féin, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an HEAR má cheapann tú go mbaineann sé seo leat. Ní mór duit na doiciméid go léir is gá don dá scéim a chur isteach. Má tá tú incháilithe do na scéimeanna DARE agus HEAR araon, tabharfar tosaíocht duit do thairiscint ag céim na dtairiscintí CAO.

An féidir liom tairiscint coláiste a chur siar go dtí an bhliain dár gcionn agus m’incháilitheacht DARE a choimeád?

Is féidir incháilitheacht do DARE a thabhairt ar aghaidh ar feadh 1 bhliain ar an gcoinníoll go ndéanann tú iarratas chuig an CAO faoin 1 Feabhra den bhliain seo ina dhiaidh.

Tuilleadh faisnéise

Is féidir le líne chabhrach an CAO ag (091) 509 800 cabhrú le daoine a fhágann an scoil lena n-iarratas DARE. Is féidir leat dul i dteagmháil freisin le seirbhísí rochtana na gcoláistí atá rannpháirteach sa scéim DARE.

Tuilleadh eolais faoi DARE:

Féadfaidh tú freastal ar sheisiúin eolais a reáchtálann an clár DARE ina bhfreagrófar ceisteanna a bheadh ag mic léinn, nó tuismitheoirí nó caomhnóirí, faoi iarratas a dhéanamh ar DARE.

Tá faisnéis ag an gCumann um Ard-Oideachas Rochtana agus Míchumas (AHEAD) maidir le seirbhísí mac léinn agus rochtain a fháil ar choláiste.

An Lár-Oifig Iontrála

Teach an Túir
Sráid Eglinton
Gaillimh
Éire

Uaireanta Oscailte: Lu-hAo 9:30-17:00
Teil: (091) 509 800
Facs: (091) 562 344
Láithreán Gréasáin: http://www.cao.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 Nollaig 2024