Clár oideachais tríú leibhéal
- Cad é an clár oideachais tríú leibhéal?
- An dteastaíonn pointí Ardteistiméireachta nó CAO uaim?
- Cén cúrsa is féidir liom dhéanamh leis an gclár oideachais tríú leibhéal?
- Táillí cúrsa triú leibhéal
- Conas iarratas a dhéanamh ar chúrsa tríú leibhéal?
Cad é an clár oideachais tríú leibhéal?
Is bealach nua é an clár oideachais tríú leibhéal chun céim tríú leibhéal a fháil.
Conas a oibríonn an clár:
- Tosaíonn tú do chúrsa i gcoláiste breisoideachais, de gnáth Bord Oideachais agus Oiliúna (BOO). Freastalóidh tú ar an BOO ar feadh 1 go 2 bhliain ag brath ar do chúrsa. Níl aon táillí i gceist nuair a fhreasralaíonn tú ar BOO.
- Téann tú ar aghaidh ansin chuig an triú leibhéal chun do chéim a chríochnú i gcoláiste ardoideachais nó ollscoile. Tá táillí cúrsa i gceist nuair a bhogann tú go dtí an tríú leibhéal, ach d'fhéadfá cáiliú le haghaidh táillí in aisce agus deontas mac léinn.
Bíonn céím ag Leibhéal 7 nó 8 ar Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC) mar thoradh ar gach cúrsa.
Is féidir Step-back awards a thugann aitheantas don fhoghlaim a dhéantar a sholáthar do mhic léinn nach gcríochnaíonn an clár.
An dteastaíonn pointí Ardteistiméireachta nó CAO uaim?
Ní dhéanann tú iarratas tríd an CAO agus níl na pointí céanna Ardteistiméireachta ag teastáil uait. Mar sin féin, tá riachtanais iontrála le fáil ar chúrsa leis an gclár oideachais tríú leibhéal. Tá a riachtanais iontrála féin ag gach cúrsa.
Is féidir leat faisnéis a fháil faoin gcúsa agus faoi na riachtanais iontrála ó sholáthraí nó ó chomhordaitheoir an chúrsa. Is féidir leo tuilleadh faisnéise a thabhairt duit faoi na rudaí a d'fhéadfadh a bheith uait a chur san áireamh le d'iarratas.
Cén cúrsa is féidir liom dhéanamh leis an gclár oideachais tríú leibhéal?
Os cionn 40 cúrsa éagsúil ag tosú in 2024.
I measc na gcúrsaí seo tá céimeanna sna réimsí seo a leanas:
- Gnó
- Altranas
- Innealtóireacht
- Tógáil
- Léiriúchán Ceoil agus Fuaime
- Forbairt Bogearraí
Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi na cúrsaí atá ar fáil mar chuid den chlár oideachais tríú leibhéal agus faoi na háiteanna ina mbíonn siad ar siúil.
Déan teagmháil leis an tSeirbhís um Threoir agus Faisnéise Aosoideachais chun treoir a fháil ar na roghanna oideachais go léir atá ar fáil duit, lena n-áirítear an clár oideachais tríú leibhéal.
Táillí cúrsa triú leibhéal
Tosaíonn tú do chúrsa i gcoláiste breisoideachais, de ghnáth Bord Oideachais agus Oiliúna (BOO). Níl aon táille teagaisc ná ranníocaíocht mac léinn le híoc le linn do chúrsa sa BOO.
Nuair a théann tú ar aghaidh chuig coláiste tríú leibhéal, beidh táillí teagaisc agus táille ranníocaíochta na mac léinn i bhfeidhm. Ba chóir duit a sheiceáil an gcáilíonn tú do tháillí in aisce nó do dheontas mic léinn.
I measc na dtacaíochtaí airgeadais eile do dhaoine atá ag filleadh ar an oideachas tá:
- An Ciste Cúnaimh do Mhic Léinn
- Liúntas chun Filleadh ar an Oideachas
- An scéim táillí páirtaimseartha do mhic léinn do Chúrsaí Fochéime Sonraithe
Léigh tuilleadh faoi thacaíochtaí airgeadais do mhic léinn.
Conas iarratas a dhéanamh ar chúrsa tríú leibhéal?
Tá iarratais ar chúrsaí in 2024-2025 ar oscailt ón 1 Feabhra 2024 go dtí lár mhí Mheán Fómhair. Athraíonn dátaí dúnta iarratais ar fud soláthraithe cúrsaí, mar sin ba chóir duit na dátaí a sheiceáil le soláthraí an chúrsa a bhfuil suim agat ann.
Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi iarratas a dhéanamh ar chúrsaí ar an suíomh Gréasáin Oifig Náisiúnta Treasach (NTO). Is féidir leat an Oifig Náisiúnta Treasach a leanúint ar na meáin shóisialta freisin chun nuashonruite a fháíl.